An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II Coinbhinsiúin Víne ar Chaidreamh Taidhleoireachta agus ar Chaidreamh Consalachta) Ar Aghaidh (CUID IV Coinbhinsiún ar Phribhléidí agus ar Dhíolúintí Sainghníomhaireachtaí na Náisiún Aontaithe)

8 1967

AN tACHT UM CHAIDREAMH AGUS DÍOLÚINE TAIDHLEOIREACHTA, 1967

CUID III

Coinbhinsiún Ginearálta ar Phribhléidí agus ar Dhíolúintí na Náisiún Aontaithe

Mínithe (Cuid III).

7. —Sa Chuid Seo—

ciallaíonn “an Coinbhinsiún” an Coinbhinsiún Ginearálta ar Phribhléidí agus ar Dhíolúintí na Náisiún Aontaithe lenar ghlac Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 13ú lá d'Fheabhra, 1946, mar atá leagtha amach sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo;

ciallaíonn “an Chúirt” an Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta;

ciallaíonn “an Eagraíocht” Eagraíocht na Náisiún Aontaithe.

Cáil dhlíthiúil na Náisiún Aontaithe.

8. —Beidh cáil dhlíthiúil comhlachta chorpraithe ag an Eagraíocht.

Díolúintí ginearálta na hEagraíochta faoin gCoinbhinsiún.

9. —Beidh ag an Eagraíocht agus ag a maoin agus ag duine a bhfuil feidhm maidir leis ag an gCoinbhinsiún agus ag maoin duine den sórt sin, agus teachtfaidh, dosháraitheacht, saoirseachtaí, saoráidí, díolúintí, pribhléidí agus cearta i cibé slí, go feadh cibé méid agus faoi réir cibé teorainneacha (lena n-áirítear an céanna a tharscaoileadh) dá bhforáiltear i ngach cás leis an gCoinbhinsiún.

Díolúintí ginearálta do bhreithiúna agus d'oifigigh áirithe de chuid na Cúirte.

10. —Beidh ag Breithiúna na Cúirte, ag Cláraitheoir na Cúirte agus ag duine a bheidh ag gníomhú mar Chláraitheoir den sórt sin, agus teachtfaidh, nuair a bheidh siad ag gabháil do ghnó na Cúirte agus le linn aon turais i ndáil le feidhmiú a bhfeidhmeanna, an dosháraitheacht, na saoirseachtaí, na saoráidí, na díolúintí, na pribhléidí agus na cearta céanna a thugtar do cheann misiúin thaidhleoireachta faoin gCoinbhinsiún atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

Beidh breithiúna na na Cúirte saor ó cháin ioncaim.

11. —Teachtfaidh breithiúna na Cuirte saoirseacht ó cháin ioncaim (lena n-áirítear forcháin) i leith luach saothair a gheobhaidh siad mar bhreithiúna den sórt sin.

Díolúintí ginearálta d'aighní a láithreoidh os comhair na Cúirte.

12. —Na daoine, nach saoránaigh Éireannacha, a bheidh fruilithe ag láithriú os comhair na Cúirte mar ionadaithe do Rialtas nó mar aighní beidh acu agus teachtfaidh siad, nuair a bheidh siad fruilithe amhlaidh agus le linn aon turais i ndáil leis na hábhair lena mbeidh siad fruilithe amhlaidh, díolúintí agus pribhléidí ar comhréir leis na cinn a thugtar le hailt 11 go 13 d'Airteagal IV den Choinbhinsiún.

Díolúintí ginearálta sa Chúirt d'fhinnéithe agus do dhaoine a bheidh ag comhlíonadh dualgais a shannfaidh an Chúirt dóibh.

13. —Na daoine a bheidh fruilithe ag láithriú mar fhinnéithe os comhair na Cúirte nó ag comhlíonadh dualgas a bheidh sannta dóibh ag an gCúirt agus na measúnoirí don Chúirt a bheidh fruilithe le gnó na Cúirte beidh acu agus teachtfaidh siad, le linn dóibh a bheith fruilithe amhlaidh agus le linn aon turais i ndáil leis na hábhair lena mbeidh siad fruilithe amhlaidh, na díolúintí agus na pribhléidí céanna a thugtar le hAlt 22 d'Airteagal VI den Choinbhinsiún.

Díolúintí ginearálta d'oifigigh na Cúirte.

14. —Beidh ag oifigigh na Cúirte agus teachtfaidh siad, nuair a bheidh siad fruilithe le gnó na Cúirte agus le linn aon turais i ndáil leis an ngnó sin, cibé saoráidí agus díolúintí is gá chun a bhfeidhmeanna a fheidhmiú go neamhspleách.

Díolúintí a bhaineann leis an gCúirt a tharscaoileadh.

15. —(1) Féadfaidh an Chúirt an dosháraitheacht agus na saoirseachtaí, na saoráidí, na díolúintí, na pribhléidí agus na cearta a thugtar leis an Acht seo do bhreitheamh den Chúirt, do Chláraitheoir na Cúirte agus don duine atá ag gníomhú mar Chláraitheoir den sórt sin agus na díolúintí agus na pribhléidí a thugtar leis an Acht seo do dhuine atá fruilithe ag láithriú mar fhinné os comhair na Cúirte nó ag comhlíonadh dualgas atá sannta dó ag an gCúirt nó do mheasúnóir don Chúirt a tharscaoileadh.

(2) Na díolúintí agus na pribhléidí a thugtar leis an Acht seo do dhaoine atá fruilithe ag láithriú os comhair na Cúirte mar ionadaithe do rialtais nó mar aighní, féadfaidh an Rialtas darb ionadaithe os comhair na Cúirte na daoine sin iad a tharscaoileadh.

(3) Féadfaidh Cláraitheoir na Cúirte na saoráidí agus na díolúintí a thugtar leis an Acht seo d'oifigigh na Cúirte (seachas Cláraitheoir na Cúirte) a tharscaoileadh.