An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I Réamhraiteach agus Ginearálta) Ar Aghaidh (CUID III Oiliúint Tionscail)

5 1967

AN tACHT OILIÚNA TIONSCAIL, 1967

CUID II

An Chomhairle Oiliúna

An Chomhairle Oiliúna a bhunú.

8. —(1) Déanfar comhlacht ar a dtabharfar An Chomhairle Oiliúna (dá ngairtear An Chomhairle san Acht seo) a bhunú an lá bunaithe chun na feidhmeanna a shanntar dó leis an Acht seo a chomhlíonadh.

(2) Beidh éifeacht maidir leis an gComhairle ag forálacha an Chéad Sceidil a ghabhann leis an Acht seo.

Feidhmeanna na Comhairle.

9. —(1) I dteannta na bhfeidhmeanna a shanntar di le haon fhoráil eile den Acht seo, beidh na feidhmeanna ginearálta seo a leanas ag an gComhairle, eadhon:

(a) socrú a dhéanamh chun daoine a oiliúint chun críocha aon ghníomhaíocht tionscail, agus

(b) soláthar na hoiliúna sin a chur ar aghaidh, a urasú, a chomhoirdniú agus a fhorbairt agus gríosadh agus cabhrú leis i cibé slí is dóigh leis an gComhairle is gá nó is inmhianaithe.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh An Chomhairle gach ní nó aon ní acu seo a leanas a dhéanamh:

(a) cibé cúrsaí nó saoráidí eile is dóigh léi is gá chun daoine a oiliúint atá ar fostú nó a bheartaíonn dul ar fostú le gníomhaíocht tionscail (lena n-áirítear aon aicme daoine den sórt sin is dóigh leis an gComhairle a bheith ar míbhuntáiste mar gheall ar aois nó míchumas coirp nó míchumas eile) a sholáthar nó a áirithiú go soláthrófar iad, ag féachaint d'aon chúrsaí nó saoráidí eile atá ar fáil thairis sin ag daoine den sórt sin;

(b) cúrsaí nó saoráidí den sórt sin a bheidh soláthraithe ag daoine eile a cheadú;

(c) breithniú a dhéanamh aon tráth ar aon fhostaíocht i ngníomhaíocht tionscail agus moltaí a dhéanamh maidir leis an gcineál oiliúna, agus fad na hoiliúna, d'aon fhostaíocht den sórt sin agus an t-oideachas breise a rachaidh i gcomhréim leis an oiliúint, na daoine ag ar cheart agus dar cheart an oiliúint a thabhairt, na caighdeáin a bheidh le gnóthú de thoradh na hoiliúna agus na modhanna chun a dhéanamh amach an bhfuil na caighdeáin sin gnóthaithe;

(d) feidhm a bhaint, nó socruithe a dhéanamh chun feidhm a bhaint, as tástálacha nó modhanna eile chun a dhéanamh amach an bhfuil aon chaighdeáin atá molta ag an gComhairle gnóthaithe ag daoine atá ar fostú nó a bheartaíonn dul ar fostú i ngníomhaíocht tionscail agus deimhnithe a dhámhadh á dheimhniú gur gnóthaíodh na caighdeáin sin;

(e) cabhrú le daoine saoráidí a fháil le haghaidh oiliúna chun fostaíochta i ngníomhaíocht tionscail;

(f) taighde a dhéanamh, nó cabhrú le daoine taighde a dhéanamh, i dtaobh aon ábhair a bhaineann le hoiliúint chun críocha gníomhaíocht tionscail;

(g) liúntais chothabhála agus taistil a íoc le daoine a bheidh ag freastal ar chúrsaí a sholáthróidh nó a cheadóidh An Chomhairle;

(h) táillí a íoc le daoine a sholáthróidh oideachas breise i leith daoine a gheobhaidh é i gcomhréim lena n-oiliúint i gcúrsaí a sholáthróidh nó a cheadóidh An Chomhairle;

(i) d'fhonn saoráidí níos fearr chun oiliúint agus teagasc a fháil ar ghníomhaíocht tionscail a chur ar fáil do dhaoine atá ar fostú nó a bheartaíonn dul ar fostú inti, scoláireachtaí a dheonú do cibé daoine a roghnóidh An Chomhairle i cibé slí is iomchuí léi, agus féadfaidh na scoláireachtaí sin soláthar a dhéanamh chun táillí i bhforas oideachais a íoc agus cibé íocaíochtaí eile a dhéanamh a chinnfidh an Chomhairle;

(j) duaiseanna a dhámhadh do cibé daoine a bheidh ar fostú nó a bheartaíonn dul ar fostú i ngníomhaíocht tionsclaíoch agus a roghnóidh An Chomhairle i cibé slí is iomchuí léi;

(k) liúntais a íoc le daoine atá ar fostú nó a bheartaíonn dul ar fostú i ngníomhaíocht tionsclaíoch agus atá ag dul lasmuigh den Stát chun oiliúint a fháil nó páirt a ghlacadh i gcomórtais agus a roghnófar i cibé slí is iomchuí leis an gComhairle.

