An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil IV Ilghnéitheach) Ar Aghaidh (AN CHÉAD SCEIDEAL An Chomhairle)

5 1967

AN tACHT OILIÚNA TIONSCAIL, 1967

PART IV

Ilghnéitheach

Cumhacht chun a áirithiú go soláthrófar, maidir le gníomhaíocht tionscail, daoine oilte.

41. —(1) D'fhonn a áirithiú go soláthrófar leor-líon daoine oilte chun freastal do riachtanais ghníomhaíocht tionscail, féadfaidh an Chomhairle cibé comhshocraíochtaí a dhéanamh a mheasfaidh sí is gá.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo féadfaidh an Chomhairle, chun na críche a luaitear san fho-alt sin (1), más oiriúnach léi, ceachtar ní nó an dá ní acu seo a leanas a dhéanamh:

(a) más deimhin léi maidir le fostóir a sheolann—

(i) gníomhaíocht tionsclaíoch ainmnithe, nó

(ii) ceird atá sonraithe de thuras na huaire in ordú faoi alt 21 d'Acht 1959,

go bhfuil dóthain saoráidí aige chun daoine a oiliúint ar mhodh printíseachta i bhfostaíocht leis an ngníomhaíocht nó leis an gceird, comhshocraíocht a dhéanamh leis an bhfostóir chun go nglacfaidh sé duine i bhfostaíocht leis an ngníomhaíocht nó leis an gceird ar mhodh printíseachta;

(b) comhshocraíocht a dhéanamh le fostóir chun go nglacfaidh sé i bhfostaíocht le gníomhaíocht tionscail duine áirithe ar éirigh leis in oiliúint a bhí ann don fhostaíocht agus a rinne an Chomhairle a sholáthar nó a cheadú faoin Acht seo maidir leis an ngníomhaíocht.

(3) I gcás ina mbeidh an Chomhairle tar éis aon chomhshocraíocht a dhéanamh faoin alt seo, ní dhéanfaidh aon duine gníomh ná ní chun an Chomhairle nó fostóir a chosc nó a bhac ón gcomhshocraíocht a chur i ngníomh.

Cumhachtaí oifigeach údaraithe.

42. —(1) Féadfaidh oifigeach údaraithe gach ní nó aon ní acu seo a leanas a dhéanamh:

(a) dul isteach gach tráth réasúnach in aon áitreabh ina mbeidh gníomhaíocht tionsclaíoch ainmnithe á seoladh nó a mbeidh cúis réasúnach aige a chreidiúint go bhfuil duine ar bith ar fostú san áitreabh,

(b) gach duine a gheobhaidh sé in aon áitreabh a mbeidh teideal aige faoin alt seo dul isteach ann a scrúdú ina aonar nó i láthair aon duine eile, mar is oiriúnach leis, maidir le hábhair faoin Acht seo, agus a cheangal ar an duine sin freagra a thabhairt ar aon cheisteanna a fhiafróidh sé de i dtaobh na n-ábhar sin, agus dearbhú a shíniú go bhfuil na freagraí ar na ceisteanna fíor,

(c) scrúdú a dhéanamh ar na modhanna a úsáidtear ag oiliúint nó ag teagasc aon duine a gheobhaidh sé ar fostú le gníomhaíocht tionsclaíoch ainmnithe in aon áitreabh a luaitear i mír (b) den fho-alt seo agus comhairle a thabhairt faoin oiliúint agus faoin teagasc sin.

(2) Ní cheanglófar de bhua mhír (b) d'fho-alt (1) den alt seo ar aon duine freagra a thabhairt ar aon cheist nó aon fhianaise a thabhairt d'ionchoireodh é féin.

(3) Féadfaidh oifigeach údaraithe, trí fhógra i scríbhinn a sheirbheálfar ar dhuine a sheolann gníomhaíocht tionsclaíoch ainmnithe a cheangal air sonraí sainráite maidir leis na daoine nó aon duine sonraithe a bheidh ar fostú aige in aon fhostaíocht leis an ngníomhaíocht a thabhairt don oifigeach laistigh d'am sonraithe agus i slí shonraithe.

Deimhnithe oifigeach údaraithe.

