An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID X Forálacha Speisialta maidir le Cuideachtaí árachais agus Gnóthaí Infheistíochta) Ar Aghaidh (CUID XII Forálacha Speisialta maidir le Pinsin, Scéimeanna Pinsin, Blianachtaí Scoir agus Blianachtaí Saoil Ceannaithe)

6 1967

AN tACHT CÁNACH IONCAIM, 1967

CUID XI

Cumainn Thionscail agus Choigilitis

Léiriú,

[1963, a. 67.]

218. —Sa Chuid seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “liúntas caipitiúil” aon liúntas, seachas liúntas a bheidh le tabhairt agus brabúis nó gnóchain á ríomh, faoi alt 214, Cuid XIV, XV, XVI nó XVII;

ciallaíonn “ús iasachta”, maidir le cumann, aon ús is iníoctha ag an gcumann maidir le haon mhorgáiste, iasacht, stoc iasachta, nó taisce;

ciallaíonn “scair-ús”, maidir le cumann, aon ús, díbhinn, bónas, nó suim eile is iníoctha le scairshealbhóir de chuid an chumainn faoi threoir méid a shealbháin i scair-chaipiteal an chomhlachta;

ciallaíonn “cumann” cumann arna chlárú faoi Achtanna na gCumann Tionscail agus Soláthair, 1893 go 1936;

folaíonn tagairtí do scair-ús nó ús iasachta a íoc tagairtí do chreidiúnú úis den sórt sin.

Suimeanna áirithe a asbhaint mar chostais, etc.,

[1963, a.68.]

1918, c. 40.

1959, Uimh. 18 .

219. —(1) Dearbhaítear leis seo go mbeidh, nuair a bheidh brabúis nó gnóchain cumainn á ríomh chun críocha Chás I de Sceideal D nó d'alt 78, suimeanna ar bith le hasbhaint mar chostais, ar suimeanna iad—

(a) arb éard iad lascaine, aisíoc, díbhinn nó bónas a dheonaigh an cumann do chomhaltaí dá chuid nó do dhaoine eile i leith méideanna a íocadh nó is iníoctha acu nó leo i dtaobh a n-idirbheartanna leis an gcumann arb idirbheartanna iad a chuirfear i gcuntas sa ríomh sin, agus

(b) a ríomhfar faoi threoir na méideanna sin nó ollmhéid na n-idirbheartanna sin agus ní faoi réir méid aon scaire nó leasa i gcaipiteal an chumainn.

(2) Aon chumann arb é formhór a ghnó infheistíochtaí a dhéanamh, agus ar uaidh sin a thagann príomh-chuid a ioncaim, beidh sé i dteideal faoisimh faoi alt 214 sa tslí chéanna agus an oiread céanna agus dá mba ghnó cuideachta gnó an chumainn.

(3) I gcás aon bhrabúis nó gnóchain le cumann nach mbeadh inmhuirir i leith cánach mura mbeadh alt 39 (4) den Income Tax Act, 1918, a aisghairm a bheith inmhuirir amhlaidh de bhua na haisghairme sin agus gur gá ríomh brabús nó gnóchan a dhéanamh faoi threoir aon bhliana nó tréimhse seachas an bhliain mheasúnachta, déanfar an ríomh don bhliain nó don tréimhse sin de réir forálacha na Coda seo d'ainneoin nach raibh na forálacha sin i bhfeidhm an bhliain nó an tréimhse sin nó cuid éigin den bhliain nó den tréimhse sin.

(4)   (a) Más rud é go raibh, don bhliain 1962-63, cumann i dteideal díolúine ó cháin i leith brabús trádála a bhí á seoladh aige—

(i) ní thabharfar anonn ón mbliain 1962-63 aon liúntas caipitiúil i leith aon mhaoine a úsáideadh le haghaidh na trádála, agus

(ii) ní thabharfar anonn faoi alt 309, aon chaillteanas, nó cuid de chaillteanas, a tharla roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1963.

