An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II Dleachtanna Stampa) Ar Aghaidh (CUID IV Brabúis nó Gnóchain ó Dhéileáil i dTalamh nó óna Fhorbairt: Cáin Ioncaim agus Forcháin)

7 1968

AN tACHT AIRGEADAIS (FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA), 1968

CUID III

Cáin Bhrabús Corparáide

Teorainneacha ama chun measúnachtaí a dhéanamh.

1946, Uimh. 15 .

13. —(1) D'ainneoin aon ní atá in alt 24 (1) den Acht Airgeadais, 1946 , agus faoi réir aon fhoráil a fhorálann tréimhse níos faide in aon aicme cáis, ní dhéanfar aon mheasúnacht i leith cánach brabús corparáide tráth níos déanaí ná deich mbliana tar éis deireadh na tréimhse cuntasaíochta lena mbaineann sí, ná i leith aon tréimhse cuntasaíochta dar chríoch dáta roimh an lú lá d'Aibreán, 1961:

Ar choinníoll, i gcás ina ndearna aon chuideachta, nó ina ndearnadh thar ceann aon chuideachta, aon saghas calaoise nó faillí i ndáil nó maidir le cáin bhrabús corparáide, go ndéanfar measúnacht ar an gcuideachta sin tráth ar bith i leith aon tréimhse cuntasaíochta dar chríoch an lú lá d'Eanáir, 1941, nó dáta dá éis, a mbeadh cáin bhrabús corparáide ina leith caillte ar an Státchiste, mura mbeadh sin, de dheasca na calaoise nó na faillí.

(2) Agóid ar bith in aghaidh déanamh aon mheasúnachta nó céadmheasúnachta breise ar an bhforas go bhfuil an tréimhse atá teoranta lena aghaidh sin caite ní dhéanfar í ach amháin ar achomharc ón measúnacht.

(3) San fho-alt seo ciallaíonn “faillí” faillí nó mainneachtain in aon fhógra a thabhairt, in aon tuairisceán, ráiteas nó dearbhú a dhéanamh, nó in aon liosta, doiciméad nó eolas eile a thabhairt a iarrtar leis na hachtacháin a bhaineann le cáin bhrabús corparáide nó fúthu:

Ar choinníoll go measfar nár mhainnigh duine aon rud a dhéanamh ba ghá a dhéanamh laistigh d'am teoranta má rinne sé é laistigh de cibé am breise, má b'ann, a cheadaigh na Coimisinéirí Ioncaim nó an t-oifigeach iomchuí; agus, i gcás ina raibh leithscéal réasúnach ag duine i dtaobh gan aon rud áirithe a dhéanamh ba ghá a dhéanamh, go measfar nár mhainnigh sé é sin a dhéanamh má rinne sé é gan mhoill mhíréasúnach tar éis deireadh a bheith leis an leithscéal.

Tagairtí áirithe do Choimisinéirí Speisialta a leasú.

1967, Uimh. 6 .

1965, Uimh. 22 .

I. R. Uimh. 130 de 1967.

14. —(1) Na tagairtí sna forálacha de na hachtacháin a shonraítear i gCuid V den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo do na coimisinéirí chun críocha speisialta na nAchtanna Cánach Ioncaim agus do na Coimisinéirí Speisialta forléireofar iad mar thagairtí do Choimisinéirí Achomhairc arna gceapadh faoi alt 156 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus déanfar an tagairt in alt 65 (6) den Acht Airgeadais, 1965 , do Choimisinéir Speisialta a fhorléiriú mar thagairt do Choimisinéir Achomhairc arna cheapadh amhlaidh.

(2) Déanfar an tagairt i Rialachán 7 de na Rialacháin um Cháin Bhrabús Corparáide, 1967, do Choimisinéir chun críocha speisialta na nAchtanna Cánach Ioncaim a fhorléiriú mar thagairt do Choimisinéir Achomhairc arna cheapadh faoi alt 156 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

Ceadófar, i gcásanna áirithe, íoc cánach a chur siar.

15. —Más rud é maidir le haon tréimhse chuntasaíochta gurb éard iad brabúis chuideachta nó go mbeidh ar áireamh orthu brabúis trádála i ndéileáil i dtalamh nó i bhforbairt talún a ndéanann an chuideachta lena linn an leas iomlán a fuair sí in aon talamh a dhiúscairt agus, maidir leis an diúscairt sin, go gcomhlíontar na coinníollacha a shonraítear i míreanna (b) go (e) d'alt 23 (1) den Acht seo, beidh feidhm, maille le haon mhodhnuithe is gá, ag fo-ailt (2) agus (3) den alt sin 23 maidir leis an oiread sin den cháin bhrabús corparáide a mhuirearaítear le haon mheasúnacht in aghaidh na tréimhse cuntasaíochta agus nárbh inmhuirir dá mba rud é nár tháinig aon suim le cur i gcuntas mar a luaitear i bhfo-alt (1) (d) den alt sin 23 mar atá feidhm acu maidir leis an oiread sin den cháin ioncaim a mhuirearaítear le measúnacht i leith brabús nó gnóchan na trádála sin agus nárbh inmhuirir sa chúinse sin.