Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL An Chomhairle)

26 1968


Uimhir 26 de 1968


AN tACHT MARGAITHE OLLA, 1968

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN MARGÚ OLLA A FHEABHSÚ AGUS A FHORBAIRT AGUS CHUIGE SIN DO DHÉANAMH SOCRÚ Á CHUMASÚ CEANNACH AGUS DÍOL OLLA A RIALÚ AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN CEANNAITHEOIRÍ OLLA A CHLÁRÚ AGUS CHUN ONNMHAIREOIRÍ OLLA A CHEADÚNÚ; DO BHUNÚ COMHLACHT AR A dTABHARFAR AN CHOMHAIRLE OLLA AGUS DO SHONRÚ A FHEIDHMEANNA; DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN TOBHAIGH A FHORCHUR I nDÁIL LE CEANNACH, DÍOL NÓ ONNMHAIRIÚ OLLA; AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE ÁIRITHE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [16 Iúil, 1968.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

Léiriú.

1. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “ciumhasóga” olann a fhaightear ó chiumhais lomra le linn bearrtha;

ciallaíonn “olann draoibeach” olann atá foircthe go nádúrtha le hotrach nó cré;

ciallaíonn “olann tite” olann a baineadh de chaora a fuair bás nádúrtha;

ciallaíonn “olann lomra” olann a bearradh de chaora;

folaíonn “tréad” tréad aon-chaorach;

folaíonn “feidhmeanna” cumhachtaí agus dualgais;

ciallaíonn “olann chruinnithe” olann a thit de chaoirigh bheo agus a cruinníodh de sceacha nó as áiteanna eile;

ciallaíonn “onnmhaireoir ceadúnaithe” duine dar deonaíodh ceadúnas faoi alt 7 nach bhfuil cúlghairthe;

ciallaíonn “goib-olann” olann (seachas ciumhasóga nó olann draoibeach) a thit as lomra nó a baineadh as lomra;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Talmhaíochta agus Iascaigh;

ciallaíonn an briathar “forordú” forordú le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire de réir an Achta seo;

ciallaíonn “táirgeoir” úinéir tréada caorach nó aon duine a bhíonn ag táirgeadh olla;

ciallaíonn “ceannaitheoir cláraithe” duine atá, de bhun alt 6, cláraithe de thuras na huaire sa chlár mar cheannaitheoir olla;

folaíonn “caora” uan;

ciallaíonn “olann craicinn” olann a baineadh de sheithí caorach marbh;

ciallaíonn “sciotaí” olann a bhaintear de dheireadh íochtarach caorach beo;

ciallaíonn “olann”, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, aon olann amh a baineadh nó a thit de chaoirigh sa Stát agus folaíonn sé ciumhasóga, olann draoibeach, olann tite, olann lomra, olann chruinnithe, giob-olann, olann craicinn agus sciotaí.

(2) Aon tagairt san Acht seo d'fheidhmeanna a chomhlíonadh folaíonn sí, maidir le cumhachtaí, tagairt do na cumhachtaí sin a fheidhmiú.

An lá bunaithe.

2. —Féadfaidh an tAire le hordú lá a cheapadh mar lá bunaithe chun críocha an Achta seo.

Toirmeasc ar dhaoine neamhchláraithe a bheith ag seoladh gnó ceannaitheora olla.

3. —Má dhéanann aon duine, tar éis an lae a luaitear in alt 5 (4)—

(a) gnó ceannaitheora olla a sheoladh agus gan é cláraithe sa chlár, nó

(b) aon áitreabh seachas an t-áitreabh a bhfuil an duine cláraithe ina leith sa chlár a úsáid mar a áit chun an ghnó sin,

beidh an duine ciontach i gcion.

Toirmeasc ar ghnó neamhcheadúnaithe ag onnmhairiú olla.

4. —(1) Ní sheolfaidh aon duine gnó onnmhaireora olla ach amháin faoi réim agus de réir cheadúnais a d'eisigh an tAire faoin Acht seo chun na críche sin.

(2) Beidh duine a sháróidh fo-alt (1) ciontach i gcion.

(3) Tiocfaidh fo-ailt (1) agus (2) i ngníomh cibé lá a shocróidh an tAire le hordú.

An Clár.

5. —(1) A luaithe is féidir tar éis dáta an Achta seo a rith, déanfaidh an tAire, de réir forálacha an Achta seo, clár ar a dtabharfar an Clár de Cheannaitheoirí Olla (dá ngairtear an clár san Acht seo) a bhunú agus a chothabháil.

