An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN CHEAD SCEIDEAL COINBHINSIUN VINE AR CHAIDREAMH TAIDHLEOIREACHTA) Ar Aghaidh (AN TRIU SCEIDEAL. COINBHINSIUN AR PHRIBHLEIDI AGUS AR DHIOLUINTI NA NAISIUN AONTAITHE.)

8 1967

AN tACHT UM CHAIDREAMH AGUS DÍOLÚINE TAIDHLEOIREACHTA, 1967

AN DARA SCEIDEAL

COINBHINSIUN VINE AR CHAIDREAMH CONSALACHTA

Tá na Stáit is Páirtithe sa Choinbhinsiún seo,

Ag meabhrú dóibh go bhfuil Caidreamh Consalachta bunaithe idir pobail anallód,

Ag cuimhneamh dóibh ar Chríocha agus Prionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe maidir le Comhionannas Ceannasach Stát, ar an tsíocháin agus an tslándáil idirnaisiúnta a chothabháil, agus ar chaidhreamh cairdiúil a chur ar aghaidh idir náisiúin,

á bhreithniú dóibh gur ghlac Comhdháil na Náisiún Aontaithe ar Idirghnóthaíocht agus Díolúintí Taidhleoireachta le Coinbhinsiún Víne ar Chaidreamh Taidhleoireachta a osclaíodh lena shíniú 18 Aibreán, 1961,

á chreidiúint dóibh go gcabhródh coinbhinsiún idirnáisiúnta ar chaidreamh, pribhléidí agus díolúintí consalachta freisin le Caidreamh Cairdiúil a fhorbairt i measc náisiún, ar neamhspleidh leis an éagsúlacht idir a gcórais bhunreachtúla agus shóisialaigh,

á thuiscint dóibh nach é leas daoine aonair is críoch do phribhléidí agus díolúintí den sórt sin ach a áirithiú go gcomhlíonfaidh poist chonsalachta feidhmeanna go héifeachtach thar ceann a Stát faoi seach,

á dhearbhú dóibh go leanfaidh ábhair nach rialaítear go sainráite le forálacha an Choinbhinsiúin seo faoi bhrí rialacha an dlí idirnáisiúnta ghnáich,

Tar éis comhaontú mar a leanas:

Airteagal 1.

Mínithe.

Chun críocha an Choinbhinsiúin seo, beidh na bríonna a shanntar dóibh anseo síos ag na habairtí seo a leanas:

(a) ciallaíonn “post consalachta” aon ard-chonsalacht, consalacht, leas-chonsalacht nó gníomhaireacht consalachta;

(b) ciallaíonn “ceantar consalachta” an limistéar atá sannta do phost consalachta chun feidhmeanna consalachta a fheidhmhiú;

(c) ciallaíonn “ceann poist chonsalachta” an duine ar a bhfuil sé curtha de dhualgas gníomhú sa cháil sin;

(d) ciallaíonn “oifigeach consalachta” aon duine, lena n-áirítear ceann poist chonsalachta, a bhfuil sé curtha ar a iontaobh sa cháil sin feidhmeanna consalachta a fheidhmiú;

(e) ciallaíonn “fostaí consalachta” aon duine atá ar fostú i seirbhís riaracháin nó teicniúla phoist chonsalachta;

(f) ciallaíonn “comhalta den fhoireann sheirbhíse” aon duine atá ar fostú i seirbhís tís phoist chonsalachta;

(g) ciallaíonn “comhaltaí an phoist chonsalachta” oifigigh chonsalachta, fostaithe consalachta, agus comhaltaí na foirne seirbhíse;

(h) ciallaíonn “comhaltaí na foirne consalachta” oifigigh chonsalachta, seachas ceann poist chonsalachta, fostaithe consalachta agus comhaltaí na foirne seirbhíse;

(i) ciallaíonn “comhalta den fhoireann phríobháideach” duine atá ar fostú go heisiatach i seirbhís phríobháideach comhalta den phost consalachta;

(j) ciallaíonn “áitreabh consalachta” na foirgnimh nó codanna d'fhoirgnimh agus an talamh a ghabhann leis an gcéanna, is cuma cé leis, a úsáidtear go heisiatach chun críocha an phoist chonsalachta;

(k) folaíonn “cartlann chonsalachta” páipéir, doiciméid, comhfhreagras, leabhair, scannáin, téipeanna agus cláir uile an phoist chonsalachta, mar aon leis na rúnscríbhinní agus na cóid, na treoirchártaí agus aon bhall troscáin atá ceaptha lena gcaomhnú nó lena slánchoimeád.

2. Tá dhá aicme oifigeach consalachta ann, is é sin, oifigigh chonsalachta ghairme agus oifigigh chonsalachta oinigh. Baineann forálacha Chaibidil II den Choinbhinsiún seo le poist chonsalachta a bhfuil oifigigh chonsalachta ghairme i gceannas orthu; rialaíonn forálacha Chaibidil III poist chonsalachta arb oifigigh chonsalachta oinigh atá i gceannas orthu.

3. Rialaíonn Airteagal 71 den Choinbhinsiún seo stádas áirithe comhaltaí post consalachta is náisiúnaigh den Stát glacaidh nó arb ann atá buanchónaí orthu.

CAIBIDIL I. CAIDREAMH CONSALACHTA I gCOITINNE.

ROINN I. CAIDREAMH CONSALACHTA A BHUNU AGUS A SHEOLADH.

Airteagal 2.

Caidreamh consalachta a bhunú.

1. Is de chomhthoiliú a bhunaítear caidreamh consalachta idir Stáit.

2. An toiliú le caidreamh taidhleoireachta a bhunú idir Stáit toimhdíonn sé, mura ndeirtear a mhalairt, toiliú le caidreamh consalachta a bhunú.

3. Ní dhéanfaidh caidreamh taidhleoireachta a théarbhadh caidreamh consalachta a théarbhadh ipso facto.

Airteagal 3.

Feidhmeanna consalachta a fheidhmiú.

Poist chonsalachta a fheidhmíonn feidhmeanna consalachta. Feidhmíonn misiúin thaidhleoireachta iad freisin de réir forálacha an Choinbhinsiúin seo.

Airteagal 4.

Post Consalachta a bhunú.

1. Is le toiliú an Stáit ghlacaidh a dhéanfar, agus ní dhéanfar gan an toiliú sin, post consalachta a bhunú i gcríoch an Stáit sin.

2. Socróidh an Stát sallchuir, faoi réir chead an Stáit ghlacaidh, suíochán, aicmiú agus ceantar consalachta an phoist chonsalachta.

3. Aon athruithe a dhéanfar ina dhiaidh sin ar shuíochán, aicmiú nó ceantar consalachta an phoist chonsalachta is le toiliú an Stáit ghlacaidh a dhéanfar iad agus ní dhéanfar iad gan an toiliú sin.

4. Ní mór freisin toiliú an Stáit ghlacaidh más mian le hardchonsalacht nó consalacht leas-chonsalacht nó gníomhaireacht chonsalachta a oscailt i limistéar seachas an limistéar ina bhfuil sé féin bunaithe.

5. Ní mór toiliú sainráite roimh ré a fháil ón Stát glacaidh chun oifig a bheidh ina cuid de phost consalachta atá ann cheana féin a oscailt in áit seachas ag suíochán an phoist sin.

Airteagal 5.

Feidhmeanna consalachta.

Is iad is feidhmeanna consalachta ann:

(a) leasanna náisiúnach an Stáit shallchuir agus a náisiúnach, idir phearsana aonair agus chomhlachta corpraithe a chaomhnú sa Stát glacaidh, laistigh de na teorainneacha a cheadaíonn an dlí idirnáisiúnta;

(b) forbairt caidreamh tráchtála, eacnamaíochta, cultúir agus eolaíochta idir an Stát sallchuir agus an Stát glacaidh a chur ar aghaidh agus, freisin, caidreamh cairdiúil a chur ar aghaidh eatarthu de réir forálacha an Choinbhinsiúin seo;

(c) dálaí agus forbairtí i saol tráchtála, eacnamaíochta, cultúir agus eolaíochta an Stáit ghlacaidh a fháil amach ar gach slí dhleathach, agus an céanna a thuairisciú do Rialtas an Stáit shallchuir agus eolas a thabhairt do dhaoine leasmhara;

(d) pasanna agus doiciméid taistil a eisiúint chun náisiúnach den Stát sallchuir, agus víosaí nó doiciméid iomchuí a eisiúint chun daoine ar mian leo taisteal chun an Stáit shallchuir;

(e) cabhair agus cúnamh a thabhairt do náisiúnaigh, idir phearsana aonair agus chomhlachtaí corpraithe, den Stát sallchuir;

(f) gníomhú mar nótaire agus cláraitheoir sibhialta agus i gcáileanna den sórt céanna, agus feidhmeanna áirithe de ghné riaracháin a chomhlíonadh ar choinníoll nach bhfuil aon ní contrártha dó sin i ndlíthe agus rialacháin an Stáit ghlacaidh;

(g) cosaint a dhéanamh ar leasanna náisiúnach, idir phearsana aonair agus chomhlachtaí corpraithe, den Stát sallchuir i gcásanna comharbais mortis causa i gcríoch an Stáit ghlacaidh, de réir dlíthe agus rialachán an Stáit ghlacaidh;

(h) caomhnú a dhéanamh, laistigh de na teorainneacha a fhorchuireann dlíthe agus rialacháin an Stáit ghlacaidh, ar leasanna mionaoiseach agus daoine eile ar easpa inniúlachta iomláine is náisiúnaigh den Stát sallchuir, go háirithe i gcás inar gá caomhnóireacht nó iontaobhaíocht maidir le daoine den sórt sin;

(i) faoi réir na gcleachtas agus na nós imeachta sa Stát glacaidh, ionadaíocht a dhéanamh, nó dlús a chur le hionadaíocht iomchuí a dhéanamh, do náisiúnaigh den Stát sallchuir os comhair binsí agus údarás eile de chuid an Stáit ghlacaidh d'fhonn go ndéanfar, de réir dlíthe agus rialacháin an Stáit ghlacaidh, beartanna sealadacha chun ceartanna agus leasanna na náisiúnach sin a shlánchoimeád i gcásanna nach bhfuil náisiúnaigh den sórt sin, mar gheall ar bheith as láthair nó cúis éigin eile, ábalta, an tráth cuí dul i mbun a gcearta agus a leasanna a chosaint;

