An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I Cáin Ioncaim) Ar Aghaidh (CUID III Dleachtanna Stampa)

17 1967

AN tACHT AIRGEADAIS, 1967

CUID II

Custaim agus Mál

Beoir.

1966, Uimh. 17 .

1933, Uimh. 15

13. —(1) In ionad an dleacht máil a fhorchuirtear le halt 8 (1) den Acht Airgeadais, 1966 , muirearófar, toibheofar agus íocfar ar an mbeoir go léir a ghrúdófar sa Stát an 12ú lá d'Aibreán, 1967, nó dá éis sin, dleacht máil de réir naoi bpunt déag, deich scilling agus ocht bpingin ar gach sé ghalún is tríocha foirte de shaindlús míle agus cúig ghrád is caoga.

(2) In ionad an dleacht custam a fhorchuirtear le halt 8 (2) den Acht Airgeadias, 1966, déanfar, amhail ar an agus ón 12ú lá d'Aibreán, 1967, dleacht custam a mhuirearú, a thobhach agus a íoc ar an mbeoir go léir d'aon sórt a allmhaireofar isteach sa Stát de réir naoi bpunt déag, aon scilling déag agus dhá phingin ar gach sé ghalún is tríocha beorach a raibh saindlús míle, caoga is cúig ghrád ina foirt roimh ghiosáil.

(3) Lamhálfar agus íocfar, i gcás ina n-onnmhaireofar mar mharsantas nó ina loingseofar chun a húsáidte mar stóras beoir a suífear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim gur íocadh uirthi an dleacht a fhorchuirtear le fo-alt (1) nó fo-alt (2) den alt seo, aistarraingt, arna ríomh de réir saindlúis bhunaidh na beorach sin, de réir naoi bpunt déag deich scilling agus aon phingin déag ar gach sé ghalún is tríocha beorach ar mhíle caoga is cúig ghrád a saindlús bunaidh.

(4) Más rud é, i gcás beoir ar arb inmhuirir an dleacht a fhorchuirtear le fo-alt (1) nó fo-alt (2) den alt seo nó i gcás beoir ar arb iníoctha aistarraingt faoi fho-alt (3) den alt seo, nach míle, caoga is cúig ghrád saindlús na beorach sin, athrófar an dleacht sin nó an aistarraingt sin go comhréireach.

(5) Ní bheidh feidhm ná éifeacht ag alt 24 den Acht Airgid, 1933 , maidir leis an dleacht custam a fhorchuirtear leis an alt seo.

Tobac.

1932, Uimh. 20 .

L.R. Uimh. 132 de 1966.

1919, c. 32.

1940, Uimh. 14 .

1934, Uimh. 31 .

14. —(1) Faoi réir an chéad fho-ailt eile den alt seo, déanfar an dleacht custam ar thobac a fhorchuirtear le halt 20 den Acht Airgid, 1932 , a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 12ú lá d'Aibreán, 1967, de réir na rátaí leithleacha a shonraítear i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear i gCuid II agus i gCuid III den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais 1966.

(2)  (a) Baineann an fo-alt seo le tobac monaraithe a monaraíodh sa Ríocht Aontaithe, agus a coinsíníodh as agus a monaraíodh ann as ábhair seachas ábhair a thagann faoin gCeannteideal sa Cháinliosta darb uimhir 24.02 sa Sceideal a ghabhann leis an Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 159) (Dleachtanna Custam agus Foirm an Cháinliosta Custam), 1966.

(b) Déanfar an dleacht custam ar thobac a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 12ú lá d'Aibreán, 1967, agus roimh an 1ú lá d'Iúil, 1967, ar thobac monaraithe lena mbaineann an fo-alt seo de réir na rátaí leithleacha a shonraítear i gCuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear i gCuid I de agus déanfar, amhail ar an agus ón 1ú lá d'Iúil, 1967, í a mhuirearú, a thobhach agus a íoc ar thobac monaraithe lena mbaineann an fo-alt seo de réir na rátaí leithleacha a shonraítear i gCuid III den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear i gCuid I agus i gCuid II de.

(c) Bainfidh forálacha alt 8 den Finance Act, 1919, leis na dleachtanna a fhorchuirtear leis an bhfo-alt seo—

(i) ach “the area of application of the Acts of the Oireachtas” a chur in ionad “Great Britain and Ireland” agus ionann is nár fholaigh an abairt “manufactured tobacco” sa chéad cholún den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht sin tobac monaraithe lena mbaineann an fo-alt seo,

(ii) ionann is dá mbeadh tobac monaraithe lena mbaineann an fo-alt seo, mar aon le tuairiscí an tobac mhonaraithe sin i gCuid II nó i gCuid III (de réir mar is iomchuí) den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo luaite ar leithligh sa chéad cholún sin agus dá mbeadh na rátaí tosaíochta iomchuí a shonraítear sa Chuid sin luaite sa dara colún den Dara Sceideal sin os coinne lua na n-earraí sin sa chéad cholún de, agus

(iii) faoi réir neamhshuim a dhéanamh den mhír dheiridh (dar tosach “Goods shall not be deemed”) d'fho-alt (1) den alt sin 8.

