|
|||||
|
AN tACHT CÁNACH IONCAIM, 1967
[EN] | ||
[EN] |
Caibidil II Forálacha Speisialta maidir le Neamhchónaitheoirí agus Cónaitheoirí Sealadacha | |
[EN] |
Daoine a chónaíonn go sealadach lasmuigh den Stát. [1918, r.gin 3; 1925, a.7; 1935, a.5(2).] |
199. —Déanfar gach duine ar sa Stát a bhí gnáthchónaí air a mheasúnú agus a mhuirearú i leith cánach, d'ainneoin é a bheith imithe as an Stát tráth an mheasúnaithe nó an mhuirearaithe más é cúis amháin ar imigh sé as an Stát amhlaidh é dul a chónaí go hócáideach lasmuigh den Stát, agus muirearófar é mar dhuine a chónaíonn go hiarbhír sa Stát ar mhéid iomlán a bhrabús nó a ghnóchan, cibé acu ó mhaoin sa Stát nó in áit éigin eile iad, nó ó aon liúntas, blianacht nó stipinn (ach amháin mar a eisctear anseo), nó ó aon trádáil, gairm nó fostaíocht sa Stát nó in aon áit eile. |
[EN] |
Neamhchónaitheoirí: measúnacht. [1918, r.gin 5; 1935, a.5(3); 1965, a.49(1), 55(3).] |
200. —Beidh duine nach gcónaíonn sa Stát, cibé acu saoránach d'Éirinn é nó nach ea, inmheasúnaithe agus inmhuirir in ainm aon iontaobhaí, caomhnóra, nó cúramaí de chuid an duine sin, nó aon fhactóra, ghníomhaire, ghlacadóra, bhrainse, nó bhainisteora, cibé acu atá nó nach bhfuil fáil na mbrabús nó na ngnóchan ag an bhfactóir, ag an ngníomhaire, ag an nglacadóir, ag an mbrainse nó ag an mbainisteoir sin, sa tslí chéanna agus go feadh an méid chéanna ina ndéanfaí an duine neamhchónaitheach sin a mheasúnú agus a mhuirearú dá mba sa Stát a chónaigh sé agus go raibh sé ag fáil na mbrabús nó na ngnóchan sin iarbhír: |
[EN] | Ar choinníoll, i gcás comhpháirtíochta, go measfar gurb é an comhpháirtí tosaíochta (mar a mhínítear in alt 69), nó, mura bhfuil aon chompháirtí tosaíochta ann, go measfar gurb é an factóir, an gníomhaire, an glacadóir, an brainse, nó an bainisteoir, is gníomhaire do chomhpháirtí neamhchónaitheach. | |
[EN] |
Neamhchónaitheoirí: brabúis ó ghníomhaireachtaí, etc. [1918, r.gin. 6.] |
201. —Beidh duine neamhchónaitheach inmheasúnaithe agus inmhuirir i leith aon bhrabúis nó gnóchain a éireoidh, go díreach nó go hindíreach, trí nó ó aon fhactóireacht, gníomhaireacht, glacadóireacht, brainse nó bainistíocht, agus beidh sé inmheasúnaithe agus inmhuirir amhlaidh in ainm an fhactóra, an ghníomhaire, an ghlacadóra, an bhrainse, nó an bhainisteora. |
[EN] |
Neamhchónaitheoirí: rialú ar chónaitheoirí. [1918, r.gin. 7; 1923, a.12(7).] |
202. —I gcás duine neamhchónaitheach, nach saoránach d'Éirinn nó gnólacht nó cuideachta Éireannach, nó brainse de, a bheith ag seoladh gnó le duine cónaitheach, agus go bhfeictear don chigire, mar gheall ar an dlúthbhaint idir an duine cónaitheach agus an duine neamhchónaitheach, agus mar gheall ar an rialú substaintiúil a fheidhmíonn an duine neamhchónaitheach ar an duine cónaitheach, go bhféadfaí an cúrsa gnó idir na daoine sin a shocrú ar shlí, agus go bhfuil socraithe ar shlí, nach dtugann an gnó a dhéanann an duine cónaitheach de bhun a bhaint leis an duine neamhchónaitheach aon bhrabúis don duine cónaitheach nó go dtugann sé brabúis dó is lú ná na gnáth-bhrabúis a bhféadfaí súil a bheith leo ón ngnó sin, beidh an duine neamhchónaitheach inmheasúnaithe agus inmhuirir i leith cánach in ainm an duine chónaithigh ionann agus dá mba ghníomhaire don duine neamhchónaitheach an duine cónaitheach. |
[EN] |
Neamhchónaitheoirí: muirear ar chéatadán den láimhdeachas. [1918, r.gin. 8, 9.] |
203. —(1) I gcás inar dóigh leis an gcigire nó, ar achomharc, leis na Coimisinéirí Speisialta, nach féidir fíor-mhéid brabús nó gnóchan duine neamhchónaithigh is inmhuirir i leith cánach in ainm duine chónaithigh a chinneadh go héasca in aon chás áirithe, féadfaidh an duine neamhchónaitheach, más cuí sin leis an gcigire nó leis na Coimisinéirí, a mheasúnú agus a mhuirearú ar chéatadán de láimhdeachas an ghnó a rinne an duine neamhchónaitheach tríd nó leis an duine cónaitheach arb ina ainm is inmhuirir é mar a dúradh, agus sa chás sin beidh feidhm ag forálacha an Achta seo maidir le seachadadh ráiteas ag daoine a ghníomhaíonn thar ceann daoine eile ionas go gceanglóidh siad go dtabharfaidh an duine cónaitheach tuairisceán ar an ngnó a rinne an duine neamhchónaitheach amhlaidh tríd nó leis an duine cónaitheach, sa tslí chéanna ina mbeidh ráitis ar bhrabúis nó ar ghnóchain a bheidh le muirearú amhlaidh le seachadadh ag daoine a bheidh ag gníomhú do dhaoine éagumasaithe nó daoine neamhchónaitheacha. |