(j) tarchur doiciméad breithiúnach agus doiciméad seachbhreithiúnach, nó forghníomhú litreacha rogáide nó coimisiún chun fianaise a ghlacadh do chúirteanna an Stáit shallchuir de réir comhaontuithe idirnáisiúnta a bheidh i bhfeidhm, nó mura mbeidh comhaontuithe den sórt sin ann, in aon slí eile ar comhréir le dlíthe agus rialacháin an Stáit ghlacaidh;

(k) feidhmiú cearta maoirseachta agus iniúchaidh dá bhforáiltear i ndlíthe agus rialacháin an Stáit shallchuir maidir le hárthaí ag a bhfuil náisiúntacht an Stáit shallchuir, agus maidir le haerárthaí atá cláraithe sa Stát sin, agus maidir lena bhfoirne;

(l) cúnamh a thabhairt d'árthaí agus d'aerárthaí a luaitear i bhfomhír (k) den Airteagal seo agus dá bhfoirne, ráitis a ghlacadh i dtaobh turas árthaigh, páipéir na loinge a scrúdú agus a stampáil agus, gan dochar do chumhachtaí údarás an Stáit ghlacaidh, fiosruithe a sheoladh i dtaobh aon teagmhais a tharla le linn an turais agus díospóidí d'aon sórt idir an máistir, na hoifigigh agus na mairnéalaigh a shocrú a mhéid a údaraítear sin le dlíthe agus rialacháin an Stáit shallchuir;

(m) aon fheidhmeanna eile a chomhlíonadh a chuirfidh an Stát sallchuir de chúram ar phost consalachta agus nach bhfuil toirmiscthe le dlíthe agus rialacháin an Stáit ghlacaidh nó nach gcuirfidh an Stát glacaidh ina gcoinne nó dá dtagraítear i gcomhaontuithe idirnáisiúnta atá i bhfeidhm idir an Stát sallchuir agus an Stát glacaidh.

Airteagal 6.

Feidhmeanna consalachta a fheidhmiú lasmuigh den cheantar consalachta.

Féadfaidh oifigeach consalachta, in imthosca áirithe, le toiliú an Stáit ghlacaidh, a fheidhmeanna a fheidhmiú lasmuigh dá cheantar consalachta.

Airteagal 7.

Feidhmeanna consalachta a fheidhmiú i dtríú Stát.

Féadfaidh an Stát sallchuir, tar éis fógra a thabhairt do na Stáit lena mbaineann, a chur de chúram ar phost consalachta atá bunaithe i Stát áirithe feidhmeanna consalachta a fheidhmiú i Stát eile, mura ndéanfaidh ceann de na Stáit lena mbaineann agóid shainráite.

Airteagal 8.

Feidhmeanna consalachta a fheidhmiú thar ceann tríú Stát.

Ar fhógra iomchuí a thabhairt don Stát glacaidh, féadfaidh post consalachta de chuid an Stáit shallchuir, mura gcuirfidh an Stát glacaidh ina choinne, feidhmeanna consalachta a fheidhmiú sa Stát glacaidh thar ceann tríú Stát.

Airteagal 9.

Aicmí cinn phoist chonsalachta.

1. Tá cinn phoist chonsalachta roinnte i gceithre aicme, is é sin:

(a) ard-chonsail;

(b) consail;

(c) leas-chonsail;

(d) gníomhairí consalachta.

2. Ní shrianann mír 1 den Airteagal seo ar aon slí ceart aon cheann de na Páirtithe Conarthacha oifigigh chonsalachta, seachas cinn phoist chonsalachta, a ainmniú.

Airteagal 10.

Cinn phoist chonsalachta a cheapadh agus a ligean chun feidhmithe.

1. Ceapann an Stát sallchuir cinn phoist chonsalachta agus ligeann an Stát glacaidh chun a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh iad.

2. Faoi réir forálacha an Choinbhinsiúin seo, déantar na foirmiúlachtaí chun ceann poist chonsalachta a cheapadh agus a ligean chun feidhmithe a chinneadh le dlíthe, rialacháin agus gnása an Stáit shallchuir agus an Stáit ghlacaidh faoi seach.

Airteagal 11.

An coimisiún consalachta nó fógra ceapacháin.

1. Tabharfaidh an Stát sallchuir do cheann poist chonsalachta doiciméad, ar mhodh coimisiúin nó ionstraime dá shórt, a dhéanfar amach le haghaidh gach ceapacháin, a dheimhneoidh a cháil agus a inseoidh, de ghnáthriail, a ainm go hiomlán, a earnáil agus a aicme, an ceantar consalachta agus suíochán an phoist chonsalachta.

2. Déanfaidh an Stát sallchuir an coimisiún nó an ionstraim dá shórt a tharchur tríd an meán taidhleoireachta nó meán iomchuí eile go dtí Rialtas an Stáit arb ina chríoch a fheidhmeoidh ceann poist chonsalachta a fheidhmeanna.

3. Má aontaíonn an Stát glacaidh, féadfaidh an Stát sallchuir fógra ina mbeidh na sonraí a éilíonn mír 1 den Airteagal seo a chur chun an Stáit ghlacaidh in ionad coimisiúin nó ionstraime dá shórt.

Airteagal 12.

An Exequatur.

1. Ligtear ceann poist chonsalachta chun a fheidhmeanna a fheidhmiú trí údarás ón Stát glacaidh ar a dtugtar exequatur, cibé foirm ina mbíonn an t-údarás sin.

2. Aon Stát a dhiúltóidh exequatur a thabhairt ní bheidh d'oibleagáid air cúiseanna faoin diúltú sin a thabhairt don Stát sallchuir.

3. Faoi réir forálacha Airteagail 13 agus 15, ní rachaidh ceann poist chonsalachta i mbun a dhualgas go dtí go mbeidh exequatur faighte aige.

Airteagal 13.

Cinn phoist chonsalachta a ligean chun feidhmithe go sealadach.

Go dtí go seachadfar an exequatur, féadfar ceann poist chonsalachta a ligean, ar fhoras sealadach, chun a fheidhmeanna a fheidhmiú. Sa chás sin, beidh feidhm ag forálacha an Choinbhinsiúin seo.

Airteagal 14.

Fógra d'údaráis an cheantair chonsalachta.

A luaithe a ligfear ceann poist chonsalachta, go sealadach féin, chun a fheidhmeanna a fheidhmiú, tabharfaidh an Stát glacaidh fógra láithreach d'údaráis inniúla an cheantair chonsalachta. Áiritheoidh sé freisin go ndéanfar na bearta is gá chun a chumasú do cheann poist chonsalachta dualgais a oifige a dhéanamh agus sochar forálacha ar Choinbhinsiúin seo a bheith aige.

Airteagal 15.

Feidhmeanna cheann poist chonsalachta a fheidhmiú go sealadach.

1. Má bhíonn ceann poist chonsalachta neamhábalta a fheidhmeanna a chomhlíonadh nó má bhíonn post cheann poist chonsalachta folamh, féadfaidh ceann gníomhaitheach poist gníomhú go sealadach mar cheann an phoist chonsalachta.

2. Déanfaidh misiún taidhleoireachta an Stáit shallchuir nó, mura bhfuil misiún den sórt sin ag an Stát sin sa Stát glacaidh, ceann an phoist chonsalachta, nó, má bhíonn sé neamhábalta é a dhéanamh, aon údarás inniúil de chuid an Stáit shallchuir, ainm iomlán an chinn ghníomhaithigh phoist a fhógairt d'Aireacht Gnóthaí Coigríche an Stáit ghlacaidh nó don údarás a ainmneoidh an Aireacht sin. Tabharfar, de ghnáthriail, an fógra sin roimh ré. Féadfaidh an Stát glacaidh a thoiliú a chur mar choinníoll le duine a ligean chun gníomhú mar cheann gníomhaitheach poist is duine nach gníomhaire taidhleoireachta ná oifigeach consalachta de chuid an Stáit shallchuir sa Stát glacaidh.

3. Tabharfaidh údaráis inniúla an Stáit ghlacaidh cúnamh agus caomhnú don cheann poist gníomhaitheach. An fad a bheidh sé i gcúram an phoist beidh feidhm ag forálacha an Choinbhinsiúin seo maidir leis ar an bhforas céanna le ceann an phoist chonsalachta lena mbainfidh. Ní bheidh an Stát glacaidh, áfach, faoi oibleagáid aon saoráid, pribhléid ná díolúine a thabhairt do cheann cheann gníomhaitheach poist nach dteachtann ceann an phoist chonsalachta ach amháin faoi réir coinníollacha nach gcomhallann an ceann gníomhaitheach poist.

4. Nuair a dhéanfaidh an Stát sallchuir, sna himthosca dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, comhalta d'fhoireann taidhleoireachta de mhisiún taidhleoireachta an Stáit shallchuir sa Stát glacaidh a ainmniú mar cheann gníomhaitheach poist, leanfaidh sé, mura gcuirfidh an Stát glacaidh ina choinne, de phribhléidí agus díolúintí taidhleoireachta a theachtadh.

Airteagal 16.

Tosaíocht amhail idir cinn phoist chonsalachta.

1. Beidh tosaíocht i ngach aicme ag cinn phoist chonsalachta de réir dáta an exequatur a thabhairt.

2. Más rud é, áfach, go ligfear ceann poist chonsalachta chun a fheidhmeanna a fheidhmiú go sealadach sula bhfaighidh sé an exequatur, cinnfear a thosaíocht de réir an dáta a ligeadh chun feidhmithe go sealadach é; leanfaidh don tosaíocht sin tar éis an exequatur a thabhairt.

3. Déanfar an t-ord tosaíochta amhail idir beirt nó níos mó is cinn phost consalachta a fuair an exequatur nó a ligeadh chun feidhmithe go sealadach an lá céanna a chinneadh de réir na ndátaí ar a ndearnadh a gcoimisiúin nó ionstraimí dá sórt nó na fógraí dá dtagraítear i mír 3 d'Airteagal 11 a thíolacadh don Stát glacaidh.

4. Tiocfaidh cinn phost ghníomhaitheacha i ndiaidh na gceann post consalachta uile sa réim tosaíochta agus, amhail eatarthu féin, beidh tosaíocht acu de réir na ndátaí a chuadar i mbun a bhfeidhmeanna mar chinn phost ghníomhaitheacha mar bhí sna fógraí a tugadh faoi mhír 2 d'Airteagal 15.

