An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil II Gníomhaíochtaí Tionsclaíocha Ainmnithe) Ar Aghaidh (Caibidil IV Ilghnéitheach)

5 1967

AN tACHT OILIÚNA TIONSCAIL, 1967

Caibidil III

Printíseacht

Printísigh.

27. —(1) I gcás ina ndéanfaidh an Chomhairle ordú oiliúna tionscail, féadfaidh an Chomhairle, maidir le printísigh d'aicme áirithe a fhostú leis an ngníomhaíocht tionsclaíoch ainmnithe iomchuí, na rialacha seo a leanas go léir nó aon chuid acu a dhéanamh:

(a) rialacha do shonrú na haoise íosta ag a bhféadfaidh duine tosú ar bheith ar fostú amhlaidh;

(b) rialacha maidir leis na cáilíochtaí oideachais nó na cáilíochtaí eile i leith oiriúnacht nach mór de dhaoine a bheith acu a rachaidh mar phrintísigh den sórt sin leis an bhfostaíocht sin;

(c) rialacha maidir leis na himthosca faoina bhféadfar printíseach a dhíbhe nó a fhionraí ó fhostaíocht;

(d) rialacha maidir leis an tréimhse oiliúna (lena n-áirítear aon tréimhse phrofa) a bheidh le cur isteadh ag duine a bheidh ar fostú leis an ngníomhaíocht mar phrintíseach den sórt sin;

(e) rialacha á cheangal ar fhostóirí sa ghníomhaíocht a áirithiú go dtabharfar oiliúint agus teagasc i slí shonraithe do dhaoine a bheidh ar fostú acu leis an ngníomhaíocht mar phrintísigh den sórt sin;

(f) rialacha de thoirmeasc ar dhaoine a sheolann gníomhaíocht den sórt sin aon phréimh, táille nó comaoin eile a ghlacadh i leith aon duine a fhostú acu leis an ngníomhaíocht sin mar phrintíseach den sórt sin;

(g) rialacha do shonrú foirm an chonartha a úsáidfear nuair a ghlacfar duine isteach i bhfostaíocht leis an ngníomhaíocht mar phrintíseach den sórt sin;

(h) rialacha do cheangal ar dhaoine atá ar fostú leis an ngníomhaíocht mar phrintísigh den sórt sin taifid a choimeád, i cibé foirm a déarfaidh na rialacha, maidir lena bhfostaíocht.

(2) Sula ndéanfaidh an Chomhairle rialacha faoi fho-alt (1) den alt seo rachaidh sí i gcomhairle leis an gcoiste oiliúna tionscail iomchuí (más ann).

(3) Sula ndéanfaidh an Chomhairle rialacha faoi mhír (b) d'fho-alt (1) den alt seo rachaidh sí i gcomhairle leis an Aire Oideachais.

(4) Féadfar a cheangal le rialacha faoin alt seo ar fhostóir a mbeidh printíseach den aicme a shonrófar sna rialacha ar fostú aige le fostaíocht lena mbaineann na rialacha cóipeanna clóite de na rialacha nó achomaireachtaí clóite díobh a bheidh ceadaithe ag an gComhairle a chur ar taispeáint agus a choimeád ar taispeáint de réir alt 44 den Acht seo.

(5) I gcás ina mbeidh rialacha faoi mhír (a), (b), (c), (d) nó (g) d'fho-alt (1) den alt seo i bhfeidhm de thuras na huaire, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:

(a) i gcás rialacha faoin mír sin (a)—ní ghlacfaidh duine isteach ina fhostaíocht mar phrintíseach d'aicme a shonraítear sna rialacha le fostaíocht lena mbaineann na rialacha duine mura mbeidh an aois a shonraítear sna rialacha slán ag an duine sin;

(b) i gcás rialacha faoin mír sin (b)—ní ghlacfaidh duine isteach ina fhostaíocht mar phrintíseach d'aicme a shonraítear sna rialacha le fostaíocht lena mbaineann na rialacha duine mura mbeidh na cáilíochtaí a shonraítear sna rialacha ag an duine sin;

(c) i gcás rialacha faoin mír sin (c)—ní dhéanfaidh duine duine atá ar fostú aige mar phrintíseach d'aicme a shonraítear sna rialacha le fostaíocht lena mbaineann na rialacha a dhíbhe ná a fhionraí ach amháin de réir na rialacha;

(d) i gcás rialacha a rinneadh faoin mír sin (d)—duine atá ar fostú mar phrintíseach d'aicme a shonraítear sna rialacha le fostaíocht lena mbaineann na rialacha measfar, d'ainneoin aon chomhaontú dá mhalairt, é a bheith ar fostú faoi chomhaontú a shínigh an duine agus a fhostóir trína gcomhaontaíonn an fostóir an duine a fhostú, agus trína gcomhaontaíonn an duine fónamh don fhostóir, ar feadh na tréimhse oiliúna a shonraítear sna rialacha, ach féadfaidh an Chomhairle, más oiriúnach léi, an dá pháirtí a urscaoileadh óna n-oibleagáidí faoi seach faoin gcomhaontú is intuigthe ón mír seo a bheith ann nó an comhaontú sin a mhodhnú nó, le toiliú—