(b) I gcás ina bhféadfaí liúntas bliantúil, liúntas cothromaíochta nó muirear cothromaíochta i leith caiteachais chaipitiúil ar dhéanamh foirgnimh nó déanmhais a thabhairt do chumann nó a ghearradh ar chumann, in aghaidh na bliana 1962-63 nó aon bhliana measúnachta roimhe sin, faoi Chuid V den Acht Airgeadais, 1959 , mura mbeadh an cúinse go raibh an cumann díolmhaithe ó cháin faoi Sceideal D, déanfar aon liúntas bliantúil, liúntas cothromaíochta nó muirear cothromaíochta a bheidh le tabhairt nó le gearradh i leith an chaiteachais faoi Chuid XVI d'aon bhliain mheasúnachta a ríomh ionann is dá mbeifí tar éis gach liúntas bliantúil, liúntas cothromaíochta agus muirear cothromaíochta a fhéadfaí a thabhairt nó a ghearradh a thabhairt nó a ghearradh mar a dúradh:

Ar choinníoll nach ndéanfaidh aon ní sa mhír seo difear d'fhorálacha alt 265 (5).

(c) I gcás ina bhféadfaí liúntas bliantúil i leith caiteachais chaipitiúil ag ceannach ceart paitinne a thabhairt do chumann nó i leith cumainn, in aghaidh na bliana 1962-63 nó aon bhliana measúnachta roimhe sin, faoi Chuid V den Acht Airgeadais, 1959 , mura mbeadh an cúinse go raibh an cumann díolmhaithe ó cháin faoi Sceideal D, ansin i gcás an méid den chaiteachas a bheidh fágtha gan liúntas a bheith tugtha ina leith (de réir bhrí alt 286), déanfar, maidir le haon liúntas cothromaíocht nó muirear cothromaíochta faoi Chuid XVI a bheidh le tabhairt don chumann nó le gearradh ar an gcumann i leith an chaiteachais in aghaidh aon bhliana measúnachta, é a ríomh ionann agus dá mbeifí tar éis gach liúntas bliantúil a thabhairt a fhéadfaí a thabhairt mar a adúradh.

Brabúis nó caillteanais is inchurtha i leith idirbheartanna áirithe a fhágáil as áireamh.

[1963, a.70.]

220. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “cumann talmhaíochta” cumann—

(a) a bhfuil an dá choinníoll seo a leanas comhlíonta ina leith:

(i) nach lú ná caoga líon comhaltaí an chumainn,

(ii) gur daoine iad comhaltaí uile nó tromlach comhaltaí an chumainn a bhíonn ag gabháil go formhór do thalmhaíocht agus a fhaigheann an chuid is mó dá n-ioncam ó thalmhaíocht, nó

(b) lena mbaineann deimhniú faoi fho-alt (2) (a);

ciallaíonn “cumann iascaigh” cumann—

(a) a bhfuil an dá choinníoll seo a leanas comhlíonta ina leith:

(i) nach lú ná fiche líon comhaltaí an chumainn,

(ii) gur daoine iad comhaltaí uile nó tromlach comhaltaí an chumainn a bhíonn ag gabháil go formhór d'iascaireacht agus a fhaigheann an chuid is mó dá n-ioncam ó iascaireacht, nó

(b) lena mbaineann deimhniú faoi fho-alt (2) (b);

ciallaíonn “idirbhearta díolmhaithe”—

(a) maidir le cumann talmhaíochta, idirbhearta d'aon aicme de na haicmí idirbheart seo a leanas:

(i) bainne, uachtar, im, cáis, uibheacha, eallach, feoil nó earraí sonraithe a dhíol ar mór-reic,

(ii) síolta, leasacháin nó earraí eile, ar earraí sonraithe iad a bhaineann nó a ghabhann le táirgeadh talmhaíochta, a dhíol ar mionreic,

(iii) ceantáil beodhíle, inseamnú saorga ainmhithe nó soláthar seirbhísí sonraithe, agus

(b) maidir le cumann iascaigh, idirbhearta d'aon aicme de na haicmí idirbheart seo a leanas:

(i) iasc úr nó iasc próisithe a dhíol ar mór-reic,

(ii) ceantáil nó iompar éisc,

(iii) díol earraí a úsáidtear chun iasc a ghabháil nó díol earraí sonraithe;

ciallaíonn “díol ar mór-reic” earraí d'aon aicme a dhíol le duine a sheolann trádáil ag díol earraí den aicme sin nó a úsáideann earraí den aicme sin chun críocha trádála a sheolann sé.

