An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT AIRGEADAIS, 1967) Ar Aghaidh (CUID II Custaim agus Mál)

17 1967

AN tACHT AIRGEADAIS, 1967

CUID I

Cáin Ioncaim

Cáin ioncaim agus forcháin don bhliain 1967-68.

1. —(1) Déanfar cáin ioncaim don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1967, a mhuirearú de réir seacht scilling sa phunt.

(2) Déanfar forcháin don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1967, a mhuirearú i leith ioncam aon phearsan aonair ar mó ná dhá mhíle cúig chéad punt iomlán a ioncaim ó gach bunadh agus muirearófar amhlaidh í de réir na rátaí seo a leanas, is é sin le rá:

I leith an chéad dhá mhíle cúig chéad punt den ioncam     ..     ..     ..     ..     ..

Nil

I leith na breise thar dhá mhíle cúig chéad punt,

ar gach punt den chéad dhá mhíle punt eile den bhreis     ..     ..     ..     ..

trí scilling

ar gach punt den chéad trí mhíle eile den bhreis     ..     ..     ..     ..     ..     .

sé scilling

ar gach punt den chuid eile den bhreis

naoi scilling.

Leasú ar alt 139 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

1967, Uimh. 6 .

2. —Leasaítear leis seo alt 139 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur leis:

“(5) Bainfidh an t-alt seo freisin le héilitheoir is bean phósta nach gcónaíonn lena fearchéile agus atá, in imeacht na bliana measúnachta, ar fostú go lánaimseartha le ceird nó gairm éigin nó ag gabháil go lánaimseartha do cheird nó gairm éigin mar a bhaineann sé le héilitheoir is baintreach fir, ach amháin go gcuirfear ‘a fearchéile’ in ionad ‘an bhanchéile éagtha’.”

Leasú ar alt 141 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

3. —Leasaítear leis seo alt 141 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí “£135” a chur in ionad “£120”.

Leasú ar alt 142 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

4. —Leasaítear leis seo alt 142 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí “£200” a chur in ionad “£180” sa dá áit ina bhfuil an tsuim “£180” agus trí “£120”.

Leasú ar alt 251 (4) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

5. —Déantar leis seo an fo-alt seo a leanas a chur in ionad alt 251 (4) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 :

“(4) D'ainneoin aon ní sna forálacha sin roimhe seo den alt seo, beidh éifeacht ag an gCaibidil seo maidir leis an gcaiteachas caipitiúil go léir a tabhaíodh an 14ú lá de Nollaig, 1961, nó dá éis agus roimh an lú lá d'Aibreán, 1967, ionann is dá gcuirfí ‘dhá chúigiú’ in ionad an ‘an cúigiú’ i bhfo-alt (1) agus maidir le caiteachas caipitiúil a tabhaíodh an lú lá d'Aibreán, 1967, nó dá éis agus roimh an lú lá d'Aibreán, 1971, dá gcuirfí ‘leath an chaiteachais’ in ionad ‘an cúigiú cuid den chaiteachas’ i bhfo-alt (1).”

Leasú ar ailt 254 (1) agus 262 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

6. —(1) Déantar leis seo an fo-alt seo a leanas a chur in ionad alt 254 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 :

“(1)  (a) Faoi réir forálacha an Achta seo, i gcás ina dtabhóidh duine caiteachas caipitiúil ag déanamh foirgnimh nó déanmhais ar foirgneamh nó déanmhas tionscail a bheidh ann a áiteofar chun críocha trádála a bheidh á seoladh aige féin nó ag léasaí den sórt a luaitear i mír (b), tabharfar don duine a thabhaigh an caiteachas, don bhliain mheasúnachta iomchuí, liúntas (dá ngairtear liúntas foirgníochta tionscail sa Chaibidil seo) ar cóimhéid le deichiú cuid an chéanna:

Ar choinníoll nach mbainfidh an mhír seo le haon chaiteachas a tabhaíodh roimh an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1956.

(b) An léasaí dá dtagraítear i mír (a) is léasaí é a áitíonn an foirgneamh nó an déanmhas ar á dhéanamh a tabhaíodh an caiteachas faoi léas ar leas frithdhílse ina leith an leas iomchuí.

