An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV Brabúis nó Gnóchain ó Dhéileáil i dTalamh nó óna Fhorbairt: Cáin Ioncaim agus Forcháin) Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL)

7 1968

AN tACHT AIRGEADAIS (FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA), 1968

CUID V

Ilghnéitheach

Tagairtí áirithe do Choimisinéirí Speisialta a leasú.

1963, Uimh. 23 .

1965, Uimh. 22 .

1966, Uimh. 17 .

1967, Uimh. 6 .

25. —I gCuid VI den Acht Airgeadais, 1963 , i gCuid VI den Acht Airgeadais, 1965 , agus i gCuid VI den Acht Airgeadais, 1966 , forléireofar tagairtí do Choimisinéirí Speisialta Cánach Ioncaim agus do Choimisinéirí Speisialta mar thagairtí do Choimisinéirí Achomhairc arna gceapadh faoi alt 156 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus forléireofar tagairtí do Choimisinéir Speisialta mar thagairtí do Choimisinéir Achomhairc arna cheapadh amhlaidh.

Leasú ar alt 27 (3) d'Acht Choimisinéirí na Stát-Sheirbhíse, 1956 .

1956, Uimh. 45 .

26. —Leasaítear leis seo alt 27 (3) d'Acht Choimisinéirí na Stát-Sheirbhíse, 1956, trí “faoi alt 156 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , ina Choimisinéir Achomhairc” a chur in ionad “faoi fho-alt (1) d'alt 67 den Income Tax Act, 1918, ina choimisinéir chun críocha speisialta na nAcht Cánach Ioncaim”.

An tArd-Bhailitheoir do bhunú imeachtaí i bhféimheacht.

27. —(1) Cumhachtaítear leis seo don Ard-Bhailitheoir agra a dhéanamh i leith toghairm fhéichiúnaí agus achainí i bhféimheacht a thíolacadh ina ainm féin i leith cánacha nó dleachtanna a bheidh dlite don Aire Airgeadais chun sochair an Phríomh-Chiste, is cánacha nó dleachtanna a gcumhachtaítear don Ard-Bhailitheoir iad a bhailiú agus a thobhach.

(2) Faoi réir an ailt seo, beidh feidhm i gcás na n-imeachtaí a bhunóidh an tArd-Bhailitheoir de bhua an ailt seo ag na rialacha cúirte is infheidhmithe de thuras na huaire agus ag na hachtacháin maidir le féimheacht.

Aoisliúntas Choimisinéirí Achomhairc áirithe.

1918, c. 40.

1965, Uimh. 13 .

1956, Uimh. 38 .

28. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “Coimisinéir Achomhairc” Coimisinéir Achomhairc chun críocha na nAchtanna Cánach Ioncaim;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Airgeadais.

(2) Baineann an t-alt seo le duine ag a bhfuil post bunaithe sa Státseirbhís mar Choimisinéir Achomhairc, seachas—

(a) duine—

(i) a ndearnadh a cheapadh sa phost sin tar éis dáta an Achta seo a rith, agus

(ii) a raibh post bunaithe sa Státseirbhís aige díreach sular ceapadh chun an phoist sin é, nó

(b) duine—

(i) a bhí, direach roimh thosach feidhme an Achta Cánach Ioncaim, 1967 , ina choimisinéir arna cheapadh faoi alt 67 (1) den Income Tax Act, 1918, agus

(ii) ar státseirbhíseach bunaithe é díreach sular ceapadh mar choimisinéir den sórt sin é.