(2)   (a) Féadfaidh an tAire Airgeadais, ar mholadh an Aire Talmhaíochta, deimhniú a thabhairt a chuirfidh i dteideal do chumann go n-áireofaí é, chun críocha an ailt seo, mar chumann talmhaíochta d'ainneoin—

(i) gur lú ná caoga líon comhaltaí an chumainn, nó

(ii) nach daoine den sórt a thuairiscítear i mír (a) (ii) den mhíniú ar “cumann talmhaíochta” atá i bhfo-alt (1) tromlach comhaltaí an chumainn.

(b) Féadfaidh an tAire Airgeadais, ar mholadh an Aire Talmhaíochta agus Iascaigh, deimhniú a thabhairt a chuirfidh i dteideal do chumann go n-áireofaí é, chun críocha an ailt seo, mar chumann iascaigh d'ainneoin—

(i) gur lú ná fiche líon comhaltaí an chumainn, nó

(ii) nach daoine den sórt a thuairiscítear i mír (a) (ii) den mhíniú ar “cumann iascaigh” atá i bhfo-alt (1) tromlach comhaltaí an chumainn.

(c) Sa mhíniú ar “idirbheartanna díolmhaithe” atá i bhfo-alt (1) ciallaíonn “sonraithe” sonraithe i ndeimhniú a thug an tAire Airgeadais ar mholadh an Aire Talmhaíochta agus Iascaigh.

(d) Maidir le deimhniú faoi mhír (a), (b) nó (c) den fho-alt seo:

(i) beidh éifeacht aige amhail ó cibé dáta, roimh nó tar éis an dáta ar a dtabharfar é, a bheidh luaite ann,

(ii) foilseofar é san Iris Oifigiúil a luaithe is féidir tar éis é a thabhairt, agus

(iii) féadfaidh an tAire Airgeadais é a chúlghairm tráth ar bith.

(e) I gcás deimhniú a chúlghairm faoi mhír (d), foilseofar fógra i dtaobh na cúlghairme a luaithe is féidir san Iris Oifigiúil.

(3) Más rud é, i gcás trádáil a bhí á seoladh ag cumann, go raibh idirbhearta díolmhaithe ar na hidirbhearta a rinneadh aon bhliain nó tréimhse a mbeidh cuntais an chumainn déanta suas ina haghaidh, is bliain nó tréimhse ar chumann talmhaíochta nó cumann iascaigh an cumann ar a feadh, fágfar, chun críocha uile an Achta seo, gan áireamh an oiread de bhrabúis nó de ghnóchain nó de chaillteanas (de réir mar a bheidh) na bliana nó na tréimhse sin (arna ríomh de réir na bhforálacha, seachas an t-alt seo, is infheidhmithe maidir le Cás I de Sceideal D) agus is inchurtha i leith na n-idirbheart díolmhaithe.

(4) Maidir le haon trádáil, áireofar gurb é an méid de na brabúis de na gnóchain nó den chaillteanas is inchurtha i leith idirbheart díolmhaithe aon bhliana nó tréimhse an méid a mbeidh idir é agus méid iomlán na mbrabús nó na ngnóchan nó, de réir mar a bheidh, méid iomlán an chaillteanais, in aghaidh na bliana nó na tréimhse an chomhréir chéanna a bheidh idir comhshuim na méideanna ab infhaighte ag an gcumann, de bhua na n-idirbheart sin, ó dhíol earraí nó ó sholáthar seirbhísí agus comhshuim na méideanna uile ab infhaighte ag an gcumann, de bhua idirbheart sa bhliain nó sa tréimhse ó dhíol earraí nó ó sholáthar seirbhísí.

