An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID XXXIV Aisíoc) Ar Aghaidh (CUID XXXVI Forcháin, Forcháin ar Ioncam Neamhdháilte Cuideachtaí Áirithe agus Forcháin a Bhaint as Díolaíochtaí)

6 1967

AN tACHT CÁNACH IONCAIM, 1967

CUID XXXV

Pionóis agus Measúnachtaí

Cuid XXXV a chur chun feidhme.

[1963, a. 72.]

499. —Beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas den Chuid seo maidir le haon phionóis a thabhófar (trí ghníomh nó trí neamhghníomh) tar éis dáta an Achta seo a rith maidir le haon bhliain mheasúnachta, cibé acu a chríochnaigh sí roimh dháta an Achta seo a rith nó a chríochnóidh sí tar éis an dáta sin.

Pionóis mar gheall ar a mhainniú tuairisceáin, etc., áirithe a thabhairt.

[1963, a. 73.]

500. —(1) I gcás—

(a) ina mbeifear tar éis a cheangal ar dhuine ar bith, trí fhógra nó proiceacht faoi réim nó chun críocha aon cheann de na forálacha a shonraítear i gcolún 1 nó 2 de Sceideal 15, aon tuairisceán, ráiteas, dearbhú, liosta nó doiciméad eile a sheachadadh, aon sonraí a thabhairt, aon doiciméid a thabhairt ar aird nó aon rud áirithe a chur ar fáil lena iniúchadh, agus go mainneoidh sé déanamh de réir an fhógra nó an phroiceachta, nó

(b) go mainneoidh duine ar bith aon ghníomh a dhéanamh, aon sonraí a thabhairt nó aon chuntas a sheachadadh de réir aon cheann de na forálacha a shonraítear i gcolún 3 den Sceideal sin,

ansin, faoi réir fho-alt (2) den alt seo agus alt 503, dlífear fíneáil £100 a chur air agus, má leanann an mhainneachtain tar éis

breithiúnas a bheith tugtha ag an gcúirt arb os a comhair a tionscnaíodh imeachtaí i leith an phionóis, pionós breise £10 in aghaidh gach lae a leanfaidh an mhainneachtain amhlaidh.

(2) I gcás inar tugadh an fógra a dúradh faoi réim nó chun críocha aon fhorála dá sonraítear i gcolún 1 den Sceideal sin agus go leanfaidh an mhainneachtain tar éis deireadh na bliana measúnachta i ndiaidh na bliana a tugadh an fógra, is é a bheidh sa chéad phionós acu sin a luaitear i bhfo-alt (1) £250.

(3) Beidh éifeacht ag na forálacha sin roimhe seo den alt seo faoi réir an choinníll a ghabhann le halt 169 (4) agus an choinníll a ghabhann le halt 178 (1).

Pionós mar gheall ar thuairisceáin mhíchearta, etc., a thabhairt go faillíoch.

[1963, a. 74.]

501. —(1) I gcás ina ndéanfaidh duine go calaoiseach nó go faillíoch—

(a) aon tuairisceán nó ráiteas mícheart a sheachadadh de shórt a luaitear in aon cheann de na forálacha a shonraítear i gcolún 1 de Sceideal 15,

(b) aon tuairisceán, ráiteas nó dearbhú mícheart a dhéanamh i ndáil le haon éileamh ar aon liúntas, asbhaint nó faoiseamh, nó

(c) aon chuntais mhíchearta a chur faoi bhráid na gCoimisinéirí Ioncaim, na gCoimisinéirí Speisialta nó cigire i ndáil le fionnadh a dhliteanais i leith cánach ioncaim nó forchánach,

ansin, faoi réir alt 503, dlífear pionós mar a leanas a chur air—

(i) £100, agus

(ii) oiread, nó, i gcás calaoise, dhá oiread, an difir a shonraítear in alt 502 (1).

(2) Má thugann duine nó má thugann sé ar aird nó má dhéanann sé, go calaoiseach nó go faillíoch, aon tuairisceán, eolas, deimhniú, doiciméad, taifead, ráiteas, sonraí, cuntas nó dearbhú de shórt a luaitear in aon cheann de na forálacha a shonraítear i gcolún 2 nó 3 de Sceideal 15, ansin, faoi réir alt 503, dlífear pionós £100 a chur air, nó, i gcás calaoise, £250.

