An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN CEATHRU SCEIDEAL. COINBHINSIUN AR PHRIBHLEIDI AGUS AR DHIOLUINTI SAINGHNIOMHAIREACHTAI NA NAISIUN AONTAITHE.) Ar Aghaidh (AN SEU SCEIDEAL. Achtacháin a Aisghairtear.)

8 1967

AN tACHT UM CHAIDREAMH AGUS DÍOLÚINE TAIDHLEOIREACHTA, 1967

AN CUIGIU SCEIDEAL.

Comhaontú Ginearálta i dTaobh Pribhléidí agus Díolúintí Chomhairle na hEorpa.

Tá Rialtais Ríocht na Beilge, Ríocht na Danmhairge, Phoblacht na Fraince, Ríocht na Gréige, Phoblacht na hÉireann, Phoblacht na hIodáile, Ard-Diúiceacht Lucsamburg, Ríocht na hÍsiltíre, Ríocht na hIoruaidhe, Ríocht na Sualainne, Phoblacht na Tuirce agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann;

De bhrí go dteachtfaidh Comhairle na hEorpa, ionadaithe Comhaltaí agus an Rúnaíocht, faoi fhorálacha Airteagal 40, mír (a), den Reacht, i gcríocha a Comhaltaí cibé pribhléidí agus díolúintí is gá chun a ndualgais a dhéanamh;

De bhrí go bhfuil Comhaltaí na Comhairle tar éis a gheallúint faoi fhorálacha mhír (b) den Airteagal thuasluaite comhaontú a dhéanamh chun forálacha na míre sin a chomhalladh;

De bhrí go bhfuil an Coiste Airí, de bhun na míre thuasluaite sin (b), tar éis a mholadh do Rialtais is Comhaltaí glacadh leis na forálacha seo a leanas;

Tar éis comhaontú mar a leanas:

CUID I.

Pearsantacht—Inniúlacht.

Airteagal 1.

Beidh pearsantacht dlítheanach ag Comhairle na hEorpa. Beidh sí inniúil ar chonarthaí a dhéanamh, maoin shochorraithe agus maoin dhochorraithe a fháil agus imeachtaí dlíthiúla a thionscnamh.

Gníomhóidh an tArd-Rúnaí thar ceann Chomhairle na hEorpa sna hábhair sin.

Airteagal 2.

Comhoibreoidh an tArd-Rúnaí i gcónaí le húdaráis inniúla na gComhaltaí chun cuí-riaradh an cheartais a urasú, chun a áirithiú go gcomhallfar rialacháin phóilíneachta agus aon mhí-úsáid i ndáil leis na pribhléidí, na díolúintí, na saoirseachtaí agus na saoráidí atá ar áireamh sa Chomhaontú seo a chosc ó tharlú.

CUID II.

Maoin, Cistí agus Sócmhainní.

Airteagal 3.

Teachtfaidh an Chomhairle, a maoin agus a sócmhainní, cibé áit ina mbeidh agus cibé ag a mbeidh an céanna, díolúine ó gach próis dhlíthiúil ach amháin a mhéid a bheidh an Chomhairle Airí, in aon chás áirithe, tar éis a údarú go sainráite an díolúine sin a tharscaoileadh. Tuigtear, áfach, nach mbainfidh aon tarscaoileadh díolúine le haon bheart forghníomhaithe ná coinneáil maoine.

Airteagal 4.

Beidh foirgnimh agus áitribh na Comhairle dosháraithe. Beidh díolúine ó chuardach, foréileamh, coigistiú, díshealbhú nó aon sórt eile cur isteach, trí ghníomh feidhmiúcháin, gníomh riaracháin, gníomh breithiúnach nó gníomh reachtach, ag maoin agus sócmhainní na Comhairle cibé áit ina mbeidh agus cibé ag a mbeidh an céanna.

Airteagal 5.

Beidh cartlann na Comhairle, agus, i gcoitinne, na doiciméid go léir léi féin nó atá ar teachtadh aici, dosháraithe cibé áit na mbeidh siad.

Airteagal 6.

Gan bheith faoi sriantacht ag rialála airgeadais, rialacháin ná moratoria airgeadais d'aon sórt—

(a) féadfaidh an Chomhairle airgeadra d'aon sórt a shealbhú agus cuntais a oibriú in aon airgeadais;

(b) féadfaidh an Chomhairle a cistí a aistriú go saorálach ó thír go tír eile nó istigh in aon tír agus aon airgeadra a bheidh aici a chomhshó go saorálach in airgeadra eile;

(c) ag feidhmiú a cearta faoi fhomhíreanna (a) agus (b) thuas di, tabharfaidh Comhairle na hEorpa aird chuí ar aon uiríolla ó Rialtas Comhalta agus géillfidh sí do na huiríolla sin a mhéid a mheasfaidh sí is féidir sin gan dochar do leasa na Comhairle.

