|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID III Oiliúint Tionscail) | Ar Aghaidh (Caibidil III Printíseacht) |
AN tACHT OILIÚNA TIONSCAIL, 1967
[EN] | ||
[EN] |
Caibidil II Gníomhaíochtaí Tionsclaíocha Ainmnithe | |
[EN] |
Gníomhaíochtaí tionsclaíocha ainmnithe. |
23. —(1) D'fhonn socrú níos fearr a dhéanamh chun oiliúint a thabhairt do dhaoine atá ar fostú nó a bheartaíonn dul ar fostú le gníomhaíocht tionscail, féadfaidh an Chomhairle ordú (dá ngairtear Ordú Oiliúna Tionscail san Acht seo) a dhéanamh á dhearbhú gur gníomhaíocht tionsclaíoch ainmnithe chun críocha an Achta seo an ghníomhaíocht. |
[EN] | (2) Sula ndéanfaidh an Chomhairle ordú oiliúna tionscail déanfaidh sí cibé fiosruithe is cuí léi agus rachaidh sí i gcomhairle le haon eagras nó comhlachas eagras a mheasfaidh sí a bheith ionadaitheach do líon substainteach fostóirí sa ghníomhaíocht agus le haon eagras nó comhlachas eagras a mheasfaidh sí a bheith ionadaitheach do líon substainteach daoine ar fostú leis an ngníomhaíocht. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an Chomhairle, le hordú, ordú faoin alt seo (lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo) a chúlghairm nó a leasú. | |
[EN] | (4) Leagfar gach ordú faoin alt seo faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá agus fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú. | |
[EN] |
Coistí oiliúna tionscail. |
24. —(1) I gcás ina ndéanfaidh an Chomhairle ordú faoi alt 23 den Acht seo á dhearbhú gur gníomhaíocht tionsclaíoch ainmnithe gníomhaíocht tionscail áirithe, déanfaidh An Chomhairle le hordú, mura measfaidh an Chomhairle nár phraiticiúil é sin a dhéanamh, coiste oiliúna tionscail a bhunú, nó a dhearbhú maidir le heagras a mheasfaidh an Chomhairle a bheith oiriúnach agus a chomhlíonann ceanglais fho-alt (2) den alt seo gur coiste oiliúna tionscail é chun comhairle agus cúnamh a thabhairt don Chomhairle maidir leis an gComhairle do chomhlíonadh a feidhmeanna i ndáil leis an ngníomhaíocht. |
[EN] | (2) Ní dhearbhófar gur coiste oiliúna tionscail faoin alt seo aon eagras mura bhfuil sé ionadaitheach do líon substainteach fostóirí sa ghníomhaíocht tionsclaíoch ainmnithe iomchuí agus do líon substainteach daoine atá ar fostú leis an ngníomhaíocht sin. | |
[EN] | (3) Beidh éifeacht ag forálacha an Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo maidir le coiste oiliúna tionscail a bhunófar faoin alt seo agus faoi réir fho-alt (5) den alt seo beidh éifeacht ag forálacha airteagail 5 agus 6 den Sceideal sin maidir le heagras a ndearbhófar gur coiste oiliúna tionscail é faoin alt seo. | |
[EN] | (4) Aon ordú faoin alt seo déanfaidh sé, maidir le coiste oiliúna tionscail a bhunóidh sé— | |
[EN] | (a) a shonrú go mbeidh an coiste comhdhéanta de chathaoirleach agus líon sonraithe gnáthchomhaltaí, | |
[EN] | (b) a fhoráil go gceapfaidh an Chomhairle duine chun bheidh ina chathaoirleach ar an gCoiste agus gur duine é nach bhfuil ionadaitheach do leasa oibrithe ná do leasa fostóirí, | |
[EN] | (c) a fhoráil go mbeidh ar líon na ngnáth-chomhaltaí líon sonraithe comhaltaí oibrithe, líon sonraithe comhaltaí fostóirí (a bheidh comhionann leis an líon sonraithe comhaltaí oibrithe), líon sonraithe comhaltaí oideachais agus líon sonraithe gnáthchomhaltaí eile, | |
[EN] | (d) a fhoráil go ndéanfaidh an Chomhairle— | |
[EN] | (i) tar éis dul i gcomhairle leis an Aire, cuireadh a thabhairt, maidir le gach comhalta oibrithe d'eagras atá ionadaitheach do cheardchumann oibrithe duine a ainmniú chun a cheaptha mar chomhalta oibrithe agus go ndéanfaidh sí gach duine a ainmneofar amhlaidh a cheapadh mar chomhalta oibrithe, | |
[EN] | (ii) tar éis dul i gcomhairle leis an Aire, cuireadh a thabhairt d'eagras nó d'eagrais atá ionadaitheach d'fhostóirí daoine a ainmniú chun a gceaptha mar chomhaltaí fostóirí agus go ndéanfaidh sí an líon iomchuí a shonrófar san ordú a cheapadh as na daoine a ainmneofar amhlaidh chun bheith ina gcomhaltaí fostóirí, | |