[EN] | (2) Is é a chinnfidh méid an chéatadáin faoi fho-alt (1) i ngach cás, ag féachaint do chineál an ghnó, an cigire a dhéanfaidh an measúnú ar an bhforas céatadáin, faoi réir achomhairc chun na gCoimisinéirí Speisialta. | |
[EN] | (3) Más cúis mhíshásaimh ag an duine cónaitheach nó ag duine neamhchónaitheach an céatadán a chinnfear sa chéad ásc nó a chinnfidh na Coimisinéirí Speisialta ar achomharc féadfaidh sé, laistigh de cheithre mhí ón gcinneadh sin, a cheangal ar an gcigire nó ar na Coimisinéirí Speisialta, cibé acu é, ceist an chéatadáin a chur faoi bhráid réiteora nó bhord réiteoirí a cheapfaidh an tAire Airgeadais chuige sin, agus is cinneadh críochnaitheach dochloíte cinneadh an réiteora nó an bhoird. | |
[EN] |
Neamhchónaitheoirí: brabús ceannaíochta. [1918, r.gin. 12.] |
204. —Má bhíonn cáin ioncaim inmhuirir ar dhuine neamhchónaitheach in ainm aon bhrainse, bainisteora, gníomhaire, factóra nó glacadóra i leith aon bhrabús nó gnóchan ó dhíol earraí nó táirgí a mhonaraigh nó a tháirg an duine neamhchónaitheach lasmuigh den Stát, féadfaidh an duine arb ina ainm is inmhuirir an duine neamhchónaitheach amhlaidh, más cuí leis, a iarraidh ar an gcigire nó, i gcás achomhairc, ar na Coimisinéirí Speisialta, a chur faoi deara an mheasúnacht i leith cánach ioncaim maidir leis na brabúis nó na gnóchain sin a dhéanamh nó a leasú ar fhoras na mbrabús a mbeadh súil réasúnach leis a thuillfeadh ceannaí nó, i gcás na hearraí a mhíondíol ag an monaróir nó an táirgeoir nó thar a cheann a thuillfeadh miondíoltóir na n-earraí a díoladh, a bhí é féin tar éis a gceannach díreach ón monaróir nó ón táirgeoir, agus, ar chruthú a thabhairt chun sástacht an chigire nó na gCoimisinéirí Speisialta, cibé acu é, i dtaobh méid na mbrabús ar an bhforas a dúradh, déanfar nó leasófar an mheasúnacht dá réir sin. |
[EN] |
Neamhchónaitheoirí: srianta ar inmhuirireacht. [1918, r.gin.10,11.] |
205. —(1) Ní thabharfaidh aon ní sa Chaibidil seo go mbeadh duine neamhchónaitheach inmhuirir in ainm bróicéara nó gníomhaire coimisiúin ghinearálta, nó in ainm gníomhaire nach duine údaraithe a sheolann gnáth-ghníomhaireacht an duine neamhchónaithigh nó duine is inmhuirir ionann agus dá mba ghníomh-aire é de bhun forálacha na Caibidle seo, i leith na mbrabús nó na ngnóchan ó dhíolacháin nó ó idirbheartanna a rinneadh trí bhróicéir nó gníomhaire den sórt sin. |
[EN] | (2) I gcás duine neamhchónaitheach a bheith ag déanamh díolachán nó ag seoladh idirbheartanna le daoine neamhchónaitheacha eile in imthosca a thabharfadh go mba inmhuirir é de bhun forálacha na Caibidle seo in ainm duine chónaithigh ní thabharfaidh sé sin ann féin gurb inmhuirir an duine sin i leith na mbrabús ó na díolacháin nó na hidirbheartanna sin. | |
[EN] |
Cónaitheoirí sealadacha. [1918, Sc. D, r.Ilg. 2.] |
206. —Ní mhuirearófar duine i leith cánach faoi Sceideal D mar dhuine a chónaíonn sa Stát, maidir le brabúis nó gnóchain a fuarthas i leith sealbhaíochtaí nó urrús lasmuigh den Stát, agus nach bhfuil sa Stát ach amháin le haghaidh críche sealadaí éigin, gan aon dóigh ná intinn a áit chónaithe a dhéanamh ann, agus nach raibh cónaí air iarbhír sa Stát uair amháin nó uaireanta ar leithligh ar feadh tréimhse ab ionann san iomlán agus sé mhí in aon bhliain mheasúnachta áirithe, ach má bhíonn cónaí ar aon duine den sórt sin sa Stát ar feadh na tréimhse a dúradh beidh sé inmhuirir amhlaidh don bhliain sin. |