Airteagal 7.

Beidh an Chomhairle, a sócmhainní, a hioncam agus a maoin eile:

(a) saor ó gach cáin dhíreach; ní éileoidh an Chomhairle, áfach, saoirseacht ó rátaí, cánacha ná dírí nach bhfuil iontu ach muirir i leith seirbhísí fóntais phoiblí;

(b) saor ó gach dleacht custam agus ó gach toirmeasc agus sriantacht ar allmhairí agus onnmhairí maidir le hearraí a theastóidh ón gComhairle le haghaidh úsáide oifigiúla aici; ní dhéanfar earraí a allmhaireofar faoi shaoir seacht den sórt sin a dhíol sa tír ar allmhairíodh isteach inti iad ach amháin faoi choinníollacha a cheadóidh Rialtas na tíre sin;

(c) saor ó gach dleacht custam agus ó gach toirmeasc agus sriantacht ar allmhairí agus onnmhairtí maidir lena foilseacháin.

CUID III.

Cumarsáidí.

Airteagal 8.

Teachtfaidh an Coiste Airí agus an tArd-Rúnaí i gcríoch gach Comhalta, dá gcumarsáidí oifigiúla, cóir nach lú fabhair ná an chóir a thugann an Comhalta do mhisiúin taidhleoireachta aon Rialtais eile.

Ní dhéanfar aon chinsireacht ar chomhfhreagras oifigiúil ná ar chumarsáidí oifigiúla an Choiste Airí agus na Rúnaíochta.

CUID IV.

Ionadaithe Comhaltaí chun an Choiste Airí.

Airteagal 9.

Na hionadáithe ag an gCoiste Airí teachtfaidh siad, ag feidhmiú a bhfeidhmeanna dóibh agus le linn a dturas dóibh go dtí áit an chruinnithe agus ón áit sin, na pribhléidí agus na díolúintí seo a leanas:

(a) Díolúine ó ghabháil nó coinneáil phearsanta agus óna mbagáiste pearsanta a urghabháil, agus i leith briathra a dúirt siad nó a scríobh siad agus na gníomhartha go léir a rinne siad ina gcáil oifigiúil, díolúine ó phróis dhlíthiúil de gach sórt.

(b) Dosháraitheacht do gach páipéar agus doiciméad.

(c) An ceart chun cóid a úsáid agus páipéir nó comhfhreagras a fháil trí mheán teachtaire turais nó i málaí séalaithe.

(d) Saoirseacht ina leith féin agus a gcéilí ó shriantachtaí inimirce nó clárú eachtrannach sa Stát ina bhfuil a gcuairt nó trína bhfuil siad ag dul i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna.

(e) Na saoráidí céanna maidir le sriantachtaí airgeadra nó iomlaoide a thugtar d'ionadaithe comhchéime de mhisiúin thaidhleoireachta.

(f) Na díolúintí agus na saoráidí céanna maidir lena mbagáiste pearsanta a thugtar do chomhaltaí comhchéime de mhisiúin thaidhleoireachta.

Airteagal 10.

Ionas go n-áiritheofar lánsaoirse cainte agus neamhspleáchas iomlán, ag comhlíonadh a ndualgas dóibh, do na hionadaithe ag an gCoiste Airí, leanfar den díolúine ó phróis dhlíthiúil i leith briathra a dúirt siad nó a scríobh siad agus na ngníomhartha go léir a rinne siad ag comhlíonadh a ndualgas dóibh a thabhairt, d'ainneoin nach bhfuil na daoine sin lena mbaineann ag comhlíonadh dualgas den sórt sin a thuilleadh.

Airteagal 11.

Ní chun sochair phearsanta na ndaoine féin ach chun feidhmiú neamhspleách a bhfeidhmeanna i ndáil leis an gCoiste Airí a shlánchoimeád a thugtar pribhléidí agus díolúintí do na híonadaithe Comhaltaí. Dá chionn sin, ní hé amháin go bhfuil de cheart ag Comhalta ach tá de dhualgas air díolúine a ionadaí a tharscaoileadh in aon chás inarb é tuairim an Chomhalta go mbacfadh an díolúine cúrsa an cheartais agus gur féidir í a tharscaoileadh gan dochar don chríoch dá dtugtar an díolúine.

Airteagal 12.

(a) Níl forálacha Airteagail 9, 10 agus 11 inchurtha chun feidhme maidir le húdaráis Stáit ar náisiúnach de an duine nó arb ionadaí nó arbh ionadaí dó an duine.

(b) In Airteagail 9, 10, 11 agus 12 (a) thuas, measfar go bhfolaíonn an abairt “ionadaithe” ionadaithe, ionadaithe malairteacha, comhairleoirí, saineolaithe teicniúla agus rúnaithe uile toscaireachtaí.

