1 1967


Uimhir 1 de 1967


AN tACHT UM ONNMHAIRIÚ A SPREAGADH (LEASÚ), 1967

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA UM ONNMHAIRIÚ A SPREAGADH, 1959 GO 1963. [7 Feabhra, 1967.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

Mínithe.

1959, Uimh. 20 .

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1959” an tAcht um Onnmhairiú a Spreagadh, 1959 ;

ciallaíonn “an Bord” Córas Tráchtála a bunaíodh le hAcht 1959;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála.

Méadú ar dheontais neamhinaisíoctha don Bhord.

1963, Uimh 20.

2. —Ní mó ná ceithre mhilliún cúig chéad míle punt comhiomlán na suimeanna a fhéadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, a íoc leis an mBord chun a chumasú don Bhord a fheidhmeanna a fheidhmiú nó a chomhlíonadh (gan aon suim a íocadh leis an mBord faoi alt 4 den Acht nm Onmhairiú a Spreagadh (Leasú), 1963, a áireamh) agus, dá réir sin, forléireofar alt 16 (1) d'Acht 1959 ionann is dá gcuirfí an tsuim sin in ionad na suime atá luaite ann.

An Bord d'fháil airgid ar iasacht.

3. —Féadfaidh an Bord, le toiliú an Aire arna thabhairt le comhthoiliú an Aire Airgeadais, cibé suimeanna a fháil ar iasacht a theastóidh ón mBord ó am go ham chun críocha a chaiteachais chaipitiúil.

An Bord d'athrú agus d'athfhoirgniú áitribh chun an t-áitreabh a dhiúscairt.

4. —(1) Féadfaidh an Bord, d'fhonn a urasú dó aon eastát nó leas in áitreabh nó i gcuid d'áitreabh a bheidh ar teachtadh ag an mBord a dhiúscairt, an t-áitreabh nó an chuid a athrú, a oiriúnú nó a athfhoirgniú.

(2) Beidh na cumhachtaí sin go léir ag an mBord is gá chun críocha fho-alt (1) den alt seo.

An Bord do spreagadh deara tionscail agus cabhrú leis.

5. —(1) Féadfaidh an Bord—

(a) deara tionscail Éireannach agus feabhsú a chaighdeáin a spreagadh agus a fhorbairt agus cabhrú leis,

(b) comhairle a thabhairt don Aire i dtaobh nithe a dhéanann difear maidir le, nó a bhaineann ar aon slí le, deara tionscail Éireannach nó feabhsú a chaighdeáin a spreagadh, a fhorbairt nó cabhrú leis.

(2) Beidh na cumhachtaí sin go léir ag an mBord is gá chun críocha fho-alt (1) den alt seo.

Gearrtheideal agus comhlua.

6. —(1) Féadfar an tAcht um Onnmhairiú a Spreagadh (Leasú), 1967 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Onnmhairiú a Spreagadh, 1959 go 1967, a ghairm de na hAchtanna um Onnmhairiú a Spreagadh, 1959 go 1963, agus den Acht seo le chéile.