5. Oifigigh chonsalachta oinigh is cinn phost consalachta tiocfaidh siad i ngach aicme i ndiaidh cinn phost consalachta ghairme sa réim tosaíochta san ord agus de réir na rialacha atá leagtha síos sna míreanna sin roimhe seo.

6. Beidh tosaíocht ag cinn phost consalachta ar oifigigh chonsalachta nach bhfuil an stádas sin acu.

Airteagal 17.

Gníomhartha taidhleoireachta ag oifigigh chonsalachta.

1. I Stát nach bhfuil misiún taidhleoireachta ann ag an Stát sallchuir agus gan ionadaíocht á dhéanamh dó ag misiún taidhleoireachta tríú Stát, féadfar, le toiliú an Stáit ghlacaidh, údarás a thabhairt d'oifigeach consalachta, gan difear a dhéanamh dá stádas consalachta, gníomhartha taidhleoireachta a dhéanamh. Ní thabharfaidh gníomhartha den sórt sin ag oifigeach consalachta aon cheart dó pribhléidí agus díolúintí taidhleoireachta a éileamh.

2. Féadfaidh oifigeach consalachta, tar éis fógra a dhíreofar chun an Stáit ghlacaidh, gníomhú mar ionadaí an Stáit shallchuir chun aon eagraíochta idir-rialtasach. Nuair a bheidh sé ag gníomhú amhlaidh, beidh sé i dteideal aon phribhléidí agus díolúintí a theachtadh a thugtar d'ionadaí den sórt sin de réir an dlí idirnáisiúnta ghnáich nó de réir comhaontuithe idirnáisiúnta; ach, maidir le haon fheidhm chonsalachta a fheidhmiú aige, ní bheidh sé i dteideal aon díolúine níos mó ó dhlínse ná mar atá oifigeach consalachta i dteideal faoin gCoinbhinsiún seo.

Airteagal 18.

An duine céanna a cheapadh ag dhá Stát nó níos mó mar oifigeach consalachta.

Féadfaidh dhá Stát nó níos mó, le toiliú an Stáit ghlacaidh, an duine céanna a cheapadh mar oifigeach consalachta sa Stát sin.

Airteagal 19.

Comhaltaí fhoireann chonsalachta a cheapadh.

1. Faoi réir forálacha Airteagail 20, 22 agus 23, féadfaidh an Stát sallchuir comhaltaí na foirne consalachta a cheapadh go saorálach.

2. Cuirfidh an Stát sallchuir ainm iomlán, earnáil agus aicme gach oifigigh chonsalachta, seachas ceann poist chonsalachta, in iúl don Stát glacaidh sách luath chun go bhfeidhmeoidh an Stát glacaidh, más mian leis, a chearta faoi mhír 3 d'Airteagal 23.

3. Féadfaidh an Stát sallchuir, má cheanglaíonn a dhlíthe agus a rialacháin é, a iarraidh ar an Stát glacaidh exequatur a thabhairt d'oifigeach consalachta seachas ceann poist chonsalachta.

4. Féadfaidh an Stát glacaidh, má cheanglaíonn a dhlíthe agus a rialacháin é, exequatur a thabhairt d'oifigeach consalachta seachas ceann poist chonsalachta.

Airteagal 20.

Méid na foirne consalachta.

Mura mbeidh comhaontú sainráite ann i dtaobh méid na foirne consalachta, féadfaidh an Stát glacaidh a cheangal go gcoimeádfar méid na foirne laistigh de na teorainneacha a measfaidh sé gur teorainneacha réasúnacha gnácha iad, ag féachaint d'imthosca agus do dhálaí sa cheantar consalachta agus do riachtanais an phoist chonsalachta áirithe.

Airteagal 21.

Tosaíocht idir oifigigh chonsalachta phoist chonsalachta.

Déanfaidh misiún taidhleoireachta an Stáit shallchuir nó, mura bhfuil aon mhisiún den sórt ag an Stát sin sa Stát glacaidh, ceann an phoist chonsalachta, an t-ord tosaíochta amhail idir oifigigh chonsalachta phoist chonsalachta agus aon athrú ar an gcéanna a chur in iúl d'Aireacht Gnóthaí Coigríche an Stáit ghlacaidh nó don údarás a ainmneoidh an Aireacht sin.

Airteagal 22.

Náisiúntacht oifigeach consalachta.

1. Is ceart ó phrionsabal gur náisiúnaigh den Stát sallchuir oifigigh chonsalachta.

2. Ní fhéadfar oifigigh chonsalachta a cheapadh as daoine is náisiúnaigh den Stát glacaidh ach amháin le toiliú sainráite an Stáit sin, toiliú is féidir a tharraingt siar aon tráth.

3. Féadfaidh an Stát glacaidh an ceart céanna a fhorcoimeád maidir le náisiúnaigh tríú Stát nach náisiúnaigh den Stát sallchuir freisin.

Airteagal 23.

Daoine a dhearbhófar a bheith non grata.

1. Féadfaidh an Stát glacaidh aon tráth fógra a thabhairt don Stát sallchuir gur persona non grata oifigeach consalachta áirithe nó nach inghlactha aon chomhalta áirithe eile den fhoireann chonsalachta. Má bhíonn sin amhlaidh, déanfaidh an Stát sallchuir, de réir mar a bheidh, an duine lena mbainfidh a tharraingt siar nó a fheidhmeanna leis an bpost consalachta a fhoirceannadh.

2. Má dhiúltaíonn nó má mhainníonn an Stát sallchuir laistigh de thréimhse réasúnach a oibleagáidí faoi mhír 1 den Airteagal seo a chomhlíonadh, féadfaidh an Stát glacaidh, de réir mar a bheidh, an exequatur a tharraingt siar ón duine lena mbainfidh nó scor dá a mheas gur comhalta den fhoireann chonsalachta é.

3. Aon duine a cheapfar mar chomhalta de phost consalachta féadar a dhearbhú nach inghlactha é roimh theacht dó isteach i gcríoch an Stáit ghlacaidh nó, má bhíonn sé sa Stát glacaidh cheana féin, roimh dhul i mbun a dhualgas dó leis an bpost consalachta. In aon chás den sórt sin, tarraingeoidh an Stát sallchuir siar a cheapachán.

4. Sna cásanna a luaitear a míreanna 1 agus 3 den Airteagal seo, níl d'oibleagáid ar an Stát glacaidh cúiseanna faoina chinneadh a thabhairt don Stát sallchuir.

Airteagal 24.

Fógra don Stát glacaidh faoi cheapacháin, teacht agus imeacht.

1. Tabharfar fógra d'Aireacht Gnóthaí Coigríche an Stáit ghlacaidh nó don údarás a ainmneoidh an Aireacht sin faoin méid seo a leanas:

(a) ceapadh comhaltaí de phost consalachta, a dteacht tar éis a gceaptha chun an phoist chonsalachta, a n-imeacht deiridh nó foirceannadh a bhfeidhmeanna agus aon athruithe eile a dhéanann difear dá stádas agus a tharlóidh i gcúrsa a seirbhíse leis an bpost consalachta;

(b) teacht agus imeacht deiridh duine de theaghlach comhalta de phost consalachta is cuid dá líon tí agus, i gcás inar iomchuí, go bhfuil duine tar éis teacht chun bheith, nó tar éis scor de bheith, ina dhuine den sórt sin den teaghlach;

(c) teacht agus imeacht deiridh comhaltaí den fhoireann phríobháideach agus, mar is iomchuí, foirceannadh a seirbhíse mar chomhaltaí den sórt sin;

(d) fruiliú agus urscaoileadh daoine a chónaíonn an Stát mar chomhaltaí de phost consalachta nó mar chomhaltaí den fhoireann phríobháideach atá i dteideal pribhléidí agus díolúintí.

2. I gcásanna inar féidir sin, tabharfar fógra roimh ré faoi theacht agus faoi imeacht deiridh.

ROINN II. DEIREADH LE FEIDHMEANNA CONSALACHTA.

Airteagal 25.

Feidhmeanna comhalta de phost consalachta a fhoirceannadh.

Beidh deireadh le feidhmeanna comhalta de phost consalachta inter alia:

(a) ar an Stát sallchuir á chur in iúl don Stát glacaidh go bhfuil deireadh lena fheidhmeanna;

(b) ar an exequatur a tharraingt siar;

(c) ar an Stát glacaidh á chur in iúl don Stát sallchuir go bhfuil scortha ag an Stát glacaidh dá a mheas gur comhalta den phost consalachta é.

Airteagal 26.

Imeacht as críoch an Stáit ghlacaidh.

Tabharfaidh an Stát glacaidh, fiú i gcás coinbhleacht faoi airm, do chomhalta poist chonsalachta agus do chomhaltaí na foirne príobháidí, seachas náisiúnaigh den Stát glacaidh, agus do dhaoine dá dteaghlaigh is cuid dá líon tí is cuma faoi náisiúntacht, an t-am agus na saoráidí is gá chun a chur ar a gcumas ullmhú chun imeachta agus imeacht a luaithe is féidir tar éis feidhmeanna na gcomhaltaí a bheidh i gceist a fhoirceannadh. Cuirfidh sé, go háirithe, má bhíonn gá leis, cóir iompair ar fáil dóibh a bheidh ag teastáil uathu féin agus óna maoin seachas maoin a fuarthas sa Stát glacaidh agus a bhfuil a onnmhairiú toirmiscthe tráth na himeachta.

Airteagal 27.

Cosaint d'áitreabh agus do chartlann chonsalachta agus do leasanna an Stáit shallchuir in imthosca neamhghnácha.

Má théarbhtar caidreamh consalachta idir dhá Stát:

(a) déanfaidh an Stát glacaidh, fiú amháin i gcás coinbhleacht faoi airm, an t-áitreabh consalachta, mar aon le maoin an phoist chonsalachta agus cartlann na consalachta a urramú agus a chaomhnú;

(b) féadfaidh an Stát sallchuir áitreabh na consalachta mar aon leis an maoin a bheidh ann agus cairtlann na consalachta a chur faoi chúram tríú Stát is inghlactha ag an Stát glacaidh;

(c) féadfaidh an Stát sallchuir caomhnú a leasanna agus leasanna a náisiúnach a chur faoi chúram tríú Stát is inghlactha ag an Stát glacaidh.