(c) San fho-alt seo—

ciallaíonn ‘bliain mheasúnachta iomchuí’, maidir le haon duine a thabhaigh caiteachas ag déanamh foirgnimh nó déanmhais, an bhliain mheasúnachta sa bhonn-tréimhse a tabhaíodh an caiteachas ina leith nó, i gcás an chéad úsáid a bhaintear as an bhfoirgneamh nó an déanmhas úsáid ag duine a áitíonn é de bhua tionóntachta ar leas frithdhílse ina leith an leas agus go dtosaíonn an tionóntacht tar éis dul faoin gcaiteachas a thabhú, an bhliain mheasúnachta a thosaíonn an tionóntacht;

tá na bríonna céanna le ‘léas’ agus ‘léasaí’ atá leo i gCuid XVI;

tá an bhrí chéanna le ‘an leas iomchuí’ atá leis i gCaibidil I de Chuid XVI.

(d)  (i) Ach amháin sa chás a luaitear i bhfomhír (ii), aon liúntas foirgníochta tionscail a thabharfar do dhuine tabharfar dó é nuair a bheifear ag muirearú brabús nó gnóchain a thrádála.

(ii) Tabharfar liúntas foirgníochta tionscail do dhuine trí cháin a urscaoileadh nó a aisíoc má bhíonn a leas san fhoirgneamh nó sa déanmhas faoi réir aon léasa nuair a thabhófar an caiteachas nó má thagann an leas sin faoi réir aon léasa sula n-úsáidfear an foirgneamh nó an déanmhas ar dtús chun aon chríche agus, i gcás ina dtabharfar amhlaidh é, ní bheidh feidhm ag fo-alt (5).

(e) Beidh éifeacht ag alt 267 (5) agus ag alt 296 maidir le liúntas foirgníochta tionscail atá le tabhairt trí cháin a urscaoileadh nó a aisíoc mar atá éifeacht acu maidir le liúntas faoi Chaibidil I de Chuid XVI atá le tabhairt amhlaidh.”

(2) Déantar leis seo an fo-alt seo a leanas a chur le halt 262 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 :

“(4) Níl feidhm ag aon ní i bhfo-alt (2) ná (3) maidir le liúntas faoi Chaibidil II atá le tabhairt do dhuine trí cháin a urscaoileadh nó a aisíoc agus, maidir leis an liúntas sin, is í a bhonn-tréimhse d'aon bhliain mheasúnachta an bhliain mheasúnachta sin í féin.”

Leasú ar alt 335 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

7. —Leasaítear leis seo alt 335 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí “£1,000” a chur in ionad “£300”.

Leasú ar alt 344 (1) (2) (4) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

8. —(1) Leasaítear leis seo fo-ailt (1) agus (2) d'alt 344 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí “£70” a chur in ionad “£50” sa dá fho-alt sin.

(2) Leasaítear leis seo fo-alt (4) d'alt 344 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí “Guinness & Mahon Limited” a chur in ionad “Guinness & Mahon” sa mhíniú ar “na bainc thráchtála”.

Leasú ar Chaibidil II de Chuid XXV den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

9. —(1) In alt 383 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , déantar leis seo “tríocha bliain” a chur in ionad “fiche bliain” agus in alt 386 (2) den Acht sin déantar leis seo “naoi mbliana déag” agus “fichiú bliain” a chur in ionad “trí bliana” agus “ceathrú bliain” faoi seach.

(2) Dá réir sin—

(a) in alt 386 den Acht sin, déantar leis seo na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fo-ailt (3) go (7):

“(3) (a) Ní bheidh an méid sin den ghlan-cháin ioncaim don bhliain mheasúnachta (dá ngairtear an t-aonú bliain is fiche feasta sa Chaibidil seo) díreach i ndiaidh an fichiú bliain, is comhionann leis an tsuim iomchuí iníoctha.

(b) I mír (a) den fho-alt seo ciallaíonn ‘an tsuim iomchuí’ an tsuim a bhfuil idir í agus an ghlan-cháin ioncaim don aonú bliain is fiche an chomhréir chéanna atá idir an méid laethanta sa tréimhse dar tosach an 6ú lá d'Aibreán sa chéad bhliain agus dar críoch an lá díreach roimh an lá tosaithe agus an méid iomlán laethanta sa chéad bhliain.

(4) (a) Beidh an coinníoll seo a leanas ag gabháil le fo-alt (3), eadhon, i gcás an chuideachta do scor go buan san aonú bliain is fiche de bheith ag gabháil d'oibriú an mhianaigh mar thrádáil—

(i) más ar nó roimh an lá deiridh den tréimhse dhá chéad agus daichead mí dar tosach an lá tosaithe a tharlóidh an scor, ní iníoctha an ghlan-cháin ioncaim don aonú bliain is fiche, agus

(ii) más tar éis deireadh na tréimhse sin a tharlóidh an scor, ní bheidh an méid sin den ghlan-cháin ioncaim is comhionann leis an tsuim iomchuí iníoctha don aonú bliain is fiche.