CUID V.

Ionadaithe chun an Chomhthionóil Chomhairligh.

Airteagal 13.

Ní chuirfear aon sriantacht riaracháin ná aon sriantacht eile ar shaorghluaiseacht go dtí áit, agus ó áit, chruinnithe Ionadaithe chun an Chomhthionóil Chomhairligh agus a n-ionadach.

Tabharfar d'ionadaithe agus dá n-ionadaigh, maidir le rialú custam agus iomlaoide:

(a) ag a Rialtas féin, na saoráidí céanna a thugtar d'oifigigh shinsearacha agus iad ag taisteal ar an gcoigrích ar dhualgas oifigiúil sealadach;

(b) ag Rialtais Comhaltaí eile, na saoráidí céanna a thugtar d'ionadaithe Rialtas coigríche ar dhualgas oifigiúil sealadach.

Airteagal 14.

Beidh ionadaithe chun an Chomthionóil Chomhairligh agus a n-ionadaigh díolmhaithe ón uile cheistiú oifigiúil agus ó ghabháil agus an uile imeacht dlíthiúil i leith focail a dúirt siad nó vótaí a chaith siad i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna.

Airteagal 15.

Le linn seisiúin an Chomhthionóil Chomhairligh, teachtfaidh na hIonadaithe chun an Chomhthionóil agus a n-ionadaigh, cibé acu Teachtaí Parlaiminte iad nó nach ea:

(a) ina gcríoch náisiúnta, na díolúintí a thugtar sna tíortha sin do Theachtaí Parlaiminte;

(b) i gcríoch gach Stáit eile is Comhalta, díolúine ó ghabháil agus ionchúiseamh.

Tá feidhm ag an díolúine sin freisin le linn dóibh a bheith ag taisteal go dtí áit chruinnithe an Chomhthionóil Chomhairligh agus ón áit sin. Níl feidhm aici, áfach, nuair a fhaightear Ionadaithe agus a n-ionadaigh ag déanamh ciona, ag féachaint le cion, nó díreach tar éis cion, a dhéanamh, ná i gcásanna ina bhfuil an díolúine tarscaoilte ag an gComhthionól.

CUID VI.

Oifigigh na Comhairle.

Airteagal 16.

I dteannta na ndíolúintí agus na bpribhléidí a shonraítear in Airteagal 18 thíos, tabharfar don Ard-Rúnaí agus don Leas-Ard-Rúnaí, ina leith féin, a gcéilí agus a gclainne mionaoisí, na pribhléidí agus na díolúintí, na saoráidí a thugtar do thoscairí taidhleoireachta de réir an Dlí Idirnáisiúnta.

Airteagal 17.

Sonróidh an tArd-Rúnaí na hearnálacha oifigeach lena mbainfidh forálacha Airteagal 18 thíos. Cuirfidh sé in iúl iad do Rialtais na gComhaltaí go léir. Cuirfear ainmneacha na n-oifigeach a bheidh ar áireamh sna hearnálacha sin in iúl ó am go ham do na Rialtais thuasluaite.

Airteagal 18.

Maidir le hoifigigh Chomhairle na hEorpa:

(a) beidh díolúine acu ó phróis dhlíthiúil i leith briathra a dúirt siad nó a scríobh siad agus na ngníomhartha go léir a rinne siad ina gcáil oifigiúil agus laistigh de theorainn a n-údaráis;

(b) beidh saoirseacht acu ó chánachas ar na tuarastail agus an sochar oifige a íocfaidh Comhairle na hEorpa leo;

(c) beidh díolúine acu, agus ag a gcéilí agus ag gaolta atá i gcleithiúnas orthu, ó shriantachtaí inimirce agus ó chlárú eachtrannach;

(d) tabharfar na pribhléidí céanna dóibh i leith saoráidí iomlaoide a thugtar d'oifigigh chomhchéime is cuid de mhisiún taidhleoireachta an Rialtais lena mbainfidh;

(e) tabharfar dóibh, agus dá gcéilí agus do ghaolta atá i gcleithiúnas orthu, na saoráidí athdhúichithe céanna le linn géarchéine idirnáisiúnta a thugtar do thoscairí taidhleoireachta;

(f) beidh de cheart acu a dtroscán agus a maoin phearsanta a allmhairiú saor ó dhleacht ag dul i mbun a bpoist i gcéadóir dóibh sa tír a bheidh i gceist, agus an céanna a athonnmhairiú saor ó dhleacht go dtí tír a sainchónaithe.

Airteagal 19.

