21 1968


Uimhir 21 de 1968


ACHT NA gCÚIRTEANNA (FORÁLACHA FORLÍONTACHA) (LEASÚ) (Uimh. 2) 1968

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ ALT 46 D'ACHT NA gCÚIRTEANNA (FORÁLACHA FORLÍONTACHA), 1961 . [3 Iúil, 1968.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

Alt 46 d'Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 , a leasú.

1961, Uimh. 39 .

1964, Uimh. 9 .

1. —Leasaítear leis seo alt 46 d'Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 , le héifeacht ón lú lá d'Aibreán, 1968—

(a) trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fo-ailt (1), (2) agus (3) (a cuireadh isteach le hAcht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha) (Leasú), 1964 ):

“(1) Íocfar le breithiúna leithleacha na Cúirte Uachtaraí agus na hArd-Chúirte an tuarastal seo a leanas—

(a) leis an bPríomh-Bhreitheamh suim £8,000 sa bhliain,

(b) le hUachtarán na hArd-Chúirte agus le gach duine de ghnáthbhreithiúna na Cúirte Uachtaraí suim £7,000 sa bhliain,

(c) le gach duine de ghnáthbhreithiúna na hArd-Chúirte suim £6,000 sa bhliain.

(2) Íocfar le breithiúna leithleacha na Cúirte Cuarda an tuarastal seo a leanas—

(a) le hUachtarán na Cúirte Cuarda suim £6,000 sa bhliain,

(b) le gach duine de ghnáthbhreithiúna na Cúirte Cuarda suim £5,000 sa bhliain.

(3) Íocfar le breithiúna leithleacha na Cúirte Dúiche an tuarastal seo a leanas—

(a) le hUachtarán na Cúirte Dúiche suim £4,500 sa bhliain,

(b) le gach breitheamh eile den Chúirt Dúiche suim £3,750 sa bhliain”,

agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (8):

“(9) (a) Féadfaidh an Rialtas, le hordú, aon uair is oiriúnach leo, na suimeanna a mhéadú is iníoctha ar mhodh luach saothair le breithiúna leithleacha na Cúirte Uachtaraí, na hArd-Chúirte agus na Cúirte Cuarda agus le breithiúna leithleacha na Cúirte Dúiche.

(b) Féadfaidh éifeacht chúlghabhálach a bheith le hordú faoin bhfo-alt seo, má deirtear sin san ordú sin.

(c) I gcás ina mbeartaítear ordú a dhéanamh faoin bhfo-alt seo, leagfar dréacht de faoi bhráid Dháil Éireann agus má dhéanann Dáil Éireann, laistigh den chéad lá agus fiche a shuífidh sí tar éis an dréacht a leagan faoina bráid, rún a rith ag neamhcheadú an dréachta, ní dhéanfar an t-ordú.”

Gearrtheideal agus comhlua.

2. —(1) Féadfar Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha) (Leasú) (Uimh. 2), 1968, a ghairm den Acht seo.

(2) Folóidh an comhlua, Achtanna na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 go 1968, an tAcht seo.