(b) I mír (a) (ii) den fho-alt seo ciallaíonn ‘an tsuim iomchuí’ an tsuim a bhfuil idir í agus an ghlan-cháin ioncaim don aonú bliain is fiche an chomhréir chéanna atá idir an méid laethanta, sa tréimhse dar tosach an 6ú lá d'Aibreán san aonú bliain is fiche agus dar críoch an lá deiridh den tréimhse dhá chéad agus daichead mí dar tosach an lá tosaithe, agus an méid laethanta sa tréimhse dar tosach an 6ú lá d'Aibreán san aonú bliain is fiche agus dar críoch dáta an scoir.”;

(b) in alt 387 den Acht sin—

(i) scriostar leis seo fo-ailt (1) (b) (iii) agus (iv) agus (3) (c),

(ii) i bhfo-alt (2) (a), déantar leis seo “tréimhse díolúine” agus “dhá chéad agus daichead mí” a chur in ionad “chéad téarma” agus “ocht mí is daichead” faoi seach,

(iii) i bhfo-alt (2) (b) déantar leis seo “ach i gcás nach bhfuil an tréimhse díbhinne go hiomlán laistigh den tréimhse díolúine, ní bheidh an chuideachta i dteideal cáin ioncaim a bhaint as aon chuid den íocaíocht iomchuí is inchurtha i leith aon choda den tréimhse díbhinne laistigh den tréimhse díolúine” a chur in ionad na bhfocal go léir ó “ar choinníoll” go dtí deireadh na míre,

(iv) i bhfo-alt (3) (a) agus i bhfo-alt (3) (b) déantar leis seo “tréimhse díolúine” a chur in ionad “chéad téarma”;

(c) in alt 389 den Acht sin, déantar leis seo “an aonú bliain is fiche” a chur in ionad “an naoú bliain” sa dá áit ina bhfuil na focail sin is déanaí a luaitear agus déantar leis seo “tréimhse díolúine” a chur in ionad “an chéad téarma nó den dara téarma”.

Leasú ar alt 523 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

10. —Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur in ionad alt 523 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 :

“523.—(1) Chun forcháin a mhuirearú d'aon bhliain mheasúnachta, bainfear as ioncam iomlán aon phearsan aonair—

(a) méid is comhionann le comhshuim na n-asbhaintí a bheidh sé, le linn méid an ioncaim a muirearófar cáin ioncaim air ina leith don bhliain mheasúnachta sin, i dteideal go lamhálfar dó iad faoi ailt 138 (1) (2), 139, 140, 141 agus 142, agus

(b) i gcás pearsa aonair a bheidh don bhliain mheasúnachta sin i dteideal, faoi alt 134, go lamhálfar asbhaint dó as méid a ioncaim thuillte d'fhonn méid a ioncaim inmheasúnaithe chun críocha cánach ioncaim a dhéanamh amach—

(i) an méid arb é, arna chinneadh chun críocha an ailt sin 134, méid a ioncaim thuillte é i gcás nach mó ná £1,250 an méid sin, agus

(ii) £1,250 in aon chás eile.

(2) I gcás—

(a) ina bhfuil pearsa aonair nach gcónaíonn sa Stát i dteideal asbhainte faoin alt seo d'aon bhliain mheasúnachta, agus

(b) go bhfuil aon fhaoiseamh a mbeadh, ar neamhaird le halt 153, teideal aige chuige don bhliain sin faoi na forálacha a shonraítear i bhfo-alt (1) le tabhairt dó de bhua an ailt sin 153 faoi réir laghdú de réir forálacha an ailt sin,

laghdófar an asbhaint ar comhréir leis an laghdú ar an bhfaoiseamh.