(3) Má dhéanann duine, nó má chuireann sé isteach, gan chalaois gan fhaillí, aon tuairisceán, ráiteas, dearbhú nó cuntais den sórt a luaitear i bhfo-alt (1) agus go dtabharfaidh sé faoi deara (nó, má bhíonn sé tar éis bháis, go dtabharfaidh a ionad- aithe pearsanta faoi deara) go bhfuil nó go raibh sé nó siad mícheart, ansin, mura gceartófar an earráid gan mhoill neamhréasúnach, measfar chun críocha an ailt seo gur go faillíoch a rinne sé nó a chuir sé isteach an tuairisceán, an ráiteas, an dearbhú nó na cuntais.

(4) Faoi réir alt 504 (2), ní bheidh imeachtaí chun aon phionós faoi fho-alt (1) nó (2) a ghnóthú míthráthach mar gheall ar iad a thionscnamh tar éis an ama a cheadaítear le halt 511.

Forálacha is forlíonadh ar alt 501.

1963, a. 75.]

502. —(1) Is é an difear dá dtagraítear in alt 501 (1) (ii) den Acht seo an difear idir—

(a) méid na cánach is iníoctha in aghaidh na mblianta measúnachta iomchuí ag an duine sin (lena n-áirítear aon mhéid a asbhaineadh ag an mbunadh agus nach inaisíoctha), agus

(b) an méid arbh é an méid ab inioctha amhlaidh é dá mba go raibh an tuarisceán, an ráiteas, an dearbhú nó na cuntais a rinne sé nó a thug sé ceart.

(2) Is iad na blianta measúnachta iomchuí chun críocha fho-alt (1), maidir le haon rud a sheachadfar, a dhéanfar nó a chuirfear isteach aon bhliain mheasúnachta, an bhliain mheasúnachta sin, an chéad bhliain mheasúnachta ina dhiaidh sin agus aon bhliain mheasúnachta roimhe sin; agus folaíonn na tagairtí san fho-alt sin do mhéid na cánach is iníoctha forcháin, ach amháin nach bhfolaíonn siad, maidir le haon rud a rinneadh i ndáil le comhpháirtíocht, aon cháin nach inmhuirir in ainm na comhpháirtíochta.

(3) Chun críocha alt 501, aon chuntais a bheifear tar éis a chur isteach thar ceann duine measfar gurb é an duine sin a chuir isteach iad mura gcruthóidh sé gur gan toiliú uaidh nó gan fhios dó a cuireadh isteach iad.

Pionóis mhéadaithe i gcás comhlacht daoine.

[1963, a. 76.]

503. —(1) Más comhlacht daoine an duine a luaitear in alt 500—

(a) dlífear—

(i) i gcás inar tugadh an fógra faoi réim nó chun críocha aon cheann de na forálacha dá sonraítear i gcolún 1 de Sceideal 15 a ghabhann leis an Acht seo agus go leanfaidh an mhainneachtain tar éis deireadh na bliana measúnachta i ndiaidh na bliana a tugadh an fógra—pionós £1,000, agus

(ii) in aon chás eile—pionós £500,

a chur ar an gcomhlacht daoine agus, má leanann an mhainneachtain tar éis breithiúnas a bheith tugtha ag an gcúirt arb os a comhair a tionscnaíodh imeachtaí i leith an phionóis, dlífear pionós breise £50 a chur air in aghaidh gach lae a leanfadh an mhainneachtain amhlaidh, agus

(b) dlífear pionós mar a leanas a chur ar an rúnaí—

(i) i gcás inar tugadh an fógra faoi réim nó chun críocha aon cheann de na forálacha dá sonraítear i gcolún 1 de Sceideal 15 agus go leanfaidh an mhainneachtain tar éis deireadh na bliana measúnachta i ndiaidh na bliana a tugadh an fógra—£200 de phionós ar leithligh, agus

(ii) in aon chás eile—£100 de phionós ar leithligh.

(2) Más comhlacht daoine an duine a luaitear in alt 501—

(a) i gcás calaois nó faillí den sórt a luaitear in alt 501 (1)—

(i) dlífear pionós mar a leanas a chur ar an gcomhlacht daoine—

(I) £500, agus

(II) oiread, nó, i gcás calaoise, dhá oiread, an difir a shonraítear in alt 502 (1), agus

(ii) dlífear £100, nó, i gcás calaoise, £200, de phionós ar leithligh a chur ar an rúnaí,

(b) i gcás aon chalaois nó faillí den sórt a luaitear i bhfo-alt (2) den alt seo—

(i) dlífear pionós £500, nó, i gcás calaoise, míle punt, a chur ar an gcomhlacht daoine, agus

(ii) dlífear £100, nó, i gcás calaoise, £200, de phionós ar leithligh a chur ar an rúnaí.

