An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT OILIÚNA TIONSCAIL, 1967) Ar Aghaidh (CUID II An Chomhairle Oiliúna)

5 1967

AN tACHT OILIÚNA TIONSCAIL, 1967

CUID I

Réamhraiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal.

1. —Féadfar an tAcht Oiliúna Tionscail, 1967 , a ghairm den Acht seo.

Léiriú.

1959, Uimh. 39 .

2. —(1) San Acht seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “Acht 1959” an tAcht Printíseachta, 1959 (a aisghairtear leis an Acht seo);

folaíonn “gníomhaíocht tionscail” aon ghníomhaíocht tráchtála nó ceirde nó slí bheatha, agus folaíonn sé freisin aon ghníomhaíocht i mbrainse áirithe de thionscal, de thrachtáil, de cheird nó de shlí bheatha, ach ní fholaíonn sé gníomhaíocht talmhaíochta, garnóireachta nó iascaireachta ar gníomhaíocht táirgthe bhunaidh í, ná aon ghníomhaíocht a bhaineann le slí bheatha ghairmiúil;

ciallaíonn “An Cheard-Chomhairle” an comhlacht a bunaíodh le halt 8 d'Acht 1959;

tá le “An Chomhairle” an bhrí a shonraítear i bhfo-alt (1) d'alt 8 den Acht seo;

ciallaíonn “printíseach” duine ar fostú ar mhodh printíseachta le gníomhaíocht tionscalaíoch ainmnithe agus folaíonn sé aon duine lena mbaineann rialacháin faoi alt 28 den Acht seo;

ciallaíonn “oifigeach údaraithe” duine arna cheapadh ag an gComhairle chun bheith ina oifigeach údaraithe chun críocha an Achta seo;

ciallaíonn “gníomhaíocht tionsclaíoch ainmnithe” gníomhaíocht tionscail a bhfuil dearbhaithe ina taobh de thuras na huaire le hordú faoi alt 23 den Acht seo gur gníomhaíocht tionsclaíoch ainmnithe í;

ciallaíonn “an lá bunaithe” an lá a cheapfar le hordú ón Aire faoi alt 3 den Acht seo chun bheith ina lá bunaithe chun críocha an Achta seo;

ciallaíonn “coiste oiliúna tionscail” comhlacht ar coiste oiliúna tionscail é faoi ordú faoi alt 24 den Acht seo;

folaíonn “feidhmeanna” cumhachtaí agus dualgais;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Saothair;

ciallaíonn an briathar “forordú” forordú le rialacha arna ndéanamh ag an gComhairle faoin Acht seo;

(2) Ach amháin i bhfo-alt (2) d'alt 11 agus i bhfo-alt (1) d'alt 13 den Acht seo, folaíonn aon tagairt san Acht seo don Phríomh-Oifigeach tagairt do chathaoirleach ar an gComhairle atá ag gníomhú mar Phríomh-Oifigeach.

(3) Aon tagairt san Acht seo do chomhlíonadh feidhmeanna folaíonn sí, maidir le cumhachtaí, tagairt d'fheidhmiú na gcumhachtaí sin.

An lá bunaithe.

3. —Féadfaidh an tAire le hordú lá a cheapadh chun bheith ina lá bunaithe chun críocha an Achta seo.

Feidhm maidir le fostaíocht ag an Stát.

4. —(1) Tá feidhm ag an Acht seo i gcás daoine atá ar fostú ar mhodh printíseachta ag an Stát nó faoin Stát.

(2) Tá feidhm ag alt 41 den Acht seo nuair is é an Stát an fostóir.

Rialacha (ábhair fhorordaithe).

5. —Féadfaidh An Chomhairle rialacha a dhéanamh maidir le haon ábhar nó ní dá dtagraítear san Acht seo mar ábhar nó ní atá forordaithe nó le forordú.

Caiteachais an Aire.

6. —Déanfar aon chaiteachais faoina rachaidh an tAire agus an tAire Oideachais ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Aisghairm.

1952, Uimh. 1 .

1963, Uimh. 4 .

1959, Uimh. 36 .

7. —(1) Aisghairtear leis seo Acht 1959.

(2) Aisghairtear leis seo alt 7 den Acht um Limistéirí Neamhfhorbartha, 1952 , alt 5 den Acht um Dheontais Tionscail (Leasú), 1963 , agus na focail “tionscail nó” i bhfo-alt (2) d'alt 9 den Acht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta, 1959 .

(3) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an lá bunaithe.

(4) Tiocfaidh fo-alt (2) den alt seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocrófar chuige sin le haon ordú nó orduithe ón Aire, go ginearálta nó faoi threoir forála áirithe agus feádfar laethanta éagsúla a shocrú d'fhorálacha éagsúla den fho-alt seo.