(i) má tá ocht mbliana déag d'aois slán ag an duine— an duine, agus

(ii) mura bhfuil ocht mbliana déag d'aois slán ag an duine—tuiste (más ann) an duine,

sochair agus oibleagáidí an fhostóra faoin gcomhaontú sin a aistriú chun fostóra eile atá ag gabháil don ghníomhaíocht tionsclaíoch ainmnithe iomchuí;

(e) i gcás rialacha faoin mír sin (g)—ní ghlacfaidh aon duine duine isteach ina fhostaíocht mar phrintíseach d'aicme a shonraítear sna rialacha le fostaíocht lena mbaineann na rialacha mura mbeidh an conradh san fhoirm a shonraítear sna rialacha.

(6) I bhfo-alt (5) den alt seo ciallaíonn “tuiste”, maidir le duine atá ar fostú mar phrintíseach d'aicme a shonraítear i rialacha faoi mhír (d) d'fho-alt (1) den alt seo le fostaíocht lena mbaineann na rialacha agus nach bhfuil ocht mbliana déag d'aois slán aige, an pearsa aonair ag a bhfuil coimeád dlíthiúil an duine agus más rud é, mar gheall ar an bpearsa aonair sin a bheith as láthair nó mar gheall ar aon chúis eile, nach gcónaíonn an duine leis an bpearsa aonair sin nó nach bhfuil sé ina choimeád iarbhír, folaíonn sé an pearsa aonair lena gcónaíonn an duine nó a bhfuil sé ina choimeád iarbhír.

Féadfar a dhearbhú gur printísigh chun críocha an Achta daoine áirithe.

28 —Féadfaidh an Chomhairle le rialacháin faoin alt seo a dhearbhú go measfar gur printíseach chun críocha an Achta seo gach duine atá ar fostú i slí áirithe le gníomhaíocht tionsclaíoch ainmnithe ag fostóir áirithe.

Fógra go bhfuiltear chun rialacha a dhéanamh.

29 —(1) Sula ndéanfaidh an Chomhairle rialacha faoi alt 27 den Acht seo foilseoidh sí i dhá nuachtán leathúla ar a laghad a fhoilsítear sa Stát fógra ag insint go bhfuiltear chun na rialacha sin a dhéanamh, an cineál rialacha atá beartaithe, go gcuirfear cóipeanna díobh ar fáil, nuair a iarrfar iad, do dhaoine leasmhara agus an tráth, an tslí agus an áit a bhféadfar agóidí agus uiríolla maidir leis na rialacha beartaithe a dhéanamh.

(2) Sula ndéanfaidh an Chomhairle rialacha faoin alt sin 27 breithneoidh sí aon agóidí nó uiríolla a gheofar, de réir fógra faoi fho-alt (1) den alt seo, maidir leis na rialacha beartaithe.

Fógra a fhoilsiú i dtaobh rialacha a dhéanamh.

30. —Déanfaidh an Chomhairle, a luaithe is féidir tar éis rialacha a dhéanamh faoi alt 27 den Acht seo, fógra a fhoilsiú san Iris Oifigiúil agus i dhá nuachtán laethúla ar a laghad a fhoilsítear sa Stát ag insint go bhfuil na rialacha sin déanta agus na háite ar féidir cóipeanna de na rialacha a cheannach ar phraghas (a mbeidh cibé méid réasúnach ann a chinnfidh an Chomhairle) a shonrófar san fhógra.

Daoine a ghlacadh i bhfostaíocht ar mhodh printíseachta.

31. —(1) Aon duine a sheolann—

(a) gníomhaíocht tionsclaíoch ainmnithe, nó

(b) ceird atá sonraithe de thuras na huaire in ordú faoi alt 21 d'Acht 1959,

ní ghlacfaidh sé aon duine ina fhostaíocht ar mhodh printíseachta leis an ngníomhaíocht nó leis an gceird ach amháin le toiliú na Comhairle.

(2) I gcás ina mbeidh rialacha faoi mhír (a) nó (b) d'fho-alt (1) d'alt 27 den Acht seo i bhfeidhm de thuras na huaire, ní thabharfaidh an Chomhairle a toiliú faoi fho-alt (1) den alt seo mura deimhin léi go bhfuil ceanglais na rialacha comhlíonta maidir leis an bhfostaíocht iomchuí.

Printísigh a theagasc.

32. —(1) Féadfaidh an Chomhairle, le toiliú an Aire Oideachais, comhshocraíochtaí a dhéanamh le haghaidh coiste gairmoideachais do chur cúrsaí teagaisc ar fáil arb éard a bheidh ann oideachas teicniúil de chineál a gcomhaontóidh an Chomhairle agus an coiste gairmoideachais a bheith oiriúnach do dhaoine atá ar fostú ar mhodh printíseachta le gníomhaíocht tionsclaíoch ainmnithe.