(3) I gcás fearchéile agus banchéile a dhéanfar, de bhua iarratas faoi alt 197 nó 198, a mheasúnú ar leithligh i leith cánach d'aon bhliain mheasúnachta, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas maidir le haon asbhaintí a bheidh le déanamh faoi mhír (a) nó (b) d'fho-alt (1) don bhliain sin:

(a) cibé acu a mheasúnófar nó nach measúnófar ar leithligh iad i leith forchánach, is í an asbhaint chéanna a bheidh le baint as a n-ioncam iomlán agus a bheadh dá mbeifí gan aon mheasúnacht ar leithligh a dhéanamh;

(b) má mheasúnaítear iad ar leithligh i leith forchánach, roinnfear eatarthu an faoiseamh ó fhorcháin a bheidh de thoradh ann—

(i) trí aon mhéid a áireofar in asbhaint faoi mhír (a) d'fho-alt (1) i leith faoiseamh faoi alt 141 (2) nó 142 a ghlacadh mar laghdú ar ioncam an fhearchéile nó an bhanchéile de réir cibé acu eisean nó ise a chothabhálann an leanbh, an gaol, an mac nó an iníon, a dtugtar an faoiseamh ina leith,

(ii) trí iarmhar asbhainte faoin mír sin (a) a chionroinnt idir an fearchéile agus an banchéile i gcomhréir le méideanna a n-ioncam faoi seach (agus áireofar na hioncaim sin a bheith, mar is iomchuí sin, laghdaithe de réir fhomhír (iii) agus an méid a chionroinnfear amhlaidh ar cheachtar céile a ghlacadh mar laghdú ar ioncam an chéile sin,

(iii) trí asbhaint faoi mhír (b) d'fho-alt (c) a chionroinnt idir an fearchéile agus an banchéile i gcomhréir le méideanna a n-ioncam tuillte faoi seach agus an méid a chionroinnfear amhlaidh ar cheachtar céile a ghlacadh mar laghdú ar ioncam an chéile sin,

ach sin i slí go nglacfar, má bhíonn breis ag an méid a bheidh ioncam ceachtar acu le laghdú faoi fhomhíreanna (i), (ii) agus (iii) ar mhéid an ioncaim sin, ioncam an duine eile a bheith laghdaithe méid na breise.”

Liúntais chaithimh agus chuimilte d'innealra agus fearas áirithe i limistéir neamhfhorbartha.

1952, Uimh. 1 .

11. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “innealra nó fearas cáilitheach” innealra nó fearas (seachas feithiclí atá oiriúnach chun daoine nó earraí a iompar de bhóthar nó chun feithiclí eile a tharraingt de bhóthar) a sholáthrófar, an 1ú lá d'Aibreán, 1967, nó dá éis, le húsáid in aon limistéar neamhfhorbartha chun críocha ceirde ná gairme agus nach innealra ná fearas úsáidte nó réchaite é an tráth a sholáthrófar amhlaidh é;

tá le “limistéar neamhfhorbartha” an bhrí chéanna atá leis san Acht um Limistéirí Neamhfhorbartha, 1952 .

(2) Faoi réir forálacha an ailt seo, i gcás ina mbeidh asbhaint le lamháil d'aon bhliain mheasúnachta faoi alt 241 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , i leith caitheamh agus cuimilt aon innealra nó fearais cháilithigh, déanfar, faoi réir fho-alt (6) den alt sin, an asbhaint a mhéadú cibé méid a shonróidh an duine dá mbeidh an asbhaint le lamháil le linn a éileamh ar an asbhaint a dhéanamh; agus, maidir le cás ina raibh éifeacht ag an bhfo-alt seo, déanfar aon tagairt sna hAchtanna Cánach Ioncaim d'asbhaint a lamháladh faoin alt sin 241 a fhorléiriú mar thagairt don asbhaint arna mhéadú faoin bhfo-alt seo.

(3) Ní bhainfidh fo-alt (2) le hinnealra nó fearas cáilitheach a bheidh ligthe chun duine ar na téarmaí a luaitear in alt 241 (2) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , mura bhforálann an conradh ligin go dtiocfaidh an duine chun bheith nó go bhféadfaidh sé teacht chun bheith ina úinéir ar an innealra nó an fearas ar an gconradh a chomhlíonadh; agus i gcás ina bhforálann an conradh amhlaidh ach gan é teacht chun bheith ina úinéir ar an innealra nó an fearas go scoirfidh sé de bheith i dteideal (ar shlí seachas ar é d'fháil bháis) sochair an chonartha a mhéid a bhaineann sé le hinnealra nó fearas, measfar nach raibh feidhm ag fo-alt (2) maidir leis an innealra nó an fearas agus déanfar dá réir sin cibé measúnachtaí agus coigeartuithe breise ar mheasúnachtaí is iomchuí.

(4) I gcás ina méadófar faoin alt seo d'aon bhliain mheasúnachta an asbhaint faoi alt 241 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , i leith caitheamh agus cuimilt aon innealra nó fearais, ní thabharfar aon liúntas faoi Chaibidil I de Chuid XV an Acht sin maidir leis an innealra nó an fearas don bhliain mheasúnachta sin ná d'aon bhliain mheasúnachta ina dhiaidh sin.

