|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (Caibidil II Cásanna I agus II) | Ar Aghaidh (Caibidil IV Cás III) |
AN tACHT CÁNACH IONCAIM, 1967
[EN] | ||
[EN] |
Caibidil III Trádála agus Gairmeacha a Sheoltar i gComhpháirtíocht | |
[EN] |
Forléiriú. [1965, a. 49.] |
69. —(1) Sa Chaibidil seo den Acht seo— |
[EN] | ciallaíonn “íocaíocht bhliantúil” aon íocaíocht as a bhfuil, ar leithligh ó aon neamhdhóthanacht brabús nó gnóchan de chuid an duine a dhéanfaidh í, aon cháin inbhainte faoi alt 433; | |
[EN] | ciallaíonn “muirear cothromaíochta” muirear cothromaíochta faoi Chuid XVI; | |
[EN] | ciallaíonn “bonn-tréimhse”, maidir le bliain mheasúnachta, an tréimhse arb ar a brabúis nó a gnóchain a bheidh cáin ioncaim na bliana sin le ríomh go críochnaitheach faoi Chás I de Sceideal D i leith na trádála a bheidh i gceist nó, i gcás ina mbeidh sé le meas, de bhua an Achta seo, gurb iad brabúis nó gnóchain aon tréimhse eile brabúis nó gnóchain na tréimhse sin, an tréimhse eile sin; | |
[EN] | ciallaíonn “trádáil chomhpháirtíochta” aon trádáil atá á seoladh le tabhairt nuair a bheidh brabúis nó gnóchain á ríomh, faoi alt 241 nó faoi Chuid XIV, XV, XVI nó XVII; | |
[EN] | ciallaíonn “trádála chomhpháirtíochta” aon trádáil atá á seoladh ag beirt daoine nó níos mó i gcomhpháirtíocht; | |
[EN] | ciallaíonn “comhpháirtí tosaíochta” maidir le comhpháirtíocht an comhpháirtí a chónaíonn sa Stát agus— | |
[EN] | (a) a chéadainmnítear sa chomhaontú comhpháirtíochta, nó | |
[EN] | (b) mura bhfuil aon chomhaontú ann, a ainmnítear go haonrach nó le tosaíocht ar na comhpháirtithe eile i ngnáthainm an ghnólachta, nó | |
[EN] | (c) arb é an comhpháirtí gníomhach tosaíochta é, mura comhpháirtí gníomhach an comhpháirtí a ainmnítear le tosaíocht, | |
[EN] | agus déanfar, i gcás nach sa Stát a chónaíonn aon chomhpháirtí, aon tagairt do chomhpháirtí tosaíochta a fhorléiriú mar thagairt don ghníomhaire, don bhainisteoir, nó don fhactóir de chuid an ghnólachta a chónaíonn sa Stát; | |
[EN] | ciallaíonn “tréimhse iomchuí”, maidir le trádáil chomhpháirtíochta, tréimhse chomhleanúnach ar tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1965, di go huile nó do chuid di— | |
[EN] | (a) dar tosach tráth nach raibh an trádáil á seoladh díreach roimhe ag beirt daoine nó níos mó i gcomhpháirtíocht nó nach raibh aon duine de na daoine a bhí ag seoladh na trádála i gcomhpháirtíocht an uair sin ar dhuine de na daoine a bhí díreach roimhe sin ag seoladh na trádála i gcomhpháirtíocht, agus | |
[EN] | (b) ag leanúint an fad (ach ní níos faide ná an fad) nach bhfuil tráth ann nach raibh an trádála á seoladh díreach ina dhiaidh ag beirt daoine nó níos mó i gcomhpháirtíocht nó nach bhfuil aon duine de na daoine a bhí ag seoladh na trádála i gcomhpháirtíocht an uair sin ar dhuine de na daoine atá díreach ina dhiaidh ag seoladh na trádála i gcomhpháirtíocht, | |
[EN] | faoi réir an choinníll go measfar, i gcás aon tréimhse den sórt sin a thosódh, ar leithligh ón gcoinníoll seo, roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1965, “an tréimhse iomchuí” do thosú an tráth, nó an tráth deiridh de dhá thráth nó níos mó, a raibh, ar athrú a theacht sa chomhpháirtíocht daoine a bhí ag gabháil don trádáil an uair sin, na daoine a bhí ag gabháil di amhlaidh díreach i ndiaidh an trátha le háireamh, faoi na hAchtanna Cánach Ioncaim, mar dhaoine a thionscain nó a thúsaigh an trádáil an tráth sin. | |