(5) I gcás ina mbeidh aon liúntais chaipitiúla nó aon mhuirir chothromaíochta faoi Chuid XVI le tabhairt nó le déanamh in aghaidh aon bhliana measúnachta agus cáin ioncaim á muirearú ar bhrabúis nó ar ghnóchain thrádála a bhí á seoladh ag cumann agus go bhfágfar faoin alt seo gan áireamh cionúireacht de bhrabúis nó de ghnóchain nó, de réir mar a bheidh, de chaillteanas na bonntréimhse, laghdófar go comhréireach méid na liúntas nó méid na muirear a thabharfaí nó a dhéanfaí, mura mbeadh an fo-alt seo.

San fho-alt seo—

(a) ní fholaíonn an tagairt do liúntais chaipitiúla a bheidh le tabhairt in aghaidh aon bhliana measúnachta tagairt do mhéid ar bith a tugadh anall ó aon bhliain roimhe sin,

(b) ciallaíonn “bonn-tréimhse”, maidir le bliain mheasúnachta, an tréimhse ar ar a brabúis nó a gnóchain a bheidh cáin ioncaim na bliana sin le ríomh go críochnaitheach faoi Chás I de Sceideal D i leith na trádála a bheidh i gceist nó, más rud é, de bhua an Achta seo, go mbeidh sé le meas gurb iad brabúis nó gnóchain na tréimhse sin brabúis nó gnóchain aon tréimhse eile, an tréimhse eile sin.

(6) Chun críocha uile Chaibidil IV de Chuid XXV, fágfar gan áireamh na méideanna uile is infhaighte ag cumann talmhaíochta nó ag cumann iascaigh ó earraí a dhíol, ar méideanna iad is infhaighte amhlaidh de bhua idirbheart díolmhaithe, agus má tharlaíonn, i gcás ina dtabharfar faoiseamh ó cháin ioncaim don chumann faoin gCaibidil sin, go mbeidh aon scair-ús iníoctha le hasbhaint chánach, ní bheidh feidhm ag alt 410 (2).

(7) I gcás ina n-éileoidh cumann faoiseamh ó cháin ioncaim de bhua an ailt seo, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim trí fhógra i scríbhinn a cheangal ar an gcumann na leabhair, na taifid agus na doiciméid ina mbeidh eolas ar a idirbhearta trádála i gcaitheamh na bliana nó na tréimhse a bheidh i gceist a chur ar fáil, laistigh de cibé am a shonrófar san fhógra, lena n-iniúchadh ag cigire nó ag oifigeach eile a ainmneoidh siad, agus mura ndéanfaidh an cumann de réir an fhógra sin, ní thabharfar aon fhaoiseamh faoin alt seo.

Us a íoc gan cáin a asbhaint.

[1963, a.71.]

221. —(1) D'ainneoin aon ní san Acht seo, aon scair-ús nó ús iasachta a íocfaidh cumann íocfar é gan cáin a asbhaint agus muirearófar é faoi Sceideal D, Cás III:

Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag an bhfo-alt seo maidir le haon scair-ús nó ús iasachta is iníoctha le duine nach sa Stát atá gnáthchónaí air.

(2)   (a) Más rud é, i gcás lena mbaineann alt 220, go n-éileoidh cumann go n-aisíocfar cáin faoi alt 496, i leith ús a d'íoc sé aon bhliain mheasúnachta, déanfar an méid is inaisíoctha a chinneadh ar an bhforas nach as brabúis nó gnóchain a muirearaíodh i leith cánach a íocadh an oiread sin den ús a bhí de bhreis aige ar an gcionúireacht iomchuí de.

(b) Má tharlaíonn, aon bhliain mheasúnachta, go ndéanfaidh cumann, i gcás ina mbeidh feidhm ag alt 220, aon scair-ús nó ús iasachta, as a mbeidh cáin inbhainte, a íoc nó go ndéanfaidh sé aon íocaíocht bhliantúil eile, measfar nach as brabúis nó gnóchain a muirearaíodh a íocadh an oiread sin de chomhshuim mórmhéideanna na n-íocaíochtaí uile den sórt sin a bhí de bhreis acu ar chionúireacht iomchuí an chéanna agus beidh feidhm dá réir sin ag alt 434.

Sa mhír seo ciallaíonn “íocaíocht bhliantúil” aon íocaíocht as ar inbhainte cáin faoi alt 433 ar leith ó aon neamhdhóthanacht brabúis nó gnóchain de chuid an duine a dhéanfaidh í.

