24 1968


Uimhir 24 de 1968


AN tACHT UM ÚDARÁIS ÁITIÚLA (DEONTAIS ARDOIDEACHAIS), 1968

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN ÚDARÁIS ÁITIÚLA D'ÍOC DEONTAS I gCÁSANNA ÁIRITHE AS CISTÍ A SHOLÁTHRÓIDH ÚDARÁIS ÁITIÚLA AGUS AN tOIREACHTAS LENA CHUMASÚ DO DHAOINE FREASTAL AR CHÚRSAÍ ARDOIDEACHAIS AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE A BHAINEANN LEIS SIN. [15 Iúil, 1968.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “an tAire” an tAire Oideachais;

ciallaíonn “foras ceadaithe”—

(a) ollscoil nó coláiste ollscoile maidir lena cúrsaí atá ar chaighdeán céime, nó

(b) aon fhoras ardoideachais eile atá ceadaithe de thuras na huaire ag an Aire chun críocha an Achta seo go ginearálta nó maidir le haon deontas áirithe nó aicme áirithe deontas faoi alt 2 den Acht seo, a mhéid a sholáthraíonn an foras sin cúrsaí is ionann, i dtuairim an Aire, agus cúrsaí céime ollscoile.

Deontais ó údaráis áitiúla do dhaoine maidir le hardoideachas.

2. —(1) Tabharfaidh bardas contae-bhuirge nó comhairle contae deontais do dhaoine ar a bhfuil gnáth-chónaí i limistéar feidhmiúcháin an bhardais nó na comhairle chun cabhrú leis na daoine sin freastal nó leanúint de fhreastal ar fhorais cheadaithe más rud é—

(a) go sroicheann na daoine cibé caighdeán i Scrúdú Ardteistiméireachta na Roinne Oideachais a fhorordóidh an tAire ó am go ham, le toiliú an Aire Airgeadais,

(b) nach dtéann acmhainn (arna ríomh i cibé slí agus faoi threoir cibé nithe a shonróidh an tAire ó am go ham le toiliú an Aire Airgeadais) na ndaoine, más ann, agus maoin tuismitheoirí nó caomhnóirí na ndaoine thar cibé teorainneacha a fhorordóidh an tAire ó am go ham, le toiliú an Aire Airgeadais,

(c) go bhfuil na daoine laistigh de na teorainneacha aoise iomchuí a fhorordóidh an tAire ó am go ham, agus

(d) go gcomhlíonann na daoine cibé ceanglais eile a forordóidh an tAire ó am go ham.

(2) Beidh cibé méid nó méideanna a fhorordóidh an tAire ó am go ham le toiliú an Aire Airgeadais i ndeontais faoin alt seo.

Iocaíochtaí ó údaráis áitiúla i leith costas deontas faoin Acht.

3. —Soláthróidh bardas contae-bhuirge nó comhairle contae gach bliain airgeadais áitiúil, faoi chomhair costas deontas a thabhairt aige faoi alt 2 den Acht seo an bhliain sin, suim ar cóimhéid leis an tsuim a sholáthraigh sé an bhliain airgeadais áitiúil dar chríoch an 31ú lá de Mhárta, 1968, i leith cabhrach faoin Irish Universities Act, 1908, agus i leith scoláireachtaí agus scoláireachtaí leanúnacha faoi Acht na nÚdarás Áitiúil (Scoláireachtaí Oideachais), 1944 agus 1961.

Deontais d'údaráis áitiúla.

4. —Íocfar gach bliain as airgead a sholáthróidh an tOireachtas le bardas contae-bhuirge nó comhairle contae cibé suim is comhionann, ar í a chur leis an tsuim a sholáthróidh an bardas nó an chomhairle faoi alt 3 den Acht seo aon bhliain airgeadais áitiúil, le costas na ndeontas a thabharfaidh an bardas nó an chomhairle an bhliain airgeadais áitiúil sin faoin Acht seo.