(2) Taifeadfar na sonraí seo a leanas sa chlár, is é sin:

(a) ainm iomlán, seoladh agus tuairisc an duine a chlárófar mar cheannaitheoir cláraithe,

(b) tuairisc an áitribh ina seolann an duine sin gnó ceannaitheora olla, is tuairisc a bheidh dóthanach chun go n-aithneofar an t-áitreabh sin agus a theorainneacha agus a mhéid, agus

(c) cibé sonraí eile a mheasfaidh an tAire, i gcúinsí aon cháis áirithe, is iomchuí.

(3) Cuirfidh ceannaitheoir cláraithe aon athrú ar a ainm nó ar a sheoladh in iúl don Aire.

(4) Nuair a bhunóidh an tAire an clár deimhneoidh sé le hordú lá an chláir a bhunú.

(5) Ceadóidh an tAire d'aon duine, ar an táille fhorordaithe (más ann) a íoc, an clár a iniúchadh le linn uaire oifige.

Iarratas ar chlárú agus coinníollacha maidir le clárú.

6. —(1) Ar iarratas a dhéanamh, i cibé foirm, agus ina mbeidh cibé sonraí, a ordóidh an tAire, ag duine, nó thar ceann duine, a bhear taíonn gnó ceannaitheora olla a sheoladh, féadfaidh an tAire, dá rogha féin, an duine a chlárú sa chlár mar cheannaitheoir cláraithe.

(2) Sula gcláróidh an tAire aon duine faoi fho-alt (1) comhlíonfar na coinníollacha seo a leanas, is é sin:

(a) beidh an táille fhorordaithe (más ann) ag gabháil leis an iarratas,

(b) beidh an tAire deimhin den méid seo a leanas—

(i) go bhfuil an t-áitreabh mar aon le haon ghléasra nó innealra ann a úsáidfidh an duine chun olann a mheá, a ghrádú nó a stóráil oiriúnach chun gach críche acu sin ag féachaint don chainníocht uasta olla is dócha a bheith á láimhsiú aon tráth áirithe san áitreabh,

(ii) go gcomhlíonann an t-áitreabh, an gléasra agus an t-innealra a dúradh forálacha aon rialachán a rinneadh faoin Acht seo agus is inchurtha chun feidhme maidir leis an gcéanna, agus

(iii) go bhfuil an duine inniúil ar olann a ghrádú nó go mbeidh daoine ar fostú aige a bhfuil an inniúlacht sin iontu agus gur leor an méid daoine a bheidh san áitreabh sin chun grádú ceart a dhéanamh ar an olann is dócha a bheith á láimhsiú ann aon tráth áirithe.

(3) Aon uair a bheartóidh an tAire diúltú d'iarratas ar chlárú sa chlár, tabharfaidh sé, sula ndéanfaidh sé amhlaidh, fógra i scríbhinn don iarratasóir ar chlárú ag insint go bhfuil sin ar intinn aige agus na bhfáthanna atá aige leis, agus má dhéanann an t-iarratasóir aon uiríolla chun an Aire laistigh de sheacht lá tar éis an fógra a thabhairt, breithneoidh an tAire iad.

(4) D'ainneoin aon ní san Acht seo, aon duine a sheolann gnó ceannaitheora olla agus a sheol an gnó sin díreach roimh dháta an Achta seo a rith beidh sé, más rud é, maidir leis an áitreabh ina seoltar amhlaidh an gnó sin nó maidir le haon ghléasra nó innealra san áitreabh sin, go gcomhlíontar aon rialacháin faoin Acht is inchurtha chun feidhme maidir leis an gcéanna, i dteideal, ar an táille fhorordaithe (más ann) a íoc, é a chlárú sa chlár mar cheannaitheoir cláraithe.

Ceadúnais a dheonú chun gnó onnmhairithe olla a sheoladh.

7. —(1) Ar iarratas a fháil ó dhuine, nó thar ceann duine, a bheartaíonn gnó onnmhaireora olla a sheoladh, féadfaidh an tAire, dá rogha féin, ceadúnas a dheonú, nó diúltú ceadúnas a dheonú, á údarú don duine gnó onnmhairithe olla a sheoladh.

(2) Aon iarratas a dhéanfar faoin alt seo is i cibé foirm a bheidh sé, agus beidh cibé sonraí ann, a ordóidh an tAire agus beidh an táille fhorordaithe (más ann) ag gabháil leis.

