An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil VI Dleachtanna Stampa) Ar Aghaidh (CUID IV Tithe Plódaithe agus Tithe Neamhoiriúnacha)

21 1966

ACHT NA dTITHE, 1966

CUID III

Teaghaisí a Sholáthar agus a Bhainistí

Dualgas ar údarás tithíochta tithíocht a iniúchadh agus dóthanacht soláthair agus bail tithíochta a mheasúnú.

53. —(1) Beidh de dhualgas ar gach údarás tithíochta iniúchadh a dhéanamh, laistigh de cibé tréimhse tar éis tosach feidhme an ailt seo a shonróidh an tAire agus dá éis sin uair amháin ar a laghad gach cúig bliana nó i gceann gach eatraimh, a bheidh níos giorra ná cúig bliana, a ordóidh an tAire ó am go ham, ar na tithe ina limistéar feidhmiúcháin, agus

(a) a fháil amach cá mhéid tithe sa limistéar atá ar aon slí neamhoiriúnach nó neamhfhóirsteanach chun daoine cónaí iontu,

(b) a fháil amach an bhfuil aon phlódú sa limistéar, agus

(c) cibé nithe eile a fháil amach a shonróidh an tAire ó am go ham,

agus, ag féachaint don eolas a gheofar ón iniúchadh agus do cibé eolas eile is iomchuí, measúnú a dhéanamh, maidir leis an limistéar, ar dhóthanacht an tsoláthair tithíochta agus ar an éileamh is dóigh a bheidh san am le teacht ar thithíocht agus a chur faoi deara tuarascáil air sin a ullmhú.

(2) Chun na críocha a bhainfidh le tuarascáil a ullmhú faoin alt seo, déanfaidh údarás tithíochta cibé fiosruithe agus coimeádfaidh siad cibé taifid a mheasfaidh siad is gá nó is oiriúnach nó a ordóidh an tAire.

Athbhreithniú ag údarás tithíochta ar chostas seirbhísí tithíochta.

54. —(1) Beidh de dhualgas ar údarás tithíochta athbhreithniú ar chostas a seirbhísí tithíochta a ullmhú laistigh de cibé tréimhse tar éis tosach feidhme an ailt seo a shonróidh an tAire agus dá éis sin i gceann gach eatraimh a ordóidh an tAire ó am go ham.

(2) Nuair a bheidh athbhreithniú á ullmhú faoin alt seo acu beidh aird ag údarás tithíochta ar an méid seo a leanas :

(a) an t-ioncam a fhaibhríonn ó theaghaisí a sholáthraigh an t-údarás faoin Acht seo, cibé acu ó chíosanna, blianachtaí ceannaigh nó eile é,

(b) caiteachais chothabhála, bhainistí, riaracháin nó eile (lena n-áirítear muirir iasachta bhliantúla) a thabhaítear i leith teaghaisí den sórt sin,

(c) an costas a mheastar a bhainfidh le clár foirgníochta reatha nó clár foirgníochta beartaithe an údaráis, agus

(d) cibé ábhair eile a shonróidh an tAire ó am go ham.

(3) Aon athbhreithniú faoin alt seo is i cibé foirm a bheidh sé, agus beidh cibé ábhair ann, a shonróidh an tAire ó am go ham.

Cláir foirgníochta.

55. —(1) Beidh de dhualgas ar údarás tithíochta clár (dá ngairtear clár foirgníochta san Acht seo) ina sonrófar na hoibreacha a bheartaíonn siad a ghabháil de láimh ag féachaint do riachtanais tithíochta a limistéir feidhmiúcháin a ullmhú agus glacadh leis laistigh de cibé tréimhse tar éis tosach feidhme an ailt seo a shonróidh an tAire agus dá éis sin uair amháin ar a laghad gach cúig bliana nó i gceann gach eatraimh, a bheidh níos giorra ná cúig bliana, a ordóidh an tAire ó am go ham.