Faoiseamh i leith costais sláinte.

1947, Uimh. 28 .

1953, Uimh. 26 .

1927, Uimh. 25 .

1955, Uimh. 1 .

1928, Uimh. 25 .

12. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “cleithiúnach”, maidir le pearsa aonair,—

(a) más fear pósta an pearsa aonair a lamháiltear dó don bhliain mheasúnachta an asbhaint níos airde faoi alt 138 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , banchéile na pearsan aonair, agus

(b) aon duine a lamháiltear asbhaint faoi alt 139, 140, 141 nó 142 den Acht sin don phearsa aonair ina leith;

ciallaíonn “aireachas sláinte” easláinte, díobháil, éagruas, ainimh nó míchumas a chosc, a fháithmheas, a mhaolú nó a chóireáil, agus folaíonn sé aireachas a fhaigheann bean i leith toirchis seachas gnáthaireachas máithreachais, ach ní fholaíonn sé gnáthchóireáil oftailmeach ná gnáth-dhéadchóireáil;

ciallaíonn “costais sláinte” costais i leith aireachas sláinte a sholáthar, is caiteachais arb éard iad costais—

(a) seirbhísí liachleachtóra,

(b) bearta fáithmheasa ar chomhairle liachleachtóra,

(c) cothabháil nó cóireáil in ospidéal,

(d) drugaí nó cógais a soláthraíodh ar oideas ó liachleachtóir,

(e) aon ghaireas liachta, máinliachta, déadliachta nó altranais a sholáthar, a chothabháil nó a dheisiú,

(f) fisiteiripe nó cóireáil dá samhail ar ordú liachleachtóra,

(g) cóireáil ortaptach nó cóireáil dá samhail ar ordú liachleachtóra, nó

(h) iompar in otharcharr;

ciallaíonn “ospidéal”—

(a) aon fhoras sláinte de réir bhrí an Achta Sláinte, 1947 ,

(b) aon fhoras a bhfuil feidhm maidir leis ag comhshocraíocht a rinneadh nó a mheastar a rinneadh faoi alt 10 den Acht Sláinte, 1953 ,

(c) aon ospidéal, teaghlach altranais nó teaghlach máithreachais arna cheadú ag an Aire Sláinte chun críocha alt 25 den Acht Sláinte, 1953 ,

(d) aon ospidéal, teaghlach altranais nó teaghlach máithreachais eile arna cheadú chun críocha an ailt seo ag an Aire Airgeadais tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Sláinte;

ciallaíonn “liachleachtóir” aon duine atá cláraithe sa chlár a bunaíodh faoi alt 21 d'Acht na nDochtúirí Leighis, 1927 , nó atá cláraithe go sealadach faoi alt 3 d'Acht na Lia-Chleachtóirí, 1955 , nó atá cláraithe sa chlár a bunaíodh faoi alt 23 d'Acht na bhFiaclóirí, 1928 , nó, maidir le haireachas sláinte a sholathraítear lasmuigh den Stát, aon duine atá i dteideal, faoi dhlíthe na tíre ina soláthraítear an t-aireachas, míochaine nó déadliacht a chleachtadh inti;

ciallaíonn “duine cáilithe”, maidir le pearsa aonair, an phearsa aonair féin nó aon chleithiúnach dá chuid;

ciallaíonn “gnáth-dhéadchóireáil” stoitheadh, díscreamhú agus líonadh fiacla agus fiacla bréige nó déadchíora bréige a sholáthar agus a dheisiú;

ciallaíonn “gnáthaireachas máithreachais” aireachas—

(a) a fhaigheann bean i leith toirchis seachas mar othar a chothabháiltear in ospidéal, nó

(b) a fhaigheann bean i leith toirchis mar othar a chothabháiltear in ospidéal i gcás nach faide ná ceithre lá dhéag fad iomlán na tréimhse nó na dtréimhsí a chothabháiltear amhlaidh í nó i gcaitheamh na ceithre lá dhéag tosaigh den chothabháil sin i gcás inar faide ná ceithre lá dhéag fad na tréimhse nó na dtréimhsí sin;

ciallaíonn “gnáthchóireáil oftailmeach” radharc-thástáil agus comhairle faoi úsáid spéaclaí nó tadhall-lionsaí agus spéaclaí nó tadhall-lionsaí a sholáthar agus a dheisiú.

