An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil III Printíseacht) Ar Aghaidh (PART IV Ilghnéitheach)

5 1967

AN tACHT OILIÚNA TIONSCAIL, 1967

Caibidil IV

Ilghnéitheach

Coistí comhairleacha.

37. —(1) Féadfaidh An Chomhairle cibé coistí agus cibé méid coistí a cheapadh is oiriúnach léi chun comhairle a thabhairt don Chomhairle i dtaobh nithe a bhainfidh le hoiliúint tionscail nó le hoiliúint tráchtála agus i dtaobh obair na Comhairle a chomheagrú.

(2) Íocfar le cathaoirleach coiste a cheapfaidh an Chomhairle faoin alt seo, as airgead a bheidh faoina réir ag an gComhairle, cibé táille i leith freastal ar chruinnithe den choiste a chinnfidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais, agus má bhíonn an Cathaoirleach as láthair ó chruinniú den choiste, féadfar an táille ab iníoctha leis a íoc, más oiriúnach leis an gComhairle, leis an duine a ghníomhóidh mar chathaoirleach ar an gcruinniú.

(3) Íocfar le gach comhalta de choiste a cheapfar amhlaidh, as airgead a bheidh faoina réir ag an gComhairle, cibé liúntais, i leith caiteachais a thabhóidh sé, a cheadóidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.

Táillí is iníoctha leis an gComhairle.

38. —(1) I gcás ina nglacfar duine i bhfostaíocht ar mhodh printíseachta le gníomhaíocht tionsclaíoch ainmnithe, íocfaidh sé leis an gComhairle cibé méid de tháille a bheidh forordaithe (is táille i leith clárú sa chlár a bheidh á choimeád faoi alt 33 den Acht seo).

(2) Is gá toiliú an Aire le rialacha chun críocha fho-alt (1) den alt seo.

(3) I gcás ina soláthróidh an Chomhairle cúrsaí, saoráidí nó seirbhísí i ndáil le daoine a oiliúint, féadfaidh an Chomhairle cibé táille (más aon táille í) a chinnfidh an Chomhairle ina leith a bhaint amach agus beidh an táille sin iníoctha leis an gComhairle: ar choinníoll i gcás ina ndéanfaidh duine, ar thionscnamh a fhostóra, freastal ar aon chúrsa den sórt sin nó leas a bhaint as aon seirbhís nó saoráid den sórt sin, is ar an bhfostóir a bheidh, agus is ar an bhfostóir amháin a bheidh, íoc aon táille is iníoctha leis an gComhairle ina leith sin.

(4) Má mhainnítear táille a íoc léi faoin alt seo, féadfaidh an Chomhairle í a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon Chúirt dlínse inniúla ón duine (lena n-áirítear duine nach bhfuil bliain agus fiche d'aois slán aige) a dhlíonn í a íoc.

(5) Féadfaidh an Chomhairle, más cuí léi in aon chás áirithe, duine a dhíolmhú ó aon táille a íoc faoin alt seo.

Cumhacht chun fostóirí a dhíolmhú i gcásanna áirithe.

39. —(1) Féadfaidh an Chomhairle, más cuí léi i gcás ina mbeidh duine áirithe ar fostú mar phrintíseach ag fostóir áirithe, an fostóir a dhíolmhú ó cheanglais mhíreanna (a) (b) nó (e) d'fho-alt (5) d'alt 27 den Acht seo.

(2) Féadfaidh an Chomhairle, más cuí léi i gcás ina mbeidh duine áirithe ar fostú mar phrintíseach ag fostóir áirithe, an fostóir a dhíolmhú ó cheanglais shonraithe rialacha a luaitear i mír (e) d'fho-alt (1) den alt sin 27.

(3) Féadfaidh an Chomhairle, más cuí léi i gcás fostóir áirithe do ghlacadh duine áirithe i bhfostaíocht mar phrintíseach, an fostóir a dhíolmhú ó cheanglas alt 31 den Acht seo.

Srian le halt 48 den Acht Caidrimh Thionscail, 1946 , agus le comhaontuithe agus orduithe áirithe faoin Acht sin.

1946, Uimh. 26 .

40. —(1) Maidir le duine lena mbaineann rialacha faoi mhír (f) d'fho-alt (1) d'alt 27 den Acht seo de thuras na huaire, scoirfidh alt 48 den Acht d'éifeacht a bheith aige.

(2) Dearbhaítear leis seo nach ndéanfaidh aon ní i gcomhaontú fostaíochta atá clárathe sa Chlár nó in ordú ón gCúirt Oibreachais faoi alt 43 den Acht difear d'fhorálacha alt 41 den Acht seo.

(3) Ar theacht i bhfeidhm d'aon rialacha faoi alt 27 den Acht seo—

(a) scoirfidh aon fhorálacha de chomhaontú fostaíochta a bheidh i bhfeidhm an tráth sin agus a bheidh cláraithe sa Chlár agus a bhainfidh le nithe is ábhar do na rialacha, agus

(b) scoirfidh aon fhorálacha d'ordú a bheidh i bhfeidhm an tráth sin agus a rinne an Chúirt Oibreachais faoi alt 43 den Acht agus a bhainfidh le nithe is ábhar do na rialacha,

d'éifeacht a bheith acu.

(4) I gcás ina ndéanfar, le linn rialacha faoi alt 27 den Acht seo nó rialacha a luaitear in alt 49 den Acht seo a bheith i bhfeidhm, comhaontú fostaíochta a chlárú sa Chlár, ní bheidh éifeacht ag aon fhorálacha den chomhaontú a bhainfidh le nithe is ábhar do na rialacha.

(5) I gcás ina ndéanfaidh an Chúirt Oibreachais ordú faoi alt 43 den Acht le linn rialacha faoin Acht seo nó rialacha a luaitear in alt 49 den Acht seo a bheith i bhfeidhm, ní bheidh éifeacht ag aon fhorálacha den ordú a bhainfidh le nithe is ábhar do na rialacha.

(6) San alt seo—

ciallaíonn “an tAcht” an tAcht Caidrimh Thionscail, 1946 ;

ciallaíonn “an Clár” an Clár de Chomhaontuithe Fostaíochta atá á chothabháil ag an gCúirt Oibreachais faoi alt 26 den Acht.