(2) Is i cibé foirm a ordóidh an tAire ó am go ham a bheidh clár foirgníochta agus beidh ann tograí an údaráis tithíochta, maidir leis an tréimhse lena mbainfidh an clár, chun ti he taitneamhachtaí, foirgnimh agus talamh eile a sholáthar mar aon leis na hoibreacha nó na seirbhísí foghabhálacha a sholáthrófar ina dteannta sin mar aon le tograí an údaráis chun cúnamh a thabhairt do dhaoine a sholáthróidh tithe chun iad féin á n-áitiú, agus chun oibreacha deisiúcháin a dhéanamh, mar aon le cibé eolas eile a iarrfaidh an tAire agus féadfaidh an t-údarás tithíochta, más oiriúnach leo, ord tosaíochtaí a chur ina gclár a bhainfidh le haon cheann amháin nó níos mó acu seo a leanas :

(a) tionscadail áirithe;

(b) tionscadail i limistéir áirithe;

(c) tionscadail chun cóiríocht tithíochta a sholáthar d'aicmí áirithe daoine.

(3) Nuair bheidh a clár foirgníochta á ullmhú ag údarás foirgníochta beidh aird acu ar na cuspóirí seo a leanas :

(a) deisiú, dúnadh nó scartáil tithe atá neamhoiriúnach nó neamhfhóirsteanach chun daoine cónaí iontu;

(b) deireadh a chur le plódú;

(c) cóiríocht tithíochta dhóthanach, oiriúnach a sholáthar do dhaoine (lena n-áirítear daoine atá scothaosta nó míchumasach) atá, i dtuairim an údaráis, i gcall tithíochta agus nach bhfuil i gcumas sin a sholáthar as a n-acmhainn féin;

(d) cóiríocht tithíochta dhóthanach a sholáthar faoi chomhair riachtanas de dhroim teaghaisí do dhul chun arsantais nó gur dóigh don daonra dul i líonmhaire;

(e) láithreáin dhóthanacha, oiriúnacha chun críocha foirgníochta a sholáthar;

(f) na cuspóirí i bplean forbartha faoin Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 , don limistéar arb é limistéar feidhmiúcháin an údaráis é nó ina bhfuil an limistéar feidhmiúcháin sin, de réir mar a bheidh, a bhaint amach;

(g) an t-údarás do ghríosadh daoine chun tithe a sholáthar lena n-úinéir-áitiú ag an úinéir nó lena ligean.

(4) I gcás ina mbeidh údarás tithíochta tar éis clár foirgníochta a ullmhú agus tar éis glacadh leis, athbhreithneoidh siad an clár foirgníochta ó am go ham de réir mar a éileoidh an tAire nó a dhlífidh cúrsaí agus aon athruithe a dhéanamh ann is cuí leo agus glacfaidh siad leo.

(5) Is feidhm fhorcoimeádta glacadh le clár foirgníochta, agus is feidhm fhorcoimeádta glacadh le hathruithe i gclár foirgníochta, faoin alt seo.

Teaghaisí a sholáthar.

56. —(1) Féadfaidh údarás tithíochta teaghaisí (lena n-áirítear tithe, árasáin, teaghasáin agus brúnna) a thógáil, a fháil, a cheannach, a chomhshó nó a athfhoirgniú, a léasadh nó a sholáthar ar shlí eile agus féadfaidh gur teaghaisí buana nó teaghaisí sealadacha na teaghaisí sin.

(2) Beidh cumhacht ag údarás tithíochta, i ndáil le teaghaisí a soláthraíodh, a sholáthrófar nó, i dtuairim an údaráis, is gá, san am le teacht, a sholáthar faoin Acht seo, go soláthróidh siad agus, más oiriúnach leo, go gcoiméadfaidh siad i ndea-ordú agus i ndea-dheis bóithre, siopaí, faichí imeartha, ionaid áineasa, páirceanna, plásáin, spásanna oscailte, láithreáin le haghaidh ionaid adhartha, monarchana, scoileanna, oifigí agus foirgnimh eile nó talamh agus cibé oibreacha nó seirbhísí eile a bheidh, i dtuairim an údaráis, fóinteach i ndáil le riachtanais na ndaoine dá mbeidh na teaghaisí arna soláthar nó i ndáil le riachtanais na ndaoine sin agus dhaoine eile.