(2) I gcás ina gcuirfidh coiste gairmoideachais cúrsa teagaisc ar fáil faoi fho-alt (1) de alt seo le haghaidh daoine atá ar fostú ar mhodh printíseachta le gníomhaíocht tionsclaíoch ainmnithe nó faoi alt 39 d'Acht 1959 do dhaoine atá ar fostú amhlaidh le ceird atá sonraithe de thuras na huaire in ordú faoi alt 21 den Acht sin, féadfaidh an Chomhairle—

(a) trí fhógra i scríbhinn a sheirbheálfar ar dhuine atá ar fostú ar mhodh printíseachta leis an ngníomhaíocht nó leis an gceird a cheangal air freastal ar an gcúrsa go léir nó ar aon chuid de a shonrófar san fhógra, agus

(b) trí fhógra i scríbhinn a sheirbheálfar ar fhostóir duine ar ar seirbheáladh fógra faoi mhír (a) den fho-alt seo a cheangal ar an bhfostóir am agus saorchead a thabhairt don duine freastal ar an gcúrsa go léir nó ar aon chuid de a shonrófar san fhógra agus aon scrúduithe a dhéanamh a chuirfear ar siúl i ndáil leis an gcúrsa gan aon asbhaint as pá ná aon bhreis a chur leis na huaire fostaíochta ná an t-am a áireamh mar am caillte.

(3) I gcás ina mbeifear tar éis fógra a sheirbheáil ar dhuine faoi mhír (a) d'fho-alt (2) den alt seo agus go dtabharfar am agus saorchead don duine sin freastal ar theagasc is cuid de chúrsa a luaitear i bhfo-alt (2) den alt seo agus go mainneoidh sé freastal, ansin, d'ainneoin aon ní ina chonradh lena fhostóir, ní bheidh teideal aige go bhfaighidh sé an chuid sin d'aon phá (is pá a mbeadh teideal aige é a fháil mura mbeadh sin) is inchionroinnte i leith na tréimhse a bheidh sé as láthair óna fhostaíocht mura gcruthóidh sé dá fhostóir gur bhreoiteacht nó cúis dosheachtanta eile faoi deara le hé do mhainniú freastal ar an teagasc.

Clár de dhaoine ar fostú mar phrintísigh.

33. —(1) Coimeádfaidh an Chomhairle, i cibé foirm a ordóidh an tAire ó am go ham, clár de na daoine a bheidh ar fostú mar phrintísigh agus taifeadfaidh an Chomhairle sa chlár sin cibé sonraí a mheasfaidh sí is iomchuí.

(2) Tabharfaidh an Chomhairle cead, nuair a iarrfar sin, d'aon duine leasmhar an clár a bheidh á choimeád aici faoin alt seo a iniúchadh le linn uaire oifige.

Fógraí.

34. —(1) I gcás ina ndéanfaidh duine a sheolann gníomhaíocht tionsclaíoch ainmhithe duine a ghlacadh isteach ina fhostaíocht mar phrintíseach leis an ngníomhaíocht, cuirfidh sé chuig an gComhairle laistigh de dhá sheachtain dá éis sin, cibé sonraí i dtaobh an duine a bheidh forordaithe nó a shonróidh an Chomhairle trí fhógra i scríbhinn a sheirbheálfar air.

(2) I gcás duine a sheolann gníomhaíocht tionsclaíoch ainmnithe do scor de dhuine a fhostú mar phrintíseach leis a ngníomhaíocht, cuirfidh sé chuig an gComhairle, laistigh de dhá sheachtain dá éis sin, cibé sonraí i dtaobh an duine a bheidh forordaithe nó a shonróidh an Chomhairle trí fhógra i scríbhinn a sheirbheálfar air.

Cur isteach ar fhostóirí.

35. —I gcás ina mbeidh aon rialacha a rinne an Chomhairle faoi alt 27 nó mír (d) d'fho-alt (1) d'alt 49 den Acht seo nó rialacha a luaitear i mír (b) den fho-alt sin (1) i bhfeidhm de thuras na huaire, ní dhéanfaidh aon duine aon ghníomh ná ní chun fostóir a mbeidh an ghníomhaíocht tionsclaíoch iomchuí á seoladh aige a bhac nó a chosc ó na rialacha a chomhlíonadh.

Comhshocraíochtaí i gcás díospóid cheirde.

36. —(1) I gcás nach mbeidh daoine a bheidh fostaithe mar phrintísigh ag gabháil dá bhfostaíocht de thuras na huaire mar gheall ar dhíospóid cheirde nó aon chúis eile, féadfaidh an Chomhairle cibé comhshocraíochtaí is cuí léi a dhéanamh chun a áirithiú go leanfar d'oiliúint agus de theagasc na ndaoine.

(2) San alt seo ciallaíonn “díospóid cheirde” aon díospóid nó aighneas idir fostóirí agus oibrithe nó idir oibrithe agus oibrithe maidir le fostú nó neamhfhostú, nó téarmaí fostaíochta, nó le coinníollacha fostaíochta, duine ar bith.