[EN] | (2) Maidir le cás trádáil chomhpháirtíochta a bheith á seoladh ó am go ham i gcaitheamh tréimhse iomchuí ag dhá chomhpháirtíocht éagsúla daoine nó níos mó, déanfar aon tagairt sa Chuid seo don chomhpháirtíocht a fhorléiriú, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, mar thagairt a fholaíonn tagairt d'aon chomhpháirtíocht daoine ag a raibh an trádáil á seoladh ó thosach na tréimhse iomchuí agus fórléireofar dá réir sin aon tagairt do chomhpháirtí. | |
[EN] | (3) Beidh feidhm maidir le gairmeacha ag forálacha na Caibidle seo, le haon mhodhnuithe is gá, mar atá feidhm acu maidir le trádála. | |
[EN] |
Cumhacht chun a cheangal tuairisceán a thabhairt i dtaobh bunaidh ioncaim comhpháirtíochta agus i dtaobh na méideanna a fuarthas ón gcéanna. [1965, a. 50.] |
70. —(1) Déanfaidh comhpháirtí tosaíochta aon chomhpháirtíochta, nuair a chuirfidh cigire, trí fhógra a thabharfar dó maidir le haon bhliain mheasúnachta, de cheangal air sin a dhéanamh, déanfaidh sé, laistigh den am a theorainneofar leis an bhfógra, tuairisceán san fhoirm fhorordaithe a ullmhú agus a sheachadadh don chigire ina dtuairisceoidh sé— |
[EN] | (a) bunaidh uile ioncaim na comhpháirtíochta don bhliain mheasúnachta (dá ngairtear an bhliain roimhe sin san alt seo) díreach roimh an mbliain mheasúnachta ar maidir léi a thabharfar an fógra; | |
[EN] | (b) an méid ioncaim ó gach bunadh don bhliain roimhe sin arna ríomh de réir fho-alt (2) den alt seo; | |
[EN] | (c) cibé sonraí breise chun críocha cánach ioncaim (lena n-áirítear forcháin) don bhliain roimhe sin nó don bhliain mheasúnachta mar a cheanglóidh an fógra nó mar a iarrfaidh an fhoirm fhorordaithe. | |
[EN] | (2) Déanfar an méid ioncaim ó aon bhunadh nach foláir a chur in aon tuairisceán faoin alt seo a ríomh de réir forálacha an Achta seo ach amháin gur trí thagairt don bhliain roimhe sin a dhéanfar an ríomh i ngach cás: | |
[EN] | Ar choinníoll— | |
[EN] | (a) go ndéanfar, i gcás ús den sórt dá dtagraítear in alt 344, an ríomh ar neamhshuim leis an alt sin; | |
[EN] | (b) más rud é, i gcás trádála, go mbeidh cuntas déanta suas go dtí dáta sa bhliain roimhe sin nó go mbeidh níos mó ná cuntas amháin déanta suas go dtí dátaí sa bhliain sin, go ndéanfar an ríomh trí thagairt don tréimhse nó do na tréimhsí go léir, má bhíonn níos mó ná tréimhse amháin ann, dá mbeidh cuntais déanta suas mar a dúradh. | |
[EN] | (3) Má sheachadann duine tuairisceán i bhfoirm fhorordaithe d'aon chigire, measfar gur ceanglaíodh air le fógra faoin alt seo an tuairisceán sin a ullmhú agus a sheachadadh. | |
[EN] | (4) In imeachtaí chun pionós a ghnóthú a tabhaíodh faoi alt 500 nó 501 maidir le tuairisceán dá dtagraítear sna forálacha roimhe seo den alt seo— | |
[EN] | (a) beidh deimhniú a bheidh sínithe ag cigire á dheimhniú go bhfuil sé tar éis a thaifid iomchuí a scrúdú agus gur dealraitheach uathu gur tugadh go cuí fógra a luafar don chosantóir lá a luafar ina fhianaise, go dtí go gcruthófar a mhalairt, go bhfuair an duine sin an fógra sin sa ghnáth-chúrsa, | |