Cumhacht ag údarás tithíochta láithreáin foirgníochta a sholáthar.

57. —Féadfaidh údarás tithíochta láithreáin le haghaidh foirgníochta a sholáthar ar thalamh a gheobhaidh nó a leithreasóidh siad chun críocha de chuid an Achta seo agus féadfaidh siad, i ndáil leis na láithreáin sin a sholáthar, bóithre a dhéanamh, agus spásanna oscailte a leagan amach, ar an talamh agus cibé seirbhísí eile a sholáthar agus cibé oibreacha eile a dhéanamh is gá maidir le, nó a ghabhann le, forbairt na talún le haghaidh foirgníochta, lena n-áirítear oibreacha nó seirbhísí is gá maidir le, nó a ghabhann le, forbairt na talún le haghaidh ionaid adhartha, monarchana, scoileanna, oifigí agus faichí imeartha, ionaid áineasa, páirceanna agus spásanna oscailte.

Bainistí agus rialú ar theaghaisí áirithe agus ar aon taitneamhachtaí, oibreacha nó seirbhísí foghabhálacha a sholáthrófar i ndáil leo sin.

1881, c. 49.

58. —(1) Faoi réir na bhforálacha seo a leanas den alt seo agus cibé rialacháin a dhéanfaidh an tAire chun críocha an ailt seo, dílseofar don údarás tithíochta, agus feidhmeoidh an t-údarás tithíochta, bainistí agus rialú aon teaghaise, foirgnimh nó talún eile a bheidh ar úinéireacht ag an údarás, agus fós bainistí agus rialú aon oibreacha nó seirbhísí, a sholáthróidh an t-údarás faoin Acht seo,

(2) Féadfaidh údarás tithíochta aon teaghais nó foirgneamh eile a bheidh ar úinéireacht acu a athfhoirgniú, a mhéadú nó a fheabhsú.

(3) Faoi réir na rialachán sin, féadfaidh údarás tithíochta, maidir le teaghais a sholáthrófar faoin Acht seo agus a bheidh ar úinéireacht acu, cibé cíos nó íocaíocht eile a chinnfidh siad ó am go ham a éileamh i leith tionóntacht nó áitiú na teaghaise sin agus féadfaidh an t-údarás cibé éileamh is oiriúnach leo, i modh cíosa nó eile, a dhéanamh maidir le haon fhoirgnimh nó talamh eile nó oibreacha nó seirbhísí a sholáthrófar faoin Acht seo.

(4) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh rialacháin a dhéanfaidh an tAire chun críocha an ailt seo foráil a dhéanamh do gach ábhar nó aon ábhar acu seo a leanas :

(a) an uimhir uasta daoine a cheadófar a bheith ar áitiú i dteaghaisí lena mbainfidh na rialacháin ar aon ligean;

(b) na téarmaí agus na coinníollacha a bheidh le cur in aon chomhaontú faoina gceadófar d'aon duine teaghaisí den sórt sin a áitiú nó a úsáid;

(c) na hábhair ar a mbeidh aird ag údarás tithíochta le linn dóibh a bheith ag cinneadh cíosanna;

(d) cibé ábhair eile a mheasfaidh an tAire a bheith riachtanach nó oiriúnach chun bainistí chuí éifeachtúil teaghaisí den sórt sin a áirithiú.

(5) Ní bheidh feidhm ag an Land Law (Ireland) Act, 1881, maidir le húdarás tithíochta do ligean plásán a soláthraíodh faoi alt 56 den Acht seo, agus measfar gurb é a bheidh i ligean den sórt sin, mura mbeidh foráil a mhalairt i gcomhaontú ligin, ligean mar áis sealadach a bheidh infhoirceannta i gceann aon mhíosa.

Leasú ar alt 1 den Acht Rialtais Áitiúla (Rátaí ar Thithe Comhnaithe Beaga), 1928.

1928, Uimh. 4 .

59. —Déanfar fo-alt (3) d'alt 1 den Acht Rialtais Áitiúla (Rátaí ar Thithe Comhnaithe Beaga), 1928, a fhorléiriú agus ionann is dá bhfolódh na tagairtí do thithe nó bothóga tagairtí do theaghaisí arna soláthar faoin Acht seo.

