An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil IV Cás III) Ar Aghaidh (Caibidil VI Cánachas ar Chíosanna agus ar íocaíochtaí áirithe Eile)

6 1967

AN tACHT CÁNACH IONCAIM, 1967

Caibidil V

Cás IV—Ginearálta

Bonn measúnachta.

[1918, Sc. D, C. VI, r. 1-3;

1929, a. 9 (3).]

79. —(1) Déanfar cineál na mbrabús nó na ngnóchan, agus an bonn ar a ndearnadh a méid a ríomh, lena n-áirítear an meánmhéid a tógadh orthu, má tógadh, a insint don chigire.

(2) Déanfar an ríomh ar mhéid iomlán na mbrabús nó na gnóchan a éireoidh sa bhliain mheasúnachta, nó déanfar é de réir mheánmhéid na tréimhse sin, nach faide ná bliain, de réir mar is gá sa chás agus mar a ordóidh an cigire.

(3) Gach ráiteas agus ríomh den sórt sin déanfar é a mhéid is fearr is eol don duine, agus mar a chreideann an duine a bheidh ag fáil nó i dteideal na mbrabús nó na ngnóchan.