Is chun leasa Chomhairle na hEorpa agus ní chun sochair phearsanta dóibh féin a dheonaítear pribhléidí agus díolúintí d'oifigigh. Beidh de cheart ag an Ard-Rúnaí agus de dhualgas air díolúine aon oifigigh a tharscaoileadh in aon chás inarb é a thuairim go mbacfadh an díolúine cúrsa an cheartais agus gur féidir í a tharscaoileadh gan dochar do leasanna Chomhairle na hEorpa. I gcás an Ard-Rúnaí agus an Leas-Ard-Rúnaí, beidh de cheart ag an gCoiste Airí díolúine a tharscaoileadh.

CUID VII.

Comhaontuithe Forlíontacha.

Airteagal 20.

Féadfaidh an Chomhairle comhaontuithe forlíontacha a dhéanamh le haon Chomhalta nó Comhaltaí do mhodnú forálacha an Chomhaontaithe Ghinearálta seo, a mhéid a bhaineann leis an gComhalta sin nó na Comhaltaí sin.

CUID VIII.

Díospóidí.

Airteagal 21.

Cuirfear aon díospóid idir an Chomhairle agus daoine príobháideacha i dtaobh soláthairtí a thabharfar, seirbhísí a dhéanfar nó maoin shocorraithe a cheannófar thar ceann na Comhairle chun eadrána, mar a fhorálfar in ordú riaracháin a eiseoidh an tArd-Rúnaí le ceadú an Choiste Airí.

CUID IX.

Forálacha Deiridh.

Airteagal 22.

Daingneofar an Comhaontú seo. Taiscfear ionstraimí daingniúcháin leis an Ard-Rúnaí. Tiocfaidh an Comhaontú i bhfeidhm a luaithe a bheidh a n-ionstraimí daingniúcháin taiscthe ag seacht sínitheoir.

Dá ainneoin sin, go dtí go dtiocfaidh an Comhaontú i bhfeidhm de réir forálacha na míre sin roimhe seo, comhaontaíonn na sínitheoirá, d'fhonn nach mbainfidh aon mhoill le hoibriú éifeachtach na Comhairle, é a chur chun feidhme go sealadach ó dháta a shínithe, a mhéid is féidir sin a dhéanamh faoina gcórais bhunreachtúla faoi seach.

Dá fhianú sin tá na Lánchumhachtaigh a bhfuil a sínithe anseo thíos agus atá údaraithe go cuí chuige sin, tar éis an Comhaontú Ginearálta seo a shíniú.

Arna dhéanamh i bPáras, an 2ú lá seo de Mheán Fómhair, 1949, i bhFraincis agus i mBéarla, an dá théacs comhúdarásach, in aon chóip amháin a fhanfaidh i gCartlann Chomhairle na hEorpa. Tarchuirfidh an tArd-Rúnaí cóipeanna deimhnithe go dtí gach sínitheoir.

AN CHEAD PHROTOCAL A GHABHANN LEIS AN gCOMH-AONTU GINEARALTA I dTAOBH PRIBHLEIDI AGUS DIOLUINTI CHOMHAIRLE NA hEORPA.

Na Rialtais is sínitheoirí leis an gComhaontú Ginearálta i dtaobh Pribhléidí agus Díolúintí Chomhairle na hEorpa, a síníodh i bPáras an 2 Meán Fómhair, 1949 (dá ngairtear “an Comhaontú” anseo feasta),

Agus é de mhian acu forálacha an Chomhaontaithe seo a leathnú,

Tar éis comhaontú mar a leanas:—

Airteagal 1.

Féadfaidh aon Chomhalta de Chomhairle na hEorpa, faoi láthair nó san am le teacht, nach sínitheoir leis an gComhaontú aontú leis an gComhaontú agus leis an bPrótocal seo trína ionstraim aontachais ina leith araon a thaisceadh le hArd-Rúnaí Chomhairle na hEorpa agus cuirfidh seisean sin in iúl do Chomhaltaí na Comhairle.

Airteagal 2.

(a) Bainfidh forálacha Chuid IV den Chomhaontú le hionadaithe a bheidh i láthair ag cruinnithe de na hIonadóirí Airí.

(b) Bainfidh forálacha Chuid IV den Chomhaontú le hionadaithe seachas ionadaithe chun an Chomthionóil Chomhairligh a bheidh i láthair ag cruinnithe a thionóil Comhairle na hEorpa agus a bheidh ar siúl nuair nach mbeidh an Coiste Airí ná na hIonadóirí Airí ina suí ach amháin nach mbeidh ionadaithe a bheidh i láthair ag cruinnithe den sórt sin saor ó ghabháil agus ionchúiseamh nuair a gheofar iad ag déanamh ciona nó ag féachaint le cion, nó díreach tar éis cion, a dhéanamh.

Airteagal 3.

Bainfidh forálacha Airteagal 15 den Chomhaontú le hionadaithe chun an Chomhthionóil, agus lena n-ionadaigh, aon tráth nuair a bheidh siad i láthair ag cruinnithe, nó ag taisteal go dtí cruinnithe nó ó chruinnithe, de Choistí agus Fochoistí den Chomhthionól Ginearálta, cibé acu a bheidh nó nach mbeidh an Comhthionól féin ina shuí an tráth sin.