(2) (a) Faoi réir forálacha an ailt seo, i gcás ina ndéanfaidh pearsa aonair a mbeidh éileamh déanta aige chuige agus a mbeidh tuairisceán san fhoirm fhorordaithe tugtha aige ar a ioncam iomlán a chruthú gur íoc sé sa bhliain mheasúnachta costais sláinte a tabhaíodh chun aireachas sláinte a sholáthar d'aon duine cáilithe amháin agus is mó ná £50 sa chomhiomlán, beidh sé i dteideal, d'fhonn méid an ioncaim a muireareofar cáin ioncaim air ina leith a dhéanamh amach, go mbainfear an méid iomchuí as a ioncam inmheasúnaithe.

(b) Sa mhír sin roimhe seo ciallaíonn “an méid iomchuí”—

(i) más 1ú ná £300 comhiomlán na gcostas sláinte—breis an chomhiomláin sin ar £50, agus

(ii) más £300 nó níos mó an comhiomlán—£250.

(3) Chun críocha an ailt seo—

(a) aon chostais a d'íoc bean phósta bliain mheasúnachta measfar gurb é a fearchéile a d'íoc iad má bhíonn sé, don bhliain mheasúnachta, le meas, faoi na hAchtanna Cánach Ioncaim, í a bheith ina cónaí lena fearchéile,

(b) aon chostais a rinne seiceadóir nó riarthóir duine éagtha a íoc as a eastát measfar gur íoc an duine éagtha é díreach roimh a bhás,

(c) measfar nár íocadh costais a mhéid atá aon suim i leith nó faoi threoir an aireachais sláinte lena mbaineann na costais faighte nó le fáil, go díreach nó go neamhdhíreach, ag an bpearsa aonair nó ag eastát na pearsan aonair nó ag aon chleithiúnach de chuid na pearsan aonair nó ag eastát an chleithiúnaigh sin ó aon údarás poiblí nó áitiúil nó faoi aon chonradh árachais nó ar mhodh cúitimh nó ar shlí eile.

(4) Nuair a bheidh éileamh ar asbhaint faoin alt seo á dhéanamh aige, féadfaidh pearsa aonair a rinne nó a mheasfar a rinne, tar éis deireadh na bliana measúnachta arb ina haghaidh a bheidh an t-éileamh á dhéanamh, aon chostais a íoc a bhain le haireachas sláinte a soláthraíodh an bhliain sin, a roghnú go ndéanfar na hasbhaintí go léir a lamhálfar dó faoin alt sin don bhliain mheasúnachta sin agus do bhlianta measúnachta dá éis sin a chinneadh ionann is dá mba gur íocadh na costais sin an tráth a soláthraíodh an t-aireachas sláinte lena mbaineann siad.

(5)   (a) Aon éileamh ar asbhaint faoin alt seo—

(i) is i cibé foirm a fhorordóidh na Coimisinéirí Ioncaim ó am go ham a dhéanfar é,

(ii) beidh ina theannta cibé ráitis i scríbhinn maidir le haon chineál costais ar faoina threoir a éilítear an asbhaint, lena n-áirítear ráitis ó dhaoine ar tugadh íocaíochtaí dóibh, a ndéarfaidh an fhoirm fhorordaithe gur gá iad maidir le costais den chineál sin.

(b) An faoiseamh a thabharfar ó cháin de dhroim asbhaint a lamháil faoin alt seo, is air mhodh aisíoca a thabharfar é i ngach cás.

(c) Faoi réir na míreanna sin roimhe seo den fho-alt seo, beidh feidhm maidir le hasbhaintí faoin alt seo ag na forálacha sin go léir de na hAchtanna Cánach Ioncaim ag a bhfuil feidhm maidir le gach asbhaint a shonraítear in ailt 138 go 143 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

(6) Leasaítear leis seo alt 153 (1) (d) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí “agus le halt 12 den Acht Airgeadais, 1967 ” a chur isteach i ndiaidh “le hailt 138 go 143”.

(7) Leasaítear leis seo alt 193 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ,—

(a) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (2) i ndiaidh mhír (a):

“(aa) a mhéid gur ó fhaoiseamh dó faoi alt 12 den Acht Airgeadais, 1967 , i gcomhréir mar d'íoc siad an caiteachas ar dá bharr an faoiseamh,”; agus

(b) trí “nó faoi alt 12 den Acht Airgeadais, 1967 ” a chur isteach ag deireadh fho-alt (6).