|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID VI An Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta) | Ar Aghaidh ( CUID VIII Ginearálta) |
AN tACHT UM CHAIDREAMH AGUS DÍOLÚINE TAIDHLEOIREACHTA, 1967
[EN] | ||
[EN] |
CUID VII Comhairlí Idirnáisiúnta | |
[EN] |
An Chomhairle (Cuid VII). |
32. —Sa Chuid seo ciallaíonn “an Chomhairle” an Chomhairle um Chomhar Custam a bunaíodh leis an gCoinbhinsiún a rinneadh sa Bhruiséal an 15ú lá de Nollaig, 1950. |
[EN] |
Cáil dhlíthiúil na Comhairle. |
33. —Beidh cáil dhlíthiúil comhlachta chorpraithe ag an gComhairle. |
[EN] |
Díolúintí ginearálta faoin gComhaontú maidir leis an gComhairle. |
34. —Beidh ag an gComhairle agus ag a maoin agus ag duine is ionadaí do chomhalta den Chomhairle nó oifigeach don Chomhairle agus ag aon duine, is céile duine den sórt sin nó duine dá theaghlach atá i gcleithiúnas air, agus ag maoin daoine den sórt sin, agus teachtfaidh, dosháraitheacht agus saoirseachtaí, saoráidí, díolúintí, pribhléidí agus cearta ar comhréir leo siúd dá bhforáiltear i gCodanna II, III, IV agus VI (de réir mar is iomchuí i ngach cás) den Chomhaontú atá leagtha amach sa Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo. |
[EN] |
Díolúintí ginearálta saineolaithe na Comhairle. |
35. —Beidh ag saineolaithe (seachas oifigigh nó seirbhísigh na Comhairle) a bheidh ag comhlíonadh misiún don Chomhairle, agus teachtfaidh siad, cibé pribhléidí, díolúintí agus saoráidí is gá chun a bhfeidhmeanna a fheidhmiú go neamhspleách i gcaitheamh tréimhse a misiún, lena n-áirítear an t-am a chaithfear ar thurais i ndáil lena misiúin. Beidh acu agus teachtfaidh siad, go háirithe— |
[EN] | (a) díolúine ó ghabháil agus ó choinneáil agus ó urghabháil bagáiste; | |
[EN] | (b) díolúine ó phróis dhlíthiúil i leith focail a dúirt siad nó a scríobh siad nó gníomhartha a rinne siad i gcúrsa a misiún réamhráite a chomhlíonadh acu, agus laistigh de theorainneacha a n-údaráis; | |
[EN] | (c) dosháraitheacht i leith páipéar agus doiciméad. | |
[EN] |
Pribhléidí a tharscaoileadh. |
36. —(1) Féadfaidh an Chomhairle dosháraitheacht agus saoirseachtaí, díolúintí, pribhléidí agus cearta oifigigh don Chomhairle nó aon duine is céile oifigigh nó duine dá theaghlach atá i gcleithiúnas air, nó duine dá dtagraítear in alt 35 den Acht seo a tharscaoileadh. |
[EN] | (2) Na díolúintí agus na pribhléidí atá ag duine is ionadaí do chomhalta den Chomhairle nó ag duine, is céile an ionadaí sin nó duine dá theaghlach atá i gcleithiúnas air, féadfaidh Rialtas an chomhalta iad a tharscaoileadh. | |
[EN] |
Cáil dhlíthiúil na Comhairle Cruithneachta Idirnáisiúnta. |
37. —Beidh cáil dhlíthiúil comhlachta chorpraithe ag an gComhairle Cruithneachta Idirnáisiúnta a bunaíodh faoi Chomhaontú Cruithneachta Idirnáisiúnta 1949. |
[EN] |
Cáil dhlíthiúil na Comhairle Siúcra Idirnáisiúnta. |
38. —Beidh cáil dhlíthiúil comhlachta chorpraithe ag an gComhairle Siúcra Idirnáisiúnta a bunaíodh faoi Chomhaontú Siúcra Idirnáisiúnta 1953. |