Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL ACHTACHAIN A AISGHAIRTEAR)

12 1968


Uimhir 12 de 1968


AN tACHT ARM-PHINSEAN, 1968

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA ARM-PHINSEAN, 1923 GO 1964. [11 Meitheamh, 1968.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

Léiriú.

1923, Uimh 26.

1927, Uimh. 12 .

1953, Uimh. 23 .

1959, Uimh. 15 .

1960, Uimh. 39 .

1962, Uimh. 22 .

1. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “na hAchtanna” na hAchtanna Arm-Phinsean, 1926 go 1964;

ciallaíonn “Acht 1923” an tAcht Arm-Phinsean, 1923 ;

ciallaíonn “Acht 1927” an tAcht Arm-Phinsean, 1927 ;

ciallaíonn “Acht 1953” an tAcht Arm-Phinsean, 1953 ;

ciallaíonn “Acht 1959” an tAcht Arm-Phinsean, 1959 ;

ciallaíonn “Acht Uimh. 2 de 1960 ” an tAcht Arm-Phinsean (Uimh. 2), 1960 ;

ciallaíonn “Acht 1962” an tAcht Arm-Phinsean, 1962 .

(2) Forléireofar an tAcht seo agus na hAchtanna mar aon ní amháin.

(3) Déanfar tagairtí san Acht seo d'aon achtachán a fhorléiriú mar thagairtí don achtachán sin arna leasú le haon achtachán ina dhiaidh sin.

Leasú ar na hAchtanna maidir le pinsin phósta.

1932, Uimh. 24 .

2. —(1) Déanfar na forálacha iomchuí de na hAchtanna, a mhéid a bhaineann siad le duine dar deonaíodh pinsean faoi na hAchtanna (cibé acu roimh dháta an Achta seo a rith nó dá éis sin a deonaíodh é) a fhorléiriú ionann is dá mba é an t-aon-choinníoll amháin chun pinsean breise nó pinsean pósta a dheonú don duine sin gur fear pósta é chun críocha na nAchtanna, agus dá réir sin, ar iarratas a dhéanamh chun an Aire, beidh an pinsean breise nó an pinsean pósta iomchuí faoi na hAchtanna iníoctha leis an duine sin an fad a leanfaidh sé de bheith ina fhear pósta chun na gcríocha sin.

(2) San alt seo ciallaíonn “na forálacha iomchuí de na hAchtanna”—

(a) alt 2 (2) d'Acht 1923,

(b) ailt 9 (2), 10 (2), 11 (2) agus 13 (2) d'Acht 1927,

(c) alt 10 (3) den Acht Arm-Phinsean, 1932 , agus

(d) alt 7 (2) d'Acht 1962.

Liúntais do bhaintreacha agus do leanaí áirithe (pinsean créachta nó míchumais nó pinsean lena mbaineann alt 7 d'Acht 1962).

3. —I gcás—

(a) duine d'fháil bháis le linn pinsean créachta nó pinsean míchumais faoi na hAchtanna nó pinsean lena mbaineann alt 7 d'Acht 1962 a bheith á fháil aige,

(b) go raibh an pinsean ab iníoctha leis an duine sin tráth a bháis bunaithe ar ghrád éagumais nár lú ná caoga faoin gcéad, agus

(c) gurbh fhear pósta chun críocha na nAchtanna an duine tráth a bháis,

d'ainneoin aon ní sna hAchtanna agus cibé acu ab é nó nárbh é an t-éagumas arbh ina leith a deonaíodh an pinsean ab aon-trúig bháis don duine, féadfaidh an tAire na liúntais iomchuí faoi na hAchtanna, arna leasú leis an Acht seo, a dheonú do bhaintreach (murar athphós sí) agus do leanaí an duine sin.

(2) I gcás inar éag duine roimh dháta an Achta seo a rith agus go raibh na coinníollacha a shonraítear i bhfo-alt (1) (a), (1) (b), agus (1) (c) comhlíonta ina chás ansin, d'ainneoin aon ní sna hAchtanna, agus cibé acu ab é nó nárbh é an t-éagumas arbh ina leith a deonaíodh an pinsean ab aon-trúig bháis don duine, féadfaidh an tAire na liúntais iomchuí faoi na hAchtanna, arna leasú leis an Acht seo, a dheonú do bhaintreach (murar athphós sí) agus do leanaí an duine sin.

(3) Ní dheonófar liúntas faoin alt seo i leith duine éagtha arbh fhaillí mhór nó mí-iompar mór dá chuid féin ba chúis lena bhás.