2. I gcás ina ndúnfar go sealadach nó go buan post consalachta, beidh feidhm ag forálacha fhomhír (a) de mhír 1 den Airteagal seo. Ina theannta sin,

(a) má bhíonn post consalachta eile i gcríoch an Stáit ghlacaidh ag an Stát sallchuir cé nach mbeidh misiún taidhleoireachta á ionadú sa Stát glacaidh, féadfar coimeád áitribh an phoist chonsalachta a bheidh dúnta, mar aon leis an maoin a bheidh ann agus an chartlann chonsalachta, agus, le toiliú an Stáit ghlacaidh, feidhmiú feidhmeanna consalachta i gceantar an phoist chonsalachta a bheidh dúnta, a chur de chúram ar an bpost consalachta sin; nó

(b) mura mbeidh misiún taidhleoireachta nó post consalachta eile ag an Stát sallchuir sa Stát glacaidh, beidh feidhm ag forálacha fomhíreanna (b) agus (c) de mhír 1 den Airteagal seo.

CAIBIDIL II. SAORAIDI, PRIBHLEIDI AGUS DIOLUINTI A BHAINEANN LE POIST CHONSAL-ACHTA, LE hOIFIGIGH CHONSALACHTA GHAIRME AGUS LE COMHALTAI EILE DE PHOST CONSALACHTA.

ROINN I. SAORAIDI, PHRIBHLEIDI AGUS DIOLUINTI A BHAINEANN LE POST CONSALACHTA.

Airteagal 28.

Saoráidí d'obair phoist chonsalachta.

Tabharfaidh an Stát glacaidh saoráidí iomlána chun feidhmeanna an phoist chonsalachta a chomhlíonadh.

Airteagal 29.

Bratach agus armas náisiúnta a úsáid.

1. Beidh de cheart ag an Stát sallchuir a bhratach agus a armas náisiúnta a úsáid sa Stát glacaidh de réir forálacha an Airteagal seo.

2. Féadfar bratach náisiúnta an Stáit shallchuir a chur ar foluain agus a armas a thaispeáint ar an bhfoirgneamh a áitíonn an post consalachta agus ag an doras isteach ann, ar áit chónaithe cheann an phoist chonsalachta agus ar a chóir iompair nuair a úsáidtear í ar ghnó oifigiúil.

3. Nuair a bheidh an ceart a thugtar leis an Airteagal seo á fheidhmiú, tabharfar aird ar dhlíthe, rialacháin agus gnása an Stáit ghlacaidh.

Airteagal 30.

Cóiríocht.

1. Éascóidh an Stát glacaidh don Stát sallchuir áitreabh is gá le haghaidh a phoist chonsalachta a fháil ina chríoch de réir dlíthe agus rialachán an Stáit ghlacaidh nó cabhróidh sé leis an Stát sallchuir chun cóiríocht a fháil i slí éigin eile.

2. Cabhróidh sé freisin, i gcás inar gá sin, leis an bpost consalachta chun cóiríocht oiriúnach a fháil dá chomhaltaí.

Airteagal 31.

Dosháraitheacht áitribh chonsalachta.

1. Beidh áitreabh consalachta dosháraithe a mhéid a fhoráiltear san airteagal seo.

2. Ní rachaidh údaráis an Stáit ghlacaidh isteach sa chuid sin d'áitreabh na consalachta a úsáidtear go heisiatach chun oibre an phoist chonsalachta ach amháin le toiliú ceann an phoist chonsalachta nó a ainmní nó le toiliú cheann mhisiún taidhleoireachta an Stáit shallchuir. Féadfar, áfach, a thoimhdiú toiliú cheann an phoist chonsalachta a bheith tugtha i gcás dóiteáin nó tubaiste eile ar gá gníomh caomhainte sciobtha chuige.

3. Faoi réir forálacha mhír 2 den Airteagal seo, tá dualgas speisialta ar an Stát glacaidh gach beart iomchuí a dhéanamh chun áitreabh na consalachta a chaomhnú in aghaidh aon chur isteach nó damáiste agus chun aon chorraíl ar shíocháin an bpoist chonsalachta nó aon docharú dá dhignit a chosc.

4. Beidh áitreabh na consalachta, a throscán, maoin an phoist chonsalachta agus a chóir iompair díolmhaithe ó aon sórt foréileamh chun críocha cosanta náisiúnta nó fóntais phoiblí. Más gá díshealbhú chuige sin, déanfar gach beart is féidir chun go seachnófar comhlíonadh feidhmeanna an phoist chonsalachta a bhac, agus íocfar cúiteamh leordhóthanach, éifeachtúil go sciobtha leis an Stát sallchuir.

Airteagal 32.

Áitreabh consalachta a bheith saor ó chánachas.

1. Beidh áitreabh consalachta agus áit chónaithe cheann gairme poist chonsalachta arb é an Stát sallchuir nó aon duine a bheidh ag gníomhú thar ceann an Stáit shallchuir is úinéir air nó ar léasaí air é saor ó gach uile shórt díre agus cáin náisiúnta, réigiúnach nó bardasach, seachas iad siúd is íocaíocht as seirbhísí sonraithe a rinneadh.

2. Ní bheidh feidhm ag an tsaoirseacht ó chánachas dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo maidir le dírí agus cánacha den sórt sin más iníoctha iad, faoi dhlí an Stáit ghlacaidh, ag an duine a rinne conradh leis an Stát sallchuir nó leis an duine a ghníomhaigh thar a cheann.

Airteagal 33.

Beidh an chartlann agus na doiciméid chonsalachta dosháraithe.

Beidh cartlann agus doiciméid chonsalachta dosháraithe gach tráth agus cibé áit ina mbeidh siad.

Airteagal 34.

Saoirse gluaiseachta.

Faoi réir a dhlíthe agus a rialachán i dtaobh ceantair a bhfuil dul isteach iontu toirmischthe nó faoi rialáil mar gheall ar shlándáil náisiúnta, áiritheoidh an Stát glacaidh saoirse gluaiseachta agus taistil ina chríoch do chomhaltaí uile an phoist chonsalachta.

Airteagal 35.

Saoirse Cumarsáide.

1. Ceadóidh agus caomhnóidh an Stát glacaidh saoirse cumarsáide ar thaobh an phoist chonsalachta chun gach críche oifigiúla. Ina chumarsáidí le Rialtas, le misiúin thaidhleoireachta agus le poist chonsalachta eile, cibé áit ina bhfuil siad, an Stát shallchuir, féadfaidh an post consalachta leas a bhaint as gach meán iomchuí, lena n-áirítear teachtairí turais taidhleoireachta nó consalachta, málaí taidhleoireachta nó consalachta agus teachtaireachtaí i gcód nó i rúnscríbhinn. Is le toiliú an Stáit ghlacaidh a dhéanfaidh an post consalachta, agus ní dhéanfaidh gan toiliú an Stáit ghlacaidh, raidió-tharchuireadóir a chur isteach agus a úsáid.

2. Beidh comhfhreagras oifigiúil an phoist chonsalachta dosháraithe. Ciallaíonn comhfhreagras oifigiúil an comhfhreagras uile a bhaineann leis an bpost consalachta agus lena fheidhmeanna.

3. Ní osclófar ná ní choinneofar an mála consalachta. Dá ainneoin sin, má bhíonn cúis thromaí ag údaráis inniúla an Stát ghlacaidh chun a chreidiúint go bhfuil rud éigin sa mhála seachas comhfhreagras, doiciméid nó earraí dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo, féadfaidh siad a iarraidh go ndéanfaidh ionadaí údaraithe don Stát sallchuir é a oscailt ina láthair. Má dhiúltaíonn údaráis an Stáit shallchuir don iarratas sin, cuirfear an mála ar ais go dtí an áit as a dtáinig sé.

4. Na pacáistí a chomhdhéanfaidh an mála consalachta beidh marcanna infheicthe orthu lasmuigh ag cur a ngné in iúl agus ní fhéadfaidh a bheith iontu ach comhfhreagras oifigiúil agus doiciméid oifigiúla nó earraí a bheidh beartaithe go heisiatach le haghaidh úsáide oifigiúla.

5. Beidh ag an teachtaire turais consalachta doiciméad oifigiúil a tugadh dó ag insint a stádais agus an méid pacáistí a chomhdhéanann an mála consalachta. Ach amháin le toiliú an Stáit ghlacaidh, ní náisiúnach den Stát glacaidh a bheidh ann ná, mura náisiúnach den Stát sallchuir é, ní duine ar a bhfuil buanchónaí sa Stát glacaidh a bheidh ann. Caomhnóidh an Stát glacaidh é ag comhlíonadh a fheidhmeanna dó, teachtfaidh sé dosháraitheacht phearsanta agus ní dhílfidh sé aon ghabháil ná coinneáil a dhéanamh air.

6. Féadfaidh an Stát sallchuir a mhisiúin thaidhleoireachta agus a phoist chonsalachta teachtairí turais consalachta a ainmniú ad hoc. I gcásanna den sórt sin beidh feidhm freisin ag forálacha mhír 5 den Airteagal seo ach amháin go scoirfidh na díolúintí a luaitear ansin d'fheidhm a bheith acu nuair a bheidh teachtaire turais den sórt sin tar éis an mála consalachta a bheidh faoina chúram a sheachadadh don choinsíní.

7. Féadfar mála consalachta a chur faoi chúram chaptaen loinge nó aerárthaigh thráchtála a bheidh sceidealta tuirlingt i bport iontrála údaraithe. Tabharfar doiciméad oifigiúil dó ag insint an méid pacáistí a chomhdhéanann an mála, ach ní mheasfar gur teachtaire turais consalachta é. Féadfaidh an post consalachta, trí chomhshocrú leis an húdaráis áitiúla iomchuí, duine dá chomhaltaí a chur chun seilbh a ghlacadh go díreach saorálach ar an mála ó chaptaen na loinge nó an aerárthaigh.

Airteagal 36.

Cumarsáid agus teagmháil le náisiúnaigh de chuid an Stáit shallchuir.

1. D'fhonn a urasú feidhmeanna consalachta a bhaineann le náisiúnaigh de chuid an Stát shallchuir a fheidhmiú:

(a) beidh saoirse ag oifigigh chonsalachta chun cumarsáid a dhéanamh le náisiúnaigh an Stáit shallchuir agus chun teacht a bheith acu orthu. Beidh an tsaoirse chéanna ag náisiúnaigh an Stát shallchuir maidir le cumarsáid a dhéanamh le hoifigigh chonsalachta an Stáit shallchuir agus teacht a bheith acu orthu;

(b) má iarrann sé é, cuirfidh údaráis inniúla an Stáit ghlacaidh in iúl, gan mhoill, do phost consalachta an Stáit shallchuir má bhíonn, ina cheantar consalachta, náisiúnach de chuid an Stáit sin gafa nó cimithe chun priosúin nó chun coimeáda ar feitheamh lena thriail nó á choinneáil in aon slí eile. Déanfaidh na húdaráis aon chumarsáid a bheidh arna díriú chun an phoist chonsalachta ag an duine a bheidh gafa, i bpriosún, á choimeád nó á choinneáil a chur ar aghaidh freisin gan mhoill. Déanfaidh na húdaráis sin a chearta faoin bhfomhír seo a chur in iúl gan mhoill don duine lena mbainfidh.