(3) Féadfaidh an tAire, an tráth a dheonóidh sé ceadúnas faoin alt seo, cibé coinníollacha is cuí leis agus a shonróidh sé sa cheadúnas a chur ag gabháil leis an gceadúnas.

(4) Féadfaidh an tAire, más cuí leis, conníoll a ghabhann le ceadúnas a leasú nó a chúlghairm.

(5) Aon uair a bheartóidh an tAire diúltú ceadúnas a dheonú tabharfaidh sé, sula ndéanfaidh sé amhlaidh, fógra d'iarratasóir an cheadúnais ag insint go bhfuil sin ar intinn aige agus na bhfáthanna atá aige leis, agus, má dhéanann an t-iarratasóir aon uiríolla chun an Aire laistigh de sheacht lá tar éis an fógra a thabhairt, breithneoidh an tAire iad.

(6) D'ainneoin aon ní san Acht seo, aon duine a sheolann gnó onnmhaireora olla agus a sheol an gnó sin díreach roimh dháta an Achta seo a rith beidh sé, ar an táille fhorordaithe (más ann) a íoc, i dteideal ceadúnas a dheonú dó faoin alt seo.

Táillí.

1879. c. 58.

8. —(1) Déanfar cibé táille (más ann) a shocróidh an tAire le rialacháin le toiliú an Aire Airgeadais a íoc leis an Aire i leith gach iarratais ar chlárú sa chlár faoi alt 6 nó i leith ceadúnais faoi alt 7 nó i leith an clár a iniúchadh faoi alt 5 (5), de réir mar a bheidh.

(2) Beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas maidir leis na táillí go léir is iníoctha faoin alt seo, is é sin:

(a) déanfar na táillí a bhailiú in airgead agus a ghlacadh i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais ó am go ham, agus íocfar isteach sa Státchiste, nó cuirfear chun tairbhe don Státchiste, iad de réir orduithe ón Aire Airgeadais;

(b) ní bheidh feidhm ag an Public Offices Fees Act, 1879, maidir le táillí den sórt sin.

Clárú nó ceadúnais a chealú, chúlghairm, a fhionraí agus a aisiriú.

9. —(1) Déanfaidh an tAire—

(a) clárú aon duine sa chlár a chealú,

(b) ceadúnas a deonaíodh do dhuine faoin Acht seo a chúlghairm.

ar iarratas ón duine nó, i gcás duine éagtha, óna ionadaí pearsanta, nó i gcás comhlachta chorpraithe, ón leachtóir.

(2) Féadfaidh an tAire, más cuí leis, clárú aon duine sa chlár a chealú nó a fhionraí nó ceadúnas a deonaíodh faoin Acht seo a chúlghairm nó a fhionraí—

(a) más deimhin leis gur trí chalaois nó mífhaisnéis a fuarthas an clárú nó an ceadúnas, de réir mar a bheidh,

(b) má tá an duine atá cláraithe nó ceadúnaithe amhlaidh tar éis scor de bheith ag seoladh gnó ceannaitheora olla nó onnmhaireora olla, de réir mar is iomchuí,

(c) má tá an duine atá cláraithe nó ceadúnaithe amhlaidh, más pearsa aonair é, tar éis bháis, nó más comhlacht corpraithe é, arna urscaoileadh,

(d) má tá an duine atá cláraithe amhlaidh breithnithe ina fhéimheach,

(e) más deimhin leis—

(i) nach gcomhlíonann an t-áitreabh arb ina leith atá an duine sin cláraithe nó aon ghléasra nó innealra atá san áitreabh ceanglais aon rialacháin a rinneadh faoin Acht seo agus is inchurtha chun feidhme maidir leis an gcéanna, nó

(iii) go bhfuil an coinníoll a luaitear in alt 6 (2) (b) (iii) gan chomhlíonadh,

(f) más deimhin leis go bhfuil coinníoll atá ag gabháil leis an gceadúnas sin gan chomhlíonadh,

(g) má tá cion déanta faoin Acht seo ag an duine atá cláraithe nó ceadúnaithe amhlaidh.

(3) Aon uair a bheartóidh an tAire clárú aon duine nó ceadúnas a deonaíodh d'aon duine a chealú, a chúlghairm nó a fhionraí faoi fho-alt (2), tabharfaidh sé, sula ndéanfaidh sé amhlaidh, fógra míosa ar a laghad i scríbhinn don duine nó dá ionadaí pearsanta (más ann) nó dá leachtóir, de réir mar is iomchuí, ag insint go bhfuil sin ar intinn aige agus na bhfáthanna atá aige leis agus má bhíonn ar intinn ag an Aire an clárú nó an ceadúnas a fhionraí, sonrófar san fhógra an tréimhse a mbeidh sé ar intinn ag an Aire an clárú nó an ceadúnas a fhionraí amhlaidh ar a feadh.

