An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III Athchur Cúisí) Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL Achtacháin a Aisghairtear)

12 1967

AN tACHT UM NÓS IMEACHTA COIRIÚIL, 1967

CUID IV

Ilghnéitheach

Ceist dlí a tharchur chun na Cúirte Uachtaraí.

34. —(1) I gcás ina mbeifear, ar cheist dlí, tar éis fíorasc i bhfabhar duine chúisithe a thabhairt faoi threorú ó bhreitheamh na trialach, féadfaidh an tArd-Aighne, gan dochar don fhíorasc i bhfabhar an chúisí, an cheist dlí a tharchur chun na Cúirte Uachtaraí lena cinneadh.

(2) Déanfar sonrú na ceiste a bheidh le tarchur chun na Cúirte Uachtaraí a shocrú ag an Ard-Aighne tar éis dó dul i gcomhairle leis an mbreitheamh a thug an treorú agus cuirfear sa sonrú aon nótaí is mian leis an mbreitheamh a chur leis.

(3) Sannfaidh an Chúirt Uachtarach abhcóide chun argóinteacht a dhéanamh i dtaca leis an gcinneadh.

Leasú ar alt 52 den Acht um Eiseachadadh, 1965 .

1965, Uimh. 17 .

35. —Leasaítear leis seo alt 52 den Acht um Eiseachadadh, 1965 , tríd an méid seo a leanas a chur isteach ann:

“(2A) Féadfaidh comhalta den Gharda Síochána cúirtbhanna a ghlacadh faoin alt seo ó dhuine a bheidh curtha faoina choimeád.”

Míniú ar “príosúnacht” i gCuid III den Acht um Eiseachadadh, 1965 .

1965, Uimh. 17 .

36. —D'fhonn amhras a sheachaint, dearbhaítear leis seo go bhfolaíonn tagairtí do phríosúnacht i gCuid III den Acht um Eiseachadadh, 1965 , cibé acu maidir leis an Stát nó aon áit eile é, tagairtí do choimeád dleathach de chineál ar bith ar an duine lena mbaineann.

Cionta faoi dhlí na hAlban.

1965, Uimh. 17 .

37. —(1) Chun críocha Chuid III den Acht um Eiseachadadh, 1965

(a) aon chion is inphionósaithe faoi dhlí na hAlban le bás nó le príosúnacht ar feadh tréimhse uasta sé mhí ar a laghad, déileálfar leis mar chion indíotáilte nach cion achomhair freisin má dheimhníonn Prócadóir Fioscach gur cion indíotáilte é is inphionósaithe amhlaidh agus nach n-ionchúiseofar go hachomhair é, agus

(b) aon chion is inphionósaithe faoin dlí sin leis an bpríosúnacht sin, déiléalfar leis mar chion achomair má dheimhnítear, mar atá ráite, gur go hachomair a ionchúiseofar é agus go bhfuil sé inphionósaithe amhlaidh.

(2) Aon deimhniú a dhealraíonn a bheith tugtha ag Prócadóir Fioscach, féadfar, gan tuilleadh fianaise—

(a) é a ghlacadh ag Coimisinéir an Gharda Síochána,

(b) glacadh leis in aon imeachtaí, mura léir don chúirt cúis mhaith lena mhalairt,

mar fhianaise ar na hábhair a bheidh deimhnithe amhlaidh.

(3) San alt seo folaíonn “Prócadóir Fioscach” Depute.

(4) Forléireofar mar aon ní amháin an t-alt seo agus Cuid III den Acht um Eiseachadadh, 1965 .

Cionta faoi dhlíthe Oileáin Mhuir nIocht.

1965, Uimh. 17 .

38. —(1) Baineann an alt seo le hOileáin Mhuir nIocht, is é sin, Geirsí agus Báillcheantar Ghearnsaí.

(2) Chun críocha Chuid III den Acht um Eiseachadadh, 1965 , aon chion is inphionósaithe faoi dhlí Gheirsí nó aon chuid de Bháillcheantar Ghearnsaí le bás nó príosúnacht ar feadh tréimhse uasta sé mhí ar a laghad, déileálfar leis mar chion indíotáilte nach cion achomair freisin má dheimhníonn an tArd-Aighne do Gheirsí nó do Ghearnsaí, de réir mar a bheidh, gur cion indíotáilte é agus go bhfuil sé inphionósaithe le bás nó le príosúnacht den sórt sin.

(3) Aon deimhniú a dhealróidh a bheith arna thabhairt ag an Ard-Aighne iomchuí, féadfar, gan tuilleadh fianaise—

(a) é a ghlacadh ag Coimisinéir an Gharda Síochána,

(b) glacadh leis in aon imeachtaí, mura léir don chúirt cúis mhaith lena mhalairt,

mar fhianaise ar na hábhair a bheidh deimhnithe amhlaidh.

(4) San alt seo folaíonn “Ard-Aighne” duine a bheidh de thuras na huaire ag oibriú feidhmeanna na hoifige sin.

(5) Forléireofar mar aon ní amháin an t-alt seo agus Cuid III den Acht um Eiseachadadh, 1965 .