(4) Gach iarratas ar liúntas faoin alt seo déanfar é—

(a) i gcás duine a luaitear i bhfo-alt (2), tráth nach déanaí ná dhá mhí dhéag tar éis dáta an Achta seo a rith,

(b) in aon chás eile, tráth nach déanaí ná dhá mhí dhéag tar éis an bháis iomchuí.

(5) Aisghairtear leis seo alt 5 d'Acht 1959, a mhéid a bhaineann sé le duine lena mbaineann alt 14 (2) (d), alt 15 (1) (d) nó alt 15 (2) (d) d'Acht 1927.

Liúntais do bhaintreacha agus do leanaí áirithe (pinsean créachta nó pinsean faoi alt 28 nó 29 den Acht Arm-Phinsean 1937).

1937, Uimh. 15 .

4. —(1) I gcás—

(a) ina bhfuair duine bás le linn dó pinsean créachta faoi na hAchtanna nó pinsean faoi alt 28 nó 29 den Acht Arm-Phinsean, 1937, a bheith á fháil aige,

(b) go raibh an pinsean ab iníoctha leis an duine sin tráth a bháis bunaithe ar ghrád éagumais nár lú ná caoga faoin gcéad,

(c) ina mbeadh teideal ag an duine, díreach roimh a bhás, chun pinsin bhreise nó pinsin phósta dá mba é an t-aonchoinníoll chun go ndeonófaí an pinsean breise sin nó an pinsean pósta sin gurbh fhear pósta chun críocha na nAchtanna é an tráth sin, agus

(d) inarbh é an t-éagumas arb ina leith a deonaíodh an pinsean aon-trúig bháis an duine sin,

féadfaidh an tAire, ar iarratas a dhéanamh chuige, na liúntais iomchuí faoi na hAchtanna, arna leasú leis an Acht seo, a dheonú do bhaintreach (murar athphós sí) agus do leanaí an duine sin.

(2) Déanfar gach iarratas ar liúntas faoin alt seo tráth nach déanaí ná dhá mhí dhéag tar éis dáta an Achta seo a rith.

Pinsin chréachta agus aiscí créachta do chomhaltaí Chúltaca na Chéad Líne.

5. —(1) D'ainneoin aon ní sna hAchtanna, aon chomhalta den Chúltaca Oifigeach (An Chéad Líne) nó den Chúltaca Fear (An Chéad Líne) atá faoi éagumas ó chréacht is inchurtha i leith a sheirbhíse sna fórsaí féadfaidh sé pinsean créachta nó aisce chréachta faoi alt 12 d'Acht 1927 a iarraidh agus féadfar, i gcás inarb iomchuí sin, pinsean nó aisce den sórt sin a dheonú dó.

(2) I gcás duine lena mbaineann fo-alt (1), measfar gur mar a leanas dáta a urscaoilte as na fórsaí chun críocha alt 12 d'Acht 1927—

(a) i gcás inarb i leith seirbhíse sna Buan-Óglaigh is inchurtha an chréacht—an dáta a chríochnaigh a sheirbhís sna Buan-Óglaigh,

(b) i gcás inarb i leith seirbhíse sa Chúltaca Oifigeach (An Chéad Líne) nó sa Chúltaca Fear (An Chéad Líne) is inchurtha an chréacht—dáta na créachta.

(3) Má bhíonn pinsean deonaithe d'aon duine faoi alt 12 d'Acht 1927 (arna leathnú leis an alt seo) ní bheidh an pinsean iníoctha in aghaidh aon tréimhse a bheidh an duine sin i dteideal pá sheirbhíse mar chomhalta den Chúltaca Oifigeach (An Chéad Líne) nó den Chúltaca Fear (An Chéad Líne).

(4) Gach iarratas ó dhuine ar phinsean créachta nó ar aisce chréachta faoi alt 12 d'Acht 1927 (arna leathnú leis an alt seo) déanfar é laistigh de dhá mhí dhéag tar éis é a urscaoileadh as na fórsaí nó roimh dheireadh dhá mhí dhéag ó dháta an Achta seo a rith, cibé acu is déanaí.

Athbhreithniú ar iarratais ar diúltaíodh dóibh faoi alt 4(1) (d) d'Acht 1953.

6. —I gcás é tarlú, roimh dháta an Achta seo a rith nó dá éis sin, maidir le hiarratas go ndeonófaí liúntas faoi alt 4 (1) (d) d'Acht 1953 gur diúltaíodh nó go ndiúltófar dó mar gheall ar an iarratasóir do mhainniú a shuíomh go raibh sé buan-easlán, féadfaidh an tAire ó am go ham athbhreithniú a dhéanamh ar an iarratas ar an iarratasóir á iarraidh sin agus oibreoidh an t-alt sin maidir le gach iarratas den sórt sin ionann is dá mba é an t-iarratas bunaidh é.

