|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID XX Faoiseamh d'Infheisteoirí in Urrúis Éireannacha) | Ar Aghaidh (CUID XXI Díolúintí Carthanúla agus Díolúintí Eile) |
AN tACHT CÁNACH IONCAIM, 1967
[EN] | ||
[EN] |
Caibidil II Stoic, Scaireanna agus Urrúis le Cuideachtaí Monaraíochta | |
[EN] |
Faoiseamh d'infheisteoirí. [1932, a. 7; 1956, a. 7 (2) (4); 1957, a. 4; 1960, a. 5.] 1963. Uimh. 33. |
332. —(1) Má dhéanann pearsa aonair ar sa Stát agus nach in aon áit eile atá cónaí air a éileamh agus a chruthú chun sástacht na gCoimisinéirí Speisialta go bhfuil sé i dteideal úinéireacht tairbhiúil aon stoic, scaireanna, nó urrúis lena mbaineann an t-alt seo, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas, is é sin le rá:— |
[EN] | (a) beidh an phearsa aonair sin i dteideal go n-aisíocfar leis 20 faoin gcéad den cháin ioncaim is infheidhmithe maidir le haon díbhinn nó ús a fuair sé i leith an stoic, na scaireanna nó an urrúis sin, ach amháin sa mhéid go ndearnadh nó go ndéanfar faoiseamh nó aisíoc i leith na cánach sin a dheonú faoi aon fhoráil eile den Acht seo; | |
[EN] | (b) le linn ioncam iomlán na pearsan aonair sin ó gach bunadh a bheith á mheas chun críocha cánach ioncaim agus forchánach, measfar méid aon díbhinne nó úis i leith an stoic, na scaireanna, nó an urrúis sin a bheith laghdaithe 20 faoin gcéad. | |
[EN] | (2) Bainfidh an t-alt seo leis na stoic, na scaireanna agus na hurrúis go léir a eisíodh, roimh dháta an Achta seo a rith nó dá éis, ag cuideachta arb é, go hiomlán nó go formhór, a trádáil nó a gnó earraí monaraithe a tháirgeadh le díol, agus a ndeimhneoidh na Coimisinéirí Ioncaim ina dtaobh go bhfuil siad sásta go bhfuil na coinníollacha seo a leanas go léir comhlíonta maidir leis an stoc, an scair nó leis an urrús sin, is é sin le rá: | |
[EN] | (a) go bhfuil an stoc, an scair nó an t-urrús sin arna eisiúint ag cuideachta a chomhlíonann na forálacha seo a leanas, is é sin le rá— | |
[EN] | (i) go bhfuil an chuideachta sin corpraithe de réir dlíthe an Stáit nó fúthu, agus | |
[EN] | (ii) gur cuideachta atá faoi theorainn scaireanna do réir bhrí Acht na gCuideachtaí 1963, an chuideachta sin, agus | |
[EN] | (iii) gur sa Stát a bhainistítear agus a rialaítear an chuideachta sin, agus | |
[EN] | (iv) gur sa Stát a sheolann an chuideachta sin a gnó nó (i gcás cuideachta nach bhfuil tosaithe aici ar ghnó a sheoladh) a bheartaíonn sí a gnó a sheoladh, go hiomlán nó go formhór; agus | |
[EN] | (b) maidir leis na stoic, na scaireanna nó an hurrúis— | |
[EN] | (i) gur eisíodh iad lena suibscríobh ag an bpobal, nó | |
[EN] | (ii) gur de chineál de stoic, de scaireanna nó d'urrúis na cuideachta iad a luaitear ar stocmhargadh sa Stát, agus nach lú ná caoga líon na bpearsan, mar a thuairiscítear i bhfo-alt (1) den alt seo, atá ina n-úinéirí tairbhiúla ar stoic, ar scaireanna nó urrúis den chineál sin; agus | |
[EN] | (c) go bhfuil an eisiúint stoic, scaireanna nó urrúis sin tuairiscithe agus ainmnithe ar shlí gur so-aitheanta í thar gach eisiúint eile (más ann) de chuid na cuideachta sin. | |
[EN] | (3) Gach barántas, seic nó ordú a tharraingeofar nó a dhéanfar chun íoc as aon díbhinn nó ús i leith aon stoc, scair nó urrús lena mbaineann an t-alt seo luafaidh sé go soiléir (de réir mar is gá sa chás)— | |