Airteagal 4.

Le linn a bheith ag feidhmiú a bhfeidhmeanna dóibh agus le linn a dturais go dtí áit na gcruinnithe agus uaidh, teachtfaidh buanionadaithe Comhaltaí Chomhairle na hEorpa na pribhléidí, na díolúintí agus na saoráidí is gnáth le toscairí taidhleoireachta comhchéime a theachtadh.

Airteagal 5.

Ní chun sochair phearsanta na ndaoine lena mbaineann ach chun feidhmiú neamhspleách a bhfeidhmeanna i ndáil le Comhairle na hEorpa a thugtar pribhléidí, díolúintí agus saoráidí d'ionadaithe Comhaltaí. Dá chionn sin, ní hé amháin go bhfuil de cheart ag Comhalta ach tá de dhualgas air díolúine a ionadaí a tharscaoileadh in aon chás inarb é tuairim an Chomhalta go mbacfadh an díolúine cúrsa an cheartais agus gur féidir í a tharscaoileadh gan dochar don chríoch dar tugadh an díolúine.

Airteagal 6.

Níl forálacha Airteagal 4 inchurtha chun feidhme maidir le húdaráis an Stáit dar náisiúnach an duine nó an Chomhalta darb ionadaí nó darbh ionadaí é.

Airteagal 7.

(a) Beidh an Prótocal seo ar oscailt lena shíniú ag na Comhaltaí go léir a shínigh an Comhaontú. Daingneofar an Prótocal an tráth céanna, nó tar éis an trátha, a dhaingneofar an Comhaontú. Taiscfear ionstraimí daingniúcháin le hArd-Rúnaí Chomhairle na hEorpa.

(b) Tiocfaidh an Prótocal seo i bhfeidhm an lá nuair a bheidh sé daingnithe ag na sínitheoirí uile a mbeidh an Comhaontú sínithe acu ar an dáta sin, ar choinníoll nach lú ná seacht sínitheoir a mbeidh an Comhaontú agus an Prótocal sínithe acu.

(c) Maidir le haon sínitheoir a dhaingneoidh iardain, tiocfaidh an Prótocal i bhfeidhm ar an dáta a thaiscfear a ionstraim dhaingniúcháin.

(d) I gcás Comhaltaí a bhfuil aontaithe acu leis an gComhaontú agus leis an bPrótocal de réir téarmaí Airteagal 1 tiocfaidh an Comhaontú agus an Prótocal i bhfeidhm:

(i) ar an dáta a shonraítear i mír (b) thuas i gcásanna ina mbeidh an ionstraim aontachais taiscthe roimh an dáta sin; nó

(ii) ar dháta na hionstraime aontachais a thaisceadh i gcás an ionstraim sin a thaisceadh ar dháta i ndiaidh an dáta a shonraítear i mír (b) thuas.

Dá fhianú sin tá siad siúd a bhfuil a sínithe thíos, agus údarás cuí acu chuige, tar éis an Prótocal seo a shíniú.

Arna dhéanamh i Strasbourg an 6ú lá de Shamhain, 1952, i mBéarla agus i bhFrancis, an dá théacs comhúdarásach, in aon chóip amháin a fhanfaidh i dtaisce i gcartlann Chomhairle na hEorpa. Tarchuirfidh an tArd-Rúnaí cóipeanna deimhnithe go dtí gach sínitheoir agus Rialtas aontachais.

AN DARA PROTOCAL A GHABHANN LEIS AN gCOMH-AONTU GINEARALTA AR PHRIBHLEIDI AGUS DIOLUINTI CHOMHAIRLE NA hEORPA.

Na Rialtais is sínitheoirí leis seo, Comhaltaí de Chomhairle na hEorpa,

á bhreithniú dóibh go bhfuil, faoi Airteagal 59 den Choinbhinsiún chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chaomhnú, a síníodh sa Róimh an 4 Samhain, 1950, comhaltaí Choimisiúin na hEorpa ar Chearta an Duine (dá ngairtear “an Coimisiún” anseo feasta), le linn dóibh a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh, i dteideal na bpribhléidí agus na ndíolúintí dá bhforáiltear in Airteagal 40 de Reacht Chomhairle na hEorpa agus sna Comhaontuithe a rinneadh faoi;

á bhreithniú dóibh gur gá na pribhléidí agus na díolúintí sin a shonrú agus a mhíniú i bPrótocal a bheidh ag gabháil leis an gComhaontú Ginearálta i dtaobh Pribhléidí agus Díolúintí Chomhairle na hEorpa, a síníodh i bParás an 2 Meán Fómhair, 1949.