(3) Beidh éifeacht ag na forálacha sin roimhe seo den alt seo faoi réir an choinníll a ghabhann le halt 169 (4) agus an choinníll a ghabhann le halt 178 (1), ach thairis sin beidh éifeacht acu d'ainneoin aon ní san Acht seo.

Imeachtaí i gcoinne seiceadóra nó riarthóra.

[1963, a. 77.]

504. —(1) I gcás duine a thabhaigh pionós agus a gheobhaidh bás tar éis dáta an Achta seo a rith, ansin, aon imeachtaí faoin Acht seo a tionscnaíodh nó a fhéadfaí a thionscnamh ina choinne féadfar leanúint leo nó iad a thionscnamh i gcoinne a sheiceadóra nó a riarthóra, de réir mar a bheidh, agus beidh aon phionós a dhámhfar in imeachtaí a leanfar leo nó a thionscnófar amhlaidh ina fhiach a bheidh dlite óna eastát agus iníoctha as.

(2) Féadfar imeachtaí a thionscnófar de bhua fho-alt (1) a thosú tráth ar bith nach déanaí ná trí bliana tar éis deireadh na bliana measúnachta a fuair an duine éagtha bás i gcás inarb í an bhliain sin a deonaíodh probháid nó litreacha riaracháin agus tráth ar bith nach déanaí ná dhá bhliain tar éis deireadh na bliana measúnachta a rinneadh an deonú sin in aon chás eile, ach beidh éifeacht ag na forálacha sin roimhe seo den fho-alt seo faoi réir an choinníll go bhféadfar, i gcás an seiceadóir nó an riarthóir do thaisceadh mionnscríbhinn cheartúcháin chun críche measúnachta dleacht eastáit tar éis na bliana measúnachta a fuair an duine éagtha bás, na himeachtaí a thosú tráth ar bith roimh dheireadh an dá bhliain díreach i ndiaidh deireadh na bliana measúnachta a taisceadh an mhionnscríbhinn cheartúcháin.

Pionós mar gheall ar chabhrú le tuairisceán mícheart, etc., a thabhairt.

[1963, a. 78.]

505. —Duine ar bith a chabhróidh nó a aslóidh chun aon tuairisceán, cuntas, ráiteas, nó dearbhú is eol dó a bheith mícheart a dhéanamh nó a sheachadadh chun aon chríocha cánach ioncaim nó fhorchánach dlífear pionós £500 a chur air.

Fianaise ar ioncam chun críocha Chuid XXXV.

[1963, a. 79.]

506. —Chun críocha na Coda seo, aon mheasúnacht nach féidir a athrú níos faide ag na Coimisinéirí Speisialta ar achomharc ná le hordú ó aon chúirt is leor-fhianaise í gur mar a luaitear sa mheasúnacht a tháinig nó a fuarthas an t-ioncam a muirearaítear cáin ina leith sa mheasúnacht.

Mainniú gníomhú laistigh d'am teoranta.

[1963, a. 82 (2).]

507. —Chun críocha na Coda seo, measfar nár mhainnigh duine aon ní áirithe a dhéanamh a raibh ceangal ann é a dhéanamh laistigh d'am teoranta má rinne sé é laistigh de cibé am breise, más aon am é, a bheidh na Coimisinéirí nó oifigeach iomchuí tar éis a cheadú; agus, i gcás cúis réasúnach a bheith ag duine i dtaobh gan aon ní áirithe a dhéanamh a raibh de cheangal ann é a dhéanamh, measfar nár mhainnigh sé é a dhéanamh má rinne sé é gan mhoill neamhréasúnach tar éis deireadh a bheith leis an gcúis sin.

Pionóis a ghnóthú.

[1963, a. 80.]

1924, Uimh. 10 .

508. —(1) Gan dochar d'aon mhodh eile chun pionós faoin alt seo nó faoi alt 238, 240 nó 296 a ghnóthú, féadfaidh oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim a bheidh údaraithe acu chun críocha an fho-ailt seo agra a dhéanamh ina ainm féin trí imeachtaí sibhialta chun an pionós a ghnóthú san Ard-Chúirt mar shuim leachtaithe agus beidh feidhm dá réir sin ag forálacha alt 94 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 .