(d) San fho-alt seo ciallaíonn “Ríocht Aontaithe” an Bhreatain Mhór, Tuaisceart Éireann, Oileán Mhanann agus Oileáin Mhuir nIocht.

(e) Tá leis an abairt “tobac cruafháiscthe” a luaitear i gCuid II agus i gCuid III den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo agus sa chéad mhír eile den fho-alt seo an bhrí chéanna atá leis in alt 17 den Acht Airgeadais, 1940 .

(f) Ciallaíonn an abairt “tobac píopa eile” a luaitear i gCuid II agus i gCuid III den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo tobac monaraithe de na cineálacha is gnách a bheith beartaithe a úsáid i bpíopaí agus nach tobac cruafháiscthe.

(3) Déanfar an dleacht máil ar thobac a fhorchuirtear le halt 19 den Acht Airgid, 1934 , a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 12ú lá de d'Aibreán, 1967, de réir na rátaí leithleacha a shonraítear i gCuid IV den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear i gCuid V den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1966 .

Tobac (dleacht máil ar stoic áirithe).

15. —(1) Faoi réir forálacha fho-alt (2) den alt seo, déanfar dleacht máil a mhuirearú, a thobhach agus a íoc ar na stoic tobac go léir de gach tuairisc a bheidh, ar a cúig a chlog, san iarnóin, an 11ú lá d'Aibreán, 1967, ar úinéireacht nó ina sheilbh ag monaróir ceadúnaithe tobac agus in aon áit sa Stát seachas bannastóras, agus beidh an dleacht máil sin iníoctha ag an monaróir, de réir an ráta seo a leanas, is é sin le rá:

(a) a mhéid gur tobac neamhmhonaraithe na stoic, trí scilling agus cúig phingin ar gach punt meáchain de na stoic, agus

(b) a mhéid gur tobac (lena n-áirítear snaois) seachas tobac neamhmhonaraithe na stoic, trí scilling agus cúig phingin ar gach punt meáchain de thobac neamhmhonaraithe ónar tháinig na stoic i dtuairim na gCoimisinéirí Ioncaim.

(2) Ní bheidh an dleacht a fhorchuirtear le fo-alt (1) den alt seo inmhuirir ar aon tobac monaraithe (lena n-áirítear toitiní, todóga agus snaois seachas dríodsnaois) a suífear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim ina thaobh go raibh sé, ar a cúig a chlog san iarnóin, an 11ú lá d'Aibreán, 1967, lán-ullmhaithe lena dhíol ar mionreic agus—

(i) nár tháirge aon oibríochta é de chuid aon mhonaróra a raibh sé ar úinéireacht nó ina sheilbh aige an tráth sin; nó

(ii) go raibh sé an tráth sin ar coimeád mar stoc mionreaca in áitreabh a úsáidtear chun tobac a dhíol ar mionreic; nó

(iii) go raibh sé an tráth sin ar bealach ó dhíoltóir go ceannaitheoir faoi chonradh díolacháin:

Ar choinníoll nach measfar chun críocha an fho-ailt seo aon tobac a bheith lán-ullmhaithe lena dhíol ar mionreic má bhí sé, de réir gnáth-chúrsa gnó an duine a raibh sé ar úinéireacht nó ina sheilbh aige nó an duine a raibh sé ar bealach chuige, le cur faoi phróiseas éigin eile (seachas pacáil) sula ndíolfadh sé é.

(3) Cuirfidh gach monaróir ceadúnaithe tobac, lá nach déanaí ná an 18ú lá d'Aibreán, 1967, tuairisceán chuig na Coimisinéirí Ioncaim i bhfoirm a bheidh ceadaithe acu agus ina dtabharfaidh sé cibé eolas a iarrfaidh siad leis an bhfoirm agus, go háirithe, ina n-inseoidh sé na meáchain tobac de gach tuairisc a bhí ar úinéireacht nó ina sheilbh aige, ar a cúig a chlog, san iarnóin, an 11ú lá d'Aibreán, 1967, in aon áit sa Stát seachas bannastóras.

(4) Déanfaidh gach monaróir ceadúnaithe tobac mar a leanas—

(a) tabharfaidh sé ar aird, má cheanglaítear sin air, d'aon oifigeach Custam agus Máil na leabhair thrádála agus gach uile chuntas agus doiciméad de chuid an mhonaróra sin nó a bheidh i seilbh an mhonaróra sin agus is gá chun an tuairisceán a thabharfar de bhun fho-alt (3) den alt seo a fhíorú, agus

(b) tabharfaidh sé gach cúnamh réasúnach don oifigeach sin ag tógáil cuntais dó ar an tobac a bhí ar úinéireacht nó ina sheilbh ag an monaróir sin ar a cúig a chlog san iarnóin an 11ú lá d'Aibreán, 1967.

