|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (Caibidil III Trádála agus Gairmeacha a Sheoltar i gComhpháirtíocht) | Ar Aghaidh (Caibidil V Cás IV—Ginearálta) |
AN tACHT CÁNACH IONCAIM, 1967
[EN] | ||
[EN] |
Caibidil IV Cás III | |
[EN] |
Ioncam is inmhuirir faoi Chás III. [1929, a. 10 (1) (2).] |
75. —(1) Ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt anseo ina dhiaidh seo, measfar, chun na gcríocha uile a bhaineann le dliteanas i leith cánach ioncaim a fhionnadh, gurb ó bhunadh amháin d'ioncam nó do bhrabúis is inmhuirir faoi Chás III de Sceideal D, agus beidh feidhm ag forálacha alt 77 dá réir sin. |
[EN] | (2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) maidir leis an ioncam nó na brabúis seo a leanas, agus measfar an t-ioncam nó na brabúis sin a theacht ó bhunaidh ar leithligh, faoi seach, is é sin le rá— | |
[EN] | (i) ioncam nó brabúis is inmhuirir faoi alt 215, | |
[EN] | (ii) brabúis is inmhuirir faoi alt 78, agus | |
[EN] | (iii) ioncam ó urrúis agus sealúchais in aon áit lasmuigh den Stát a gceanglaítear cáin orthu faoi fho-ailt (2) agus (3) d'alt 76 a ríomh faoi threoir mhéid an ioncaim a fuarthas sa Stát. | |
[EN] |
Urrúis agus sealúchais choigríche. [1925, a. 12 (1) (2) (3) (a); 1929, a. 11, Sc. 1, Cuid II; 1934, a, 5; 1965, a. 4 (6), 9, Sc. 3, Cuid I.] |
76. —(1) Faoi réir forálacha an ailt seo agus alt 77, déanfar cáin is inmhuirir faoi Chás III de Sceideal D i leith ioncaim ó urrúis agus sealúchais in aon áit lasmuigh den Stát a ríomh ar an méid iomlán den chéanna a éireoidh sa bhliain roimh an mbliain mheasúnachta cibé acu a bheidh nó nach mbeidh an t-ioncam faighte nó le fáil sa Stát, ach sin, i gcás ioncam nach sa Stát a fuarthas é— |
[EN] | (a) faoi réir na n-asbhaintí agus na liúntas céanna agus bheadh dá mba rud é gur mar sin a fuarthas é; agus | |
[EN] | (b) faoi réir aon suim a asbhaint, i gcás nach féidir an asbhaint sin a dhéanamh faoi aon fhoráil eile agus nach bhfuil sé toirmiscthe le haon fhoráil eile den Acht seo, ar suim í a íocadh i leith cánach ioncaim san áit ar éirigh an t-ioncam; agus | |
[EN] | (c) faoi réir asbhaint mar gheall ar aon ús bliantúil nó aon bhlianacht nó aon íocaíocht bhliantúil eile is iníoctha as an ioncam le duine nach sa Stát a chónaíonn sé, | |
[EN] | agus beidh feidhm dá réir sin ag forálacha an Achta seo (lena n-áirítear iad sin a bhaineann le ráitis a sheachadadh). | |
[EN] | (2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1)— | |
[EN] | (a) maidir le haon duine a chruthóidh do na Coimisinéirí Ioncaim nach sa Stát atá sainchónaí air, nó gur saoránach Éireannach é agus nach sa Stát a bhíonn gnáthchónaí air, nó | |
[EN] | (b) maidir le hioncam ó urrúis agus sealúchais den sórt a dúradh ar cuid iad d'infheistíochtaí chiste árachais saoil choigríche de chuid chomhlacht árachais. | |
[EN] | (3) Sna cásanna a luaitear i bhfo-alt (2), déanfar an cháin, faoi réir forálacha alt 77, a ríomh ar mhéid iomlán na suimeanna iarbhír a fuarthas sa Stát ó sheoltáin airgid is iníoctha sa Stát, nó ó mhaoin a allmhairíodh nó ó airgead nó luach as maoin nár allmhairíodh, nó ó airgead nó luach a fuarthas amhlaidh ar creidmheas nó ar cuntas i leith na seoltán airgid, na maoine, an airgid nó an luacha a tugadh isteach sa Stát sa bhliain roimh an mbliain mheasúnachta gan aon asbhaint ná cealú. | |
[EN] | (4) Más deimhin leis na Coimisinéirí Ioncaim gur chúis cruatain é forálacha an ailt seo a fheidhmiú i gcás ioncaim ó fhostaíocht a feidhmíodh go hiomlán lasmuigh den Stát féadfaidh siad cibé faoiseamh a dheonú is dóigh leo is cóir. | |
[EN] | (5) Duine ar bith arb éagóir leis cinneadh na gCoimisinéirí Ioncaim ar aon cheist maidir le sainchónaí nó gnáthchónaí a éireoidh faoi fho-alt (2) féadfaidh sé, trí fhógra i scríbhinn sa chéill sin a thabharfar do na Coimisinéirí Ioncaim laistigh de dhá mhí ón dáta a thabharfar fógra ar an gcinneadh dó, iarratas a dhéanamh go n-éistfeadh agus go gcinnfeadh na Coimisinéirí Speisialta a éileamh. | |