(4) Aon uair a thabharfaidh an tAire fógra a luaitear i bhfo-alt (3), beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas is é sin:

(a) ní chealóidh, ní chúlghairfidh ná ní fhionróidh an tAire an clárú nó an ceadúnas lena mbainfidh an fógra nó go n-éagfaidh an fógra;

(b) má dhéanann an duine dá dtabharfar an fógra uiríolla chun an Aire roimh éag don fhógra, breithneoidh an tAire iad;

(c) má iarrann an duine dá dtabharfar an fógra, laistigh de sheacht lá ó dháta an fhógra, ar an Aire go seolfar fiosrúchán i dtaobh an ábhair, cuirfidh an tAire faoi deara go seolfar fiosrúchán (mura mbeidh an tAire tar éis a chinneadh, de thoradh uiríolla chuige a bhreithniú, gan cealú, cúlghairm nó fionraí a dhéanamh ar an gclárú nó ar an gceadúnas, de réir mar a bheidh);

(d) i gcás ina seolfar fiosrúchán faoin bhfo-alt seo, ní dhéanfaidh an tAire an clárú nó an ceadúnas a chealú, a chúlghairm ná a fhionraí nó go mbreithneoidh sé an tuarascáil ón duine a dhéanfaidh an fiosrúchán;

(e) ceapfaidh an tAire duine is abhcóide cleachtach a bhfuil seasamh deich mbliana ar a laghad ag an mbarra aige chun aon fhiosrúchán a sheoladh faoin bhfo-alt seo agus beidh cumhacht ag an duine a cheapfar amhlaidh fianaise a ghlacadh faoi mhionn agus údaraítear leis seo dó daoine a chur faoi mhionn agus tabharfaidh sé tuarascáil don Aire ar a chinneadh ag an bhfiosrúchán;

(f) tabharfaidh an tAire don duine a d'iarr go seolfaí an fiosrúchán fógra faoin am agus faoin áit a seolfar an fiosrúchán agus beidh an duine i dteideal láithriú ag an bhfiosrúchán go pearsanta nó trí abhcóide nó aturnae agus fianaise a thabhairt ar aird;

(g) íocfar le duine a sheolfaidh fiosrúchán faoin bhfo-alt seo cibé luach saothair a shocróidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.

(5) Aon uair a chealóidh, a chúlghairfidh nó a fhionróidh an tAire clárú nó ceadúnas cuirfidh sé faoi deara ráiteas ar na fáthanna a bhí aige le sin a dhéanamh a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(6) I gcás ina ndéanfaidh an tAire clárú nó ceadúnas a chealú, a chúlghairm nó a fhionraí faoin alt seo féadfaidh sé ina dhiaidh sin, más cuí leis—

(a) i gcás fionraí—an fionraí a fhoirceannadh,

(b) i gcás cealú nó cúlghairm—an clárú a aisiriú nó ceadúnas nua a dheonú (gan an táille fhorordaithe (más ann) a bheith le híoc), de réir mar is iomchuí.

Díolúine ón Acht.

10. —(1) Féadfaidh an tAire, más cuí leis, díolúine a dheonú, le rialacháin, ó fhorálacha an Achta seo maidir le gnóthaí d'aicme áirithe agus lena mbainfeadh an tAcht seo mura mbeadh sin.

(2) Ní bheidh feidhm ag an Acht seo maidir le gnó d'aicme ar deonaíodh díolúine faoin alt seo ina leith agus nár tarraingíodh siar.

(3) Féadfaidh an tAire aon tráth díolúine faoin alt seo a tharraingt siar.

Rialacháin a bhainfidh le ceannach olla, le háitribh, le gléasra agus innealra agus leis an gclár.

11. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh—

(a) ina mbeidh foráil i dtaobh olann a cheannach ar fhoras grádaithe,

(b) a fhorordóidh caighdeáin (a léireofar ina modhanna déanmhais, cineálacha ábhar, téarmaí comhlíonaidh nó eile) maidir le háitribh a úsáidtear chun olann a mheá, a ghrádú nó a stóráil nó aon ghléasra nó innealra in áitreabh den sórt sin a fhéadfaí a úsáid i ndáil le meá, grádú nó stóráil den sórt sin,

(c) ina mbeidh foráil i dtaobh earráidí sa chlár a cheartú, chun ainmneacha nó seolta sa chlár a bheidh athraithe a athrú sa chlár, chun tuairiscí ar áitribh sa chlár a scriosadh nó a athrú, agus chun tuairiscí áitreabh nach bhfuil tuairiscithe sa chlár a chur sa chlár.