(5) Díreach tar éis an tuairisceán a thabhairt a cheanglaítear le fo-alt (3) den alt seo nó an 18ú lá d'Aibreán, 1967, cibé acu is luaithe, íocfaidh gach monaróir ceadúnaithe tobac leis na Coimisinéirí Ioncaim méid iomlán na dleachta a mhuirearaítear le fo-alt (1) den alt seo ar aon tobac a bhí ar úinéireacht nó ina sheilbh aige ar a cúig a chlog san iarnóin an 11ú lá d'Aibreán, 1967, agus ar arb inmhuirir an dleacht sin agus féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, más oiriúnach leo, íoc na dleachta a chur siar go dtí dáta nach déanaí ná an 1ú lá de Shamhain, 1967, ar an monaróir do thabhairt urrúis trí bhanna nó ar shlí eile chun a sástacht go n-íocfar an dleacht sin.

(6) Gach monaróir a gceanglaíonn fo-alt (3) den alt seo air tuairisceán den sórt a luaitear san fho-alt sin a thabhairt agus a mhainneoidh an tuairisceán sin a thabhairt nó a thabharfaidh tuairisceán a bheidh neamhiomlán, bréagach nó míthreorach in aon phonc ábhartha nó a mhainneoidh nó a dhiúltóidh aon ní a dhéanamh a cheanglaíonn fo-alt (4) den alt seo air a dhéanamh beidh sé ciontach i gcion faoi na reachtanna a bhaineann le dleachtanna máil agus tabhóidh sé pionós máil caoga punt in aghaidh gach ciona den sórt sin agus forghéillfear an tobac go léir ar maidir leis an rinneadh an cion sin.

(7) I gcás aistarraingt a bheith iníoctha maidir le tobac ar ar íocadh an dleacht máil a fhorchuirtear le fo-alt (1) den alt seo, is aistarraingt máil a bheidh inti go feadh na dleachta a íocadh de bhun an fho-ailt sin (1) arna cinneadh ag na Coimisinéirí Ioncaim.

Iostaí faoi bhealach.

16. —(1) D'ainneoin aon ní in aon achtachán eile, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, faoi réir cibé coinníollacha agus sriantachtaí is oiriúnach leo a fhorchur in aon chás speisialta—

(a) áiteanna, ar a dtabharfar iostaí faoi bhealach, a cheadú chun earraí allmhairithe nach bhfuil imréitithe fós ó mhuirear custam a thaisceadh iontu go sealadach, agus

(b) cead a thabhairt earraí allmhairithe nach bhfuil imréitithe fós ó mhuirear custam, lena n-áirítear earraí nach bhfuil fós féin tuairiscithe agus taifeadta faoi na hAchtanna Custam, a dhíloingsiú nó a dhíluchtú agus a aistriú go dtí iosta faoi bhealach ceadaithe.

(2) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim aon tráth téarmaí aon cheadú a tugadh faoi fho-alt (1) (a) den alt seo a chúlghairm nó a athrú.

(3) Aon dhuine a sháróidh aon choinníoll nó sriantacht a fhorchuirfidh na Coimisinéirí Ioncaim faoi fho-alt (1) den alt seo nó a mhainneoidh déanamh de réir an chéanna dlífear pionós céad punt a chur air agus dlífear aon earraí arb ina leith a rinneadh an cion a fhorghéilleadh.

Leasú ar achtacháin áirithe.

17. —Déantar leis seo gach achtachán a shonraítear i gcolún (2) den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a leasú mar a shonraítear i gcolún (3) den Sceideal sin.

Leasú ar alt 17 (6) den Acht Airgeadais, 1966 .

18. —(1) Leasaítear leis seo alt 17 (6) den Acht Airgeadais, 1966 , trí “fiche faoin gcéad” a chur in ionad “deich faoin gcéad”.

(2) Má ritear an tAcht seo an 1ú lá d'Iúil, 1967, nó roimhe sin, tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an lá sin, agus measfar gur tháinig an fo-alt sin i ngníomh an lá sin más tar éis an lae sin a rithfear é.

(3) Déanfar na haisíocaí iomchuí ag féachaint d'fhorálacha fho-ailt (1) agus (2) den alt seo agus déanfar na haisíocaí de réir cibé treoracha a thabharfaidh an tAire Rialtais Áitiúil.

Orduithe a dhaingniú.

I.R. Uimh. 101 de 1966.

I.R. Uimh. 132 de 1966.

19. —Daingnítear leis seo an tOrdú d'Forchur Dleachtanna (Uimh. 158) (Lasáin), 1966, agus an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 159) (Dleachtanna Custam agus Foirm an Cháinliosta Custam), 1966.