43. —Gheobhaidh oifigeach údaraithe deimhniú ón gComhairle ar a cheapadh mar oifigeach údaraithe agus, le linn dó a bheith ag feidhmiú aon chumhachta dá dtugtar dó leis an Acht seo, déanfaidh sé, má iarrtar sin air, an deimhniú a thabhairt ar aird d'aon duine lena mbainfidh.

Cóipeanna de rialacha nó achomaireachtaí ar rialacha a chur ar taispeáint.

44. —(1) I gcás ina gceanglaítear le rialacha faoi alt 27 nó le rialacha a luaitear in alt 49 den Acht seo cóipeanna clóite de na rialacha, nó achomaireachtaí clóite ar na rialacha, a bheidh ceadaithe ag an gComhairle a chur, agus a choimeád, ar taispeáint, cuirfear, agus coimeádfar, ar taispeáint na cóipeanna sin—

(a) in áit fheiceálach i ngach áitreabh ina bhfuil daoine lena mbaineann na rialacha ar fostú, agus

(b) i litreacha agus in ionad de shórt gur féidir le daoine atá ar fostú amhlaidh san áitreabh sin iad a léamh go caothúil.

(2) Ní dhéanfaidh aon duine go toiliúil aon chóip de rialacha nó achomaireacht ar rialacha a cuireadh suas de bhun an ailt seo a stracadh anuas, a dhíobhálú ná a aghlot.

Cionta agus pionóis.

45. —(1) I gcás duine ar a seirbheálfar fógra faoi alt 26 den Acht seo maidir le haon tuairisceán, eolas nó taifead do mhainniú nó d'fhaillí déanamh de réir cheanglas an fhógra, beidh sé ciontach i gcion mura gcruthóidh sé don Chúirt nár ghá an tuairisceán, an t-eolas nó an taifead le go gcomhlíonfadh an Chomhairle a feidhmeanna nó, i gcás eolais den sórt sin, nach raibh sé aige.

(2) I gcás duine ar a seirbheálfar fógra faoin alt sin 26—

(a) do thabhairt, de bhun ceanglais a bheidh san fhógra, aon tuairisceán nó eolas eile is feasach dó a bheith bréagach nó míthreorach in aon phonc ábartha,

(b) do chur i dtaifead a cheanglóidh an fógra a thabhairt ar aird aon ní is feasach dó a bheith bréagach nó, le hintinn meabhlaireacht a dhéanamh, a úsáidfidh aon ní den sórt sin is eol dó a bheith bréagach,

beidh sé ciontach i gcion.

(3) Beidh duine a sháróidh mír (a), (b) (c) nó (e) d'fho-alt (5) d'alt 27, alt 31, alt 35 nó fo-alt (2) d'alt 44 den Acht seo ciontach i gcion.

(4) I gcás duine ar a gceanglaítear le rialacha faoi alt 27 den Acht seo cóipeanna de na rialacha nó cóipeanna d'achomaireachtaí ar na rialacha a bheidh ceadaithe ag an gComhairle a chur, agus a choimeád, ar taispeáint, de réir alt 44 den Acht seo, do mhainniú nó d'fhaillí déanamh de réir na gceanglas, beidh sé ciontach i gcion.

(5) I gcás duine ar a gcuirfear ceanglas le rialacha a luaitear i mír (e) d'fho-alt (1) d'alt 27 den Acht seo do mhainniú nó d'fhaillí déanamh de réir an cheanglais, beidh sé ciontach i gcion.

(6) I gcás ina sáróidh duine rialacha a luaitear i mír (f) d'fho-alt (1) d'alt 27 den Acht seo, beidh sé ciontach i gcion.

(7) (a) I gcás duine ar a seirbheálfar fógra faoi mhír (a) d'fho-alt (2) d'alt 32 den Acht seo a bheith, aon tráth le linn dó do mhainniú nó d'fhaillí déanamh de réir cheanglas an fhógra, in aon áitreabh a áitíonn an fostóir ar a ndéanfar fógra a bhaineann leis an duine a sheirbheáil faoi mhír (b) den fho-alt sin (2), nó do dhéanamh obair le haghaidh nó thar ceann an fhostóra, beidh an fostóir ciontach i gcion.