Scéim aoisliúntais an Chathaoirligh.

10. —(1) Féadfaidh an tAire, le comhthoiliú an Aire Airgeadais, scéim a dhéanamh chun go ndéanfar, faoi réir cibé coinníollacha agus teorainneacha a fhorordófar sa scéim, sochair aoisliúntais a íoc, ar scor dóibh, le cathaoirligh lánaimsire na Comhairle agus féadfaidh sé, le comhthoiliú an Aire Airgeadais, aon scéim den sórt sin a leasú.

(2) Féadfaidh scéim faoin alt seo socrú a dhéanamh do chóras chun aon díospóid a shocrú a éireoidh maidir le héileamh aon duine chun, nó maidir le méid, aon sochair is iníoctha de bhun na scéime sin.

(3) Déanfaidh an Chomhairle scéim faoin alt seo a chur i bhfeidhm de réir a téarmaí.

(4) Gach scéim a dhéanfar faoin alt seo leagfar í faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a déanta agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an scéim a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime, beidh an scéim ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin scéim.

Príomh-Oifigeach.

11. —(1) Ceapfaidh an tAire ó am go ham, ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh sé, duine mar phríomh-oifigeach feidhmiúcháin don Chomhairle, agus an Príomh-Oifigeach a thabharfar ar an duine sin agus a ghairtear de san Acht seo.

(2) Íocfar leis an bPríomh-Oifigeach, as airgead a bheidh faoina réir ag an gComhairle, cibé luach saothair agus cibé liúntais i leith caiteachas a chinnfidh an tAire le toilliú an Aire Airgeadais.

Oifigigh agus seirbhísigh (seachas an Príomh-Oifigeach) don Chomhairle.

12. —(1) Ceapfaidh an Chomhairle cibé daoine agus cibé líon daoine mar oifigigh (seachas an Príomh-Oifigeach) agus seirbhísigh don Chomhairle is cuí leis an gComhairle ó am go ham.

(2) Faoi réir fho-alt (3) den alt seo, sealbhóidh oifigeach seachas an Príomh-Oifigeach) nó seirbhíseach don Chomhairle a oifig nó a fhostaíocht ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an Chomhairle ó am go ham.

(3) Faoi réir fho-alt (4) den alt seo, íocfar, as airgead a bheidh faoina réir ag an gComhairle, le hoifigeach nó seirbhíseach a luaitear i bhfo-alt (2) den alt seo cibé luach saothair agus liúntais a chinnfidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.

(4) I gcás duine is oifigeach (seachas an Príomh-Oifigeach) nó seirbhíseach i bhfostaíocht faoin gComhairle a theacht chun bheith ina chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas—

(a) beidh sé ar iasacht ón bhfostaíocht sin ar feadh na tréimhse (dá ngairtear tréimhse na hiasachta san alt seo) dar tosach an tráth a thiocfaidh sé i dteideal faoi Bhuan-Orduithe an Tí sin suí sa Teach sin agus dar críoch an tráth a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den Teach sin nó, más túisce a tharlóidh, an tráth a éireoidh sé as an bhfostaíocht sin nó a scoirfidh sé di nó a fhoirceannfaidh an Chomhairle an fhostaíocht sin,

(b) ní íocfaidh an Chomhairle leis, ná ní bheidh sé i dteideal go bhfaighidh sé ón gComhairle, aon luach saothair ná liúntais in aghaidh tréimhse na hiasachta,

(c) má bhíonn scéim a rinneadh de bhun alt 13 den Acht seo i bhfeidhm agus go mbunaíonn an scéim ciste lena n-íocann an Chomhairle agus an duine ranníocaí—

(i) measfar, chun críocha na scéime, gur seirbhís de chuid an duine sin is ináirithe le haghaidh sochair aoisliúntais faoin scéim í tréimhse na hiasachta, ach sin más rud é agus amháin más rud é—

(I) go raibh sé i mbuan-fhostaíocht faoin gComhairle agus ina ranníocóir faoin scéim díreach roimh thosach tréimhse na hiasachta,

(II) go roghnóidh sé, trí fhógra i scríbhinn a thabharfar don Chomhairle laistigh de thrí mhí tar éis tosach tréimhse na hiasachta, ranníocaí a íoc faoin scéim in aghaidh tréimhse na hiasachta de réir forálacha an ailt seo, agus