[EN] | (b) beidh deimhniú a bheidh sínithe ag cigire á dheimhniú go bhfuil sé tar éis a thaifid iomchuí a scrúdú agus gur dealraitheach uathu nach bhfuarthas tuarisceán a luafar ón gcosantóir i rith tréimhse a luafar ina fhianaise, go dtí go gcruthófar a mhalairt, nár sheachaid an cosantóir an tuairisceán sin i rith na tréimhse sin. | |
[EN] | (c) féadfar deimhniú ag deimhniú mar a fhoráiltear chuige sin i mír (a) nó i mír (b) den fho-alt seo agus ag airbheartú é a bheith sínithe ag cigire a thairiscint i bhfianaise gan chruthúnas agus measfar é a bheith sínithe ag an gcigire sin go dtí go gcruthófar a mhalairt. | |
[EN] | (5) San alt seo ciallaíonn rud a bheith “forordaithe” é a bheith forordaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim. | |
[EN] |
Measúnacht ar leithligh ar chomhpháirtithe. [1965, a. 51.] |
71. —(1) I gcás trádáil chomhpháirtíochta, beidh éifeacht faoi réir forálacha na Caibidle seo ag an Acht seo maidir le haon chomhpháirtí sa chomhpháirtíocht amhail is gurb amhlaidh a bhí in aon tréimhse iomchuí— |
[EN] | (a) gurbh ionann aon bhrabúis nó gnóchain a tháinig chuige ón trádáil agus aon chaillteanas a tharla dó inti agus brabúis nó gnóchain ó thrádáil nó a tharla i dtrádáil (dá ngairtear trádáil leithleach anseo ina dhiaidh seo sa Chaibidil seo) a bhí á seoladh aige féin go haonarach agus ba thrádáil— | |
[EN] | (i) a tionscnaíodh ní a túsaíodh i dtosach na tréimhse iomchuí, nó más tráth éigin sa tréimhse iomchuí seachas ina tosach a thosaigh sé ar bheith ag gabháil don trádáil chomhpháirtíochta a sheoladh, an tráth a thosaigh sé amhlaidh, agus | |
[EN] | (ii) nuair a scoirfidh sé de bheith ag gabháil don trádáil chomhpháirtíochta a sheoladh, i rith na tréimhse iomchuí nó i ndeireadh na tréimhse iomchuí, ar buanscoireadh di nuair a scoir sé amhlaidh, agus | |
[EN] | (b) gur íoc sé an chuid a dhligh sé a íoc d'aon íocaíocht bhliantúil ón gcomhpháirtíocht, | |
[EN] | (2) (a) Chun críocha fho-alt (1), measfar gurb é méid na mbrabús nó na ngnóchan a tháinig chun aon chomhpháirtí áirithe óna thrádáil leithleach, nó an méid caillteanais a tharla dó inti, d'aon bhliain nó tréimhse sa tréimhse iomchuí an méid sin de mhéid iomlán brabús nó gnóchan thrádáil na comhpháirtíochta nó, de réir mar a bheidh, de mhéid iomlán an chaillteanais a tharla i dtrádáil na comhpháirtíochta a thiocfadh mar a chion chuige ar chionroinnt a dhéanamh ar an gcéanna de réir téarmaí chomhaontú na comhpháirtíochta maidir le roinnt brabús agus caillteanas. | |
[EN] | (b) I gcás inarb éard í an bhliain nó an tréimhse (dá ngairtear tréimhse an ríomha anseo ina dhiaidh seo sa mhír seo) dá mbeidh na brabúis nó na gnóchain ó thrádáil leithleach chomhpháirtí nó an caillteanas a tharla inti le déanamh suas faoin bhfo-alt seo, bliain nó tréimhse nó cuid de bhliain nó tréimhse dá mbeidh cuntas ar thrádáil na compháirtíochta déanta suas, beidh feidhm ag ailt 60 agus 107 maidir leis an gcomhpháirtí ionann is dá mbeadh cuntas ar a thrádáil leithleach déanta suas don tréimhse ríomha. | |
