An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID V Comhaontú Ginearálta ar Phribhléidí agus ar Dhíolúintí Chomhairle na hEorpa) Ar Aghaidh (CUID VII Comhairlí Idirnáisiúnta)

8 1967

AN tACHT UM CHAIDREAMH AGUS DÍOLÚINE TAIDHLEOIREACHTA, 1967

CUID VI

An Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta

An Eagraíocht (Cuid VI).

26. —Sa Chuid seo ciallaíonn “An Eagraíocht” an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta a bunaíodh leis an gCoinbhinsiún a comhdhéanadh i bPáras an 14ú lá de Nollaig, 1960.

Cáil dhlíthiúil na hEagraíochta.

27. —Beidh cáil dhlíthiúil comhlachta chorpraithe ag an Eagraíocht.

Díolúintí ginearálta saineolaithe na hEagraíochta.

28. —Beidh ag saineolaithe (seachas oifigigh nó seirbhísigh na hEagraíochta) a bheidh ag comhlíonadh misiún don Eagraíocht, agus teachtfaidh siad, cibé pribhléidí, díolúintí agus saoráidí is gá chun a bhfeidhmeanna a fheidhmiú go neamhspleách i gcaitheamh tréimhse a misiún, lena n-áirítear an t-am a chaithfear ar thurais i ndáil lena misiúin. Beidh acu agus teachtfaidh siad, go háirithe—

(a) díolúine ó ghabháil nó coinneáil agus ó urghabháil bagáiste;

(b) díolúine ó phróis dhlíthiúil i leith gníomhartha a rinne siad i gcúrsa a misiún réamhráite a chomhlíonadh acu;

(c) dosháraitheacht i leith páipéar agus doiciméad.

Díolúintí ginearálta faoin gComhaontú maidir leis an Eagraíocht.

29. —Beidh ag an Eagraíocht agus ag a maoin agus ag duine is ionadaí do chomhalta den Eagraíocht nó is comhalta de thoscaireacht, nó a ghabhann le toscaireacht, chun príomh-orgain na hEagraíochta nó chun fo-orgain di nó is oifigeach don Eagraíocht agus ag aon duine, is céile duine den sórt sin nó duine dá theaghlach atá i gcleithiúnas air, agus ag maoin daoine den sórt sin, agus theachtfaidh, dósháraitheacht agus saoirseachtaí, díolúintí, saoráidí, pribhléidí agus cearta ar comhréir leo siúd dá bhforáiltear i gCodanna II, III, IV agus VI (de réir mar is iomchuí i ngach cás) den Chomhaontú atá leagtha amach sa Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

Pribhléidi a tharscaoileadh.

30. —(1) Féadfaidh an Eagraíocht an dosháraitheacht agus na saoirseachtaí, na saoráidí, na díolúintí, na pribhléidí agus na cearta a thugtar leis an Acht seo d'oifigeach don Eagraíocht nó do dhuine dá dtagraítear in alt 28 den Acht seo a tharscaoileadh.

(2) An dosháraitheacht agus na saoirseachtaí, na saoráidí, na díolúintí, na pribhléidí agus na cearta a thugtar leis an Acht seo do dhuine is ionadaí do chomhalta den Eagraíocht nó is comhalta de thoscaireacht, nó a ghabhann le toscaireacht, chun príomh-orgain na hEagraíochta nó chun fo-orgain di nó ar aon duine is céile duine den sórt sin nó duine dá theaghlach atá i gcleithiúnas air, féadfaidh an comhalta réamhráite den Eagraíocht darb ionadaí an duine no Rialtas an duine, de réir mar a bheidh, iad a tharscaoileadh.

An Comhaontú Airgeadaíochta Eorpach.

31. —Beidh ag forálacha Codanna II agus III den Chomhaontú atá leagtha amach sa Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo feidhm maidir leis an gCoiste Eorpach a bunaíodh leis an gComhaontú Airgeadaíochta Eorpach a rinneadh i bPáras an 5ú lá de Lúnasa, 1955, agus maidir le sócmhainní an Chiste, lena n-áirítear ioncam, dá bhforáiltear in Airteagal 22 den Chomhaontú sin.