11 1967


Uimhir 11 de 1967


ACHT NA nAERCHUIDEACHTAÍ (LEASÚ), 1967

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO MHÉADÚ NA TEORANN AR NA RÁTHAÍOCHTAÍ I LEITH IASACHTAÍ AG AERLÍNTE ÉIREANN, TEORANTA, A FHÉADFAIDH AN tAIRE AIRGEADAIS A THABHAIRT. [16 Bealtaine, 1967.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1966, Uimh. 4 .

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1966” Acht na nAerchuideachtaí, 1966 ;

ciallaíonn “Aerlínte” Aerlínte Éireann, Teoranta.

Méadú ar an teorainn ar ráthaíochtaí ón Aire Airgeadais i leith airgead a gheobhaidh Aerlínte ar iasacht.

2. —Ní fheidhmeoidh an tAire Airgeadais na cumhachtaí a thugtar le halt 5 (1) (a dhéanann socrú chun an tAire Airgeadais do ráthú airgead a gheobhaidh Aer Lingus, Teoranta, agus Aerlínte ar iasacht) d'Acht 1966 agus le halt 4 (2) (a dhéanann socrú chun an tAire Airgeadais d'airleacan airgid chun Aerlínte) d'Acht 1966 ionas gur mó ná ocht milliún déag punt méid na n-airleacan a bheidh tugtha d'Aerlínte faoin bhfo-alt deiridh sin mar aon le méid, nó méid comhiomlán, na príomhshuime a bheidh de dhliteanas air aon tráth a íoc ar scór aon ráthaíochtaí faoin alt sin 5 (1) a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire maidir le hairgead a bheidh faighte ar iasacht ag Aerlínte mar aon le méid na príomhshuime (más ann) a bheidh íoctha roimhe sin ag an Aire Airgeadais ar scór aon ráthaíochtaí den sórt sin agus nach mbeidh aisíoctha ag an gcuideachta sin agus dá réir sin leasaítear leis seo alt 5 (3) d'Acht 1966 trí “ocht milliún déag” a chur in ionad “sé mhilliún”.

Gearrtheideal agus comhlua.

3. —(1) Féadfar Acht na nAerchuideachtaí (Leasú), 1967 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar Achtanna na nAerchuideachtaí, 1966 agus 1967, a ghairm d'Acht 1966 agus den Acht seo le chéile.