[EN] | (c) Más rud é, i gcás trádáil leithleach chomhpháirtí, gur roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1965, a thosaíonn an bhonntréimhse d'aon bhliain mheasúnachta, déanfar brabúis nó gnóchain na bonn-tréimhse sin a ríomh de réir na bhforálacha sin roimhe seo den fho-alt seo d'ainneoin nach raibh na forálacha sin i bhfeidhm sa tréimhse sin nó i gcuid éigin di. | |
[EN] | (3) Chun críocha fho-alt (2), déanfaidh an cigire, faoi réir alt 73, méid iomlán brabús nó gnóchan thrádáil na comhpháirtíochta d'aon bhliain nó tréimhse, nó méid iomlán an chailteanais a tharla sa trádáil sin in aon bhliain nó tréimhse, a chinneadh agus déanfar aon chinneadh den sórt sin mar bheadh sé le déanamh— | |
[EN] | (a) dá ndéanfaí an trádáil a thionscnamh nó a thúsú i dtosach na tréimhse iomchuí, agus | |
[EN] | (b) i gcás deireadh a bheith leis an tréimhse iomchuí, dá ndéanfaí an trádáil a bhuanscor i ndeireadh na tréimhse sin, agus | |
[EN] | (c) dá mba é an duine céanna a bhí ag seoladh na trádála ar feadh an ama go léir sa tréimhse iomchuí agus gurb é an duine sin a rinne nó gur leis a rinneadh gach rud a rinneadh, le linn í a bheith á seoladh, ag nó leis na daoine a sheol í iarbhír: | |
[EN] | Ar choinníoll go measfar chun críocha an fho-ailt seo, i gcás inar tráth éigin roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1965, a thosaigh an tréimhse iomchuí agus nach raibh sé le meas chun críocha cánach ioncaim gurb é an tráth sin a tionscnaíodh nó a túsaíodh an trádáil, an tréimhse iomchuí a thosú an tráth ar measadh chun críocha cánach ioncaim gurbh é an tráth é a tionscnaíodh nó a túsaíodh an trádáil agus in aon chás den sórt sin, go measfar gurbh éard aon bhrabúis nó gnóchain a tháinig chun aon duine ón trádáil, nó in aon chaillteanas a tharla dó sa trádáil, d'aon bhliain nó tréimhse sa tréimhse iomchuí a bhí sé ag gabháil don trádáil ar a chuntas féin, brabúis nó gnóchain a tháinig chuige ó thrádáil chomhpháirtíochta, nó de réir mar a bheidh, caillteanas a tharla dó i dtrádáil chomhpháirtoctha ina raibh teideal aige, i gcaitheamh na bliana nó na tréimhse a bheidh i gceist, chun méid iomlán na mbrabús nó na ngnóchan a tháinig nó inar dhligh sé méid iomlán an chaillteanais a iompar. | |
[EN] | (4) I gcás nach ndéanfaidh na scaireanna chun a bhfuil teideal ag na comhpháirtithe sa bhonn-tréimhse do bhliain mheasúnachta dísciú ar bhrabúis na trádála a sheol an chomhpháirtíocht sa tréimhse sin, déanfar measúnacht faoi Chás IV de Sceideal D ar an gcomhpháirtí tosaíochta i leith na coda neamhdhíscithe de na brabúis agus beidh an comhpháirtí tosaíochta i dteideal, má bhíonn agus nuair a bheidh an t-iarmhéid sin le híoc le duine a bheidh ina theideal, aon mhéideanna cánach a measúnaíodh agus a d'íoc sé a bhaint as an iarmhéid sin agus beidh sé saortha agus urscaoilte ó aon mhéideanna den sórt sin. | |
[EN] | (5) Ní thabharfaidh an t-alt seo go ndéanfaidh ioncam tuillte d'aon ioncam nach ioncam tuillte ar leithligh ón alt seo. | |
[EN] |
Liúntais chaipitúla agus muirir chothromaíochta i gcásanna comhpháirtíochta. [1965, a. 52.] |
72. —(1) Beidh éifeacht, faoi réir na bhforálacha seo a leanas den alt seo maidir le trádáil leithleach chomhpháirtí i gcomhpháirtíocht, ag na forálacha den Acht seo a bhaineann le liúntais chaipitiúla a thabhairt agus muirir chothromaíochta a dhéanamh le linn muirearú a bheith á dhéanamh ar bhrabúis nó gnóchain thrádála. |