(III) go n-íocfaidh sé, cibé tráthanna agus i cibé slí a shonróidh an duine a bheidh ceaptha go cuí chun an scéim a riaradh, ranníocaí faoin scéim in aghaidh tréimhse na hiasachta ar cóimhéid le comhshuim na ranníocaí a bheadh íoctha aige féin agus na ranníocaí a bheadh íoctha ag an gComhairle in aghaidh tréimhse na hiasachta dá bhfanadh sé, gan dul ar iasacht faoin bhfo-alt seo, i seirbhís na Comhairle i gcaitheamh tréimhse na hiasachta agus é ag fáil luach saothair ón gComhairle i gcaitheamh na tréimhse sin,

(ii) ní íocfaidh An Chomhairle aon ranníocaí faoin scéim in aghaidh tréimhse na hiasachta, ach measfar, chun críocha na scéime, an chuid sin de na ranníocaí a bheith íoctha ag an gComhairle is cuid is iníoctha ag an duine sin mar a dúradh agus is comhionann le méid na ranníocaí a bheadh íoctha ag an gComhairle faoin scéim in aghaidh tréimhse na na hiasachta dá bhfanadh sé, gan dul ar iasacht faoin bhfo-alt seo, i seirbhís na Comhairle i gcaitheamh tréimhse na hiasachta agus go mbeadh luach saothair á fháil aige ón gComhairle i gcaitheamh na tréimhse sin,

(iii) má fhoirceannann tréimhse na hiasachta trí é d'éag nó trí é do scor den fhostaíocht sin, measfar chun críocha na scéime gur éag sé, nó gur scoir sé de bheith, i seirbhís na Comhairle, de réir mar a bheidh, agus go raibh luach saothair á fháil aige ón gComhairle díreach roimh éag nó scor dó amhlaidh, de réir mar a bheidh,

(iv) mura n-íocfaidh sé nó más rud é, tar éis dó ranníoc a íoc faoin scéim de réir forálacha an fho-ailt seo, go scoirfidh sé de ranníocaí a íoc mar a dúradh, measfar, chun críocha na scéime, gur éirigh sé as an bhfostaíocht sin,

(I) i gcás ina scoirfidh sé de ranníocaí a íoc mar a dúradh—ar dháta na híocaíochta deiridh, agus

(II) in aon chás eile—

díreach roimh thosach tréimhse na hiasachta.

(5) I gcás duine atá nó a bhí ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don Chomhairle a theacht chun bheith i dteideal pinsin faoi na hAchta um Oifigí Aireachta agus Parlaiminte, 1938 go 1960—

(a) ní bheidh sé i dteideal an t-iomlán ná aon chuid dá thréimhse sheirbhíse inphinsin de réir brí na nAchtanna sin a ríomh le haghaidh aon sochair aoisliúntais is iníoctha faoi scéim arna déanamh de bhun alt 13 de bhun Acht seo,

(b) má bhíonn aon ranníocaí íoctha aige de réir forálacha fho-alt (4) den alt seo in aghaidh na tréimhse sin, déanfar an oiread sin díobh agus is comhionann le méid na ranníocaí a bheadh íoctha aige in aghaidh na tréimhse sin faoin scéim dá bhfanadh sé, gan dul ar iasacht faoin bhfo-alt sin (4), i seirbhís na Comhairle i gcaitheamh na tréimhse sin agus go mbeadh luach saothair á fháil aige ón gComhairle i gcaitheamh na tréimhse sin a thabhairt ar ais dó má dhéantar agus nuair a dhéanfar sochar a íoc leis nó ranníocaí eile a thabhairt ar ais dó faoin scéim.

(6) Aon tagairt atá i bhfo-alt (4) nó (5) den alt seo do dhuine d'fháil luach saothair ón gComhairle measfar gur tagairt í don duine sin d'fháil luach saothair ón gComhairle de réir ráta a luach saothair ón gComhairle lá deiridh a fhostaíochta lánaimsire faoin gComhairle roimh dhul ar iasacht dó faoin bhfo-alt sin (4).

(7) Aon duine a mbeidh teideal aige de thuras na huaire faoi Bhuan-Orduithe cheachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin beidh sé, an fad a bheidh sé i dteideal amhlaidh, dícháilithe chun bheith ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don Chomhairle.

Aoisliúntas d'oifigigh agus do sheirbhísigh na Comhairle.

