An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III Dleachtanna Stampa) Ar Aghaidh (CUID V Ilghnéitheach)

17 1967

AN tACHT AIRGEADAIS, 1967

CUID IV

Cáin Bhrabús Corparáide

Faoiseamh i gcás earráide nó dearmaid.

21. —(1) Má líomhnaíonn aon chuideachta a d'íoc cáin a muirearaíodh faoi mheasúnacht i leith cháin bhrabús corparáide d'aon tréimhse chuntasaíochta go raibh an mheasúnacht iomarcach mar gheall ar earráid nó dearmad éigin i dtuairisceán nó i ráiteas a thug sí chun críocha na measúnachta, féadfaidh sí, tráth nach déanaí ná sé bliana tar éis an mheasúnacht a dhéanamh, iarratas ar fhaoiseamh a dhéanamh i scríbhinn chuig na Coimisinéirí Ioncaim.

(2) Nuair a gheobhaidh na Coimisinéirí Ioncaim aon iarratas den sórt sin déanfaidh siad fiosrú faoin ábhar agus, faoi réir forálacha an ailt seo, déanfaidh siad, ar mhodh aisíoca, cibé faoiseamh a bheidh réasúnach agus cóir a thabhairt i leith na hearráide nó an dearmaid:

Ar choinníoll nach dtabharfar aon fhaoiseamh faoin alt seo i leith earráide ná dearmaid maidir leis an bhforas ar an cheart dliteanas na cuideachta is iarratasóir a ríomh i gcás inar tugadh an tuairisceán nó an ráiteas iarbhír ar an bhforas nó de réir an chleachtais a bhí i réim i gcoitinne nuair a tugadh an tuairiscéan nó an ráiteas.

(3) Nuair a bheidh aon iarratas faoin alt seo á chinneadh ag na Coimisinéirí Ioncaim beidh aird acu ar iomthosca iomchuí an cháis, agus breithneoidh siad go háirithe an dtiocfadh den fhaoiseamh a thabhairt aon chuid de bhrabúis na cuideachta is iarratasóir a dhúnadh amach ó mhuirearú i leith cháin bhrabús corparáide, agus chun na críche sin féadfaidh na Coimisinéirí dliteanas na cuideachta is iarratasóir agus measúnachtaí a rinneadh uirthi in aghaidh tréimhsí cuntasaíochta eile a chur san áireamh.

(4) Aon chuideachta arb éagóir léi cinneadh na gCoimisinéirí Ioncaim ar iarratas a rinne sí faoin alt seo féadfaidh sí, ar fhógra scríofa a thabhairt do na Coimisinéirí sin laistigh de lá is fiche tar éis dóibh a gcinneadh a chur in iúl di, achomharc a dhéanamh chun na gCoimisinéirí Speisialta.

(5) Éistfidh agus cinnfidh na Coimisinéirí Speisialta an t-achomharc de réir na bprionsabal a leanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim agus iad ag cinneadh na n-iarratas faoin alt seo, agus faoina réir sin, mar a dhéanfadh siad i gcás achomhairc chucu i gcoinne measúnachta i leith cháin bhrabús corparáide, agus beidh feidhm dá réir sin, le haon mhodhnuithe is gá, ag na forálacha a bhaineann le hachomharc den sórt sin (lena n-áirítear na forálacha a bhaineann le hachomharc a athéisteacht agus le cás a ríomh chun tuairim na hArd-Chúirte a fháil ar phonc dlí):

Ar choinníoll nach mbeidh an t-achomharcóir ná na Coimisinéirí Ioncaim i dteideal a cheangal cás a ríomh chun tuairim na hArd-Chúirte a fháil seachas ar phonc dlí a bhaineann le ríomh brabús.

Leasú ar an Acht Airgeadais (Brabúis Mhianach Áirithe) (Faoiseamh Sealadach ó Chánachas), 1956 .

1956, Uimh. 8 .

22. —(1) In alt 2 den Acht Airgeadais (Brabúis Mhianach Áirithe) (Faoiseamh Sealadach ó Chánachas), 1956 , déantar leis seo “tríocha bliain” a chur in ionad “fiche bliain” agus in alt 6 (1) den Acht sin déantar leis seo “dhá chéad is daichead mí” a chur in ionad “d'ocht mí ceathrachad”.

(2) Dá réir sin—

(a) in alt 6 den Acht seo—

(i) déantar leis seo “an tréimhse díolúine” a chur in ionad “an chéad teárma” i bhfo-alt (1);

(ii) déantar leis seo na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fo-ailt (2) go (6):

“(2) Ní iníoctha an méid is inchurtha i leith na mbrabús den cháin bhrabús corparáide is inmhuirir ar an gcuideachta do thréimhse chuntasaíochta a thosóidh roimh an lá tosaithe agus a chríochnóidh sa tréimhse díolúine.

(3) Ní iníoctha an méid is inchurtha i leith na mbrabús, agus a bhainfidh leis an gcuid den tréimhse chuntasaíochta a bheidh sa tréimhse díolúine, den cháin bhrabús corparáide is inmhuirir ar an gcuideachta do thréimhse chuntasaíochta a thosóidh roimh dheireadh na tréimhse díolúine agus a chríochnóidh i ndiaidh na tréimhse díolúine.

(4) Chun éifeacht a thabhairt d'fho-alt (3) den alt seo, déanfar amach, trí chionroinnt, an cháin bhrabús corparáide a bhainfidh, de bhua an fho-ailt sin, leis na codanna faoi seach de thréimhse chuntasaíochta a thosóidh sa tréimhse díolúine agus a chríochnóidh i ndiaidh na tréimhse díolúine, agus déanfar gach cionroinnt den sórt sin de réir faid na gcodanna sin faoi seach:

Ar choinníoll, áfach, má scoireann an chuideachta go buan, in aon tréimhse chuntasaíochta den sórt sin, de bheith ag gabháil d'oibriú an mhianaigh mar thrádáil, ansin, chun go ndéanfar amach na méideanna den cháin bhrabús corparáide a bhainfidh leis na codanna faoi seach de thréimhse chuntasaíochta a thosóidh sa tréimhse díolúine agus a chríochnóidh i ndiaidh na tréimhse diolúine, áireofar mar thréimhse chuntasaíochta ar leith an chuid den tréimhse chuntasaíochta ó thosach na tréimhse sin go dtí an dáta a scoireadh d'oibriú an mhianaigh mar thrádáil.”;

(b) in alt 9 (2) den Acht sin, déantar leis seo “na tréimhse díolúine” a chur in ionad “an dara téarma”.

Leasú ar alt 69 den Acht Airgeadais, 1959 .

1959, Uimh. 18 .

1967, Uimh. 6 .

23. —(1) Aon tagairt in alt 69 den Acht Airgeadais, 1959 , do liúntas faoi alt 241 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , déanfar, i gcás ina raibh éifeacht ag alt 11 (2) den Acht seo, í a fhorléiriú mar thagairt don liúntas arna mhéadú faoin bhfo-alt sin.

(2) I gcás ina measfar nach raibh feidhm ag an alt sin 11 (2) maidir le haon innealra ná fearas d'aon bhliain mheasúnachta, déanfar cibé measúnachtaí agus coigeartuithe breise is iomchuí chun críocha cháin bhrabús corparáide.