[EN] | (2) I gcás ina mbeidh an duine is comhpháirtí tosaíochta de thuras na huaire in aon chomhpháirtíocht tar éis éileamh a dhéanamh, mar a fhoráiltear le fo-alt (9), d'aon bhliain mheasúnachta, tabharfar d'aon chompháirtí sa chompháirtíocht le linn muirearú a bheith á dhéanamh ar bhrabúis nó gnóchain a thrádála leithlí, liúntas caipitiúil i leith aon chaiteachais nó maoine ar cóiméid lena scair iomchuí d'aon liúntas caipitiúil don bhliain sin (gan aon mhéid a tugadh anall ó bhliain roimhe sin a áireamh) (dá ngairtear comhliúntas ina dhiaidh seo san alt seo) a d'fhéadfaí, ar leithligh ó aon neamhdhóthanacht brabús nó gnóchan, a thabhairt ina leith le linn muirearú a bheith á dhéanamh ar bhrabúis nó gnóchain thrádáil na comhpháirtíochta dá bhforáladh an tAcht seo gur cheart na brabúis sin a mhuirearú trí chómheasúnacht ar na daoine a sheol an trádáil sa bhliain mheasúnachta ionann agus— | |
[EN] | (a) dá mba iad na daoine sin a bhí ag seoladh na trádála ar feadh an ama go léir agus gurb iad a rinne nó gur leo a rinneadh gach rud a rinneadh ag a réamhtheachtaithe nó leo ag seoladh, nó i ndáil le seoladh, na trádála, agus | |
[EN] | (b) gurb i dtosach na tréimhse iomchuí a tionscnaíodh nó a túsaíodh an trádáil agus, i gcás deireadh a bheith leis an tréimhse iomchuí, dá ndéanfaí an trádáil a bhuanscor i ndeireadh na tréimhse sin. | |
[EN] | (3) Muirearófar d'aon bhliain mheasúnachta ar aon chomhpháirtí i gcomhpháirtíocht, le linn muirearú a bheith á dhéanamh ar bhrabúis nó gnóchain a thrádála leithlí muirear cothromaíochta ar cóiméid lena scair iomchuí d'aon mhuirear cothromaíochta (dá ngairtear cómhuirear ina dhiaidh seo san alt seo) a bheadh le déanamh don bhliain sin le linn muirearú a bheith á dhéanamh ar bhrabúis nó gnóchain thrádáil na comhpháirtíochta dá bhforáladh an tAcht seo gur cheart na brabúis sin a mhuirearú mar a shonraítear i bhfo-alt (2). | |
[EN] | (4) Má ráiníonn i ndeireadh na tréimhse iomchuí go dtiocfaidh duine nó comhpháirtíocht daoine i gcomharbas trádála comhpháirtíochta agus go mbeidh aon mhaoin a bhí, díreach sula dtarlóidh an comharbas ann, á húsáid chun críocha thrádáil na comhpháirtíochta agus, díreach tar éis an comharbas a tharlú ann, a bheidh, gan í a dhíol, á húsáid chun críocha na trádála a bheidh á seoladh ag an gcomharba nó ag na comharbaí, beidh feidhm ag alt 300 (1) mar atá feidhm aige i gcás ina bhfuil sé le meas, de bhua aon cheann d'fhorálacha alt 59, go bhfuil an trádáil buanscortha. | |
[EN] | (5) I gcás inar tráth éigin roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1965, a thosaigh an tréimhse iomchuí do thrádáil chomhpháirtíochta agus nach raibh sé le meas chun críocha cánach ioncaim gurb é an tráth sin a tosaíodh nó a túsaíodh an trádáil, measfar, chun críocha fho-alt (2) agus (3), an tréimhse iomchuí do thosú an tráth a measadh chun críocha cánach ioncaim a tosaíodh nó a túsaíodh an trádáil. | |
[EN] | (6) (a) Faoi réir alt 73, cinnfidh an cigire maidir le haon trádáil chomhpháirtíochta méid iomlán na gcomhliúntas uile d'aon bhliain mheasúnachta agus méid iomlán na gcómhuirear uile don bhliain sin. | |