Dualgas ar údarás tithíochta scéim tosaíochta a dhéanamh i leith cóiríocht tithíochta a ligean.

60. —(1) Beidh de dhualgas ar údarás tithíochta scéim a dhéanamh, de réir an ailt seo laistigh de bhliain ó thosach feidhme an ailt seo agus ó am go ham mar is oiriúnach leo, a chinnfidh na tosaíochtaí a bheidh le tabhairt d'aicmí daoine a shonrófar sa scéim nuair a bheifear ag ligean teaghaisí a sholáthraigh an t-údarás faoin Acht seo agus arb iadsan a n-úinéir.

(2) Féadfaidh údarás tithíochta aon scéim a bheidh siad tar éis a dhéanamh faoin alt seo a athbhreithniú ó am go ham agus aon leasuithe is cuí leo a dhéanamh uirthi.

(3) Nuair a bheidh scéim á déanamh nó á leasú faoin alt seo ag údarás tithíochta, beidh aird acu ar na bunchuspóirí seo a leanas :

(a) deisiú, dúnadh nó scartáil tithe atá neamhoiriúnach ar aon slí chun daoine cónaí iontu;

(b) deireadh a chur le plódú;

(c) cóiríocht tithíochta dhóthanach, oiriúnach a sholáthar do dhaoine (lena n-áirítear daoine atá scothaosta nó míchumasach) atá, i dtuairim an údaráis tithíochta, i gcall tithíochta agus nach bhfuil i gcumas sin a sholáthar as a n-acmhainn féin;

(d) cóiríocht tithíochta dhóthanach, oiriúnach a sholáthar do dhaoine ar a bhfuil eitinn scamhóg.

(4) Féadfaidh scéim faoin alt seo a shonrú go dtabharfar tosaíochtaí áirithe d'aicmí áirithe daoine nuair a bheidh teaghaisí áirithe á ligean.

(5) Ní foláir ceadú an Aire a bheith le haon scéim a dhéanfar, agus le haon leasú a dhéanfar ar scéim den sórt sin, faoin alt seo.

(6) Féadfaidh an tAire ó am go ham a cheangal ar údarás tithíochta maidir le haon ábhar i scéim a dhéanfar faoin alt seo an scéim a athrú i slí a ordóidh sé agus air sin beidh de dhualgas ar an údarás tithíochta déanamh de réir an ordacháin laistigh de cibé am a shonróidh an tAire chuige sin, agus ní fhorléireofar ná ní oibreoidh an fo-alt seo chun a chumasú don Aire a ordú teaghais a ligean chun aon phearsan áirithe.

(7) Aon uair a thiocfaidh scéim faoin alt seo i bhfeidhm beidh feidhm ag an méid seo a leanas :

(a) aon rialacháin ag a raibh feidhm, roimh theacht i bhfeidhm don scéim, maidir le teaghaisí lena mbaineann an scéim scoirfidh siad d'éifeacht a bheith acu a mhéid a dhéanann siad foráil chun na tosaíochtaí a chinneadh a bhíonn le tabhairt do dhaoine nuair a bhíonn teaghaisí á ligean;

(b) is de réir forálacha na scéime a ligfidh údarás tithíochta teaghaisí lena mbaineann an scéim.

(8) Chun an t-ordú tosaíochta a chinneadh ar dá réir a dhéanfar ligin chun daoine de réir na scéime iomchuí faoin alt seo gheobhaidh an t-údarás tithíochta tuarascáil óna bpríomh-dhoctúir oifigiúil agus tabharfaidh siad aird ar an tuarascáil sin.

(9) Tabharfaidh údarás tithíochta cead, nuair a iarrfar sin, chun scéim a rinne siad faoin alt seo a iniúchadh le linn uaire oifige ag aon duine.

(10) Is feidhm fhorcoimeádta scéim a dhéanamh faoin alt seo nó leasú a dhéanamh ar aon scéim den sórt sin.

Eolas a fháil ó thionóntaí agus ó dhaoine a bheidh ag iarraidh tionóntachtaí.