(c) beidh de cheart ag oifigigh chonsalachta cuairt a thabhairt ar náisiúnach den Stát sallchuir a bheidh i bpríosún, á choimeád nó á choinneáil, comhrá agus comhfhreagras a dhéanamh leis agus socrú a dhéanamh le haghaidh ionadaiochta dlíthiúla dó. Beidh de cheart acu freisin cuairt a thabhairt ar aon náisiúnach de chuid an Stáit shallchuir a bheidh i bpríosún, á choimeád nó á choinneáil ina gceantar de bhun breithiúnais. Dá ainneoin sin, staonfaidh oifigigh chonsalachta ó aon ghníomh a dhéanamh thar ceann náisiúnaigh atá i bpríosún, á choimeád nó á choinneáil má chuireann sé go sainráite in aghaidh an ghnímh sin.

2. Feidhmeofar na cearta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo i gcomhréir le dlíthe agus rialacháin an Stáit ghlacaidh, faoi réir an choinníll, áfach, nach foláir do na dlíthe agus na rialacháin sin a chumasú lán-éifeacht a thabhairt do na críocha chun a bhfuil na cearta a thugtar leis an Airteagal seo beartaithe.

Airteagal 37.

Eolas i gcásanna báis, caomhnóireachta nó iontaobhais, raiceanna agus aerthionóiscí.

Má bhíonn an t-eolas iomchuí ag na húdaráis inniúla de chuid an Stáit ghlacaidh, beidh de dhualgas ar an húdaráis sin:

(a) i gcás bás náisiúnaigh de chuid an Stáit shallchuir, eolas a thabhairt gan mhoill don phost consalachta ar ina cheantar a tharla an bás;

(b) eolas a thabhairt gan mhoill don phost consalachta inniúil faoi aon chás inar dealraitheach gurbh é leas mionaoisigh, nó duine eile gan lán-inniúlacht, is náisiúnach den Stát sallchuir, caomhnóir nó iontaobhaí a cheapadh. Beidh tabhairt an eolais sin gan dochar, áfach, d'oibriú dlíthe agus rialachán an Stáit ghlacaidh i ndáil le ceapacháin den sórt sin;

(c) má raiceáiltear long de náisiúnacht an Stáit shallchuir nó má théann long den sórt sin ar thalamh i bhfarraige críche nó in uiscí inmheánacha an Stáit ghlacaidh, nó má tharlaíonn d'aerárthach atá cláraithe sa Stát sallchuir go mbainfidh tionóisc di ar chríoch an Stáit ghlacaidh, eolas a thabhairt gan mhoill don phost consalachta is gaire do láthair an teagmhais.

Airteagal 38.

Cumarsáid le húdaráis an Stáit ghlacaidh.

Ag feidhmiú a bhfeidhmeanna dóibh, féadfaidh oifigigh chonsalachta aitheasc a dhéanamh chun:

(a) údaráis áitiúla inniúla a gceantair chonsalachta;

(b) údaráis larnacha inniúla an Stáit ghlacaidh má cheadaítear sin agus a mhéid a cheadaítear sin le dlíthe, rialacháin agus gnása an Stáit ghlacaidh nó leis na comhaontuithe idirnáisiúnta iomchuí.

Airteagal 39.

Táillí agus muirir chonsalachta.

1. Féadfaidh an post consalachta na táillí agus na muirir a fhoráiltear le dlíthe agus rialacháin an Stáit shallchuir i leith gníomhartha consalachta a thobhach i gcríoch an Stáit ghlacaidh.

2. Beidh na suimeanna a bhaileofar ar mhodh na dtáillí agus na muirear dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, agus na hadmhála ar thaillí agus muirir den sórt sin saor ó gach díre agus cáin sa Stát glacaidh.

ROINN II. SAORAIDI, PRIBHLEIDI AGUS DIOLUINTI A BHAINEANN LE hOIFIGIGH CHONSALACHTA GHAIRME AGUS LE COMHALTAI EILE DE PHOST CONSALACHTA.

Airteagal 40.

Oifigigh chonsalachta a chaomhnú.

Tabharfaidh an Stát glacaidh urraim chuí d'oifigigh chonsalachta agus déanfaidh gach beart iomchuí chun aon ionsaí ar a bpearsa, ar a saoirse nó ar a ndignit a chosc.

Airteagal 41.

Dosháraitheacht phearsanta oifigeach consalachta.

1. Ní dhlífidh oifigigh chonsalachta go ndéanfar iad a ghabháil ná a choinneáil ar feitheamh le triail, ach amháin i gcás coire tromaí agus de bhun breithe ón údarás breithiúnach inniúil.

2. Ach amháin sa chás a shonraítear i mír 1 den Airteagal seo, ní chimeofar oifigigh chonsalachta chun príosúin ná ní dhlífidh siad aon sórt sriantacht eile a chur ar a saoirse phearsanta, ach amháin i bhforghníomhú breithe breithiúnaí críochnaithí.

3. Má thionscnaítear imeachtaí coiriúla i gcoinne oifigigh chonsalachta, ní foláir dó láithriú os comhair na n-údarás inniúil. Dá ainneoin sin, seolfar na himeachtaí leis an urraim a dhlitear dó mar gheall ar a phost oifigiúil agus, ach amháin sa chás a shonraítear i mír 1 den Airteagal seo, i slí a bhacfaidh a laghad is féidir feidhmiú feidhmeanna consalachta. Nuair is gá, sna himthosca a luaitear i mír 1 den Airteagal seo, oifigeach consalachta a choinneáil, tionscnófar gan ró-mhoill na himeachtaí ina choinne.

Airteagal 42.

Fógra faoi ghabháil, coinneáil nó ionchúiseamh.

Má ghabhtar nó má choinnítear, ar feitheamh lena thriail, comhalta den fhoireann chonsalachta, nó má thionscnaítear imeachtaí coiriúla ina choinne, tabharfaidh an Stát glacaidh fógra láithreach do cheann an phoist chonsalachta. Más é ceann an phoist chonsalachta féin is ábhar d'aon bheart den sórt sin, tabharfaidh an Stát glacaidh fógra don Stát sallchuir tríd an meán taidhleoireachta.

Airteagal 43.

Díolúine ó dhlínse.

1. Ní bheidh oifigigh chonsalachta ná fostaithe consalachta freagrach do dhlínse údarás breithiúnach nó údarás riaracháin an Stáit ghlacaidh i leith gníomhartha acu i bhfeidhmiú feidhmeanna consalachta.

2. Ní bheidh feidhm, áfach, ag forálacha mhír 1 den Airteagal seo i leith caingne sibhialta:

(a) de dhroim conradh a rinne oifigeach consalachta nó fostaí consalachta agus nár chonradh aige é a rinne sé go sainráite nó go hintuigthe mar ghníomhaire don Stát sallchuir; nó

(b) ag tríú páirtí mar gheall ar dhamáiste de dhroim tionóisc sa Stát glacaidh a rinne feithicil, árthach nó aerárthach.

Airteagal 44.

Dliteanas fianaise a thabhairt.

1. Féadfar glaoch ar chomhaltaí poist chonsalachta láithriú mar fhinnéithe i gcúrsa imeachtaí dlíthiúla nó imeachtaí riaracháin. Ach amháin sna cásanna a luaitear i mír 3 den Airteagal seo ní dhiúltóidh fostaí consalachta ná comhalta den fhoireann sheirbhíse fianaise a thabhairt. Má dhiúltaíonn oifigeach consalachta é sin a dhéanamh, ní fhéadfar aon éigeantas ná pionós a imirt air.

2. An t-údarás a iarrfaidh fianaise ó oifigeach consalachta seachnóidh sé cur isteach ar chomhlíonadh a fheidhmeanna. Féadfaidh an t-údarás sin, i gcás inar féidir é, an fhianaise sin a ghlacadh ina áit chónaithe nó sa phost consalachta nó glacadh le ráiteas i scríbhinn uaidh.

3. Níl oibleagáid ar bith ar chomhaltaí poist chonsalachta fianaise a thabhairt i dtaobh ábhar a bhaineann le feidhmiú a bhfeidhmeanna nó comhfhreagras oifigiúil agus doiciméid oifigiúla a bhaineann leis sin a thabhairt ar aird. Tá siad i dteideal freisin diúltú fianaise mar fhinnéithe saineolacha a thabhairt i dtaobh dlí an Stáit shallchuir.

Airteagal 45.

Pribhléidí agus díolúintí a tharscaoileadh.

1. Féadfaidh an Stát sallchuir aon cheann de na pribhléidí agus de na díolúintí dá bhforáiltear in Airteagail 41, 43 agus 44 a tharscaoileadh maidir le comhalta den phost consalachta.

2. Is tarscaoileadh sainráite a bheidh sa tarscaoileadh i ngach cás, ach amháin mar a fhoráiltear i mír 3 den Airteagal seo, agus cuirfear in iúl i scríbhinn é don Stát glacaidh.

3. Má dhéanann oifigeach consalachta nó fostaí consalachta imeachtaí a thionscnamh in ábhar mar a dteachtfadh sé díolúine ó dhlínse faoi Airteagal 43 dúnfaidh sin amach é ó dhíolúine a agairt ó dhlínse i leith aon fhrithéileamh a bhaineann go díreach leis an bpríomh-éileamh.

4. Ní mheasfar go n-uirchiallaíonn tarscaoileadh ó dhlínse chun críocha imeachtaí sibhialta nó imeachtaí riaracháin tarscaoileadh díolúine ó na bearta forghníomhaithe de thoradh na breithe breithiúnaí; is gá tarscaoileadh ar leithligh maidir leis an bearta sin.

Airteagal 46.

Saoirseacht ó chlárú eachtrannach agus ó cheadanna cónaithe.

1. Beidh oifigigh chonsalachta agus fostaithe consalachta agus na daoine dá dteaghlaigh is cuid dá líon tí saor ó gach oibleagáid faoi dhlíthe agus rialacháin an Stáit ghlacaidh maidir le clárú eachtrannach agus ceadanna cónaithe.