(b) I gcás ina gcúiseofar fostóir i gcion faoin bhfo-alt seo, is cosaint mhaith dó a shuíomh—

(i) go ndearna sé tar éis an dara fógra a luaitear i mír (a) den fho-alt seo a sheirbheáil air, gníomhartha réasúnacha chun a áirithiú go ndéanfaí de réir cheanglas an fhógra, agus

(ii) go raibh an duine a luaitear i mír (a) den fho-alt seo san áitreabh an tráth iomchuí gan toiliú an fhostóra.

(8) Aon duine a mhainneoidh nó a fhailleoidh déanamh de réir cheanglas fho-alt (1) nó (2) d'alt 34 den Acht seo nó de réir fógra faoi cheachtar de na fo-ailt sin a sheirbheálfar air beidh sé ciontach i gcion.

(9) Aon duine a sháróidh fo-alt (3) d'alt 41 den Acht seo beidh sé ciontach i gcion.

(10) Más rud é—

(a) go gcuirfidh duine toirmeasc le duine, nó go ndéanfaidh sé iarracht ar thoirmeasc a chur le duine, láithriú os comhair oifigeach údaraithe a bheidh ag feidhmiú aon chumhachta dá dtugtar d'oifigeach údaraithe le fo-alt (1) d'alt 42 den Acht seo,

(b) go ndiúltóidh duine go toiliúil freagra a thabhairt ar cheisteanna a chuirfidh oifigeach udaraithe air go dleathach faoin bhfo-alt sin,

(c) go ndiúltóidh duine dearbhú a shíniú a cheanglóidh oifigeach údaraithe air go dleathach a shíniú faoin bhfo-alt sin, nó

(d) go gcuirfidh duine cosc nó bac in aon slí eile ar oifigeach údaraithe agus é ag feidhmiú aon chumhachta dá dtugtar d'oifigeach údaraithe leis an bhfo-alt sin,

beidh sé ciontach i gcion.

(11) Aon duine ar a seirbheálfar fógra faoi fho-alt (3) d'alt 42 den Acht seo agus a mhainneoidh nó a fhailleoidh déanamh de réir cheanglais an fhógra, beidh sé ciontach i gcoin.

(12) (a) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoi fho-alt (9) den alt seo dlífear, ar é a chiontú ann ar díotáil, fíneáil nach mó ná míle punt a chur air agus ina theannta sin, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil nach mó ná céad punt in aghaidh gach lae a leanfar den chion.

(b) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoi aon fho-alt eile den alt seo dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná céad punt a chur air agus ina theannta sin, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil nach mó ná deich bpunt in aghaidh gach lae a leanfar den chion.

(13) I gcás ina gcruthófar maidir le cion faoin Acht seo gur comhlacht corpraithe a rinne é agus ina gcruthófar go ndearnadh amhlaidh é le toiliú nó le cúlcheadú, nó go bhfuil sé inchurtha i leith aon fhaillí ar thaobh, aon stiúrthóra, bainisteora, rúnaí, oifigigh eile nó seirbhísigh don chomhlacht corpraithe sin, measfar an stiúrthóir, an bainisteoir, an rúnaí, an t-oifigeach nó an seirbhíseach eile sin nó aon duine, agus é ag airbheartú a bheith ag gníomhú sa cháil sin, a bheith tar éis an cion sin a dhéanamh freisin agus measfar eisean agus fós an comhlacht corpraithe a bheith ciontach sa chion.

Inchúiseamh i leith cionta.

46. —Féadfaidh an Chomhairle inchúiseamh a dhéanamh i leith ciona faoin Acht seo.

Cruthú ar orduithe, ar rialacha agus ar rialacháin.

1925, Uimh. 24 .

47. —Bainfidh alt 4 den Acht um Fhianaise Scríbhinne, 1925 , le gach ordú, riail agus rialachán faoin Acht seo.

Fógraí a sheirbheáil agus a shíniú.

1963, Uimh. 33 .

48. —(1) Féadfar fógra a thabharfar de bhun an Achta seo nó de bhun rialacha nó rialacháin faoin Acht seo nó de bhun rialacha a luaitear in alt 49 den Acht seo a sheirbheáil ar dhuine—

(a) trína sheachadadh dó, nó

(b) trína chur leis an bpost cláraithe i gclúdach a bheidh dírithe chuige ag an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí air nó ina seolann sé gnó.

