19 1967


Uimhir 19 de 1967


AN tACHT FREASTAL SCOILE (LEASÚ), 1967

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AN ACHTA FREASTAL SCOILE, 1926 . [25 Iúil, 1967.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

An Príomh-Acht.

1926, Uimh. 17 .

1. —San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Freastal Scoile, 1926 .

Foláireamh faoi alt 17 den Phríomh-Acht a sheirbheáil.

2. —(1) Féadfar foláireamh faoi alt 17 den Phríomh-Acht a sheirbheáil trí chóip de a chur leis an bpost cláraithe réamhíoctha i gclúdach a bheidh dírithe chun an duine a bheidh le seirbheáil go dtí an áit chónaithe nó an áit ghnó is déanaí is eol a bheith aige sa Stát agus féadfaidh an t-údarás feidhmiúcháin iomchuí, de réir brí an Phríomh-Achta, nó duine a bheidh údaraithe chuige sin ag an údarás sin, an foláireamh a phostáil.

(2) I gcás ina seirbheálfar foláireamh ar dhuine de bhun fho-alt (1) den alt seo—

(i) measfar gur seirbheáil chuí ar an duine an tseirbheáil mura gcruthófar nár seachadadh an foláireamh,

(ii) measfar gur seirbheáladh an foláireamh ar an duine an tráth a dhéanfaí an clúdach ina raibh sé a sheachadadh i ngnáth-chúrsa an phoist, agus

(iii) beidh deimhniú a airbheartóidh a bheith sínithe ag an duine a phostáil an clúdach ina raibh an foláireamh agus gur síníodh é tráth nár luaithe ná deich lá tar éis an lae a postáladh an clúdach agus ag taispeáint an deimhniú gur postáladh an clúdach agus á rá, más amhlaidh atá an cás, nár cuireadh an clúdach ar ais gan seachadadh go dtí an seoltóir, beidh sé, go dtí go gcruthófar a mhalairt, ina fhianaise ar an gclúdach a dhíriú, a chlárú agus a phostáil de réir fho-alt (1) den alt seo.

Leanaí a bheith i láthair sa Chúirt Dúiche i gcásanna áirithe.

3. —(1) Chun críocha alt 17 (4) den Phríomh-Acht féadfar ordú a dhéanamh faoi alt 18 den Acht sin maidir le duine tar éis an duine a chiontú sa dara cion nó i gcion dá éis sin faoin alt sin 17 i leith an linbh chéanna, agus, má mhainníonn duine déanamh de réir aon ordaithe faoin alt sin 18, féadfaidh breitheamh den Chúirt Dúiche barántas a eisiúint á ordú agus á údarú don Cheannfort den Gharda Síochána arb ina cheantar a chónaíonn an leanbh lena mbaineann an t-ordú a chur faoi deara go mbeidh an leanbh i láthair ag suí den Chúirt Dúiche tráth agus in áit a shonrófar sa bharántas.

(2) I gcás ina n-eiseofar barántas faoin alt seo, beidh an Ceannfort den Gharda Síochána chun a mbeidh sé dírithe agus aon chomhalta den Gharda Síochána a bheidh ag gníomhú ar orduithe ón gCeannfort sin i dteideal cibé bearta a dhéanamh a mheasfaidh an Ceannfort nó an comhalta sin, de réir mar a bheidh, le réasún a bheith riachtanach chun a áirithiú go mbeidh an leanbh lena mbainfidh an barántas sin i láthair ag an suí den Chúirt Dúiche lena mbainfidh an barántas.

Méadú ar phionóis áirithe faoin bPríomh-Acht.

4. —(1) Leasaítear leis seo alt 17 den Phríomh-Acht trí “cúig phunt” a chur in ionad “fiche scilling” agus “deich bpunt” a chur in ionad “dachad scilling” i bhfo-alt (2) agus “deich bpunt” a chur in ionad “dachad scilling” i bhfo-alt (3).

(2) Leasaítear leis seo alt 18 den Phríomh-Acht trí “cúig phunt” a chur in ionad “fiche scilling” i bhfo-alt (1).

(3) Leasaítear leis seo alt 20 den Phríomh-Acht trí “cúig phunt” a chur in ionad “fiche scilling”.

Gearrtheideal agus comhlua.

5. —(1) Féadfar an tAcht Freastal Scoile (Leasú), 1967 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Freastal Scoile, 1926 go 1967, a ghairm de na hAchtanna Freastal Scoile, 1926 agus 1936, agus den Acht seo le chéile.