Cumhacht chun pinsin, liúntais agus aiscí a mheadú le rialacháin.

7. —(1) I gcás ina gceadóidh an tAire Airgeadais méaduithe—

(a) ar aon phinsean (lena n-áirítear pinsean breise nó pinsean pósta) nó liúntais faoi na hAchtanna, bíodh an pinsean nó an aisce i gcúrsa a íoctha nó ná bíodh, nó

(b) ar aon aisce nó suim bhliantúil iomchuí faoi na hAchtanna,

agus gur cuid de mhéadú ginearálta ar phinsin is iníoctha i leith seirbhíse poiblí na méaduithe sin, féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, rialacháin a dhéanamh ag déanamh socrú do na méaduithe iomchuí.

(2) Gach rialachán a dhéanfaidh an tAire faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir é tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

(3) Measfar gur tháinig fo-alt (1) i ngníomh an 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1964.

Leasú ar alt 13 d'Acht 1959.

8. —Leasaítear leis seo alt 13 d'Acht 1959 trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fo-ailt (2) agus (3):

“(2) I gcás duine, lenarb iníoctha pinsean créachta nó pinsean míchumais, agus a bhanchéile a bheith tar éis leanbh a uchtáil, measfar, chun na gcríocha de na hAchtanna agus den Acht seo a bhaineann le liúntais chleithiúnaithe, gur leanbh leis na huchtóirí é a rugadh dóibh de phósadh dleathach agus nach leanbh le haon duine eile é.

(3) I gcás ina ndearna duine éagtha, lenarbh iníoctha pinsean créachta nó pinsean míchumais, agus a bhanchéile leanbh a uchtáil, measfar, chun na gcríocha de na hAchtanna agus den Acht seo a bhaineann le liúntais chleithiúnaithe, gur leanbh leis na huchtóirí é a rugadh dóibh de phósadh dleathach agus nach leanbh le haon duine eile é.”

Leasú ar alt 6 (1) d'Acht Uimh. 2 de 1960 .

9. —(1) Leasaítear leis seo alt 6 (1) d'Acht Uimh. 2 de 1960 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (a)—

“(aa) forléireofar an tagairt i mír (b) den fho-alt sin do cheithre bliana tagairt d'ocht mbliana, agus”.

Leasú ar an Dara Sceideal a ghabhann le hAcht Uimh.2 de 1960 .

10. —Leasaítear leis seo tuilleadh Cuid IV den Dara Sceideal a ghabhann le hAcht Uimh. 2 de 1960 tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír I—

“1A. Chun críocha na Coda seo den Sceideal seo áireofar gaol (a luaitear i mír 1 den Chuid seo den Sceideal seo) saighdiúra mar chleithiúnaí de chuid an tsaighdiúra sin más rud é, agus amháin más rud é, go ndearna an saighdiúir sin, de réir Rialacháin Óglaigh na hÉireann chuige sin, leithroinnt shaorálach as a phá chun an ghaoil sin agus go raibh an leithroinnt sin iníoctha leis an ngaol sin ar an dáta a thosaigh seirbhís an tsaighdiúra sin leis na Náisiúin Aontaithe.”

Liúntais do bhaintreacha agus do leanaí áirithe (seirbhís leis na Náisiúin Aontaithe).

11. —(1) I gcás é tarlú roimh dháta an Achta seo a rith nó dá éis sin—

(a) go bhfuair nó go bhfaighidh duine bás le linn dó a bheith ag fónamh sna fórsaí nó, ar bheith urscaoilte as na fórsaí dó, d'fháil bháis laistigh d'ocht mbliana tar éis an urscaoilte sin agus nár deonaíodh pinsean dó faoi na hAchtanna,

(b) maidir leis an duine sin gurbh fhear pósta é chun críocha na nAchtanna i gcás oifigigh nó má ba shaighdiúir é, go raibh liúntas pósta mar shaighdiúir pósta á fháil aige an tráth seo a leanas:—

(i) i gcás é d'fháil bháis le linn dó a bheith ag fónamh sna fórsaí—tráth a bháis,

(ii) i gcás é d'fháil bháis tar éis a urscaoilte as na fórsaí— díreach roimh an urscaoileadh sin, agus

(c) gurbh é trúig bháis an duine sin galar a forthromaíodh, a brostaíodh nó a gríosadh de dheasca—

(i) créacht is inchurtha i leith seirbhíse leis na Náisiúin Aontaithe, nó

(ii) seirbhíse le fórsa ó na Náisiúin Aontaithe,

féadfaidh an tAire na liúntais agus na haiscí leithleacha a shonraítear sa Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 1962 a dheonú do bhaintreach agus do leanaí an duine sin.