[EN] | (b) Má ráiníonn, tar éis cinneadh a bheith déanta faoi mhír (a), gur feasach an cigire aon fhíorais nó teagmhais le gurb é a thuairim, ag féachaint chucu sin, go bhfuil an cinneadh mícheart, féadfaidh sé, ó am go ham agus a mhinicí is dóigh leis is gá, cinneadh athscrúdaithe a dhéanamh, agus glacfaidh aon chinneadh athscrúdaithe den sórt sin ionad aon chinneadh níos luaithe ná é, agus déanfar aon mheasúnachtaí nó aisíocaíochtaí cánach sa bhreis is gá. | |
[EN] | (7) (a) Faoi réir forálacha mhír (b), déanfar, d'aon bhliain mheasúnachta, scaireanna iomchuí na gcomhpháirtithe de chomhliúntas, nó de chómhuirear a ríomh trína iomlán a chionroinnt ar na comhpháirtithe ar an bhforas céanna a bheadh a chóimhéid de bhrabúis a tháinig sa tréimhse thrádála ó thrádáil na comhpháirtíochta, agus a d'fhaibhrigh ó lá go lá thar an tréimhse sin, le cionroinnt de réir téarmaí na comhpháirtíochta dá mbeadh soláthar déanta cheana féin d'aon tuarastal, ús ar chaipiteal nó suim eile chun a raibh teideal ag aon chomhpháirtí ar neamhshuim le méid na mbrabús a d'éirigh ó thrádáil na comhpháirtíochta. | |
[EN] | Sa mhír seo ciallaíonn “tréimhse thrádála”, i gcás an tréimhse iomchuí tosú nó críochnú i rith na bliana measúnachta dá ríomhfar an comhliúntas nó an cómhuirear, an chuid den bhliain mheasúnachta sin is cuid den tréimhse iomchuí nó, in aon chás eile, an bhliain mheasúnachta sin. | |
[EN] | (b) Má líomhnaíonn na comhpháirithe go léir (agus a ionadaithe dlíthiúla ag ionadú aon chomhpháirtí éagtha) d'aon bhliain mheasúnachta, trí fhógra scríofa faoina lámha a chuirfear chuig an gcigire laistigh de dhá mhí dhéag tar éis deireadh na bliana measúnachta, gur tarraingíodh cruatan ar dhuine amháin nó níos mó de na comhpháirtithe mar gheall ar chionroinnt comhliúntais nó cómhuirir a rinneadh ar an bhforas atá leagtha amach i mír (a) den fho-alt seo, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, ar bheith deimhnitheach dóibh gur tarraingíodh cruatan, cibé faoiseamh a thabhairt is dóigh leo a bheith cóir trí chionroinnt nua a dhéanamh ar an gcomhliúntas nó ar an gcómhuirear, agus beidh éifeacht chun críocha uile an Achta seo ag aon chionroinnt nua den sórt sin ionann agus dá mba chionroinnt í faoi mhír (a) agus déanfar aon mheasúnachtaí nó aisíocaíochtaí cánach sa bhreis is gá. | |
[EN] | (8) Chun na measúnachtaí a dhéanamh ar na comhpháirtithe, measfar maidir le haon bhliain mheasúnachta áirithe gur cómhliúntas don bhliain sin méid comhiomlán na liúntas caipitiúil go léir a tugadh anall agus beidh feidhm dá réir ag fo-alt (7). | |
[EN] | San fho-alt seo ciallaíonn liúntas caipitiúil a tugadh anall— | |
[EN] | (a) aon liúntas caipitiúil nó cuid de liúntas caipitiúil atá le tabhairt don chomhpháirtíocht in aghaidh na bliana 1964-65 nó aon bhliana measúnachta roimhe sin a d'fhéadfaí, dá mba nár achtaíodh Cuid VIII den Acht Airgeadais, 1965 , a thabhairt anonn agus a thabhairt mar asbhaint le linn muirearú a dhéanamh ar bhrabúis nó gnóchain thrádáil na comhpháirtíochta don bhliain 1965-66, agus | |