(2) I gcás oifigeach a thionscain imeachtaí de bhun an ailt seo, nó a lean leis na himeachtaí de bhua an fho-ailt seo, d'fháil bháis nó do scor ar shlí eile ar aon chúis de bheith ina oifigeach údaraithe chun críocha fho-alt (1)—

(a) beidh deireadh le ceart an oifigigh sin chun leanúint leis na himeachtaí agus dílseoidh an ceart chun leanúint leo do cibé oifigeach eile a bheidh údaraithe amhlaidh agus a ainmneoidh na Coimisinéirí Ioncaim,

(b) i gcás ina n-ainmneofar an t-oifigeach eile sin faoi mhír (a), beidh sé i dteideal dá réir sin é a chur in ionad an oifigigh chéadluaite mar pháirtí sna himeachtaí, agus

(c) i gcás ina ndéanfar oifigeach a chur amhlaidh in ionad oifigigh eile, tabharfaidh sé fógra i scríbhinn don chosantóir gur cuireadh amhlaidh in ionad an oifigigh eile sin é.

(3) In imeachtaí de bhun an ailt seo, beidh deimhniú arna shíniú ag Coimisinéir Ioncaim ag deimhniú na bhfíoras seo a leanas, eadhon, gurb oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim duine áirithe agus go bhfuil sé údaraithe acu chun críocha fho-alt (1) ina fhianaise, nó go gcruthófar a mhalairt, ar na fíorais sin.

(4) In imeachtaí de bhun an ailt seo, beidh deimhniú arna shíniú ag Coimisinéir Ioncaim ag deimhniú na bhfíoras seo a leanas, eadhon, gur scoir an gearánaí de bheith ina oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim a d'údaraigh siad chun críocha fho-alt (1), gurb oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim duine eile, go bhfuil an duine eile sin údaraithe acu chun críocha fho-ailt (1) agus go bhfuil sé ainmnithe acu, maidir leis na himeachtaí, chun críocha fho-alt (2), ina fhianaise, nó go gcruthófar a mhalairt, ar na fíorais sin.

(5) In imeachtaí de bhun an ailt seo, féadfar deimhniú ag deimhniú na bhfíoras dá dtagraítear i bhfo-alt (3) nó (4) den alt seo agus a airbheartóidh a bheith sínithe ag Coimisinéir Ioncaim a thabhairt i bhfianaise gan chruthúnas, agus measfar, nó go gcruthófar a mhalairt, é a bheith sínithe amhlaidh.

(6) Na rialacha den Ard-Chúirt is infheidhmithe de thuras na huaire maidir le himeachtaí sibhialta bainfidh siad, faoi réir an ailt seo, le himeachtaí de bhun an ailt seo.

Mínithe.

[1963, a. 82 (1).]

509. —Sna forálacha roimhe seo den Chuid seo—

folaíonn “measúnacht” measúnacht bhreise;

folaíonn “rúnaí” daoine den sórt a luaitear in alt 207 (2).

Imeachtaí le haghaidh pionós áirithe.

[1931, a. 4.]

510. —D'ainneoin nach féidir méid pionóis is inghnóthaithe faoin Acht seo a fháil amach go cinnte toisc nach bhfuarthas amach go críochnaitheach méid na cánach ar faoina threoir a bheidh an pionós sin le ríomh, féadfar imeachtaí a thionscnamh le haghaidh gnóthú an phionóis sin agus, más rud é, ag éisteacht na n-imeachtaí, nach mbeidh méid na cánach sin faighte amach go críochnaitheach an t-am sin, féadfaidh an Chúirt, más dóigh léi gurb inghnóthaithe an pionós sin, na himeachtaí sin a chur ar atráth agus ní thabharfaidh sí aon bhreithiúnas ná ní dhéanfaidh sí aon ordú i dtaobh íoc an phionóis sin go dtí go mbeidh méid na cánach sin faighte amach go críochnaitheach.

Teorainn ama le haghaidh fineálacha agus pionóis a ghnóthú.

[1925, a. 10 (1).]

511. —Faoi réir alt 504, féadfar imeachtaí chun aon fhíneáil nó pionós a ghnóthú a tabhaíodh faoin Acht seo maidir le nó i ndáil le cáin ioncaim nó forcháin a thosú tráth ar bith laistigh de shé bliana díreach tar éis an dáta a tabhaíodh an fhíneáil nó an pionós sin.