[EN] | (a) gurb é atá in iomlán na suime ar a bhfuil an barántas, an tseic, nó an t-ordú sin déanta nó tarraingte íocaíocht ag íoc nó ar chuntas díbhinne nó úis i leith an stoic, na scaire nó an urrúis sin; nó | |
[EN] | (b) gurb é atá i gcuid (a luafar a méid ar leithligh) den tsuim sin íocaíocht ag íoc nó ar chuntas na díbhinne nó an úis sin. | |
[EN] | (4) Aon stoc, socair nó urrús lena mbaineann an t-alt seo, scoirfidh sé de bheith ina stoc, ina scair nó ina urrús (de réir mar a bheidh) lena mbaineann an t-alt seo má dhearbhaíonn agus nuair a dhearbhóidh na Coimisinéirí Ioncaim i leith an stoic, na scaire nó gnó na cuideachta de bheith comhdhéanta, go hiomlán nó go nó gnó na cuideachta do bheith comhdhéanta, go hiomlán nó go formhór, de tháirgeadh earraí monaraithe lena ndíol nó nach bhfuil, maidir leis an gcuideachta, gach ceann nó aon cheann áirithe de na coinníollachta atá leagtha amach i bhfo-alt (2) (a) nó, maidir leis an stoc, an scair nó an t-urrús sin, gach ceann nó aon cheann áirithe de na coinníollacha atá leagtha amach i bhfo-alt (2) (b) (c) nó i bhfo-alt (3), á chomhlíonadh a thuilleadh. | |
[EN] | (5) I gcás— | |
[EN] | (a) inar eisigh cuideachta aon stoic, scaireanna nó urrúis ar tugadh deimhniú faoi fho-alt (2) ina leith atá fós in éifeacht, agus | |
[EN] | (b) go n-eiseoidh an chuideachta ina dhiaidh sin aon stoic, scaireanna nó urrúis— | |
[EN] | (i) a thairgfear do shealbhóirí i gcáil shealbhóirí na stoc, na scaireanna nó na n-urrús céadluaite nó cineál áirithe díobh, nó a leithroinnfear orthu, tráth na heisiúna sin ina dhiaidh sin nó timpeall an trátha sin, agus | |
[EN] | (ii) a thairgfear nó a leithroinnfear amhlaidh ar fhoras a ríomhfar de réir sealbhán na sealbhóirí sin faoi seach, | |
[EN] | ansin, chun críocha an ailt seo, measfar na stoic, na scaireanna nó na hurrúis a eiseoidh an chuideachta ina dhiaidh sin mar a dúradh a bheith á n-eisiúnt lena suibscríobh ag an bpobal. | |
[EN] | (6) I gcás— | |
[EN] | (a) ina bhfuil seilbh thairbhiúil ag cuideachta (dá ngairtear an chuideachta shealbhaíochta san fho-alt seo) ar bhreis agus 90 faoin gcéad (de réir luacha ainmniúil) de na stoic, na scaireanna agus na hurrúis a d'eisigh aon chuideachta nó cuideachta eile, | |
[EN] | (b) gur stoic, scaireanna nó urrúis iad sin uile a bheadh cáilithe le haghaidh deimhniú ó na Coimisinéirí Ioncaim faoi fho-alt (2) mura mbeadh mír (b) den fho-alt sin, agus | |
[EN] | (c) gurb í an tsealbhaíocht sin aon-ghnó nó príomh-ghnó na cuideachta sealbhaíochta, | |
[EN] | beidh éifeacht ag fo-ailt (2) agus an fad a mhairfidh na dála sin roimhe seo, i leith stoic, scaireanna agus urrús arna n-eisiúint ag an gcuideachta sealbhaíochta ionann is dá mba chuideachta arb é a trádáil nó a gnó, go hiomlán nó go formhór, earraí monaraithe a tháirgeadh chun a ndíolta an chuideachta shealbhaíochta. | |
[EN] | (7) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo— | |
[EN] | (a) difear do bhailíocht aon deimhnithe faoi alt 329 (2) a eisíodh roimh an 18ú lá d'Iúil, 1957, ná | |
[EN] | (b) i gcás inar eisíodh a leithéid sin de dheimhniú, eisiúint deimhnithe faoi alt 329 (4) a chosc. | |
[EN] | (8) I gcás ina dtabharfar deimhniú faoi fho-alt (2) ní dheonófar faoiseamh ná aisíocaíocht faoi fho-alt (1) maidir le haon díbhinn nó ús ar na stoic, na scaireana nó na hurrúis ab iníochta roimh dháta an deimhnithe. |