[EN] | (b) aon liúntas caipitiúil nó cuid de liúntas caipitiúil a bheidh le tabhairt do chomhpháirtí in aghaidh 1965-66 nó bliana measúnachta dá éis sin agus a d'fhéadfaí, mura mbeadh an fo-alt seo, a thabhairt anonn agus a thabhairt mar asbhaint le linn muirearú a dhéanamh ar bhrabúis nó gnóchain thrádáil leithleach an chomhpháirtí do bhliain mheasúnachta tar éis na bliana dar ríomhadh an liúntas caipitiúil. | |
[EN] | (9) Maidir le trádáil chomhpháirtíochta— | |
[EN] | (a) aon éileamh ar chomhliúntas d'aon bhliain mheasúnachta déanfaidh an comhpháirtí tosaíochta é ionann agus dá mba éileamh é ar liúntas caipitiúil a bhí le tabhairt dó agus cuirfear é sa tuairisceán a sheachadfaidh sé faoi alt 70 maidir leis an mbliain mheasúnachta sin, agus | |
[EN] | (b) aon éileamh ar chomhliúntas measfar gurb éileamh é ó gach comhpháirtí ar liúntas caipitiúil a bheidh le tabhairt dó agus is liúntas caipitiúil ar cóimhéid lena scair iomchuí den chomhliúntas sin. | |
[EN] |
Modhnú ar na forálacha maidir le hachomhairc. [1965, a. 53.] |
73. —(1) Féadfaidh an cigire fógra a thabhairt don chomhpháirtíocht lena mbaineann i dtaobh aon chinneadh aige faoi alt 71 (3) nó 72 (6) trí ráiteas scríofa á insint a sheachadadh don duine is comhpháirtí tosaíochta de thuras na huaire sa chomhpháirtíocht agus na forálacha uile den Acht seo a bhaineann le hachomhairc i gcoinne measúnachtaí i leith cánach ioncaim beidh feidhm acu, le haon mhodhnuithe is gá, maidir le haon chinneadh agus aon fhógra i dtaobh cinnte ionann agus dá mba mheasúnacht den sórt sin agus fógra i dtaobh measúnachta den sórt sin iad faoi seach. |
[EN] | (2) Nuair a bheidh cinneadh críochnaitheach dochloíte nó, i gcás cinneadh faoi alt 72 (6) críochnaitheach dochloíte faoi réir mhír (b) den fho-alt sin, ní chuirfear a chirte faoi cheist le linn éisteacht nó athéisteacht a bheith á thabhairt d'achomharc ag aon chomhpháirtí i gcoinne measúnachta i leith brabúis nó gnóchain a thrádála leithlí nó i gcoinne cinneadh ag an gcigire ar éileamh faoi alt 307. | |
[EN] | (3) Má ráiníonn ar aon achomharc den sórt a luaitear i bhfo-alt (2) go mbeidh aon cheist ann i dtaobh cionroinnt a bheidh le déanamh faoi alt 71 (2) nó alt 72 (7) agus gur dealraitheach gur ceist ábhartha an cheist maidir leis an dliteanas i leith cánach ioncaim atá (do cibé bliain mheasúnachta é) ar bheirt daoine nó níos mó, tabharfar fógra do na daoine sin go léir faoi thráth agus ionad na héisteachta agus beidh teideal acu láithriú agus éisteacht a fháil ó na Coimisinéirí Speisialta nó uiríolla scríofa a chur chucu. | |
[EN] |
Forálacha maidir le muirir faoi alt 288. [1965, a. 54 (1) (2).] |
74. —(1) I gcás ina mbeadh muirear faoi alt 288 (dá ngairtear cómhuirear ina dhiaidh seo san alt seo) le gearradh d'aon bhliain mheasúnachta áirithe nuair a bheifear ag muirearú brabús nó gnóchan thrádáil comhpháirtíochta dá bhforáladh an tAcht seo gur cheart na brabúis nó na gnóchain sin a mhuirearú mar a shonraítear in alt 72 (2), gearrfar ar aon chomhpháirtí sa chomhpháirtíocht le linn muirearú a bheith á dhéanamh ar bhrabúis nó gnóchain a thrádála leithlí muirear faoin alt sin 288 ar cóimhéid lena scair iomchuí den chómhuirear. |
[EN] | (2) Chun críocha fho-alt (1), ríomhfar scair iomchuí chomhpháirtí de chómhuirear mar atá a scair iomchuí de chómhuirear de réir bhrí alt 72 le ríomh de bhua fho-alt (7) den alt sin. |