13. —(1) A luaithe is féidir tar éis an lae bhunaithe ullmhóidh an Chomhairle agus cuirfidh sí faoi bhráid an Aire scéim ranníocach nó scéimeanna ranníocacha chun pinsin, aiscí agus liúntais eile a dheonú dá buan-fhoireann (lena n-áirítear an Phíomh-Oifigeach) nó ina leith ar scor dóibh.

(2) Socróidh gach scéim den sórt sin an tráth scoir agus na coinníollacha scoir do na daoine go léir a mbeidh pinsin, aiscí nó liúntais iníoactha leo nó ina leith ar scor dóibh agus féadfar tráthanna agus coinníollacha éagsúla a shocrú maidir le haicmí éagsúla daoine.

(3) Féadfaidh an Chomhairle tráth ar bith scéim a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire do leasú scéime a cuireadh faoi bhráid an Aire agus a ceadaíodh roimhe sin faoin alt seo.

(4) Aon scéim a chuirfear faoi bhráid an Aire faoin alt seo cuirfidh an Chomhairle i bhfeidhm í de réir a téarmaí má cheadaíonn an tAire í le comhthoiliú an Aire Airgeadais.

(5) Má éiríonn aon díospóid maidir le héileamh aon duine ag éileamh, nó maidir le méid, aon phinsin, aisce nó liúntais is iníoctha de bhua scéime faoin alt seo, cuirfear an díospóid sin faoi bhráid an Aire agus tarchuirfidh seisean chun an Aire Airgeadais í, agus is cinneadh críochnaitheach a bheidh i gcinneadh an Aire Airgeadais.

(6) Gach scéim a chuirfear faoi bhráid an Aire agus a cheadófar faoin alt seo leagfar í faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a ceadaithe agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an scéim a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime, beidh an scéim ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin scéim.

Cuntais agus Iniúchadh.

14. —(1) Coimeádfaidh an Chomhairle, i cibé foirm a cheadóidh an tAire, le comhthoiliú an Aire Airgeadais, na cuntais go léir is cuí agus is gnáth ar an airgead go léir a gheobhaidh sí nó a chaithfidh sí agus, go háirithe, coimeádfaidh sí san fhoirm sin a dúradh cibé cuntais speisialta a ordóidh an tAire ó am go ham.

(2) Cuirfidh an Chomhairle na cuntais a choimeádfar de bhun an ailt seo faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste in aghaidh na bliana lena n-iniúchadh cibé tráthanna a ordóidh an tAire le comhthoiliú an Aire Airgeadais agus déanfar na cuntais sin, nuair a bheidh siad iniúchta amhlaidh, mar aon le tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste orthu, a thíolacadh don Aire agus cuirfidh seisean faoi deara go leagfar cóipeanna den chéanna faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

Tuarascáil Bhliantúil, etc.

15. —(1) Tabharfaidh an Chomhairle gach bliain, ar cibé dáta a ordóidh an tAire, tuarascáil don Aire ar a himeachtaí faoin Acht seo agus ar imeachtaí aon choiste oiliúna tionscail a bunaíodh faoin Acht seo, i gcaitheamh an dá mhí dhéag roimhe sin agus dar críoch an dáta sin, agus cuirfidh an tAire faoi deara go leagfar cóipeanna den tuarascáil faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(2) Tabharfaidh an Chomhairle don Aire cibé eolas a iarrfaidh sé ó am go ham.

Deontais don Chomhairle agus an Chomhairle d'infheistiú airgid.

16. —(1) Féadfar, gach bliain airgeadais, deontas ina mbeidh cibé méid a cheadóidh an tAire le comhthoiliú an Aire Airgeadais a íoc, faoi chomhair caiteachas na Comhairle ag comhlíonadh a feidhmeanna di, leis an gComhairle as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(2) Féadfaidh an Chomhairle airgead a infheistiú i cibé slí a cheadóidh an tAire.

Cumhacht na Comhairle chun airgead a fháil ar iasacht go sealadach.

17. —Féadfaidh an Chomhairle, le toiliú an Aire, arna thabhairt le comhthoiliú an Aire Airgeadais, cibé suimeanna a bheidh ag teastáil uaithi chun soláthar a dhéanamh i gcás caiteachas reatha a fháil ar iasacht go sealadach trí chomhshocraíocht le baincéirí.

Bronntanais.

18. —(1) Féadfaidh an Chomhairle bronntanais airgid, talún nó maoine eile a ghlacadh ar cibé iontaobhais agus coinníollacha, más ann, a shonróidh an deontóir.

(2) Ní ghlacfaidh an Chomhairle bronntanas má bhíonn na coinníollacha a chuirfidh an deontóir leis ar neamhréir le feidhmeanna na Comhairle.