Tar éis comhaontú mar a leanas:—

Airteagal 1.

Teachtfaidh comhaltaí an Choimisiúin, ag feidhmiú a bhfeidhmeanna dóibh agus le linn a dturas dóibh go dtí áit a gcruinnithe agus ón áit sin, na pribhléidí agus na díolúintí seo a leanas:—

(a) díolúine ó ghabháil nó coinneáil phearsanta agus óna mbagáiste pearsanta a urghabháil, agus, i leith briathra a dúirt siad nó a scríobh siad agus na ngníomhartha go léir a rinne siad ina gcáil oifigiúil, díolúine ó phróis dhlíthiúil de gach sórt;

(b) dosháraitheacht do gach páipéar agus doiciméad;

(c) saoirseacht ina leith féin agus a gcéilí ó shriantachtaí inimirce nó clárú eachtrannach sa Stát ina bhfuil a gcuairt nó trína bhfuil siad ag dul i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna.

Airteagal 2.

1. Ní chuirfear aon sriantachtaí riaracháin ná sriantachtaí eile ar shaorghluaiseacht comhaltaí an Choimisiúin go dtí áit chruinnithe an Choimisiúin agus ón áit sin.

2. Tabharfar do chomhaltaí an Choimisiúin, maidir le rialú custam agus iomlaoide:

(a) ag a Rialtas féin, na saoráidí céanna a thugtar d'oifigigh shinsearacha agus iad ag taisteal ar an gcoigrích ar dhualgas oifigiúil sealadach;

(b) ag Rialtais Chomhaltaí eile, na saoráidí céanna a thugtar d'ionadaithe Rialtas coigríche ar dhualgas oifigiúil sealadach.

Airteagal 3.

Ionas go n-áiritheofar lánsaoirse cainte agus neamhspleáchas iomlán, ag comhlíonadh a ndualgas dóibh, do chomhaltaí an Choimisiúin, leanfar den díolúine ó phróis dhlíthiúil i leith briathra a dúirt siad nó a scríobh siad agus na ngníomhartha go léir a rinne siad ag comhlíonadh a ndualgas dóibh a thabhairt, d'ainneoin nach bhfuil na daoine lena mbaineann ag comhlíonadh dualgas den sórt sin a thuilleadh.

Airteagal 4.

Ní chun sochair phearsanta na ndaoine féin ach chun feidhmiú neamhspleách a bhfeidhmeanna acu a thugtar pribhléidí agus díolúintí do chomhaltaí an Choimisiúin. Is é an Coimisiún amháin atá inniúil ar dhíolúine a chomhaltaí a tharscaoileadh; ní hé amháin go bhfuil de cheart aige ach tá de dhualgas air díolúine comhalta dá chuid a tharscaoileadh in aon chás inarb é tuairim an Choimisiúin go mbacfadh an díolúine cúrsa an cheartais, agus gur féidir í a tharscaoileadh gan dochar don chríoch dar tugadh an díolúine.

Airteagal 5.

Beidh an Prótocal seo ar oscailt lena shíniú ag na Comhaltaí de Chomhairle na hEorpa a thiocfaidh chun bheith ina bPáirtithe de:

(a) trína shíniú gan forcoimeádas maidir le daingniú, nó

(b) trína shíniú le forcoimeádas maidir le daingniú agus daingniú dá éis sin.

Taiscfear ionstraimí daingniúcháin le hArd-Rúnaí Chomhairle na hEorpa.

Airteagal 6.

1. Tiocfaidh an Prótocal seo i bhfeidhm a luaithe a bheidh trí Chomhalta de Chomhairle na hEorpa tar éis é a shíniú gan forcoimeádas maidir le daingniú, nó tar éis é a dhaingniú, de réir Airteagal 5.

2. Maidir le haon Chomhalta a shíneoidh é dá éis sin, gan forcoimeádas maidir le daingniú, nó a dhaingneoidh é, tiocfaidh an Prótocal seo i bhfeidhm ar dháta a shínithe nó an ionstraim dhaingniúcháin a thaisceadh.

Airteagal 7.

Cuirfidh Ard-Rúnaí Chomhairle na hEorpa in iúl do Chomhaltaí na Comhairle an dáta ar a dtiocfaidh an Prótocal seo i bhfeidhm agus tabharfaidh sé ainmneacha aon Chomhaltaí a shínigh é gan forcoimeádas maidir le daingniú nó a dhaingnigh é.

Dá fhianú sin tá siad siúd a bhfuil a sínithe thíos, agus iad údaraithe go cuí chuige, tar éis an Prótocal seo a shíniú.

Arna dhéanamh i bPáras, an 15ú lá seo de Nollaig, 1956, i mBéarla agus i bhFraincis, an dá théacs comhúdarásach, in aon chóip amháin a fhanfaidh i dtaisce i gcartlann Chomhairle na hEorpa. Cuirfidh an tArd-Rúnaí cóipeanna deimhnithe go dtí gach Rialtas is sínitheoir.