1939, Uimh. 27 .

61. —(1) Féadfaidh údarás tithíochta, d'fhonn a chumasú dóibh an cíos a chinneadh a bheidh iníoctha ag duine chun ar ligeadh, nó a bheidh tar éis a iarraidh go ligfí chuige, teaghais a soláthraíodh faoin Acht seo, a cheangal ar an duine sin sonraí i scríbhinn i dtaobh na nithe seo a leanas a thabhairt don údarás laistigh de thréimhse shonraithe a chríochnóidh tráth nach giorra ná ceithre lá dhéag tar éis an ceangal sin a chur air:

(a) an uimhir de líon tí an duine sin a chónaíonn leis, mar aon lena n-aoiseanna, a ngnéas, a slite beatha agus bail a sláinte;

(b) ioncam seachtainiúil an duine agus gach duine dá líon tí a chónaíonn leis;

(c) aon chúnamh, sochar nó liúntas a fhaigheann sé féin nó aon duine dá líon tí a chónaíonn leis, nó a fhaightear thar a cheann féin nó thar ceann an duine sin, as cistí stáit nó faoin Acht um Chongnamh Phoiblí, 1939, nó faoi na hAchtanna Sláinte, 1947 go 1960, nó ó aon fhoinse eile d'aon sórt;

(d) an chóir iompair atá ar fáil chun an duine sin agus na daoine dá líon tí a chónaíonn leis a thabhairt chun a n-áiteanna oibre, nó i gcás leanaí, chun scoile agus costas an iompair sin;

(e) na téarmaí ar a n-áitíonn sé áitreabh, an méid cíosa is iníoctha i leith an áitribh sin agus ainm agus seoladh an duine lenarb iníoctha an cíos sin.

(2) Aon duine ar a gceanglófar faoin alt seo aon ábhar nó ní a chur in iúl agus a mhainneoidh an t-ábhar nó an ní a chur in iúl laistigh den tréimhse a shonrófar faoin alt seo, nó a dhéanfaidh, agus é ag cur an ábhair nó an ní sin in iúl, aon ráiteas i scríbhinn is eol dó a bheith bréagach nó míthreorach i bponc ábhartha, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus, ar a chiontú ann go hachomair, dlífear fineáil nach mó ná cúig phunt is fiche a chur air.

Seilbh a aisghabháil ar theaghaisí agus ar fhoirgnimh.

1960, Uimh. 42 .

62. —(1) I gcás—

(a) nach bhfuil aon tionóntacht—

(i) in aon teaghais a sholáthraigh údarás tithíochta faoin Acht seo,

(ii) in aon fhoirgneamh nó i gcuid d'fhoirgneamh arb iad an t-údarás is úinéir air agus a bheidh ag teastáil uathu chun críocha an Achta seo, nó

(iii) i dteaghais arb í an Ghníomhaireacht Foirgníochta Náisiúnta Teoranta is úinéir uirthi,

de dhroim tionóntacht a fhoirceannadh nó eile, agus

(b) go bhfuil áititheoir ag áitiú na teaghaise nó an fhoirgnimh nó aon choda den chéanna a mhainníonn nó a dhiúltaíonn seilbh na teaghaise nó an fhoirgnimh nó coda den chéanna a sheachadadh ar an údarás nó an Ghníomhaireacht, cibé acu é, á éileamh sin, agus

(c) go bhfuil ráiteas san éileamh á rá go bhfuil an t-údarás nó an Ghníomhaireacht chun iarratas a dhéanamh faoin bhfo-alt seo mura gcomhlíonfar ceanglais an éilimh,

féadfaidh an t-údarás nó an Ghníomhaireacht (gan dochar d'aon mhodh eile chun seilbh a aisghabháil) iarratas a dhéanamh chun an bhreithimh den Chúirt Dúiche ag a bhfuil dlínse sa cheantar cúirte dúiche ina bhfuil an teaghais nó an foirgneamh á iarraidh go n-eiseofar barántas faoin alt seo.