[EN] | (6) I gcás ina ndéanfar iarratas faoin alt seo, éistfidh agus cinnfidh na Coimisinéirí Speisialta an t-éileamh sa tslí chéanna le hachomharc chucu i gcoinne measúnachta agus beidh feidhm dá réir sin, maille le haon mhodhnuithe is gá, ag na forálacha uile den Acht seo a bhaineann le hachomharc den sórt sin (lena n-áirítear na forálacha a bhaineann le hachomharc a athéisteacht agus le cás a shonrú le haghaidh tuairim na hArd-Chúirte ar phonc dlí). | |
[EN] |
Bonn measúnachta. [1918, Sc. D, C. III, r. 2; 1922, a. 17; 1929, a. 10 (3); 1929, Sc. I, Cuid II, r. (4); 1932, a. 5 (3).] |
77. —(1) Faoi réir forálacha an ailt seo, déanfar cáin faoi Chás III de Sceideal D a ríomh— |
[EN] | (a) maidir leis an mbliain mheasúnachta ina n-éireoidh na brabúis nó an t-ioncam i gcéaduair, ar mhéid iomlán na mbrabús nó an ioncaim a éireoidh sa bhliain sin; agus | |
[EN] | (b) maidir le blianta measúnachta ina dhiaidh sin, ar mhéid iomlán na mbrabús nó an ioncaim a éireoidh sa bhliain roimh an mbliain mheasúnachta; | |
[EN] | Ar choinníoll— | |
[EN] | (i) i gcás inar lá éigin seachas an 6ú lá d'Aibreán sa bhliain roimh an mbliain mheasúnachta a d'éirigh na brabúis nó an t-ioncam i gcéaduair, go ndéanfar an ríomh ar bhrabúis nó ar ioncam na bliana measúnachta; agus | |
[EN] | (ii) i gcás inarb ar an 6ú lá d'Aibreán sa bhliain roimh an mbliain mheasúnachta nó lá éigin seachas an 6ú lá d'Aibreán sa bhliain díreach roimh an mbliain mheasúnachta a d'éirigh na brabúis nó an t-ioncam i gcéaduair, go mbeidh an duine a mhuirearófar i dteideal, ar fhógra i scríbhinn a thabhairt don chigire tráth ar bith laistigh de dhá mhí dhéag tar éis deireadh na bliana measúnachta, go muirearófaí é ar mhéid na mbrabús nó an ioncaim don bhliain sin, agus má bhíonn an cháin a muirearaíodh íoctha, go n-aisíocfar aon mhéid a ró-íocadh. | |
[EN] | (2) Faoi réir forálacha alt 76, íocfar cáin ar an méid iarbhír a ríomhadh mar a dúradh gan aon asbhaint. | |
[EN] | (3) Más rud é, in aon bhliain mheasúnachta, go scoirfidh duine ar bith a muirearaíodh nó is inmhuirir i leith ioncaim nó brabús faoi Chás III de Sceideal D, d'iomlán an bhunaidh aonair ioncaim nó brabús sin a shealbhú mar a luaitear in alt 75 (1) nó aon bhunadh acu sin a n-ordaítear an t-ioncam uaidh a ríomh ar leithligh faoi fho-alt (2) den alt sin, beidh feidhm sa chás sin ag alt 58 (5), faoi réir na modhnuithe is gá, ionann agus dá mba éard é scor den bhunadh nó de na bunaidh aonair sin a shealbhú scor de thrádáil. | |
[EN] | (4) Na tagairtí atá i bhfo-alt (3) do dhuine do scor de bhunadh ioncaim nó brabús a shealbhú forléireofar iad mar thagairtí do scor de dheasca duine d'fháil bháis agus an bunadh ioncaim nó brabús á shealbhú aige agus freisin do scor le linn beo an duine sin, agus chun críocha fho-alt (3) measfar an bás sin a bheith ina chúis le scor, agus measfar an scor sin tarlú lá an bháis sin. | |
[EN] | (5) I gcásanna ina mbeidh cáin ioncaim le ríomh faoi threoir an mhéid ioncaim a fuarthas sa Stát, beidh éifeacht ag forálacha fho-alt (1) ionann agus dá mba éard a bhí i dtagairtí san fho-alt sin do cháin ioncaim a éiríonn nó a d'éirigh tagairtí d'ioncam a fhaightear nó a fuarthas amhlaidh. | |
[EN] |
Déileálaithe eallaigh agus bainne. [1918, Sc. D, C. III, r. 4.] |
78. —Má fhaigheann an cigire amach nach leor iad na tailte a muirearaíodh faoi Sceideal B ar an luach inmheasúnaithe agus atá áitithe ag déileálaí eallaigh nó ag déileálaí bainne nó ag díoltóir bainne, le haghaidh cothú an eallaigh a cuireadh ar na tailte, ionas nach bhfaightear aon mheas cóir ar na brabúis ón luach inmheasúnaithe, féadfaidh sé a iarraidh go seachadfaí ráiteas ar na brabúis agus féadfaidh sé cibé suim bhreise a mhuirearú ar na brabúis agus a dhéanfaidh suas, i dteannta an mhuirir faoi Sceideal B, an tsuim iomlán ba chóir a mhuirearú ar an déileálaí nó an díoltóir i leith an méid céanna brabús a muirearaíodh de réir alt 77. |