(c) Má tharlaíonn, aon bhliain mheasúnachta, go mbeidh cumann tar éis scair-ús nó ús iasachta (seachas ús iasachta a mbeidh éileamh déanta ina leith mar a luaitear i mír (a)) gan cáin a asbhaint de réir fho-alt (1), féadfaidh sé a éileamh, i gcás ina mbeidh feidhm ag alt 220, go ndéanfar an chionúireacht iomchuí den mhéid iomlán a íocadh amhlaidh, nó, in aon chás eile, an méid iomlán a íocadh amhlaidh, a bhaint as a ioncam iomlán don bhliain sin agus, i gcás ina ndéanfar éileamh den sórt sin, tabharfar aon fhaoiseamh iomchuí ó cháin trí aisíoc nó ar shlí eile.

Beidh feidhm ag alt 307 (5) (6), maidir le héileamh faoin mír seo mar atá feidhm ag na fo-ailt sin maidir le héileamh faoi alt 307, ach amháin nach gá foirm fhorordaithe a úsáid.

(d) Má tharlaíonn, maidir le haon bhliain mheasúnachta, gur mó méid an scair-úis agus an úis iasachta a bheidh le baint as ioncam iomlán cumainn faoin mír díreach roimhe seo ná méid an ioncaim iomláin sin, beidh éifeacht ag alt 316 ionann agus dá ndéanfaí an cumann a mheasúnú i leith cánach faoi alt 434 maidir le híoc na breise agus go raibh cáin íoctha aige faoin measúnacht sin ar mhéid na híocaíochta sin.

(e) San fho-alt seo ciallaíonn “an chionúireacht iomchuí” d'aon mhéid úis nó íocaíochta bliantúla a d'íoc cumann bliain mheasúnachta an chuid den mhéid sin a mbeidh idir í agus an t-iomlán an chomhréir chéanna a bheidh idir ioncam iomlán an chumainn don bhliain sin agus an méid ab ionann, mura mbeadh alt 220, agus méid ioncaim iomláin an chumainn don bhliain sin.

(f) Chun críocha an fho-ailt seo measfar gurb é ioncam iomlán cumainn a ioncam iomlán ó gach bunadh chun críocha cánach ioncaim arna ríomh sa tslí ina ríomhfaí é dá mba phearsa aonair an cumann ach gan aird a thabhairt ar aon ús ná íocaíocht bhliantúil den sórt a luaitear i mír (a), (b) nó (c).

(g) Aon tagairt sna forálacha sin roimhe seo den fho-alt seo d'ús iasachta nó d'ús eile ní fholaíonn sí tagairt d'ús is inlamháilte mar asbhaint agus ríomh á dhéanamh ar bhrabúis nó gnóchain thrádála a bhí á seoladh ag an gcumann sin.

(h) An lú lá de Bhealtaine nó roimhe sin gach bliain, seachadfaidh gach cumann don chigire tuairisceán, i cibé foirm a fhorordóidh na Coimisinéirí Ioncaim, ina dtaispeánfar—

(i) ainm agus áit chónaithe gach duine a ndearna an cumann cúig phunt nó níos mó a íoc leis mar scairús nó ús iasachta an bhliain mheasúnachta is déanaí a chríochnaigh roimh an 1ú lá sin de Bhealtaine, agus

(ii) an méid scair-úis nó úis iasachta den sórt sin a íocadh an bhliain sin le gach duine ar leith acu sin,

agus mura dtabharfar go cuí tuairisceán den sórt sin maidir le haon bhliain mheasúnachta áirithe, ní bheidh an cumann i dteideal aon asbhainte faoi mhír (c) i leith aon íocaíochtaí scair-úis nó úis iasachta a bhí de cheangal air a chur sa tuairisceán, agus, mura slánófar é ar aon slí eile, féadfar méid aon asbhainte i leith aon íocaíochtaí den sórt sin ar tugadh faoiseamh faoina dtreoir faoin mír sin (c) a mheasúnú faoi Chás IV de Sceideal D agus a ghnóthú ón gcumann dá réir sin.