[EN] | (iii) tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Oideachais, an líon iomchuí daoine a shonrófar san ordú a cheapadh mar chomhaltaí oideachais, | |
[EN] | (iv) tar éis dul i gcomhairle le cibé eagrais a mheasfaidh an Chomhairle a bheith oiriúnach, an líon iomchuí daoine a shonrófar san ordú a cheapadh mar ghnáthchomhaltaí eile, | |
[EN] | (e) socrú do théarma oifige na gcomhaltaí, agus | |
[EN] | (f) socrú le haghaidh cibé ábhair eile a mheasfaidh an Chomhairle is gá chun go gcomhlíonfaidh an coiste a fheidhmeanna go cuí. | |
[EN] | (5) Más oiriúnach leis an gComhairle é, féadfaidh, maidir le heagras a ndearbhóidh sí gur coiste oiliúna tionscail é, socrú a bheith in ordú faoin alt seo do cheachtar ní nó an dá ní acu seo a leanas— | |
[EN] | (a) nach mbeidh feidhm, maidir le cathaoirleach an choiste, ag forálacha Airteagal 5 den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, | |
[EN] | (b) nach mbeidh feidhm, maidir le gach comhalta den choiste, ag forálacha Airteagal 6 den Dara Sceideal sin, | |
[EN] | agus i gcás ina ndéanfar socrú faoin bhfo-alt seo maidir leis na hAirteagail sin 5 nó 6 a bheidh gan feidhm, ní bheidh feidhm dá réir sin ag Airteagail amháin acu nó ag an dá Airteagal acu, de réir mar is iomchuí. | |
[EN] | (6) Féadfaidh an Chomhairle duine dá hoifigigh a cheapadh chun gníomhú mar rúnaí do choiste oiliúna tionscail. | |
[EN] | (7) Féadfaidh An Chomhairle le hordú ordú faoin alt seo (lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo) a leasú nó a chúlghairm. | |
[EN] |
Comhchoistí oiliúna tionscail. |
25. —(1) Féadfaidh coistí oiliúna tionscail de réir tograí a chuirfear faoi bhráid na Comhairle agus a cheadóidh sí— |
[EN] | (a) coistí (nach gá comhaltaí den choiste oiliúna tionscail a bheith orthu) a cheapadh; | |
[EN] | (b) uamadh le coiste oiliúna tionscail amháin eile nó níos mó ag ceapadh comhchoistí a bheidh comhdhéanta de cibé daoine (cibé acu is comhaltaí de choiste oiliúna tionscail iad nó nach ea) a chinnfidh na coistí oiliúna tionscail; | |
[EN] | agus an fheidhm a thugtar don choiste oiliúna tionscail le halt 24 den Acht seo a tharmligean chun aon choiste den sórt sin a mhéid, go hiomlán nó go páirteach, a luafar sna tograí. | |
[EN] | (2) Íocfar le cathaoirleach coiste a cheapfar faoin alt seo, as airgead a bheidh faoina réir ag an gComhairle, cibé táille (más aon táille í) i leith freastal ar chruinnithe den choiste a chinnfidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais, agus, má bhíonn an Cathaoirleach as láthair ó chruinniú den choiste, féadfar an táille (más aon táille í) ab iníoctha leis a íoc, más oiriúnach leis an gComhairle, leis an duine a ghníomhóidh mar chathaoirleach ar an gcruinniú. | |
[EN] | (3) Íocfar le gach comhalta de choiste a cheapfar faoin alt seo, as airgead a bheidh faoina réir ag an gComhairle, cibé liúntais (más aon liúntas é), i leith caiteachais a thabhóidh sé, a cheadóidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais. | |
[EN] | (4) Faoi réir aon ordacháin ón gcoiste nó ó na coistí oiliúna tionscail a cheap é, déanfaidh coiste a cheapfar faoin alt seo nós imeachta agus gnó an choiste a rialáil trí bhuan-orduithe nó ar sblí eile. | |
[EN] |
Cumhacht chun eolas a fháil ó fhostóirí. |
26. —Féadfaidh An Chomhairle trí fhógra i scríbhinn a sheirbheálfar ar aon duine is fostóir i ngníomhaíocht tionsclaíoch ainmnithe a cheangal ar an duine— |
[EN] | (a) cibé tuairisceáin shonraithe nó eolas sonraithe eile a thabhairt don Chomhairle laistigh de thréimhse shonraithe, | |
[EN] | (b) cibé taifid de chineál sonraithe a choimeád agus a thabhairt ar aird lena scrúdú thar ceann na Comhairle | |
[EN] | a mheasfaidh an Chomhairle is gá chun a feidhmeanna a chomh líonadh. |