(3) I gcás duine lena mbaineann an t-alt seo, tar éis dó fónamh mar Choimisinéir Achomhairc ar feadh tréimhse nár ghiorra ná deich mbliana, scor de bheith ag fónamh i bhfeidhmeanas bunaithe mar Choimisinéir Achomhairc mar gheall ar an aois scoir a shlánú, nó mar gheall ar é a theacht chun bheith éagumasach ar a dhualgais a chomhlíonadh de dheasca easláinte ar dóigh di, dar leis an Aire, a bheith buan, féadfaidh an tAire pinsean a dheonú dó is comhionann leis an ochtú cuid den tuarastal a bhí ag gabháil lena oifig an tráth a scoir sé de bheith ag fónamh i bhfeidhmeanas bunaithe agus, ina theannta sin, an daicheadú cuid den tuarastal sin in aghaidh gach bliana dá sheirbhís de bhreis ar deich mbliana, ach ní rachaidh aon phinsean a dheonófar amhlaidh thar leath an tuarastail sin agus beidh sé faoi réir forálacha Acht na bPinsean (Laghdú), 1965 , ionann agus dá mba phinsean faoi na hAchtanna Aoisliúntas, 1834 go 1963, é.

(4) I gcás ina ndeonófar pinsean do dhuine faoin alt seo, féadfaidh an tAire cnapshuim a dheonú dó freisin comhionann le hoiread go leith an phinsin lena n-áirítear aon chuid a bheidh géillte faoin gcéad fho-alt eile.

(5) Aon duine dá ndeonófar pinsean faoin alt seo ar shlí seachas ar scor de dheasca easláinte, féadfaidh sé cuid den phinsean a ghéilleadh i gcomaoin pinsean dá bhanchéile nó do chleithiúnaí amháin eile a ainmneoidh sé, agus beidh aon ghéilleadh den sórt sin faoi réir forálacha an Achta Aoisliúntas, 1956 , agus na rialachán faoi ionann agus dá mba phinsean arna dheonú faoi na hAchtanna Aoisliúntas, 1834 go 1963, é.

(6) I gcás duine lena mbaineann an t-alt seo d'fháil bháis tar éis dó fónamh mar Choimisinéir Achomhairc ar feadh tréimhse nach giorra ná cuig bliana, féadfaidh an tAire cnapshuim a dheonú dá ionadaí pearsanta dlíthiúil comhionann leis an tuarastal a bhí ag gabháil lena oifig ar dháta a bháis.

(7) I gcás duine dar deonaíodh pinsean agus cnapshuim faoin alt seo d'fháil bháis agus gur lú an t-iomlán a fuair sé agus ab infhaighte aige agus ag a eastát ná an tuarastal ar ar bunaíodh a phinsean, féadfaidh an tAire cnapshuim is comhionann leis an easnamh a dheonú dá ionadaí pearsanta dlíthiúil.

(8) I gcás duine lena mbaineann an t-alt seo agus a bhí, díreach roimh thosach feidhme an Achta Cánach Ioncaim, 1967 , ina choimisinéir arna cheapadh faoi alt 67 (1) den Income Tax Act, 1918, measfar gur seirbhís mar Choimisinéir Achomhairc comhiomlán a sheirbhíse faoin Income Tax Act, 1918, agus a sheirbhíse faoin Acht Cánach Ioncaim, 1967 , ó thosach feidhme an Achta sin go dtí dáta an Achta seo a rith.

(9) Ní dhéanfar dámhachtain faoin alt seo agus dámhachtain faoi na hAchtanna Aoisliúntas, 1834 go 1963, leis an duine céanna ná maidir leis.

Gearrtheideal agus forléiriú.

1891, c. 39.

1920, c. 18.

29. —(1) Féadfar an tAcht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1968 , a ghairm den Acht seo.

(2) Forléireofar Codanna I agus IV den Acht seo agus na hAchtanna Cánach Ioncaim i dteannta a chéile.

(3) Forléireofar Cuid II den Acht seo i dteannta an Stamp Act, 1891, agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú an Achta sin.

(4) Forléireofar Cuid III den Acht seo i dteannta Chuid V den Finance Act, 1920, agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú na Coda sin.

(5) Ach amháin sa mhéid go n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, forléireofar aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán eile mar thagairt don achtachán sin arna leasú ag aon achtachán eile nó faoi aon achtachán eile lena n-áirítear an tAcht seo.