(2) I gcás—

(a) cíos aon teaghaise atá ligthe ag údarás tithíochta faoin Acht seo nó ag an nGníomhaireacht Foirgníochta Náisiúnta Teoranta ar thionóntacht mhíosúil nó ar thionóntacht ar feadh tréimhse is giorra ná mí, a bheith i riaráiste ar feadh tréimhse is giorra ná mí; agus

(b) go bhfuil an teaghais tréigthe, i dtuairim an údaráis nó na Gníomhaireachta Foirgníochta Náisiúnta Teoranta, cibé acu é, ag an duine chun ar ligeadh í, agus

(c) nach bhfuil an teaghais á háitiú, iarbhír, ag aon duine,

féadfaidh an t-údarás nó an Ghníomhaireacht fógra, nach giorra ré ná an fógra a chaithfí a thabhairt chun an tionóntacht a fhoirceannadh trí fhógra fágála, a thabhairt don duine chun ar ligeadh an teaghais amhlaidh go bhfuil siad chun seilbh a ath ghabháil ar an teaghais agus i gcás ina dtabharfar fógra go cuí faoin bhfo-alt seo agus más rud é, agus amháin más rud é, go mbeidh an cíos sin a bheidh i riaráiste gan íoc ar an bhfógra a dhul in éag, féadfaidh an t-údarás nó an Ghníomhaireacht seilbh a athghabháil ar an teaghais agus air sin foirceannfaidh an tionóntacht sa teaghais de bhua an fho-ailt seo.

(3) Ar iarratas a dhéanfar go cuí faoi fho-alt (1) den alt seo a éisteacht, féadfaidh an breitheamh den Chúirt Dúiche a éistfidh an t-iarratas an barántas a eisiúint más deimhin leis go ndearnadh go cuí an t-éileamh a luaitear san fho-alt sin (1).

(4) Beidh feidhm ag forálacha ailt 86, 87, agus 88 d'Acht 1860 maidir le barántas a eisiúint faoin alt seo faoi réir an mhodnaithe go bhféadfar, i gcás nach féidir, maidir le hiarratas faoi fho-alt (1) den alt seo, ainm áititheora teaghaise nó foirgnimh nó coda den chéanna a fháil amach ó fhiosrú réasúnach, toghairm faoin alt sin 86 a dhíriú go dtí “an t-áititheoir” gan a ainm a lua, agus beidh an éifeacht chéanna ag an mbarántas nuair a eiseofar amhlaidh é a bheadh ag barántas faoin alt sin 86.

(5) In aon imeachtaí chun seilbh a aisghabháil ar theaghais nó foirgneamh nó ar aon chuid de theaghais nó d'fhoirgneamh a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo, beidh doiciméad a airbheartóidh gurb é an comhaontú tionóntacha iomchuí é a dhéanfaidh an comhlacht a thionscnóidh na himeachtaí a thabhairt ar aird ina fhianaise prima facie ar an gcomhaontú agus ní gá aon síniú ar an doiciméad a chruthú agus i gcás nach mbeidh aon tionóntacht san áitreabh lena mbainfidh na himeachtaí mar gheall ar an tionóntacht a fhoirceannadh trí fhógra fágála agus gurb é an duine dar tugadh an fógra sin an duine a dtionscnófar na himeachtaí ina choinne, beidh feidhm ag na forálacha breise seo a leanas :

(a) aon éileamh nó ceanglas a bheidh san fhógra sin go seachadfaidh an duine sin seilbh an áitribh sin don údarás nó don Ghníomhaireacht is éileamh dóthanach é chun críocha mhír (b) den fho-alt sin (1); agus

(b) aon ráiteas san fhógra sin go bhfuil an t-údarás nó an Ghníomhaireacht chun iarratas a dhéanamh faoi fho-alt (1) den alt seo i leith an áitribh is ráiteas dóthanach é chun críocha mhír (c) den fho-alt sin (1).

(6) Measfar nach ndéanann aon ní sna hAchta um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí, 1931 agus 1958, nó san Acht Srianta Cíosa, 1960 , difear do na forálacha den Acht seo a bhaineann le seilbh a fháil ar theaghais nó ar fhoirgneamh nó ar chuid de theaghais nó d'fhoirgneamh a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo.