An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil VI Cánachas ar Chíosanna agus ar íocaíochtaí áirithe Eile) Ar Aghaidh (Caibidil VIII Cíosanna áirithe a íoc gan Cáin a Asbhaint)

6 1967

AN tACHT CÁNACH IONCAIM, 1967

Caibidil VII

Brabúis nó Gnóchain ó Dhéileáil i dTalamh nó óna Fhorbairt

Léiriú.

[1965, a. 41.]

96. —(1) Sa Chaibidil seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “rialú”, maidir le comhlacht corpraithe, cumhacht duine chun a áirithiú, trí scaireanna a shealbhú nó cumhacht vótála a bheith aige sa chomhlacht corpraithe sin nó maidir leis nó in aon chomhlacht corpraithe eile nó maidir leis, nó de bhua aon chumhachtaí a thugtar leis na hairteagail chomhlachais nó le doiciméad eile a rialálann an comhlacht corpraithe sin nó aon chomhlacht corpraithe eile, gur mar is toil leis an duine sin a sheolfar cúrsaí an chomhlachta chorpraithe chéadluaite agus, maidir le comhpháirtíocht, ciallaíonn sé an ceart chun scaire is mó ná leath sócmhainní, nó is mó ná leath ioncaim, na comhpháirtíochta;

ciallaíonn “forbairt”, maidir le haon talamh, aon fhoirgneamh ar an talamh a fhoirgniú, a scartáil, a mhéadú, a athrú nó a athfhoirgniú nó aon oibríocht innealltóireachta nó oibríocht eile a dhéanamh i dtalamh, ar thalamh, thar talamh nó faoi thalamh lena oiriúnú le haghaidh úsáide is athrú ábhartha; agus forléireofar dá réir sin “forbairt” ar feadh a réime;

folaíonn “talamh” aon leas i dtalamh;

ciallaíonn “margadh-luach”, maidir le haon mhaoin, an praghas a mbeadh súil réasúnach leis a rachadh an mhaoin sin dá ndíolfaí í ar an margadh oscailte;

tá le “stoc trádála” an bhrí chéanna atá leis in alt 62;

aon tagairt do leas i dtalamh a dhiúscairt folaíonn sí tagairt do leas a bhunú agus aon tagairt do leas a fháil i dtalamh folaíonn sí tagairt do leas a fháil a scoirfidh ar an bhfáil;

aon tagairt do phraghas nó do chomaoin maidir le leas i dtalamh a fháil nó a dhiúscairt déanfar, i gcás léas a dheonú, í a fhorléiriú mar thagairt don fhíneáil, don phréimh nó don tsuim dá samhail is iníoctha i leith deonú an léasa.

(2) Chun críocha na Caibidle seo—

(a) aon tíolacadh nó aistriú, ar mhodh urrúis, ar aon leas in aon talamh nó deonú léasa, ar chíos arb é an t-aon chomaoin airgid amháin é, ní mheasfar go ngabhann leis leas sa talamh a fháil nó a dhiúscairt, agus

(b) aon rogha nó ceart eile chun aon leas in aon talamh a fháil nó a dhiúscairt measfar gur leas sa talamh é.

(3)   (a) Aon cheist i dtaobh baint a bheith ag duine le duine eile déanfar, chun críche na Coda seo den Acht seo, í a chinneadh de réir na míreanna seo a leanas den fho-alt seo, agus aon fhoráil go bhfuil baint ag duine amháin le duine eile glacfar leis go gciallaíonn sí go bhfuil baint acu le chéile.

(b) Tá baint ag duine le pearsa aonair más é an duine sin fearchéile nó banchéile na pearsan aonair, nó más duine gaoil é, nó más fearchéile nó banchéile duine gaoil é, leis an bpearsa aonair nó le fearchéile nó le banchéile na pearsan aonair.

(c) Tá baint ag duine, ina cháil mar iontaobhaí socraíochta, le haon phearsa aonair is socraitheoir maidir leis an socraíocht, agus le haon duine a bhfuil baint aige le pearsa aonair den sórt sin.

(d) Tá baint ag duine le haon duine lena bhfuil sé i gcomhpháirtíocht, agus le fearchéile nó le banchéile nó le duine gaoil aon phearsan aonair lena bhfuil sé i gcomhpháirtíocht.

(e) Tá baint ag cuideachta le cuideachta eile—

(i) más ag an duine céanna atá rialú an dá chuideachta nó más ag duine amháin atá rialú cheann acu agus gurb ag daoine a bhfuil baint acu leis atá rialú ar an gceann eile nó gurb aige féin agus ag daoine a bhfuil baint acu leis atá rialú ar an gceann eile; nó

(ii) más ag grúpa beirte nó níos mó daoine atá rialú gach cuideachta, agus gurb iad na daoine céanna atá sna grúpaí nó go bhféadfaí a mheas gurb iad na daoine céanna atá iontu trí dhuine i gceachtar grúpa a áireamh (i gcás amháin nó níos mó) mar dhuine a bhfuil duine lena bhfuil baint aige curtha ina ionad.

(f) Tá baint ag cuideachta le duine eile, más ag an duine sin atá rialú uirthi nó más ag an duine sin agus ag daoine a bhfuil baint acu leis an duine sin, i dteannta a chéile, atá rialú uirthi.

(g) Aon bheirt daoine nó níos mó a bheidh ag gníomhú i dteannta a chéile chun rialú cuideachta a fháil nó a fheidhmiú áireofar iad maidir leis an gcuideachta sin mar dhaoine a bhfuil baint acu le chéile agus le haon duine a bheidh ag gníomhú ar ordú ó aon duine áirithe acu chun rialú ar an gcuideachta a fháil nó a fheidhmiú.

(h) San fho-alt seo—

folaíonn “cuideachta” aon chomhlacht corpraithe;

ciallaíonn “gaol” deartháir, deirfiúr, sinsear nó dírshliochtach;

folaíonn “socraíocht” aon diúscairt, iontaobhas, cúnant, comhaontú nó comhshocraíocht agus aon aistriú ar airgead nó ar mhaoin eile nó ar aon cheart chun airgid nó chun maoine eile;

folaíonn “socraitheoir”, maidir le socraíocht, aon duine a rinne an tsocraíocht nó a ghabh inti, go díreach nó go neamhdhíreach, agus go sonrach (ach gan dochar do ghinearáltacht na bhfocal roimhe seo den mhíniú seo) folaíonn sé aon duine a sholáthraigh airgead nó a ghabh air féin airgead a sholáthar, go díreach nó go

neamhdhíreach, chun críche na socraíochta, nó a rinne comhshocraíocht chomharaíochta le haon duine eile go ndéanfadh an duine eile sin an tsocraíocht nó go ngabhfadh sé inti.

(4) Beidh éifeacht ag forálacha na Caibidle seo d'ainneoin aon ní atá i Sceideal A nó sna forálacha is infheidhmithe maidir leis an Sceideal sin nó i gCaibidil VI de Chuid IV.

Muirear faoi Sceideal D a leathnú chun baint a bheith aige le brabúis áirithe ó dhéileáil i dtalamh nó ó fhorbairt talún.

[1965, a. 42.]

97. —(1) Gan dochar d'aon fhoráil eile den Acht seo faoina bhfuil cáin le muirearú faoi Sceideal D, déanfar, faoi réim agus de réir forálacha an ailt seo agus na n-alt ina dhiaidh seo den Chaibidil seo, cáin faoin Sceideal sin a mhuirearú maidir leis na sochair nó na gnóchain uile a éireoidh nó a fhaibhreoidh ó aon ghnó ag déileáil i dtalamh nó ag forbairt talún.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht na habairte “déileáil i dtalamh nó ag forbairt talún”, measfar gnó ag déileáil i dtalamh nó ag forbairt talún a bheith á sheoladh i gcás ina ndéanfaidh duine ag a mbeidh leas in aon talamh—

(a) an leas sin, nó leas a dhíorthaíonn uaidh, a dhiúscairt, tar éis dó féin nó duine a bhfuil baint aige leis an talamh a fhorbairt nó a forbairt a áirithiú nó dul faoi aon oibleagáid chun an talamh a fhorbairt nó a forbairt a áirithiú,

(b) an leas sin, nó leas a dhíorthaíonn uaidh, a dhiúscairt agus go mbeidh an duine ar chuige a rinneadh an diúscairt nó duine a bhfuil baint aige leis an duine sin, tráth na diúscartha nó roimhe sin, tar éis conradh (seachas conradh a mbeidh na Coimisinéirí Ioncaim nó, ar achomharc, na Coimisinéirí Speisialta, sásta ina thaobh, nach raibh aon eolas ag an diúscróir i dtaobh é a bheith ann, agus nach raibh aon chúis aige lena cheapadh go raibh) a dhéanamh chun an talamh a fhorbairt, nó go mbeidh an diúscairt faoi réir aon choinníll maidir le forbairt na talún nó go ndéanfar é de bhun aon chomhshocraíochta i leith forbairt na talún,

(c) leas a dhíorthaíonn ón leas sin a dhiúscairt i gcúinsí go mbeadh, ar leithligh ón alt seo, an chomaoin i leith na diúscartha le cur i gcuntas mar fháltas trádála ó thrádáil a bhí á seoladh aige dá mba í an chomaoin í i leith diúscairt an leasa iomláin a fuair sé; nó

(d) aon cheart maidir le forbairt na talún a dheonú d'aon duine ar chomaoin luachmhar seachas íocaíocht lena mbaineann alt 87.

Gach tagairt san fho-alt seo do leas in aon talamh a dhiúscairt nó d'forbairt aon talún folaíonn sí tagairt do leas in aon chuid den talamh sin a dhiúscairt nó d'aon chuid den talamh sin a fhorbairt.

(3) I gcás ina ndéanfaidh duine, tar éis dó leas in aon talamh a fháil, iomlán an leasa sin a dhiúscairt tar éis dó aon fhoirgneamh a fhoirgniú, a athfhoirgniú, a mhéadú nó a athrú ar an talamh, measfar, d'ainneoin aon ní i bhfo-alt (2) (a), nach i gcúrsa gnó ag déileáil i dtalamh nó ag forbairt talún a seoladh a ghníomhaíochtaí maidir leis an talamh, i gcás—

(a) nach mbeadh sé le háireamh maidir leis an duine, dá ndéanfaí neamhshuim de na gníomhaíochtaí sin, gur sheol sé, aon tráth laistigh de thrí bliana roimh dháta na diúscartha sin, gnó ag déileáil i dtalamh ní ag forbairt talún, agus

(b) gurb amhlaidh—

(i) i gcás inar foirgníodh nó inar athfoirgníodh an foirgneamh, nár ghiorra ná sé bliana an tréimhse ón tráth a críochnaíodh an foirgniú nó an t-athfhoirgniú go dtí an tráth a diúscraíodh an leas agus gurbh é an duine aon-áititheoir an fhoirgnimh i gcaitheamh iomlán na tréimhse sin, nó

(ii) i gcás inar pearsa aonair an duine, gur deimhin leis na Coimisinéirí Ioncaim, nó, ar achomharc, leis na Coimisinéirí Speisialta, go ndearnadh an foirgneamh a fhoirgniú, a athfhoirgniú, a mhéadú nó a athrú chun a áitithe go heisiatach aige mar aon-teaghais nó mar phríomh-theaghais dó féin agus go raibh sé áitithe amhlaidh iarbhír ar feadh iomlán na tréimhse go substainteach ón tráth a críochnaíodh an foirgniú, an t-athfhoirgniú, an méadú nó an t-athrú go dtí an tráth a diúscraíodh an leas, nó

(iii) gur deimhin leis na Coimisinéirí Ioncaim, nó, ar achomharc, leis na Coimisinéirí Speisialta, gur foirgníodh nó gur athfhoirgníodh an foirgneamh chun an áitithe go heisiatach ag an duine mar theach feirme nó foirgneamh feirme chun an talamh a oibriú mar fheirm agus go raibh sé áitithe amhlaidh iarbhír ar feadh iomlán na tréimhse go substainteach ón tráth a críochnaíodh an foirgniú nó an t-athfhoirgniú go dtí an tráth a diúscraíodh an leas, nó

(iv) i gcás inar athfhoirgníodh, inar méadaíodh nó inar athraíodh an foirgneamh, ar feadh tréimhse nár ghiorra ná sé bliana roimh an tráth a críochnaíodh an t-athfhoirgniú, an méadú nó an t-athrú nach raibh aon chuid den fhoirgneamh áitithe ar shlí seachas ag an duine nó duine de thuistí an duine nó ag duine clainne leis an duine,

agus, chun críocha mhír (b) (ii), measfar an foirgneamh a bheith áitithe go heisiatach ag pearsa aonair mar theaghais aige i gcás ina bhfuil sé áitithe go formhór aige féin, ag duine dá thuistí nó ag duine clainne leis mar theaghais agus nach bhfuil aon chuid de áitithe chun críocha trádála ach go bhfuil cuid de áitithe chun críocha gairme.

(4) (a) Measfar gur trádáil laistigh de Sceideal D, nó de réir mar bheidh gur cuid de thrádáil den sórt sin, gnó ag déileáil i dtalamh nó ag forbairt talún agus déanfar cáin i leith na mbrabús nó na ngnóchan uaidh a mhuirearú dá réir sin faoi Chás I den Sceideal sin D i gcás ina mbeadh sé le meas, ar leithligh ón alt seo, gur trádáil den sórt sin nó cuid de thrádáil den sórt sin an gnó dá mba éard gach diúscairt ar leas i dtalamh a rinneadh i gcúrsa an ghnó diúscairt ar an leas iomlán sa talamh a fuair an duine a bhí ag seoladh an ghnó agus gur i gcúrsa an ghnó a fuair sé an leas sin agus, i gcás freisin, ar leithligh ón alt seo, inarb éard é an gnó trádáil den sórt sin nó cuid de thrádáil den sórt sin.

(b) In aon chás eile déanfar cáin i leith na mbrabús nó na ngnóchan ag déileáil i dtalamh nó ag forbairt talún a mhuirearú faoi Chás IV de Sceideal D.

Brabúis nó gnóchain ó dhéileáil i dtalamh nó ó fhorbairt talún a ríomh faoi Chás I de Sceideal D.

[1965, a. 43.]

98. —(1) I gcás inarb éard é, nó ina bhfuil sé le meas gurb éard é, gnó ag déileáil i dtalamh nó ag forbairt talún trádáil laistigh de Sceideal D nó cuid de thrádáil den sórt sin beidh, maidir le ríomh brabús nó gnóchan an ghnó, éifeacht, faoi réir forálacha fho-alt (2), ag na rialacha agus na forálacha is infheidhmithe maidir le Cás I den Sceideal sin.

(2) (a) Aon chomaoin, seachas cíos nó méid a áirítear mar chíos faoi alt 83, i leith leas in aon talamh nó i gcuid d'aon talamh a dhiúscairt, áireofar í mar chomaoin i leith stoc trádála a dhiúscairt agus cuirfear i gcuntas í dá réir sin mar fháltas trádála.

(b) Aon leas (dá ngairtear an t-uasleas ina dhiaidh seo san fho-alt seo) in aon talamh a theachtann an trádálaí agus a ndearna stoc trádála de chuid na trádála de leanfaidh sé i gcónaí de beith ina stoc trádála den sórt sin agus measfar gurb é a luach aon tráth áirithe méid is comhionann leis an méid a chosain sé ar an trádálaí é a fháil lúide méid is comhionann leis an méid a chosain sé ar an trádálaí aon leas (dá ngairtear íosleas ina dhiaidh seo san fho-alt seo) a bhunú a bhfuil an t-uasléas tagtha chun bheith faoina réir.

(c) Chun críocha mhír (b) measfar, faoi réir míreanna (e) agus (f), gurb é comhiomlán na méideanna seo a leanas an méid a chosain sé an t-uasleas a fháil, is é sin le rá:

(i) i gcás inar leas léasach an leas, méid aon fhíneála, préimhe nó suime eile dá shórt a d'íoc an trádálaí mar chomaoin i leith an léas a dheonú, nó, más trí shannadh a fuair sé an léas, an méid a d'íoc sé mar chomaoin i leith an tsannta;

(ii) i gcás inar leas léasach an leas, méid is comhionann leis an méid arbh é margadh-luach, tráth na fála, aon chíosa é a bhí forcoimeádta faoin léas;

(iii) i gcás nach leas léasach an leas, an méid a d'íoc an trádalaí i leith an leas a fháil mar aon le méid comhionann leis an méid arbh é, tráth na fála, margadh-luach aon chíosa fheofheirme, cíosmhuirir, blianachta, nó íocaíochta bliantúla eile é a bhí forcoimeádta nó muirearaithe ar an talamh;

(iv) an méid a d'íoc an trádálaí i modh caiteachais dlí agus caiteachais eile maidir leis an leas a fháil;

(v) i gcás ina bhfuil an trádálaí tar éis an talamh a fhorbairt, an méid caiteachais a thabhaigh sé leis an bhforbairt;

ach, i gcás ina bhfuil níos mó ná leas amháin sa talamh ag an trádálaí, ní chuirfear aon mhéid i gcuntas faoi fhomhír (v) ach amháin maidir leis an leas sin a bhfuil an leas eile nó na leasanna eile go léir faoina réir.

(d) Chun críocha mhír (b), measfar gurb é an costas a bhain don trádálaí ag bunú íosleasa—

(i) i gcás inar leas in iomlán na talún lena mbaineann an t-uasleas an t-íosleas, an bhreis atá ag an gcostas a bhain don trádálaí, arna ríomh de réir mhír (c), ag fáil an uasleasa ar mhargadh-luach aon leas atá coimeádta aige, nó

(ii) i gcás inar leas i gcuid den talamh lena mbaineann an t-uasleas an t-íosleas, an méid atá de bhreis ag an gcion sin den chostas a bhain leis an uasleas a fháil is inchurtha i leith na coda sin ar mhargadhluach aon leasa sa chuid sin atá coimeádta aige.

Chun críocha fhomhír (ii), tiocfar ar an gcion de chostas an uasleasa a fháil is inchurtha i leith coda den talamh lena mbaineann an leas sin trí gach ceann de na méideanna iomaí a meastar, faoi mhír (c), a chomhdhéanann costas an uasleasa sin a fháil a chionroinnt mar is cóir.

(e) I gcás inar ar shlí seachas ar chomaoin i modh airgid nó luach airgid a fuair an trádálaí an t-uasleas in aon talamh agus, go háirithe, i gcás inar faoi uacht nó faoi dhíthiomnacht nó i modh bronntanais a fuair sé an leas measfar, chun críocha mhír (c), go bhfuair sé an leas ar chomaoin comhionann le margadh-luach an leasa an tráth a fuair sé é.

(f) Déanfar costas an uasleasa a fháil a ríomh de réir na bhforálacha sin roimhe seo den fho-alt seo d'ainneoin nach raibh an trádáil tosaithe tráth na fála nó nach raibh an leas leithreasaithe mar stoc trádala an uair sin; ach, i gcás inar faide ná cúig bliana an tréimhse idir tráth an leasa a fháil agus tráth an leithreasaithe, measfar, chun críocha na bhforálacha sin, gur cheannaigh an trádálaí an leas cúig bliana roimh tráth an leithreasaithe ar chomaoin comhionann lena mhargadhluach an tráth sin.

Chun críocha na míre seo, gan dochar do leithreasú ar leas i dtalamh mar stoc trádála tarlú ar shlí eile, beidh leithreasú den sórt sin ann ar aon ní acu seo a leanas tarlú—

(i) aon leas sa talamh, nó in aon chuid de, a dhiúscairt,

(ii) an trádálaí do chur in iúl go bhfuil sé ullamh ar aon leas sa talamh nó in aon chuid de a dhiúscairt,

(iii) tosú ar an talamh, nó ar aon chuid de, a fhorbairt, nó

(iv) an trádálaí nó duine a bhfuil baint aige leis do dhéanamh aon chomhshocraíochta chun forbairt a dhéanamh, nó chun a áirithiú go ndéanfar forbairt, ar an talamh nó ar aon chuid de.

(g) Beidh éifeacht ag alt 62 ionann is dá bhfágfaí ar lár an fhoráil atá i mír (2) de maidir le cás ina bhfuil deireadh tagtha mar gheall ar bhás pearsan aonair le trádáil a bhí á seoladh aige.

(h) Cuirfear i gcuntas mar fháltas trádála aon chomaoin (seachas íocaíocht lena mbaineann alt 87) i leith an trádálaí do dheonú aon chirt maidir le forbairt aon talún.

(i) Maidir le haon talamh a bhfuil aon leas ann le háireamh mar stoc trádála—

(i) déanfar, ach amháin a mhéid a fhoráiltear leis na forálacha sin roimhe seo den fho-alt seo, neamhshuim d'aon chíos is iníoctha nó is inghlactha, agus

(ii) déanfar neamhshuim mar an gcéanna d'fháltais agus d'eisíocaíochtaí eile de bharr, nó is inchurtha i leith, áitiú nó úsáid na talún ag an trádálaí (seachas úsáid chun críocha na trádála) nó ag aon duine eile.

Brabúis nó gnóchain ó dhéileáil i dtalamh nó ó fhorbairt talún a ríomh faoi Chás IV de Sceideal D.

[1965, a. 44.]

99. —I gcás gnó ag déileáil i dtalamh nó ag forbairt talún arb inmhuirir faoi Chás IV de Sceideal D cáin ar na brabúis nó ar na gnóchain uaidh, déanfar na brabúis nó na gnóchain a thiocfaidh in aon bliain mheasúnachta d'aon leas i dtalamh a dhiúscairt a ríomh mar a bheadh, faoi alt 98, an céanna le ríomh chun críocha Chás I de Sceideal D dá mba thrádáil an gnó:

Ar choinníoll i gcás—

(a) maidir leis na brabúis nó na gnóchain a bhfuil duine inchurtha, faoi na forálacha sin roimhe seo den Chaibidil seo, faoi cháin ina leith faoin gCás sin IV d'aon bhliain mheasúnachta inar brabúis nó gnóchain iad go hiomlán ó idirbheart amháin a bhain le leas i dtalamh an dhiúscairt, agus

(b) dá ndéanfaí neamhshuim den idirbheart sin, nach mbeadh sé le meas maidir leis an duine sin gur sheol sé, aon tráth laistigh de thrí bliana roimh an idirbheart, gnó ag déileáil i dtalamh nó ag forbairt talún,

go ndéanfar neamhshuim den mhéid sin de na brabúis nó de na gnóchain sin nach mó ná £1,500.

Leasanna i dtalamh a aistriú idir daoine áirithe atá i gcomhlachas le chéile.

[1965, a. 45.]

100. —(1) Chun críocha measúnachta d'aon bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1965, nó aon 6ú lá d'Aibreán dá éis sin, i gcás ina ndéanfaidh aon duine aon leas i dtalamh a dhiúscairt agus—

(a) gur comhlacht daoine ar a bhfuil rialú ag an diúscróir an duine chun a ndéanfar an diúscairt (dá ngairtear an t-aistrí anseo ina dhiaidh seo) nó gur comhlacht daoine ar a bhfuil rialú ag an aistrí an diúscróir nó gur comhlachtaí daoine an diúscróir agus an t-aistrí agus go bhfuil rialú ag duine éigin eile orthu araon;

(b) go ndiúscrófar an leas ar phraghas is mó ná a mhargadhluach; agus

(c) i ndáil leis an bpraghas—

(i) nach bhfuil sé le cur i gcuntas, maidir leis an diúscróir, le linn ríomh a bheith á dhéanamh chun críocha cánach ar na brabúis nó na gnóchain ó ghnó ag déileáil i dtalamh nó ag forbairt talún nó ó thrádáil arb éard í nó ar cuid di gnó den sórt sin, ach

(ii) go bhfuil sé le cur i gcuntas amhlaidh maidir leis an aistrí,

measfar chun críocha cánach go bhfuair an t-aistrí an leas ar praghas ar cóimhéid lena mhargadh-luach an tráth a fuair sé é.

(2) Chun críocha measúnachta d'aon bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1965, nó aon 6ú lá d'Aibreán dá éis sin, i gcás ina ndéanfaidh aon duine leas i dtalamh a dhiúscairt agus—

(a) gur comhlacht daoine ar a bhfuil rialú ag an diúscróir an duine chun a ndéanfar an diúscairt (dá ngairtear an t-aistrí anseo ina dhiaidh seo) nó gur comhlacht daoine ar a bhfuil rialú ag an aistrí an diúscróir nó gur comh lachtaí daoine an diúscróir agus an t-aistrí agus go bhfuil rialú ag duine éigin orthu araon—

(b) go ndiúscrófar an leas ar phraghas is lú ná a mhargadhluach, agus

(c) i ndáil leis an bpraghas—

(i) nach bhfuil sé le cur i gcuntas, maidir leis an aistrí, le linn ríomh a bheith á dhéanamh chun críocha cánach ar na brabúis nó na gnóchain ó ghnó ag déileáil i dtalamh nó ag forbairt talún nó ó thrádáil arb éard í nó ar cuid di gnó den sórt sin, ach

(ii) go bhfuil sé le cur i gcuntas amhlaidh maidir leis an diúscróir,

measfar chun críocha cánach go ndearna an diúscróir an leas a dhiúscairt ar phraghas comhionann lena mhargadh-luach an tráth a rinne an diúscróir é a dhiúscairt.

(3) San alt seo folaíonn “comhlacht daoine” comhpháirtíocht.

Muirearófar cáin faoi Chás IV de Sceideal D maidir le scaireanna áirithe a dhíol.

[1965, a. 46.]

101. —(1) I gcás inarb éard iad gníomhaíochtaí nó cuid de ghníomhaíochtaí cuideachta foirgneamh a thógail nó a áirithiú go dtógfar é agus tar éis an tógáil a bheith tosaithe agus tráth nach déanaí ná sé bliana tar éis a chríochnaithe go ndíolfar scaireanna sa chuideachta le duine ag a bhfuil, nó ag a mbeidh de dhroim an díola, rialú ar an gcuideachta, agus ar leith ón alt seo nach fáltas de ghné ioncaim i lámha an díoltóra an chomaoin i leith an díola, measfar, má chomhlíontar na coinníollacha a shonraítear i bhfo-alt (2), gurb ioncam de chuid an díoltóra suas go dtí an méid a shonraítear i bhfo-alt (5) an chomaoin, agus beidh sí inmhuirir faoi Chás IV de Sceideal D dá réir sin.

(2) Is iad na coinníollacha dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo—

(a) go ndíolfar na scaireanna an 11ú lá de Bhealtaine, 1965, nó dá éis sin;

(b) go mbeidh (go díreach nó go neamhdhíreach) leas ag an gcuideachta, tráth an díola, san fhoirgneamh agus gur cúigiú cuid nó níos mó de ghlansócmhainní na cuideachta luach an leasa agus aon leasa a bheidh ag an gcuideachta amhlaidh an tráth sin in aon fhoirgneamh eile (nach foirgneamh a críochnaíodh níos mó ná sé bliana roimh an tráth sin ná foirgneamh nach bhfuil an coinníoll a shonraítear i mír (c) comhlíonta maidir leis) a thóg an chuideachta nó ar áirithigh an chuideachta go dtógfaí é;

(c) ar fhógra chuige sin a bheith seirbheáilte uirthi ag an gcigire, nach mbeidh an chuideachta tar éis a shuíomh, laistigh de lá agus fiche tar éis dáta an fhógra nó laistigh de cibé am breise a cheadaigh na Coimisinéirí Ioncaim, gur stoc trádála de chuid trádála atá á seoladh aici an leas sin agus go ndearna sí nó go ndéanfaidh sí é a dhiúscairt i ngnáthchúrsa na trádála sin.

(3) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo—

(a) má dhéanann duine nó daoine na scaireanna sa chuideachta a dhíol le cuideachta eile agus go mbeidh na scaireanna i ngach cuideachta acu sin ar teachtadh (go díreach nó go neamhdhíreach) ag an duine céanna nó ag na daoine céanna sa chomhréir chéanna, nó

(b) má dhíolann cuideachta amháin na scaireanna le cuideachta eile agus go mbeidh na scaireanna i ngach cuideachta acu ar teachtadh (go díreach nó go neamhdhíreach) ag an duine céanna nó ag na daoine céanna sa chomhréir chéanna,

agus aird a thabhairt i ngach cás ar aon difear idir na scaireanna nó idir na cearta a ghabhann leo.

(4) I gcás ina dtarlóidh roimh an díol scaireanna a luaitear i bhfo-alt (1) go mbeidh an cuideachta—

(a) tar éis a leas san fhoirgneamh, nó leas a dhíorthaíonn ón leas sin, a dhiúscairt chun an duine arb é ceannaitheoir na scaireanna é, nó chun cuideachta ag a bhfuil baint leis an gceannaitheoir, nó

(b) tar éis aon leas san fhoirgneamh a dhiúscairt chun nó i bhfabhar aon duine, agus go bhfaighidh ceannaitheoir na scaireanna, nó cuideachta ag a bhfuil baint leis an gceannaitheoir, an leas roimh an díol nó tar éis an díola de bhun comhshocraíochtaí arna ndéanamh tráth nach déanaí ná tráth an díola,

beidh feidhm ag fo-alt (1) ionann is dá mbeadh an leas a diúscraíodh dílsithe fós féin don chuideachta chéadluaite tráth na scaireanna a dhíol agus nárbh shócmhainní de chuid na cuideachta aon sócmhainní de chuid na cuideachta is ionann agus an chomaoin i leith an leas a dhiúscairt.

(5) Is é méid a mbeidh sé le meas faoi fho-alt (1) gurb ioncam de chuid an díoltóra é an chionúireacht iomchuí den mhéid (más ann) de bhrabúis nó de ghnóchain na cuideachta ab inmhuirir i leith cánach a bheadh ann dá mba stoc trádála le trádáil a bhí á seoladh ag an gcuideachta an leas dá dtagraítear i mír (b) agus i mír (c) d'fho-alt (2) (nó gach leas den sórt sin i gcás níos mó ná leas amháin a bheith ann) agus dá ndíolfaí an leas nó na leasanna sin an tráth sin ar chomaoin comhionann leis an méid seo a leanas, is é sin le rá, méid na comaoine cuí i leith na scaireanna eisithe go léir sa chuideachta—

(a) lúide aon bhreis a bhí ag margadh-luach sócmhainní na cuideachta ar an leas nó na leasanna sin thar dhliteanais chomhiomlána na cuideachta tráth an díola, nó

(b) móide aon bhreis a bhí ag na dliteanais chomhiomlána sin ar an margadh-luach sin:

Ar choinníoll nach measfar, chun críocha an fho-ailt seo agus an fho-ailt díreach ina dhiaidh seo, margadh-luach cháilmheas ghnó na cuideachta a bheith níos mó ná trí oiread mheán-ioncam na cuideachta ar feadh bliana amháin (arna ríomh chun críocha cánach) do na trí bliana díreach roimh thráth na scaireanna a dhíol nó, más giorra ná sin de thréimhse an chuideachta ann, don tréimhse níos giorra sin.

(6) Chun críocha an ailt seo, is í an chomaoin chuí i leith na scaireanna eisithe uile i gcuideachta an chomaoin iarbhír i leith an díol scaireanna a luaitear i bhfo-alt (1) móide (murarbh é díol na scaireanna eisithe go léir an díol sin) an chomhréir idir an méid iomlán scaireanna eisithe agus an méid scaireanna a díoladh:

Ar choinníoll go measfar, chun críocha an ailt seo, i gcás nach den ghné chéanna scaireanna eisithe uile na cuideachta nó nach iad na cearta céanna a ghabhann leo go léir agus nár díoladh na scaireanna uile den díol sin, gurb í an chomaoin chuí i leith na scaireanna eisithe uile sa chuideachta an tsuim ab ionann, an tráth a díoladh na scaireanna, agus margadh-luach an leasa nó na leasanna uile a luaitear i bhfo-alt (5) lúide nó, de réir mar a dhlíonn an cás, móide an bhreis a luaitear i mír (a) nó i mír (b) d'fho-alt (5).

(7) Chun críocha fho-alt (5) is í an chomhréir iomchuí, maidir le haon díol scaireanna, an chomhréir idir an gcomaoin iarbhír i leith an díola sin agus an chomaoin iarbhír i leith na díola sin agus an chomaoin chuí i leith na scaireanna eisithe uile sa chuideachta, ar shlí, ámh, gurb í an chomhréir iomchuí, i gcás ina bhfuil éifeacht ag an gcoinníoll a ghabhann leis an bhfo-alt sin roimhe seo, cibé comhréir is cóir ag féachaint do líon agus do ghné na scaireanna a díoladh agus do na cearta a ghabhann leo, i gcomparáid le líon agus gné na scaireanna eisithe uile sa chuideachta agus do na cearta nó na cearta éagsúla a ghabhann leo.

(8) Beidh aon cháin inghnóthaithe ón gcuideachta is inmhuirir ar an díoltóir de bhua na bhforálacha sin roimhe seo agus nach mbeidh íoctha aige, agus i gcás inar pearsa aonair an díoltóir measfar chun críocha an fho-ailt seo gurb í an chuid is airde dá ioncam an méid a measfar (de bhua fho-alt (1)) gurb ioncam dá chuid é.

(9) I gcás ina ndéanfaí, de dhroim scaireanna a dhíol, a mheas, faoi fho-alt (1), gurbh ioncam de chuid an díoltóra aon mhéid áirithe dá gcomhlíonfaí an coinníoll a shonraítear i bhfo-alt (2) (c), agus go mbeidh aon leas i bhfoirgneamh den sórt a luaitear i bhfo-alt (2) (b) ar teachtadh fós féin ag an gcuideachta lá cothrom sé bliana ó lá an díola, ansin, measfar go bhfuair an chuideachta a chóimhéid d'ioncam an lá cothrom sé bliana sin agus beidh sí inmhuirir faoi Chás IV de Sceideal D dá réir sin.

(10) Má tharlaíonn, tar éis na scaireanna a dhíol, go bhfaibhreoidh aon fháltais chun na cuideachta ó leas i bhfoirgneamh a dhiúscairt i gcúrsa gnó ag déileáil i dtalamh nó ag forbairt talún is leas a bhí ag an gcuideachta, an tráth a díoladh na scaireanna agus a ndearnadh an brabús a d'éireodh ar an gcéanna a dhiúscairt a chur i gcuntas ina leith le linn ríomh a bheith á dhéanamh ar an méid ioncaim ab inmhuirir i leith cánach faoi threoir an díola faoi na forálacha sin roimhe seo den alt seo, déanfar neamhshuim de na fáltais chun críocha cánach ioncaim más cóir agus a mhéid is cóir sin ag féachaint d'aon cháin a muirearaíodh faoi na forálacha sin.

(11) I gcás ina bhfuil cuideachta tar éis foirgneamh a fhoirgniú, nó tar éis tosú ar fhoirgneamh a fhoirgniú, ar thalamh ina bhfuil leas ag cuideachta lena bhfuil baint ag an gcuideachta sin agus go bhfaighidh duine rialú ar an gcéad chuideachta tar éis an foirgniú a bheith tosaithe agus tráth nach déanaí ná sé bliana tar éis é a chríochnú, ansin, maidir le scaireanna sa chuideachta ag a bhfuil leas sa talamh a dhíol leis an duine sin (arna dhéanamh roimh an duine sin d'fháil rialú ar an gcéad chuideachta nó dá éis sin), beidh feidhm ag na fo-ailt sin roimhe seo mar atá feidhm acu maidir le cuideachta den sórt a luaitear iontu ach amháin tagairtí do leas sa talamh a chur in ionad tagairtí do leas san fhoirgneamh.

(12) I gcás ina bhfoirceannfar cuideachta nach seolann trádáil ach arb iad a gníomhaíochtaí nó cuid dá gníomhaíochtaí foirgneamh a fhoirgniú nó a áirithiú go bhfoirgneofaí foirgneamh agus go dtarlóidh tosú an fhoirceannta tráth tar éis an foirgniú a bheith tosaithe agus tráth nach déanaí ná sé bliana tar éis é a chríochnú, ansin, má bhí (díreach nó neamhdhíreach) leas ag an gcuideachta san fhoirgneamh díreach roimh an tráth sin, measfar, chun críocha cánach ioncaim, go bhfuair an chuideachta, díreach roimh an tráth sin, brabúis neamhchánaithe, is inmhuirir faoi Chás IV de Sceideal D), ar cóimhéid leis an méid (más ann) brabús nó gnóchan de chuid na cuideachta ab inmhuirir i leith cánach a d'éireodh dá mba rud é, i gcás inarbh stoc trádála thrádáil a bhí á seoladh ag an gcuideachta an leas, go ndearnadh, díreach roimh an tráth sin, an leas a dhiúscairt i gcúrsa na trádála ar chomaoin ar cóimhéid lena mhargadh-luach an tráth sin.

(13) Chun críocha na bhfo-alt sin roimhe seo, measfar go bhfolaíonn foirgneamh neamhchríochnaithe an méid sin d'aon ábhar leis an gcuideachta is gá chun an foirgneamh a thógáil, agus measfar go bhfolaíonn foirgneamh (críochnaithe nó neamhchríochnaithe) a láithreán.

(14) Chun críocha na ailt seo—

(a) forléireofar “scair” maidir le cuideachta nach bhfuil faoi theorainn scaireanna (cibé acu atá nó nach bhfuil scairchaipiteal aici) mar fhocal a fholaíonn tagairtí do leasanna an chomhalta sa chuideachta sa cháil sin is cuma cad é an sórt leas an leas sin, agus

(b) measfar gurb ionann agus scair a dhíol na cearta a ghabhann le scair nó is cuid de scair a dhíol, amhail agus dá mba scaireanna ar leithligh na cearta a folaíodh sa díol agus na cearta nár folaíodh.

(15) I gcás ina measfar de bhua an ailt seo gurb ioncam de chuid an díoltóra an chomaoin i leith scaireanna a dhíol agus go mbeidh aon urrúis de chuid na cuideachta seachas scaireanna sa chuideachta folaithe sa díol ar phraghas de bhreis ar dhliteanas na cuideachta i leith na n-urrús, áireofar chun críocha an ailt seo gur cuid den chomaoin i leith na scaireanna a dhíol an bhreis.

Feidhm alt 101 maidir le scaireanna i gcuideachtaí sealbhaíochta a dhíol.

[1965, a. 47.]

102. —(1) Faoi réir forálacha an ailt seo, i gcás—

(a) inarb é sórt cuideachta cuideachta (dá ngairtear an chéad chuideachta ina dhiaidh seo san alt seo) go mbeadh feidhm ag alt 101 dá ndíolfaí scaireanna sa chuideachta le duine ag a bhfuil, nó ag a mbeadh de dhroim an díola, rialú ar an gcuideachta;

(b) inar le cuideachta eile (dá ngairtear an dara cuideachta ina dhiaidh seo san alt seo) scaireanna sa chuideachta sin (go díreach nó trí ainmní);

(c) ina ndíolfar aon tráth (dá ngairtear an tráth iomchuí ina dhiaidh seo san alt seo) scaireanna sa dara cuideachta le duine ag a bhfuil, nó ag a mbeidh de dhroim an díola, rialú ar an gcéad chuideachta; agus

(d) gur scaireanna den ghné chéanna agus a thugann na cearta céanna na scaireanna eisithe uile sa dara cuideachta an tráth iomchuí,

measfar chun críocha alt 101 go ndearnadh an uimhir iomchuí scaireanna sa chéad chuideachta a dhíol an tráth iomchuí leis an duine a luaitear i mír (c) ag díoltóir na scaireanna a luaitear sa mhír sin ar chomaoin comhionann leis an méid a shonraítear i bhfo-alt (3).

(2) Chun críocha an fho-ailt sin roimhe seo, is í an uimhir iomchuí scaireanna sa chéad chuideachta an uimhir a gheofar tríd an uimhir iomlán scaireanna sa chéad chuideachta ba de chuid (mar a dúradh), an tráth iomchuí, leis an dara cuideachta a iolrú ar an gcodán arb é a uimhreoir an uimhir scaireanna sa dara cuideachta a díoladh mar a luaitear i mír (c) den fho-alt sin agus arb é a ainmneoir an uimhir iomlán scaireanna eisithe sa dara cuideachta an tráth iomchuí.

(3) Is é an méid dá dtagraítear i bhfo-alt (1) méid na comaoine i leith an díola a luaitear i bhfo-alt (1) (c)—

(a) lúide an méid a gheofar trí aon bhreis a bheidh sa luach a shonraítear san fho-alt ina dhiaidh seo thar dhliteanais chomhiomlána an dara cuideachta an tráth iomchuí a iolrú ar an gcodán a shonraítear san fho-alt sin roimhe seo, nó

(b) móide an méid a gheofar trí aon bhreis a bheidh sna dliteanais sin thar an luach sin a iolrú ar an gcodán sin.

(4) Is é an luach dá dtagraítear san fho-alt sin roimhe seo an luach arb é, an tráth iomchuí, margadh-luach sócmhainní uile an dara cuideachta é seachas na scaireanna sa chéad chuideachta dá cuid (mar a dúradh) an tráth sin.

(5) I gcás ina dtarlóidh, sna himthosca a thuairiscítear i míreanna (a) go (c) d'fho-alt (1), nach den ghné chéanna na scaireanna eisithe uile sa dara cuideachta, nó nach iad na cearta céanna a thugann siad go léir, an tráth iomchuí, beidh éifeacht ag na forálacha sin roimhe seo den alt seo ionann is dá bhfágfaí ar lár mír (1) (d) agus dá gcuirfí in ionad an chodáin a shonraítear i bhfo-alt (2) cibé codán is codán cóir ag féachaint d'uimhir agus do ghné na scaireanna sa dara cuideachta a díoladh mar a luaitear i bhfo-alt (1) (c) agus na cearta a ghabh leo, i gcomparáid le huimhir agus gné na scaireanna eisithe uile sa dara cuideachta an tráth iomchuí agus na cearta nó na cearta éagsúla a ghabh leo, agus aon tagairt don chodán chéadluaite a fhorléiriú dá réir sin.

(6) I gcás ina dtarlóidh, sna himthosca a thuairiscítear i míreanna (a) go (c) d'fho-alt (1)—

(a) gur cuideachta den sórt a luaitear sa mhír sin (a) an dara cuideachta í féin, agus

(b) go bhfuil, nó go mbeidh de dhroim an díola, rialú ar an dara cuideachta ag an duine lena ndíolfar na scaireanna sa dara cuideachta,

beidh feidhm ag forálacha alt 101 agus ag na forálacha roimhe seo den alt seo, go huile.

(7) Más rud é, in ionad scaireanna sa dara cuideachta a dhíol mar a luaitear i bhfo-alt (1) (c), gurb iad na scaireanna a dhíolfar scaireanna i gcuideachta (dá ngairtear an chuideachta dheiridh ina dhiaidh seo san fho-alt seo) ag a bhfuil, trí shraith cuideachtaí, leas neamhdhíreach i scaireanna na chéad chuideachta, beidh feidhm ag na forálacha roimhe seo den alt seo, agus iad modhnaithe mar is gá, maidir le gach cuideachta (arb í an chéad chuideachta í nó an chuideachta dheiridh nó ceann den sraith cuideachtaí) ar a mbeidh, tráth an díola nó ar a mbeidh, de dhroim an díola, rialú ag an duine lena ndíolfar na scaireanna sa chuideachta.

Forálacha d'fhorlíonadh ar ailt 101 agus 102.

[1965, a. 48.]

103. —(1) I gcás ina ndéanfar bearta cónasctha scaireanna i gcuideachta a dhíol tráthanna éagsúla leis an duine céanna agus go bhfaighidh an duine sin, de dhroim aon cheann de na díola seachas an chéad díol, rialú ar an gcuideachta, ansin, chun críocha cheachtar den dá alt roimhe seo, measfar aon díol níos luaithe ná an díol ar dá dhroim a gheobhaidh sé rialú (nach díol a rinneadh roimh an 11ú lá de Bhealtaine, 1965) a bheith arna dhéanamh tráth an díola sin.

(2) Chun críocha an fho-ailt sin roimhe seo measfar bearta scaireanna a bheith cónasctha más bearta scaireanna iad faoi seach de chuid (go díreach nó trí ainmní) an duine chéanna nó beirt daoine nó níos mó a bhfuil baint ag duine acu leis an duine eile nó le gach duine de na daoine eile; agus chun críocha an fho-ailt seo measfar gur de chuid duine scaireanna—

(a) más de chuid chuideachta iad atá faoina rialú, nó

(b) má tá siad ar teachtadh ag iontaohaithe de dhroim socraíochta (mar a mhínítear in alt 96 (3)) arb eisean an socraitheoir (mar a mhínítear amhlaidh) ina leith.

(3) I gcás ina bhfaighidh duine rialú ar chuideachta aon tráth—

(a) aon díol ar scaireanna sa chuideachta, cibé acu díol leis an duine sin é nó le duine óna bhfaighidh sé na scaireanna go díreach nó go neamhdhíreach, a rinneadh roimh an tráth sin agus a rinneadh de bhun comhshocraíochtaí chun an rialú ar an gcuideachta a aistriú, nó

(b) aon díol ar scaireanna sa chuideachta arna dhéanamh le duine eile óna bhfuair an duine chéadluaite iad, go díreach nó go neamhdhíreach, is díol a rinneadh tar éis an trátha sin agus a rinneadh de bhun comhshocraíochtaí chun na scaireanna a aistriú chun an duine chéadluaite,

measfar, chun críocha an dá alt roimhe seo, gur díol é a mbeidh rialú ar an gcuideachta dá dhroim ag an neas-cheannaitheoir.

(4) Chun críocha an ailt seo agus an dá alt roimhe seo measfar gur díol le duine díol le cuideachta faoin rialú, nó lena ainmní, agus measfar gur leas a bhunú i bhfabhar duine leas a bhunú i bhfabhar cuideachta faoina rialú nó i bhfabhar a ainmní.

(5) Chun na gcríocha réamhráite, i gcás beirt daoine nó níos mó a bheith ag gníomhú le chéile chun rialú ar chuideachta a fháil nó a fheidhmiú, measfar gur duine amháin iad maidir leis an gcuideachta sin.

(6) I gcás scaireanna a dhíol de bhun comhaontú roimh ré, measfar chun críocha an dá alt roimhe seo agus na bhforálacha roimhe seo den alt seo gurb é tráth an comhaontú a dhéanamh tráth an díola.