2. Ní bheidh feidhm, áfach, ag mír 1 den Airteagal seo maidir le haon fhostaí consalachta nach buan-fhostaí don Stát sallchuir nó a bhíonn ag gabháil d'aon slí bheatha shochrach phríobháideach sa Stát glacaidh ná le haon duine de theaghlach aon fhostaí den sórt sin.

Airteagal 47.

Saoirseacht ó cheadanna oibre.

1. Maidir le seirbhís a dhéanfar don Stát sallchuir beidh comhaltaí an phoist chonsalachta saor ó aon oibleagáidí maidir le ceadanna oibre a fhorchuireann dlíthe agus rialacháin an Stáit ghlacaidh i ndáil le lucht oibre coigríche a fhostú.

2. Beidh comhaltaí fhoireann phríobháideach de chuid oifigeach consalachta agus de chuid fostaithe consalachta, mura mbíonn siad ag gabháil d'aon slí bheatha shochrach eile sa Stát glacaidh, saor ó na hoibleagáidí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

Airteagal 48.

Saoirseacht maidir le slándáil shóisialach.

1. Faoi réir forálacha mhír 3 den Airteagal seo, beidh comhaltaí an phoist chonsalachta, agus na daoine dá dteaghlaigh is cuid dá líon tí, saor, maidir le seirbhísí a rinne siad don Stát sallchuir, ó fhorálacha slándála sóisialaí a bheidh i bhfeidhm sa Stát glacaidh.

2. An tsaoirseacht dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo beidh feidhm aici freisin maidir le comhaltaí den fhoireann phríobháideach atá ar fostú go heisiatach ag comhaltaí den phost consalachta, ar choinníoll:

(a) nach náisiúnaigh den Stát glacaidh iad nó nach ann atá buanchónaí orthu; agus

(b) go bhfuil siad faoi réim na bhforálacha slándála sóisialaí atá i bhfeidhm sa Stát sallchuir nó i dtríú Stát.

3. Aon chomhaltaí den phost consalachta a bhfuil daoine ar fostú acu nach bhfuil feidhm maidir leo ag an tsaoirseacht dá bhforáiltear i mír 2 den Airteagal seo comhallfaidh siad na hoibleagáidí a fhorchuireann forálacha slándála sóisialaí an Stáit ghlacaidh ar fhostóirí.

4. Ní dhéanfaidh an tsaoirseacht dá bhforáiltear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo rannpháirtíocht thoildheonach i gcóras slándála an sóisialaí an Stáit ghlacaidh a dhúnadh amach, ar choinníoll go gceadaíonn an Stáit sin an rannpháirtíocht sin.

Airteagal 49.

Saoirseacht ó chánachas.

1. Beidh oifigigh chonsalachta agus fostaithe consalachta agus na daoine dá dteaghlaigh is cuid dá líon tí saor ó gach díre agus cáin, pearsanta nó réadach, náisiúnta, réigiúnach nó bardasach, ach amháin:

(a) cánacha indíreacha de chineál is gnách a bheith ar áireamh praghas earraí nó seirbhísí;

(b) dírí nó cánacha ar mhaoin phríobháideach dhochorraithe i gcríoch an Stáit ghlacaidh, faoi réir forálacha Airteagal 32;

(c) dleachtanna eastáit, comharbais nó oidhreachta a thoibhíonn an Stát glacaidh, faoi réir forálacha mhír (b) d'Airteagal 51;

(d) dírí agus cánacha ar ioncam príobháideach, lena n-áirítear gnóchan caipitiúil, ar sa Stát glacaidh dá fhoinse agus cánacha caipitiúla a bhaineann le hinfheistíochtaí a rinneadh i ngnólachtaí tráchtála nó airgeadais sa Stát glacaidh;

(e) muirir arna dtoibhiú i leith seirbhísí sonracha a rinneadh;

(f) táillí cláraitheachta, cúirte nó taifeadta, dírí morgáiste agus dleacht stampa, faoi réir forálacha Airteagal 32.

2. Beidh comhaltaí na foirne seirbhíse saor ó dhírí agus ó chánacha ar an bpá a fhaigheann siad as a seirbhísí.

3. Na comhaltaí den phost consalachta a bhfuil daoine ar fostú acu nach bhfuil a bpá nó a dtuarastail saor ó cháin ioncaim sa Stát glacaidh comhallfaidh siad na hoibleagáidí a fhorchuireann dlíthe agus rialacháin an Stáit sin ar fhostóirí maidir le toibhiú cánach ioncaim.

Airteagal 50.

Saoirseacht ó dhleachtanna custam agus iniúchadh.

1. Tabharfaidh an Stát glacaidh, de réir cibé dlíthe agus rialacháin a chuirfidh sé i bhfeidhm, cead isteach agus saoirseacht ó gach dleacht custam, cáin agus muirear gaolmhar, seachas muirir i leith stórála, iompair agus seirbhísí dá samhail, ar:

(a) earraí chun úsáide oifigiúla an phoist chonsalachta,

(b) earraí chun úsáide pearsanta oifigigh chonsalachta nó daoine dá theaghlach is cuid dá líon tí, lena n-áirítear earraí a bheidh beartaithe dá bhunachas. Ní mó a bheidh an méid earraí a bheidh beartaithe le tomhailt ná na cainníochtaí is gá chun a n-úsáidte go díreach ag na daoine lena mbainfidh.

2. Teachtfaidh fostaithe consalachta na pribhléidí agus na saoirseachtaí a shonraítear i mír 1 den Airteagal seo maidir le hearraí a allmhairíodh an tráth a chuathas i mbun oifige ar dtús.

3. Beidh saoirseacht ó iniúchadh ag bagáiste pearsanta a bheidh ag gabháil le hoifigigh chonsalachta agus le daoine dá dteaghlaigh is cuid dá líon tí. Ní fhéadfar é a iniúchadh ach amháin mura mbeidh cúis thromaí chun a chreidiúint go bhfuil earraí ann seachas iad sin dá dtagraítear i bhfomhír (b) de mhír 1 den Airteagal seo nó earraí a bhfuil a n-allmhairiú nó a n-onnmhairiú toirmiscthe le dlíthe agus rialacháin an Stáit ghlacaidh nó faoi réir a dhlíthe agus a rialachán coraintín. Is i láthair an oifigigh chonsalachta nó duine dá theaghlach lena mbainfidh a dhéanfar an t-iniúchadh.

Airteagal 51.

Eastát comhalta den phost consalachta nó eastát duine dá líon tí.

Má éagann comhalta de phost consalachta nó duine dá theaghlach is cuid dá líon tí:

(a) ceadóidh an Stát glacaidh maoin shochorraithe an éagaigh a onnmhairiú, ach amháin aon mhaoin den sórt sin a fuarthas sa Stát glacaidh agus a raibh a honnmhairiú toirmiscthe an tráth a d'éag sé;

(b) ní dhéanfaidh an Stát glacaidh dleacht náisiúnta, dleacht réigiúnach ná dleacht bhardasach, dleacht comharbais ná dleacht oidhreachta, ná dleacht ar aistriú a thobhach ar mhaoin shochorraithe arbh é amháin ba chúis le hí a bheith sa Stát glacaidh an t-éagach a bheith ann mar chomhalta den phost consalachta nó mar dhuine de theaghlach comhalta den phost consalachta.

Airteagal 52.

Saoirseacht ó sheirbhísí agus ranníocaí pearsanta.

Saorfaidh an Stát glacaidh comhaltaí an phoist chonsalachta agus na daoine dá dteaghlaigh is cuid dá líon tí ó gach seirbhís phearsanta, ó gach seirbhís phoiblí de gach uile shórt, agus ó oibleagáidí míleata mar atá oibleagáidí a bhaineann le foréileamh, ranníocaí agus coinnmheadh míleata.

Airteagal 53.

Tús agus deireadh pribhléidí agus díolúintí consalachta.

1. Teachtfaidh gach comhalta den phost consalachta na pribhléidí agus na díolúintí a fhoráiltear sa Choinbhinsiún seo ón nóiméad a thiocfaidh sé isteach i gcríoch an Stáit ghlacaidh ag dul dó i mbun a phoist nó, má bhíonn sé ina chríoch sin cheana féin, ón nóiméad a rachaidh sé i mbun a dhualgas leis an bpost consalachta.

2. Na daoine de theaghlach comhalta den phost consalachta is cuid dá líon tí agus na daoine dá fhoireann phríobháideach gheobhaidh siad na pribhléidí agus na díolúintí a fhoráiltear sa Choinbhinsiún seo ón dáta óna dteachfaidh sé pribhléidí agus díolúintí de réir mhír 1 den Airteagal seo nó ón dáta a thiocfaidh siad isteach i gcríoch an Stáit ghlacaidh nó ón dáta ar a dtiocfaidh siad chun bheith ina nduine den teaghlach sin nó ina chomhalta den fhoireann phríobháideach sin, cibé dáta acu is déanaí.

3. Nuair a bheidh deireadh le feidhmeanna comhalta den phost consalachta, ansin, na pribhléidí agus na díolúintí a bheidh aige agus ag duine dá theaghlach is cuid dá líon tí nó ag comhalta dá fhoireann phríobháideach scoirfidh siad sa ghnáth-shlí an nóiméad a fhágfaidh an duine lena mbainfidh an Stát glacaidh nó ar éag do thréimhse réasúnach chun sin a dhéanamh, cibé acu is luaithe, ach mairfidh siad go dtí an tráth sin, fiú amháin i gcás coinbhleacht faoi airm. I gcás na ndaoine dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, beidh deireadh lena bpribhléidí agus lena ndíolúintí nuair a scoirfidh siad de bheith ar áireamh líon tí nó de bheith i seirbhís, comhalta den phost consalachta, ar choinníoll, áfach, má bheartaíonn na daoine sin an Stát glacaidh a fhágáil laistigh de thréimhse réasúnach ina dhiaidh sin, go mairfidh a bpribhléidí agus a ndíolúintí go dtí an tráth a fhágfaidh siad.

4. Ach, maidir le gníomhartha a rinne comhalta den phost consalachta nó fostaí consalachta i bhfeidhmiú a fheidhmeanna leanfaidh díolúine ó dhlínse ar marthain gan teorainn ama.

