|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID I Léiriú agus Réamhráiteach) | Ar Aghaidh (CUID II Sceidil A agus B) |
AN tACHT CÁNACH IONCAIM, 1967
[EN] | ||
[EN] |
Caibidil II Réamhráiteach | |
[EN] |
Muirear; Sceidil. [1918, a. 1.] |
4. —I gcás ina n-achtaíonn aon Acht go muirearófar cáin ioncaim d'aon bhliain de réir aon ráta áirithe, déanfar, faoi réir forálacha an Achta seo, an cháin de réir an ráta sin a mhuirearú don bhliain sin maidir leis an maoin, na brabúis, nó na gnóchain go léir a thuairiscítear nó a áirítear faoi seach sna Sceideal atá sna hailt den Acht seo a dtugtar a n-uimhreacha thíos, is é sin le rá— |
[EN] | Sceideal A—Alt 9; | |
[EN] | Sceideal B—Alt 30; | |
[EN] | Sceideal C—Alt 47; | |
[EN] | Sceideal D—Alt 52; agus | |
[EN] | Sceideal E—Alt 109, | |
[EN] | agus is inchurtha chun feidhme faoi seach maidir leis na Sceidil sin de réir forálacha an Achta seo. | |
[EN] |
Measúnachtaí bliantúla. [1918, a. 2; 1924, a. 43 (1).] |
5. —Déanfar gach measúnacht agus muirear i leith cánach do bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán agus dar críoch an 5ú lá d'Aibreán ina dhiaidh sin. |
[EN] |
Codáin d'fhiche scilling. [1918, a. 3.] |
6. —Déanfar an chionúireacht chuí chánach a mhuirearú ar gach codán d'fhiche scilling ach ní mhuirearófar aon cháin d'ainmluach is lú ná pingin. |
[EN] |
Feidhm maidir le cáin sa bhliain ina dhiaidh sin a bheith ag achtacháin a bheidh i bhfeidhm d'aon bhliain áirithe. [1918, a. 210.] |
7. —D'fhonn a áirithiú go gcruinneofar i dtráth cuí cáin a fhéadfar a fhorchur d'aon bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, beidh ag na forálacha sin go léir atá san Acht seo, nó in aon Acht eile a bhaineann le cáin, agus a bhí i bhfeidhm an lá roimhe sin, lán-fheidhm agus lán-éifeacht maidir leis an gcáin a fhéadfar a fhorchur amhlaidh, ionann agus dá mba go ndearnadh an cháin sin a fhorchur iarbhír le hAcht ón Oireachtas agus na forálacha sin a fheidhmiú ina leith leis an Acht. |
[EN] |
Muirearú agus asbhaint cánach nár muirearaíodh nó nár asbhaineadh roimh dháta an Achta bhliantúil a rith. [1918, a. 211.] |
8. —(1) Más rud é in aon bhliain mheasúnachta go ndearnadh aon íocaíochtaí leathbhliantúla nó ráithiúla ar chuntas aon úis, díbhinní nó brabús nó gnóchan bliantúil eile, roimh an dáta a ritheadh an tAcht ag forchur na cánach don bhliain sin, agus nach mbeifear tar éis cáin a mhuirearú ar an gcéanna nó a asbhaint as, nó nach mbeifear tar éis cáin a mhuirearú air nó a asbhaint as de réir an ráta a forchuireadh go críochnaitheach don bhliain sin, déanfar an méid nár muirearaíodh nó nár asbhaineadh amhlaidh a mhuirearú faoi Chás IV de Sceideal D i leith na n-íocaíochtaí sin, mar bhrabúis nó gnóchain nár muirearaíodh de bhua aon Sceidil eile, agus déanfaidh na gníomhairí ar cuireadh ar a n-iontaobh ús, díbhinní nó brabúis nó gnóchain bhliantúla eile a íoc liosta a thabhairt do na Coimisinéirí Ioncaim ina mbeidh ainmneacha agus seolta na ndaoine dar tugadh íocaíochtaí agus méid na n-íocaíochtaí sin, ar éileamh ó na Coimisinéirí chuige sin. |
[EN] | (2) Duine ar bith a mbeidh sé dlite de aon chíos, ús nó blianacht a íoc, nó aon íocaíocht bhliantúil eile a dhéanamh, beidh údarás aige aon asbhaint a dhéanamh ar chuntas cánach d'aon bhliain mheasúnachta nach mbeidh déanta aige roimh dháta an Achta a rith a fhorchuireann an cháin don bhliain sin, nó aon easnamh in aon asbhaint den sórt sin a rinneadh amhlaidh a shlánú an chéad uair eile a mbeidh an cíos, an t-ús nó an bhlianacht á íoc nó a bheidh an íocaíocht bhliantúil eile á déanamh tar éis dáta an Achta a rith a d'fhorchuir an cháin amhlaidh, i dteannta aon asbhaint eile a bheidh údaras aige de réir dlí a dhéanamh, agus beidh teideal aige freisin, mura mbeadh aon íocaíocht ann arís as a bhféadfar an asbhaint a dhéanamh, an tsuim a ghnóthú a fhéadfaí a asbhaint ionann agus dá mba fhiach í a bhí dlite den duine ar ina choinne a fhéadfaí an asbhaint a dhéanamh i gcéaduair dá mbeadh an tAcht a d'fhorchuir an cháin don bhliain i bhfeidhm. |