An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT UM CHAIDREAMH AGUS DÍOLÚINE TAIDHLEOIREACHTA, 1967) Ar Aghaidh (CUID II Coinbhinsiúin Víne ar Chaidreamh Taidhleoireachta agus ar Chaidreamh Consalachta)

8 1967

AN tACHT UM CHAIDREAMH AGUS DÍOLÚINE TAIDHLEOIREACHTA, 1967

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal

1. —Féadfar an tAcht um Sraidreamh agus Díolúine Taidhleoireachta, 1967, a ghairm den Acht seo.

An tAire.

2. —San Acht seo ciallaíonn “an tAire” an tAire Gnóthaí Eachtracha.

Orduithe a leagan faoi bhráid Tithe an Oireachtais.

3. —Gach ordú a dhéanfaidh an Rialtas faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar d'aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

Aisghairm.

4. —Déantar leis seo gach achtachán a luaitear i gcolún (2) den Séú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Sceideal sin.