AN CEATHRU PROTOCAL A GHABHANN LEIS AN gCOMH-AONTU GINEARALTA AR PHRIBHLEIDI AGUS DIOLUINTI CHOMHAIRLE NA hEORPA.

Tá na Rialtais is sínitheoirí leis seo, agus is Comhaltaí de Chomhairle na hEorpa,

á bhreithniú dóibh go bhfuil, faoi théarmaí Airteagal 59 den Choinbhinsiún chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chaomhnú, a síníodh sa Róimh an 4 Samhain, 1950 (dá ngairtear “an Coinbhinsiún” anseo feasta), comhaltaí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine (dá ngairtear “an Chúirt” anseo feasta) i dteideal, le linn dóibh a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh, na bpribhléidí agus na ndíolúintí dá bhforáiltear in Airteagal 40 de Reacht Chomhairle na hEorpa agus sna Comhaontuithe a rinneadh faoi;

á bhreithniú dóibh gur gá na pribhléidí agus na díolúintí sin a shonrú agus a mhíniú i bPrótocal a bheidh ag gabháil leis an gComhaontú Ginearálta i dtaobh Pribhléidí agus Díolúintí Chomhairle na hEorpa, a síníodh i bPáras an 2 Meán Fómhair, 1949;

Tar éis comhaontú mar a leanas:

Airteagal 1.

Chun críocha an Phrótocail seo, ciallaíonn an téarma “breithiúna” breithiúna arna dtoghadh de réir Airteagal 39 den Choinbhinsiún agus fós aon bhreitheamh ad hoc arna cheapadh ag Stát lena mbaineann is páirtí, de bhun Airteagal 43 den Choinbhinsiún.

Airteagal 2.

Teachtfaidh na breithiúna, le linn dóobh a bheith ag feidhmiú a bhfeidhmeanna agus le linn turais a dhéanfaidh siad i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna, na pribhléidí agus na díolúintí seo a leanas:

(a) díolúine ó ghabháil nó coinneáil phearsanta agus óna mbagáiste pearsanta a urghabháil, agus i leith briathra a dúirt siad nó a scríobh siad agus na ngníomhartha go léir a rinne siad ina gcáil oifigiúil, díolúine ó phróis dhlíthiúil de gach sórt;

(b) saoirseacht ina leith féin agus a gcéilí maidir le haon sriantachtaí ar shaoirse a ngluaiseachta ar an tír ina gcónaíonn siad a fhágáil agus ar a bhfilleadh ar an tír sin, agus ar a dteacht isteach sa tír, agus ar a n-imeacht as an tír, ina bhfeidhmíonn siad a bhfeidhmeanna; agus ó chlárú eachtrannach sa tír ina bhfuil a gcuairt nó trína bhfuil siad ag taisteal i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna.

Airteagal 3.

I gcúrsa turais ar a rachaidh siad i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna, tabharfar do na breithiúna maidir le rialú custam agus iomlaoide:

(a) ag an Rialtas féin, na saoráidí céanna a thugtar d'oifigigh shinsearacha Rialtais agus iad ag taisteal ar an gcoigrích ar dhualgas oifigiúil sealadach;

(b) ag Rialtais Chomhaltaí eile, na saoráidí céanna a thugtar do chinn mhisiún taidhleoireachta.

Airteagal 4.

1. Beidh doiciméid agus páipéir na Cúirte na mbreithiúna agus na Clárlainne, a mhéid a bhainfidh siad le gnó na Cúirte, dosháraithe.

2. Ní bheidh cead comhfhreagras oifigiúil agus cumarsáidí oifigiúla eile na Cúirte, a comhaltaí agus na Clárlainne a stopadh ná a chinnsiriú.

Airteagal 5.

Ionas go n-áiritheofar lánsaoirse chainte agus neamhspleáchas iomlán do na breithiúna ag comhlíonadh a ndualgas dóibh, leanfar den díolúine ó phróis dhlíthiúil i leith briathra a dúirt siad nó a scríobh siad agus na ngníomhartha go léir a rinne siad ag comhlíonadh a ndualgas dóibh a thabhairt, d'ainneoin nach bhfuil na daoine lena mbaineann ag comhlíonadh dualgas den sórt sin a thuilleadh.

Airteagal 6.

Ní chun sochair phearsanta na mbreithiúna féin ach chun feidhmiú saorálach a bhfeidhmeanna a shlánchoimeád a thugtar pribhléidí agus díolúintí dóibh. Is í an Chúirt féin amháin, ina suí i seisiún iomlánach di, a bheidh inniúil ar dhíolúine bhreithiúna a tharscaoileadh; ní hé amháin go bhfuil de cheart aici ach tá de dhualgas uirthi díolúine breithimh a tharscaoileadh in aon chás inarb é a tuairim go mbacfadh an díolúine cúrsa an cheartais, agus inar féidir í a tharscaoileadh gan dochar don chríoch chun a bhfuil an díolúine tugtha.