Scéimeanna de chuid údarás áitiúil chun an tAcht a chur i ngníomh.

5. —(1) Déanfaidh bardas contae-bhuirge nó comhairle contae scéim a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire gach bliain roimh cibé dáta a fhorordóidh an tAire ó am go ham chun forálacha an Achta seo a chur i ngníomh i limistéar feidhmiúcháin an bhardais nó na comhairle.

(2) Nuair a chuirfear scéim faoi bhráid an Aire faoin alt seo féadfaidh an tAire—

(a) an scéim a cheadú, nó

(b) an scéim a mhodhnú nó a athrú i cibé slí is cuí leis agus an scéim arna modhnú nó arna hathrú amhlaidh a cheadú.

(3) Aon scéim a bheidh ceadaithe faoi mhír (a) nó (b) d'fho-alt (2) den alt seo déanfaidh an bardas nó an chomhairle a d'ullmhaigh í í a chur i gcrích de réir a téarmaí agus, chuige sin, foilseoidh an bardas nó an chomhairle an scéim i cibé slí a mheasfaidh siad is fearr a thabharfadh forálacha na scéime faoi umhail na ndaoine a mbeartaítear í a bheith tairbheach dóibh.

(4) Féadfaidh bardas contae-bhuirge nó comhairle contae, tráth ar bith, leasú a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire do leasú scéim a bheidh ceadaithe ag an Aire faoi mhír (a) nó (b) d'fho-alt (2) den alt seo agus féadfaidh an tAire an leasú a cheadú nó diúltú é a cheadú, agus, má cheadaíonn an tAire an leasú, beidh an scéim arna leasú de réir téarmaí an leasaithe.

(5) Is feidhmeanna forcoimeádta chun críocha na nAchtanna um Bainistí Contae, 1940 go 1955, agus na nAchtanna a bhaineann le contae-bhuirgí a bhainistí scéimeanna, agus leasuithe ar scéimeanna, a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire faoin alt seo.

An tAire do cheadú deontas ó údaráis áitiúla faoin Acht.

6. —Ní thabharfaidh bardas contae-bhuirge nó comhairle contae—

(a) deontas faoin Acht seo d'aon duine gan ceadú ón Aire roimh ré, ná

(b) aon íocaíochtaí i gcaitheamh aon bhliana (seachas an chéad bhliain arb iníoctha an deontas dá dtagraítear anseo ina dhiaidh seo) i leith deontais faoin Acht seo arb é a bheidh ann sraith d'íocaíochtaí bliantúla (is iníoctha in aon suim amháin nó i dhá thráthchuid nó níos mó) i gcaitheamh tréimhse sonraithe, mura mbeidh an tAire tar éis a cheadú roimhe sin íocaíochtaí a dhéanamh, in imeacht na bliana sin, i leith an deontais sin.

Díospóidí a chinneadh.

7. —Cinnfidh an tAire gach ceist nó díospóid a éireoidh maidir le léiriú nó forléiriú scéime faoin Acht seo agus is cinneadh críochnaitheach a bheidh ina chinneadh ar an gcéanna.

Caiteachas an Aire.

8. —A mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a íocfar an caiteachas a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo.

Aisghairm.

1908, c. 38.

9. —(1) Aisghairtear leis seo alt 10 den Irish Universities Act, 1908, agus Achtanna na nÚdarás Áitiúil (Scoláireachtaí Oideachais), 1944 agus 1961.

(2) An aisghairm a dhéantar le fo-alt (1) den alt seo ní dhéanfaidh sé difear d'aon chabhair faoin alt sin 10 ná do scoláireachtaí nó scoláireachtaí leanúnacha faoi Achtanna na nÚdarás Áitiúil (Scoláireachtaí Oideachais), 1944 agus 1961, a bheifear tar éis a dhámachtain roimh an Acht seo a rith.

Gearrtheideal.

10. —Féadfar an tAcht um Údaráis Áitiúla (Deontais Ardoideachais), 1968 , a ghairm den Acht seo.