(2) Aon fhógra a thabharfaidh an Chomhairle de bhun an Achta seo nó de bhun rialacha faoin Acht seo nó de bhun rialacha a luaitear in alt 49 den Acht seo is cead gurb oifigeach don Chomhairle a bheidh údaraithe chuige sin a shíneoidh é.

(3) Chun críocha fho-alt (1) den alt seo measfar, i gcás cuideachta atá cláraithe faoi Acht na gCuideachtaí, 1963 , gurb ina hoifig chláraithe a sheolann sí gnó agus, i gcás gach comhlachta chorpraithe agus gach comhlachta neamhchorpraithe eile, measfar gurb ina phríomh-oifig nó ina phríomh-áit ghnó a sheolann sé gnó.

Forálacha eatramhacha.

1895, c. 16.

49. —(1) D'ainneoin aon ní in alt 7 den Acht seo, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:

(a) aon ordú faoi alt 21 nó alt 22 d'Acht 1959 a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an lá bunaithe leanfaidh sé i bhfeidhm agus féadfaidh an Chomhairle é a leasú nó a chúlghairm le hordú faoin alt seo, faoi réir an mhodhnaithe, i gcás ordú faoin alt sin 22, go gcuirfear in ionad aon tagartha ann d'fheidhmeanna atá le comhlíonadh ag an gcoiste a bhunaigh an t-ordú tagairt don fheidhm arb éard í comhairle agus cúnamh a thabhairt don Chomhairle maidir leis an gComhairle d'fheidmiú a feidhmeanna i ndáil leis an ngníomhaíocht tionscail a fhreagraíonn don cheird a bheidh sonraithe de thuras na huaire san ordú, agus forléireofar mar thagairt don Chomhairle aon tagairt don Cheard-Chomhairle in aon ordú faoi cheachtar de na hailt sin,

(b) gach riail a rinneadh agus gach fógra a tugadh faoi Acht 1959 agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an lá bunaithe leanfaidh siad i bhfeidhm agus riarfaidh an Chomhairle gach riail den sórt sin i leith an limistéir ar dó agus ina leith a rinneadh í iarbhír faoi Acht 1959 agus féadfaidh an Chomhairle gach riail den sórt sin a leasú nó a chúlghairm le hordú faoin alt seo agus féadfaidh an Chomhairle imeachtaí agus pionóis a d'éirigh nó a éireoidh maidir le haon riail nó fógra den sórt sin, roimh an lá bunaithe, an lá bunaithe nó dá éis, a thabhairt ar aghaidh, a ghnóthú agus a chur i bhfeidhm.

(c) gach doiciméad a airbheartaíonn gur ionstraim é a rinne an Cheard-Chomhairle agus a bheith séalaithe le séala (a airbheartaíonn a bheith fíordheimhnithe de réir alt 16 d'Acht 1959) na Ceard-Chomhairle leanfar dá é a ghlacadh i bhfianaise agus dá a mheas gurb é an ionstraim sin é gan chruthúnas mura suífear a mhalairt,

(d) má bhíonn coiste a bunaíodh le hordú faoin alt sin 22 gan rialacha a dhéanamh roimh an lá bunaithe de réir cheanglas fho-alt (1) d'alt 29 d'Acht 1959, féadfaidh an Chomhairle, ar chomhairle an choiste, rialacha den sórt sin a dhéanamh agus beidh, chun críocha alt 45 den Acht seo, éifeacht ag aon rialacha a dhéanfar faoin mír seo ionann is dá mba faoi mhír (e) d'fho-alt (1) d'alt 27 den Acht seo a rinneadh iad, agus

(e) aon deimhniú a eisíodh faoi alt 56 d'Acht 1959 agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an lá bunaithe leanfaidh sé, má bhaineann agus a mhéid a bhaineann sé le haon riail den sórt sin, d'fheidhm a bheith aige agus féadfaidh an Chomhairle, le deimhniú faoin alt seo, é a leasú nó a chúlghairm.

(2) Féadfaidh an Chomhairle, le hordú, ordú faoin alt seo a leasú nó a chúlghairm agus féadfaidh sí, le deimhniú, deimhniú faoin alt seo a leasú nó a chúlghairm.