Fíneálacha agus pionóis a mhaolú agus a chur chun feidhme.

[1918, a. 222.]

512. —(1) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, dá rogha féin, aon fhíneáil nó pionós a mhaolú, nó aon imeachtaí le haghaidh a gnóthú a bhac nó a imshocrú, agus féadfaidh siad freisin, tar éis breithiúnais, an fhíneáil nó an pionós a mhaolú tuilleadh nó a loghadh ar fad, agus féadfaidh siad freisin a ordú go ndéanfar aon duine a bheidh príosúnaithe mar gheall ar aon chion a scaoileadh sula mbeidh téarma a phríosúnachta caite. Féadfaidh an tAire Airgeadais aon fhíneáil nó pionós den sórt sin a mhaolú nó a loghadh, roimh an mbreithiúnas nó dá éis.

(2) Na suimeanna airgid ó fhíneálacha, pionóis agus forghéilleadh, agus na costais, na muirir agus na caiteachais go léir is iníoctha i leith an chéanna nó maidir leis an gcéanna faoi seach, tabharfar cuntas iontu do na Coimisinéirí Ioncaim agus íocfar leo iad nó mar a ordóidh siad.

Cumhacht chun pionóis a chur le measúnachtaí.

[1918, a. 223.]

513. —I gcás ina bhforchuirfear ráta méadaithe cánach mar phionós, nó mar chuid de phionós nó mar bhreis air, féadfar an pionós agus an ráta méadaithe cánach a chur leis an measúnacht, agus a bhailiú agus a thobhach mar is féidir aon cháin a bheidh ar áireamh sa mheasúnacht sin a bhailiú agus a thobhach.

Cosaint maidir le himeachtaí coiriúla.

[1918, a. 224.]

514. —Ní dhéanfaidh forálacha an Achta seo difear d'aon imeachtaí coiriúla i leith aon fheileonachta nó oilghnímh.

Fíneáil mar gheall ar oifigigh a bhac ag feidhmiú a ndualgas dóibh.

[1918, a. 225.]

515. —(1) Má dhéanann duine ar bith, leis féin nó trí aon duine a bheidh fostaithe aige, cosc, cur isteach, nó bac—

(a) ar oifigeach nó ar aon duine a bheidh fostaithe maidir le haon dualgas cánach ioncaim agus é ag feidhmiú a dhualgais, nó ag feidhmiú aon cheann de na cumhachtaí nó de na húdaráis a thugtar le dlí don oifigeach nó don duine; nó

(b) ar aon duine a bheidh ag gníomhú i gcabhair ar oifigeach nó ar aon duine a bheidh fostaithe amhlaidh;

tabhóidh sé fíneáil £100 in aghaidh gach ciona den sórt sin.

(2) Gan dochar d'aon mhodh gnóthaithe eile, féadfar imeachtaí a thionscnamh i leith na fíneála a fhorchuirfear faoin alt seo, agus féadfar í a ghnóthú, sa tslí chéanna, agus, i gcás imeachtaí achomaire, leis an gcumhacht achomhairc chéanna, ionann is dá mba fhíneáil nó pionós í faoi aon Acht a bhaineann leis an mál.

Pionós mar gheall ar ráiteas bréagach chun liúntas a fháil.

[1918, a. 227;

1963, a. 14.]

516. —Má dhéanann duine ar bith, d'fhonn aon liúntas, laghdú, lacáiste, nó aisíoc i leith cánach a fháil dó féin nó d'aon duine eile, nó má dhéanann sé go feasach in aon tuairisceán maidir le cáin, aon ráiteas bréagach nó uiríoll bréagach, dlífear, ar é a chiontú go hachomair, príosúnacht a chur go ceann téarma nach faide ná sé mhí agus dlífear príosúnacht a chur, freisin, mar a dúradh ar dhuine ar bith má chabhraíonn nó má neartaíonn sé le duine eile, nó má ghríosann nó má aslaíonn sé duine eile, go feasach agus go toiliúil, chun cuntas, tuairisceán, liosta, dearbhú nó ráiteas, bréagach nó calaoiseach, a dhéanamh nó a sheachadadh maidir le maoin, brabúis nó gnóchain nó maidir le cáin.

An tréimhse le haghaidh imeachtaí achomaire áirithe.

[1963, a. 15.]

1851, c. 93.