5. Má éagann comhalta den phost consalachta, leanfaidh na daoine dá theaghlach is cuid dá líon tí de na pribhléidí agus na díolúintí a tugadh dóibh a theachtadh go dtí go bhfágfaidh siad an Stát glacaidh nó go ceann tréimhse réasúnaí chun go bhféadfaidh siad sin a dhéanamh, cibé acu sin is luaithe.

Airteagal 54.

Oibleagáidí tríú Stáit.

1. Má théann oifigeach consalachta trí chríoch tríú Stát, nó má bhíonn sé i gcríoch tríú Stát, a thug pas-víosa dó má ba ghá víosa, ag dul i mbun a phoist dó nó ag filleadh ar an Stát sallchuir dó, tabharfaidh an tríú Stát na díolúintí dó dá bhforáiltear leis na hAirteagal eile den Choinbhinsiún seo is gá chun a idirthuras nó a fhilleadh a áirithiú. Is amhlaidh sin a bheidh freisin i gcás aon duine dá theaghlach is cuid dá líon tí a theachtann pribhléidí agus díolúintí den sórt sin agus a bheidh i gcuideachta an oifigigh chonsalachta nó a bheidh ag taisteal ar leithligh chuige nó ag filleadh ar an Stát sallchuir.

2. In imthosca cosúil leo sin a shonraítear i mír 1 den Airteagal seo, ní bhacfaidh tríú Stáit comhaltaí eile den phost consalachta nó daoine dá dteaghlaigh is cuid dá líon tí a bheidh ar idirthuras trína gcríocha.

3. Déanfaidh tríú Stáit an tsaoirse agus an chaomhaint chéanna atá de cheangal ar an Stát glacaidh a thabhairt faoin gCoinbhinsiún seo a thabhairt do chomhfhreagras oifigiúil agus do chumarsáidí oifigiúla eile a bheidh ar bealach, lena n-áirítear teachtaireachtaí i gcód nó i rúnscríbhinn. Tabharfaidh siad do theachtairí turais consalachta a mbeidh víosa tugtha dóibh, má ba ghá víosa, agus do mhálaí consalachta a bheidh ar idirthuras, an dosháraitheacht agus an chaomhaint chéanna atá de cheangal ar an Stát glacaidh a thabhairt faoin gCoinbhinsiún seo.

4. Na hoibleagáidí atá ar thríú Stáit faoi mhíreanna 1, 2 agus 3 den Airteagal seo beidh feidhm acu freisin maidir le daoine a luaitear faoi seach sna míreanna sin, agus maidir le cumarsáidí oifigiúla agus málaí consalachta ar force majeure is cúis le hiad a bheith i gcríoch an tríú Stát.

Airteagal 55.

Urraim do dhlíthe agus do rialacháin an Stáit ghlacaidh.

1. Gan dochar dá bpribhléidí agus dá ndíolúintí. is é dualgas na ndaoine go léir a theachtann pribhléidí agus díolúintí den sórt sin dlíthe agus rialacháin an Stáit ghlacaidh a urramú. Tá de dhualgas orthu freisin gan cur isteach ar gnóthaí inmheánacha an Stáit sin.

2. Ní dhéanfar áitreabh na consalachta a úsáid in aon slí ar neamhréir le feidhmiú feidhmeanna consalachta.

3. Ní choiscfidh forálacha mhír 2 den Airteagal seo oifigí nó bunachais nó gníomhaireachtaí eile a bheith i gcuid den fhoirgneamh ina bhfuil áitreabh na consalachta, ar choinníoll gur áitreabh ar leithligh ón áitreabh a úsáideann an post consalachta atá sannta dóibh. Sa chás sin, ní mheasfar chun críocha an Choinbhinsiúin seo gur cuid d'áitreabh na consalachta na hoifigí sin.

Airteagal 56.

Arachas i gcoinne fiontar tríú páirtí.

Comhlíonfaidh comhaltaí an phoist chonsalachta aon cheanglas a fhorchuireann dlíthe agus rialacháin an Stáit ghlacaidh maidir le hárachas i gcoinne fiontar tríú páirtí de dhroim aon fheithicil, árthach nó aerárthach a úsáid.

Airteagal 57.

Forálacha speisialta maidir le slí bheatha shochrach phríobháideach.

1. Ní bheidh aon ghníomhaíocht ghairme ná thráchtála ar siúl sa Stát glacaidh ag oifigigh chonsalachta ghairme le haghaidh sochair phearsanta.

2. Ní dhéanfar pribhléidí agus díolúintí a fhoráiltear sa Chaibidil seo a thabhairt:

(a) d'fhostaithe consalachta ghairme ná do chomhaltaí den fhoireann sheirbhíse a bhfuil aon slí bheatha shochrach phríobháideach ar siúl acu sa Stát glacaidh;

(b) do dhaoine de theaghlach duine dá dtagraítear i bhfomhír (a) den mhír seo ná do dhaoine dá fhoireann phríobháideach;

(c) do dhaoine de theaghlach comhalta de phost consalachta a bhfuil aon slí bheatha shochrach phríobháideach ar siúl acu féin sa Stát glacaidh.

CAIBIDIL III. CORAS A BHAINEANN LE hOIFIGIGH CHONSALACHTA OINIGH AGUS LE POIST CHON-SALACHTA ARB OIFIGIGH DEN SORT SIN ATA I gCEANNAS ORTHU.

Airteagal 58.

Forálacha ginearálta a bhaineann le saoráidí, pribhléidí agus díolúintí.

1. Bainfidh Airteagail 28, 29, 30, 34, 35, 36, 37, 38 agus 39, mír 3 d'Airteagal 54 agus míreanna 2 agus 3 d'Airteagal 55 le poist chonsalachta arb oifigeach consalachta oinigh atá i gceannas orthu. Ina theannta sin, beidh saoráidí, pribhléidí agus díolúintí post consalachta den sórt sin faoi rialú Airteagail 59, 60, 61 agus 62.

2. Bainfidh Airteagail 42 agus 43, mír 3 d'Airteagal 44, Airteagail 45 agus 53 agus mír 1 d'Airteagal 55 le hoifigigh chonsalachta oinigh. Ina theannta sin, beidh saoráidí, pribhléidí agus díolúintí oifigeach consalachta den sórt sin faoi rialú Airteagail 63, 64, 65, 66 agus 67.

3. Ní dhéanfar na pribhléidí agus na díolúintí a thugtar leis an gCoinbhinsiún seo a thabhairt do dhaoine de theaghlach oifigigh chonsalachta oinigh nó fostaí chonsalachta atá ar fostú i bpost consalachta arb oifigeach consalachta oinigh atá i gceannas air.

4. Ní cheadófar, gan toiliú an dá Stát ghlacaidh lena mbainfidh, málaí consalachta a mhalairtiú idir dhá phost chonsalachta arb oifigigh chonsalachta oinigh atá i gceannas orthu i Stáit éagsúla.

Airteagal 59.

Áitreabh consalachta a chaomhnú.

Déanfaidh an Stát glacaidh cibé bearta is gá chun áitreabh consalachta poist chonsalachta arb oifigeach consalachta oinigh atá i gceannas air a chaomhnú in aghaidh aon chur isteach nó damáiste agus chun aon chorraíl ar shíocháin an phoist chonsalachta nó aon docharú dá dhignit a chosc.

Airteagal 60.

Áitreabh consalachta a bheith saor ó chánachas.

1. Beidh áitreabh consalachta poist chonsalachta arb oifigeach consalachta oinigh atá i gceannas air agus arb é an Stát sallchuir is úinéir air nó ar léasaí air an Stát sallchuir saor ó gach uile shórt díre agus cáin, náisiúnta, réigiúnach nó bardasach, seachas iad siúd is íocaíocht as seirbhísí sonracha a rinneadh.

2. Ní bheidh feidhm ag an tsaoirseacht ó chánachas dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo maidir le dírí agus cánacha den sórt sin más iníoctha iad, faoi dhlíthe agus rialacháin an Stáit ghlacaidh, ag an duine a rinne conradh leis an Stát sallchuir.

Airteagal 61.

Beidh cartlann agus doiciméid chonsalachta dosháraithe.

Beidh cartlann agus doiciméid chonsalachta phoist chonsalachta arb oifigeach consalachta oinigh atá i gceannas air dosháraithe gach tráth agus cibé áit a mbeidh siad, ar choinníoll go gcoimeádtar ar leithligh ó pháipéir agus doiciméid eile iad agus, go háirithe, ó chomhfhreagras príobháideach an cheann poist chonsalachta agus ó chomhfhreagras príobháideach aon duine a bheidh ag obair leis, agus ó aon ábhair, leabhair nó doiciméid a bhaineann lena ngairm nó lena gceird.

Airteagal 62.

Saoirseacht ó dhleachtanna custam.

Tabharfaidh an Stát glacaidh, de réir cibé dlíthe agus rialacháin a chuirfidh sé i bhfeidhm, cead isteach agus saoirseacht ó gach dleacht custam, cáin, agus muirear gaolmhar seachas muirir i leith stórála, iompair agus seirbhísí dá samhail, maidir leis na hearraí seo a leanas ar choinníoll gur le haghaidh úsáide oifigiúla poist chonsalachta iad arb oifigeach consalachta oinigh atá i gceannas air: armais, bratacha, comharthachláir, séalaí agus stampaí, leabhair, ábhar clóite oifigiúil, troscán oifige agus earraí dá samhail a sholáthraigh an Stát sallchuir, nó a soláthraíodh ar thionscnamh an Stáit shallchuir, don phost consalachta.

Airteagal 63.

Imeachtaí coiriúla.

Má thionscnaítear imeachtaí coiriúla i gcoinne oifigigh chonsalachta oinigh, ní foláir dó láithriú os comhair na n-údarás inniúil. Dá ainneoin sin, seolfar na himeachtaí leis an urraim a dhlitear dó mar gheall ar a phost oifigiúil agus, ach amháin nuair a bheidh sé faoi ghabháil nó coinneáil, i slí a bhacfaidh a laghad is féidir feidhmiú feidhmeanna consalachta. Nuair is gá oifigeach consalachta oinigh a choinneáil, tionscnófar gan ró-mhoill na himeachtaí ina choinne.

Airteagal 64.

Oifigigh chonsalachta oinigh a chaomhnú.

Tá de dhualgas ar an Stát glacaidh cibé caomhaint a thabhairt d'oifigeach consalachta oinigh is gá de dhroim a phoist oifigiúil.

Airteagal 65.

Saoirseacht ó chlárú mar eachtrannaigh agus ó cheadanna cónaithe.