(3) An mhaoin uile, réadach nó pearsanta (lena n-áirítear ábhair i gcaingean), a bhí, díreach roimh an lá bunaithe, dílsithe don Cheard-Chomhairle nó dá cuid féin aici nó ar teachtadh ar iontaobhas nó faoi réir coinníollacha di agus gach ceart, cumhacht agus pribhléid a bhaineann nó a ghabhann le haon mhaoin den sórt sin tiocfaidh siad chun bheith agus beidh siad, an lá bunaithe, gan aon tíolacadh ná sannadh ach faoi réir a n-aistrithe, más gá sin, i leabhair aon bhainc, corparáide nó cuideachta, dílsithe don Chomhairle nó dá cuid féin aici nó ar teachtadh ar iontaobhas nó faoi réir coinníollacha (de réir mar is gá sa chás) di chun an eastáit, an téarma nó an leasa go léir chun a raibh an céanna, díreach roimh an lá bunaithe, dílsithe don Cheard-Chomhairle nó dá cuid féin aici nó ar teachtadh ar iontaobhas nó faoi réir coinníollacha di, ach faoi réir na n-iontaobhas, na gcoinníollacha agus na gcothromas go léir a bhain leis an gcéanna agus a bhí an tráth sin ar marthain agus inchomhlíonta.

(4) An mhaoin uile a aistrítear leis an alt seo agus a bhí, díreach roimh an lá bunaithe, i leabhair aon bhainc, nó cláraithe i leabhair aon bhainc, corparáide nó cuideachta in ainm na Ceard-Chomhairle, déanfaidh an banc, an chorparáid nó an chuideachta sin, ar an gComhairle á iarraidh sin, í a aistriú sna leabhair sin chun ainm na Comhairle.

(5) Gach ábhar i gcaingean a aistrítear leis an alt seo ón gCeard-Chomhairle chun na Comhairle féadfaidh an Chomhairle, an lá bunaithe agus dá éis, agra a dhéanamh ina leith, é a ghnóthú nó a chur i bhfeidhm ina hainm féin, agus ní gá don Chomhairle fógra i dtaobh an aistrithe a dhéantar leis an alt seo a thabhairt don duine atá faoi cheangal ag an ábhar i gcaingean sin.

(6) Gach fiach agus gach dliteanas eile (lena n-áirítear dliteanais neamhleachtaithe ó thorta nó ó sháruithe conartha) a bhí, díreach roimh an lá bunaithe, dlite den Cheard-Chomhairle agus gan íoc aici nó tabhaithe agus gan fuascailt aici, tiocfaidh sé chun bheith agus beidh sé, an lá bunaithe, ina fhiach nó ina dhliteanas ar an gComhairle agus íocfaidh nó fuasclóidh an Chomhairle é agus féadfar é a ghnóthú ón gComhairle nó a chur i bhfeidhm ina coinne dá réir sin.

(7) Gach comhshocraíocht a rinneadh faoi alt 39 d'Acht 1959 agus gach conradh a rinneadh agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an lá bunaithe idir an Cheard-Chomhairle agus aon duine leanfaidh siad i bhfeidhm an lá bunaithe agus dá éis, ach forléireofar gach conradh den sórt sin agus beidh éifeacht aige ionann is dá gcuirfí an Chomhairle ann in ionad na Ceard-Chomhairle, agus beidh gach comhshocraíocht agus gach conradh den sórt sin inchurtha i bhfeidhm dá réir sin ag an gComhairle nó ina coinne.

(8) Má bhíonn, díreach roimh an lá bunaithe, aon imeachtaí dlíthiúla ar feitheamh ar páirtí iontu an Cheard-Chomhairle, cuirfear ainm na Comhairle in ionad ainm na Ceard-Chomhairle, agus ní thitfidh na himeachtaí ar lár de dhroim an chur in ionad sin.

(9) Gach clár atá á choimeád faoi alt 44 d'Acht 1959 ag coiste printíseachta de réir brí an Achta sin cuirfear isteach é sa chlár, agus measfar gur cuid é den chlár, a cheanglaítear ar an gComhairle a choimeád faoi alt 33 den Acht seo.

(10) Ní bheidh feidhm ag alt 12 den Finance Act, 1895, maidir leis an maoin nó na cearta a aistrítear leis an alt seo a dhílsiú don Chomhairle.