517. —D'ainneoin fo-alt (4) d'alt 10 den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, féadfar imeachtaí achomaire faoi alt 128, 173, 413 nó 516 a thionscnamh laistigh de thrí bliana ón dáta a rinneadh an cion nó a tabhaíodh an pionós (cibé acu é).

Fianaise bhréagach: pionós mar a bhíonn i gcás mionnú éithigh.

[1918, a. 228.]

518. —Má dhéanann duine ar bith, ar aon scrúdú faoi mhionn, nó in aon mhionnscríbhinn nó teistíocht a údaraítear leis an Acht seo, fianaise bhréagach a thabhairt go toiliúil agus go héillitheach, nó aon ábhar nó ní a dhearbhú go toiliúil agus go héillitheach atá bréagach beidh sé, ar é a chiontú, faoi réir agus faoi dhliteanas an phionóis sin a mbíonn daoine a chiontaítear i mionnú éithigh faoina réir agus faoina ndliteanas.

Teorainn le pionóis ar oifigigh atá ar fostú ag forghníomhú an Achta.

[1918, a. 229.]

519. —(1) Aon choimisinéir, sirriam, cláraitheoir contae, cléireach, cigire, measúnóir, nó Bailitheoir a ghníomhaíonn, nó atá fostaithe, ag forghníomhú an Achta seo, ní dhlífear aon phionós a chur air maidir leis an bhforghníomhú sin seachas mar a fhoráiltear leis an Acht seo.

(2) I gcás ina ndéanfar, mar gheall ar aon earraí a urghabháil nó a choinneáil, aon imeacht shibhialta nó choiriúil i gcoinne aon oifigigh nó duine a bheidh fostaithe i ndáil le haon dleacht chánach ioncaim a thabhairt chun trialach agus go dtabharfar fíorasc nó breithiúnas ar an gcéanna i gcoinne an chosantóra, má dheimhníonn an chúirt nó an breitheamh gur dócha go raibh cúis leis an urghabháil, ní bheidh an gearánaí i dteideal aon damáistí, seachas na hearraí a urghabhadh, nó a luach, ná i dteideal aon chostas, agus ní dhlífear aon phionós a chur ar an gcosantóir.

Diúltú asbhaint chánach a lamháil.

[1918, r. Gin. 23.]

520. —(1) Duine ar bith a dhiúltóidh asbhaint cánach a lamháil a údaraítear leis an Acht seo a dhéanamh as aon íocaíocht, forghéillfidh sé suim £50.

(2) Gach comhaontú maidir le hús, cíos, nó íocaíocht bhliantúil eile a íoc go hiomlán gan aon asbhaint den sórt sin a lamháil beidh sé ar neamhní.

Inghlacacht ráiteas agus doiciméad in imeachtaí coiriúla agus imeachtaí cánach.

[1958, a. 4.]

521. —(1) Aon ráitis a dhéanfaidh duine nó a dhéanfar thar a cheann nó aon doiciméid a thabharfaidh sé ar aird nó a thabharfar ar aird thar a cheann, ní hinghlactha iad in aon imeachtaí den sórt a luaitear i bhfo-alt (2), de bhíthin amháin gur cuireadh in iúl dó—

(a) maidir le cáin ioncaim nó forcháin, go bhféadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim glacadh le socraíochtaí airgid in ionad imeachtaí a thionscnamh, agus

(b) cé nach féidir aon ghealltanas a thabhairt go nglacfaidh nó nach nglacfaidh na Coimisinéirí Ioncaim le socraíocht mar sin i gcás aon duine áirithe, gur gnách go dtéann sé i bhfeidhm ar na Coimisinéirí Ioncaim má rinne an duine sin admháil iomlán ar aon chalaois nó mainneachtain a raibh sé ina pháirtí inti, agus má thug sé saoráidí iomlána le haghaidh imscrúdaithe,

agus go ndearnadh nó go bhféadfadh go ndearnadh é a aslú tríd sin chun na ráitis a dhéanamh nó a doiciméid a thabhairt ar aird.

(2) Is iad na himeachtaí dá dtagraítear i bhfo-alt (1):

(a) imeachtaí coiriúla i gcoinne an duine a bheidh i gceist mar gheall ar aon sórt calaoise nó mainneachtana toiliúla i ndáil le nó maidir le cáin ioncaim nó forcháin, agus

(b) aon imeachtaí ina choinne chun aon suim atá dlite de a ghnóthú uaidh, ar mhodh cánach, fíneála, forghéillte nó pionóis, i ndáil le nó maidir le cáin ioncaim nó forcháin.