Beidh oifigigh chonsalachta oinigh, seachas iad siúd a bhfuil gníomhaíocht ghairme nó thráchtála ar siúl acu sa Stát glacaidh le haghaidh brabaigh phearsanta, saor ó gach oibleagáid faoi dhlíthe agus rialacháin an Stáit ghlacaidh maidir le clárú eachtrannach agus ceadanna cónaithe.

Airteagal 66.

Saoirseacht ó chánachas.

Beidh oifigeach consalachta oinigh saor ó gach díre agus cáin ar an luach saothair agus na sochair oifige a gheobhaidh sé ón Stát sallchuir i leith feidhmeanna consalachta a fheidhmiú.

Airteagal 67.

Saoirseacht ó sheirbhísí agus ranníocaí pearsanta.

Saorfaidh an Stát glacaidh oifigigh chonsalachta oinigh ó gach uile sheirbhís phearsanta agus ó gach uile sheirbhís phoiblí d'aon sórt agus ó oibleagáidí míleata, mar atá oibleagáidí a bhaineann le foréileamh, ranníocaí agus coinnmheadh míleata.

Airteagal 68.

Rogha ann oifigigh chonsalachta oinigh a cheapadh nó a ghlacadh.

Tá saoirse ag gach Stát a chinneadh an gceapfaidh sé nó a nglacfaidh sé oifigigh chonsalachta oinigh.

CAIBIDIL IV. FORALACHA GINEARALTA.

Airteagal 69.

Gníomhairí consalachta nach cinn phoist chonsalachta.

1. Tá saoirse ag gach Stát a chinneadh an mbunóidh sé nó an ligfidh sé isteach gníomhaireachtaí consalachta a sheolfaidh gníomhairí consalachta nach mbeidh ainmnithe ag an Sát sallchuir mar chinn phoist chonsalachta.

2. Cinnfear trí chomhaontú idir an Stát sallchuir agus an Stát glacaidh na coinníollacha faoina bhféadfaidh na gníomhaireachtaí consalachta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a bheith ag gabháil dá ngníomhaíochtaí agus na pribhléidí agus na díolúintí a fhéadfaidh na gníomhairí consalachta a bheidh i gceannas orthu a theachtadh.

Airteagal 70.

Misiúin thaidhleoireachta d'fheidhmiú feidhmeanna consalachta.

1. Baineann forálacha an Choinbinsiúin seo, a mhéid a cheadaíonn an comhthéacs, le feidhmiú feidhmeanna consalachta ag misiún taidhleoireachta.

2. Déanfar ainmneacha comhaltaí misiúin thaidhleoireachta a shannfar don rannóg chonsalachta nó a gcuirfear feidhmiú feidhmeanna consalachta an mhisiúin de chúram orthu ar shlí eile a chur in iúl d'Aireacht Gnóthaí Coigríche an Stáit ghlacaidh nó don údarás a ainmneoidh an Aireacht sin.

3. Ag feidhmiú feidhmeanna consalachta dó, féadhfaidh misiún taidhleoireachta aitheasc a dhéanamh:

(a) chun údaráis áitiúla an cheantair chonsalachta;

(b) chun údaráis lárnacha an Stáit ghlacaidh má cheadaítear sin le dlíthe, rialacháin agus gnása an Stáit ghlacaidh nó le comhaontuithe idirnáisiúnta iomchuí.

4. Leanfaidh pribhléidí agus díolúintí na gcomhaltaí de mhisiún taidhleoireachta dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo de bheith faoi rialú na rialacha dlí idirnáisiúnta a bhaineann le caidreamh taidhleoireachta.

Airteagal 71.

Náisiúnaigh den Stát glacaidh agus daoine ar a bhfuil buanchónaí ann.

1. Ach amháin a mhéid a thabharfaidh an Stát glacaidh saoráidí, pribhléidí agus díolúintí breise, ní theachtfaidh oifigigh chonsalachta is náisiúnaigh den Stát glacaidh nó arb ann atá buanchónaí orthu ach amháin díolúine ó dhlínse agus dosháraitheacht phearsanta i leith gníomhartha oifigiúla i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna agus an phribhléid a fhoráiltear i mír 3 d'Airteagal 44. A mhéid a bhaineann leis na hoifigigh chonsalachta sin, beidh an Stát glacaidh faoi cheangal ar an gcuma chéanna ag an oibleagáid atá leagtha síos in Airteagal 42. Má thionscnaítear imeachtaí coiriúla i gcoinne oifigigh chonsalachta don sórt sin, déanfar, ach amháin nuair atá sé faoi ghabháil nó coinneáil, na himeachtaí a sheoladh i slí a bhacfaidh a laghad is féidir feidhmiú feidhmeanna consalachta.

2. Na comhaltaí eile den phost consalachta is náisiúnaigh den Stát glacaidh nó arb ann atá buanchónaí orthu agus daoine dá dteaghlaigh, mar aon le daoine de theaghlaigh oifigeach consalachta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, teachtfaidh siad saoráidí, pribhléidí agus díolúintí a mhéid, agus a mhéid sin amháin, a thabharfaidh an Stát glacaidh dóibh iad. Na daoine sin de theaghlaigh comhaltaí den phost consalachta agus na comhaltaí sin den fhoireann phríobháideach ar náisiúnaigh den Stát glacaidh iad nó arb ann atá buanchónaí orthu teachtfaidh siad ar an gcuma chéanna saoráidí, pribhléidí agus díolúintí a mhéid, agus a mhéid sin amháin, a thabharfaidh an Stát glacaidh dóibh iad. Déanfaidh an Stát glacaidh, áfach, a dhlínse a fheidhmiú ar na daoine sin ar bhealach nach mbacfaidh sé go míchuí feidhmiú feidhmeanna poist chonsalachta.

Airteagal 72.

Neamhidirdhealú.

1. Ag cur forálacha an Choinbhinsiúin seo chun feidhme dó, ní dhéanfaidh an Stát glacaidh idirdhealú amhail idir Stáit.

2. Ní mheasfar, áfach, idirdhealú a bheith á dhéanamh:

(a) i gcás ina gcuirfidh an Stát glacaidh aon cheann d'fhorálacha an Choinbhinsiúin seo chun feidhme go sriantach mar gheall ar an bhforáil sin a chur chun feidhme go sriantach maidir lena phostanna consalachta sa Stát sallchuir;

(b) i gcás ina bhfearann Stáit ó ghnás nó ó chomhaontú cóir níos fabharaí dá chéile ná a cheanglaíonn forálacha an Choinbhinsiúin seo.

Airteagal 73.

An bhaint atá ag an gCoinbhinsiún seo le comhaontuithe idirnáisiúnta eile.

1. Ní dhéanfaidh forálacha an Choinbhinsiúin seo difear do chomhaontuithe idirnáisiúnta eile atá i bhfeidhm amhail idir Stáit is páirtithe iontu.

2. Ní stopfaidh aon ní sa Choinbhinsiún seo Stáit ó chomhaontuithe idirnáisiúnta a dhéanamh do dhaingniú nó d'fhorlíonadh nó do leathnú nó d'fhairsingiú forálacha an Choinbhinsiúin seo.

CAIBIDIL V. FORALACHA DEIRIDH.

Airteagal 74.

Síniú.

Beidh an Coinbhinsiún seo ar oscailt lena shíniú ag na Stáit uile is Comhaltaí de na Náisiúin Aontaithe nó d'aon cheann de na sainghníomhaireachtaí nó de na Páirtithe i Reacht na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta agus ag aon Stát eile a iarrfaidh Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe teacht chun bheith ina Pháirtí sa Choinbhinsiún, mar a leanas: go dtí 31 Deireadh Fómhair, 1963 ag Aireacht Chónaidhme Gnóthaí Coigríche Phoblacht na hOstaire agus ina dhiaidh sin, go dtí 31 Márta, 1964, i gCeanncheathrú na Náisiún Aontaithe i Nua Eabhrac.

Airteagal 75.

Daingniú.

Tá an Coinbhinsiún seo faoi réir a dhaingnithe. Taiscfear na hionstraimí daingniúchán le hArd-Rúnaí na Náisiún Aontaithe.

Airteagal 76.

Aontachas.

Fanfaidh an Coinbhinsiún ar oscailt le haghaidh aontachais aon Stáit d'aon cheann de na ceithre earnáil a luaitear in Airteagal 74. Taiscfear na hionstraimí aontachais le hArd-Rúnaí na Náisiún Aontaithe.

Airteagal 77.

Teacht i bhfeidhm.

1. Tiocfaidh an Coinbhinsiún seo i bhfeidhm an tríochadú lá tar éis dáta an fiche a dóú ionstraim dhaingniúcháin nó aontachais a thaisceadh le hArd-Rúnaí na Náisiún Aontaithe.

2. Gach Stát a dhaingneoidh an Coinbhinsiún, nó a aontóidh leis, tar éis an fiche a dóú ionstraim dhaingniúcháin nó aontachais a thaisceadh, tiocfaidh an Coinbhinsiún i bhfeidhm ina leith an tríochadú lá tar éis don Stát sin a ionstraim dhaingniúcháin nó aontachais a thaisceadh.

Airteagal 78.

Fógraí ón Ard-Rúnaí.

Cuirfidh Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe in iúl do na Stáit d'aon cheann de na ceithre earnáil a luaitear in Airteagal 74:

(a) na sínithe leis an gCoinbhinsiún seo agus ionstraimí daingniúcháin nó aontachais a thaisceadh, de réir Airteagail 74, 75 agus 76;

(b) an dáta a thiocfaidh an Coinbhinsiún seo i bhfeidhm, de réir Airteagal 77.

Airteagal 79.

Fíorthéacsanna.

Déanfar bunchóip an Choinbhinsiúin seo, agus an téacs Síneach, an téacs Béarla, an téacs Fraincise, an téacs Rúiseach agus an téacs Spáinneach de comhúdarásach, a thaisceadh le hArd-Rúnaí na Náisiún Aontaithe agus cuirfidh seisean cóipeanna deimhnithe de go dtí na Stáit uile d'aon cheann de na ceithre earnáil a luaitear in Airteagal 74.

Dá FHIANú SIN tá na Lánchumhachtaigh a bhfuil a sínithe anseo thíos, agus atá údaraithe go cuí chuige sin ag a Rialtais faoi seach, tar éis an Coinbhinsiún seo a shíniú.

ARNA DHéANAMH I VíN an ceathrú lá fichead seo d'Aibreán míle naoi gcéad seasca a trí.