Airteagal 7.

1. Bainfidh forálacha Airteagail 2 go 5 den Phrótocal seo le Cláraitheoir na Cúirte agus leis an Leas-Chláraitheoir nuair a bheidh sé ag gníomhú mar Chláraitheoir, gan dochar d'aon phribhléidí agus díolúintí a bheidh siad i dteideal faoi Airteagal 18 den Chomhaontú Ginearálta i dtaobh Pribhléidí agus Díolúintí Chomhairle na hEorpa.

2. Bainfidh forálacha Airteagal 18 den Chomhaontú Ginearálta i dtaobh Pribhléidí agus Díolúintí Chomhairle na hEorpa le Leas-Chláraitheoir na Cúirte i leith a sheirbhíse mar Leas-Chláraitheoir nuair nach mbeidh sé ag gníomhú mar Chláraitheoir.

3. Ní chun sochair phearsanta an Chláraitheora ná an Leas-Chláraitheora ach chun comhlíonadh a ndualgas a urasú a thugtar dóibh na pribhléidí agus na díolúintí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo. Is í an Chúirt féin amháin, ina suí i seisiún iomlánach di, a bheidh inniúil ar dhíolúine a Cláraitheora agus a Leas-Chláraitheora a tharscaoileadh; ní hé amháin go bhfuil de cheart aici ach tá de dhualgas uirthi an díolúine sin a tharscaoileadh in aon chás inarb é a tuairim go mbacfadh an díolúine cúrsa an cheartais, agus inar féidir í a tharscaoileadh gan dochar don chríoch chun a bhfuil an díolúine tugtha.

Airteagal 8.

1. Féadfaidh aon Stát, an tráth a shíneoidh sé gan forcoimeádas maidir le daingniú, a dhaingneoidh sé nó aon tráth dá éis sin, a dhearbhú, trí fhógra a bheidh dírithe chun Ard-Rúnaí Chomhairle na hEorpa, go roichfidh an Prótocal seo chun gach ceann nó aon cheann de na críocha a bhfuil sé freagrach ina chaidreamh idirnáisiúnta agus ina bhfuil, de réir Airteagal 63 den Choinbhinsiún chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chaomhnú, feidhm ag an gCoinbhinsiún sin.

2. Roichfidh an Prótocal seo chun na críche nó na críocha a ainmneofar san fhógra amhail ón tríochadú lá tar éis d'Ard-Rúnaí Chomhairle na hEorpa an fógra a fháil.

Airteagal 9.

Beidh an Prótocal seo ar oscailt lena shíniú ag na Comhaltaí de Chomhairle na hEorpa a thiocfaidh chun bheith ina bpáirtithe de:

(a) trína shíniú gan forcoimeádas maidir le daingniú, nó

(b) trína shíniú le forcoimeádas maidir le daingniú agus daingniú dá éis sin.

Taiscfear ionstraimí daingniúcháin le hArd-Rúnaí Chomhairle na hEorpa.

Airteagal 10.

1. Tiocfaidh an Prótocal seo i bhfeidhm a luaithe a bheidh trí Chomhalta de Chomhairle na hEorpa tar éis é a shíniú gan forcoimeádas maidir le daingniú, nó tar éis é a dhaingniú, de réir Airteagal 9.

2. Maidir le haon Chomhalta a shíneoidh é dá éis sin, gan forcoimeádas maidir le daingniú, nó a dhaingneoidh é, tiocfaidh an Prótocal seo i bhfeidhm ar dháta a shínithe nó an ionstraim dhaingniúcháin a thaisceadh.

Airteagal 11.

Cuirfidh Ard-Rúnaí Chomhairle na hEorpa in iúl do Chomhaltaí na Comhairle:

(a) ainmneacha sínitheoirí agus i dtaobh aon ionstraim dhaingniúcháin a thaisceadh;

(b) an dáta ar a dtiocfaidh an Prótocal seo i bhfeidhm.

Dá fhianú sin tá siad siúd a bhfuil a sínithe thíos, agus iad údaraithe go cuí chuige, tar éis an Prótocal seo a shíniú.

Arna dhéanamh i bPáras, an 16ú lá seo de Nollaig, 1961, i mBéarla agus i bhFraincis, an dá théacs comhúdarásach, in aon chóip amháin a fhanfaidh i dtaisce i gcartlann Chomhairle na hEorpa. Cuirfidh an tArd-Rúnaí cóipeanna deimhnithe go dtí gach Rialtas is sínitheoir.