(2) Déanfar gach iarratas ar liúntas faoin alt seo roimh dheireadh dhá mhí dhéag tar éis dáta an Achta seo a rith nó laistigh de dhá mhí dhéag tar éis an bháis iomchuí, cibé acu is déanaí.

Leasú ar alt 7 d'Acht 1962.

12. —(1) Leasaítear leis seo alt 7 d'Acht 1962—

(a) trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fo-ailt (1) agus (2) faoi seach—

“(1) Baineann an t-alt seo le—

(a) pinsean faoi alt 26 d'Acht 1937,

(b) pinsean faoi alt 28 den Acht sin,

(c) pinsean faoi alt 29 den Acht sin,

(d) pinsean faoi alt 6 d'Acht 1941,

(e) pinsean arna dheonú faoi alt 6 d'Acht 1943 do dhuine ar dhuine é, ar dháta a urscaoilte as na fórsaí, i gcás oifigigh, ab fhear pósta de réir bhrí Rialacháin Óglaigh na hÉireann a rialaigh ar an dáta sin pá oifigeach agus, i gcás saighdiúra, a bhí ag fáil liúntais phósta mar sháighdiúir pósta,

(f) pinsean faoi alt 12 d'Acht 1946 a deonaíodh amhlaidh,

(g) pinsean faoi alt 5 d'Acht Uimh. 2 de 1960 a deonaíodh amhlaidh,

(h) pinsean faoi alt 7 d'Acht Uimh. 2 de 1960 a deonaíodh amhlaidh.

(2) Má bhí duine dá ndeonófar pinsean lena mbaineann an t-alt seo pósta roimh an dáta cinnteach mar a mhínítear sin leis an gcéad fho-alt ina dhiaidh seo agus ina fhear pósta chun críocha an ailt seo ar dháta tosaithe a phinsin nó an 4ú lá de Lúnasa, 1962 (cibé acu is déanaí) beidh sé, an fad a leanfaidh sé de bheith ina fhear pósta chun na gcríocha sin, i dteideal go n-íocfar leis agus go bhfaighidh sé pinsean pósta de réir an ráta iomchuí a shonraítear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.”,

(b) trí “créachta nó” a scrios as fo-alt (3) (a) (ii), agus

(c) trí “ar phinsean” a scrios as gach áit a bhfuil sé i bhfo-alt (7).

(2) Gach iarratas ar phinsean nó liúntas faoi alt 7 d'Acht 1962 déanfar é—

(a) i gcás iarratas faoi fho-alt (2) nó faoi fho-alt (6), tráth nach déanaí ná dhá mhí dhéag tar éis dáta an Achta seo a rith, agus

(b) i gcás iarratas faoi fho-alt (5), roimh dheireadh dhá mhí dhéag tar éis an bháis nó dhá mhí dhéag tar éis dáta an Achta seo a rith, cibé acu is déanaí.

Feidhm alt áirithe d'Achtanna roimhe seo.

1949, Uimh. 19 .

13. —Beidh feidhm ag ailt 9 go 14 d'Acht 1923, ag ailt 7, 14 (5), 21 agus 23 d'Acht 1927, ag alt 2 den Acht Arm-Phinsean, 1949 , agus ag alt 13 d'Acht 1959 maidir le pinsin agus liúntais faoi alt 7 d'Acht 1962 agus maidir le liúntais faoi alt 11 den Acht seo, maidir le daoine atá nó a éilíonn go bhfuil siad i dteideal pinsean agus liúntas den sórt sin, maidir le daoine dá mbeidh pinsin agus liúntais den sórt sin deonaithe, agus maidir le daoine a bheidh ag iarraidh pinsean agus liúntas den sórt sin, ionann is dá mba iad na pinsin a luaitear sna hailt sin faoi seach na pinsin agus na liúntais sin.

Tosach, agus foirm iarratais le haghaidh, pinsean nó liúntas.

14. —(1) Aon phinsean nó liúntas a dheonófar de bhua an Achta seo beidh sé, d'ainneoin aon ní in aon achtachán eile, iníoctha ó cibé dáta, nach luaithe ná dáta an Achta seo a rith, a chinnfidh an tAire.

(2) Gach iarratas ó dhuine ar phinsean nó liúntas faoi na hAchtanna arna leasú leis an Acht seo is i cibé foirm a bheidh sé, agus beidh ann cibé eolas, a iarrfaidh an tAire.

Aisghairm.

15. —Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear i gcolún (2) den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Sceideal sin.

Gearrtheideal agus comhlua.

16. —(1) Féadfar an tAcht Arm-Phinsean, 1968 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Arm-Phinsean, 1923 go 1968, a ghairm de na hAchtanna agus den Acht seo le chéile.