(2) Aon rialacháin a dhéanfar faoi fho-alt (1) (a)—

(a) féadfaidh foráil a bheith iontu do cheann amháin nó don dá cheann acu seo a leanas, is é sin, praghas méadaithe sonraithe a íoc maidir le holann de cháilíocht shonraithe nó laghdú sonraithe a dhéanamh ar phraghas maidir le holann a mbeidh lochtaí sonraithe uirthi,

(b) féadfaidh, maidir le gach díolachán olla ag táirgeoir, foráil a bheith iontu chun an ceannaitheoir cláraithe iomchuí do thabhairt ráitis ón gceannaitheoir sin don táirgeoir ina mbeidh cibé sonraí a fhorordófar,

(c) faoi réir mhír (b), féadfaidh siad feidhm a bheith acu maidir le ceannach ola i gcoitinne, maidir le ceannach olla d'aicme áirithe nó maidir le ceannach olla in imthosca sonraithe.

(3) Aon duine a cheannóidh olann contrártha do rialacháin faoi fho-alt (1) (a) nó a mhainneoidh nó a fhailleoidh foráil a luaitear i bhfo-alt (2) (b) a chomhlíonadh beidh sé ciontach i gcion.

An Chomhairle Olla a bhunú.

12. —(1) An lá bunaithe bunófar comhlacht ar a dtabharfar An Chomhairle Olla (dá ngairtear An Chomhairle san Acht seo) chun na feidhmeanna a shanntar dó leis an Acht seo a chomhlíonadh.

(2) Cathaoirleach agus deichniúr comhaltaí eile, nó an líon de chomhaltaí eile a shonrófar in ordú faoin alt seo a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire, a bheidh ar an gComhairle.

(3) Féadfaidh an tAire, le hordú, a shonrú cad é an méid comhaltaí seachas an cathaoirleach a bheidh ina gcuid de líon na Comhairle, ar choinníoll nach lú in aon chás ná seisear an líon comhaltaí den sórt sin a shonrófar amhlaidh.

(4) Beidh éifeacht ag an Sceideal a ghabhann leis an Acht seo maidir leis an gComhairle.

(5) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú faoin alt seo (lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo) a chúlghairm nó, faoi réir an choinníll atá i bhfo-alt (3), a leasú.

Feidhmeanna na Comhairle.

13. —Beidh na feidhmeanna seo a leanas ag an gComhairle, is é sin:

(a) an tAire a chomhairliú i dtaobh grádanna a shocrú, méadú ar phragsanna í ndáil le cáilíocht agus laghdú ar phraghsanna i ndáil le lochtaí, a úsáidfear, a íocfar nó a asbhainfear i leith ceannach olla ó tháirgeoirí;

(b) an tAire a chomhairliú i dtaobh caighdeáin a shocrú a bheidh le cur chun feidhme i ndáil le ceannaitheoirí cláraithe a chlárú;

(c) tar éis dul i gcomhairle leis an Aire, riailchleachtas a shocrú a urramóidh onnmhaireoirí olla;

(d) cúrsaí chun oiliúint a thabhairt do dhaoine ar ghrádú olla a sholáthar nó a áirithiú go soláthrófar cúrsaí den sórt sin;

(e) modhanna chun méadú ar onnmhairiú olla a bhreithniú, a cheapadh nó a chur i bhfeidhm; agus

(f) modhanna chun a áirithiú go ndéanfaidh monaróirí sa Stát olann a táirgeadh sa Stát a úsáid a mhéid is féidir é.

Feidhmeanna breise i ndáil le holann a shannadh don Chomhairle.

14. —Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, ó am go ham le hordú—

(a) cibé feidhmeanna breise is oiriúnach leis i ndáil le holann a shannadh don Chomhairle,

(b) cibé fóralacha a dhéanamh is dóigh leis is inmhianaithe nó is gá i ndáil le hábhair atá coimhdeach le, nó a éiríonn as, sannadh feidhmeanna don Chomhairle, nó comhalladh feidhmeanna ag an gComhairle, a shannfar di faoin alt seo.

Oifigigh agus seirbhísigh.

15. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, cibé oifigigh agus seirbhísigh is dóigh leis is gá a cheapadh chun cabhrú leis gComhairle ag comhlíonadh a feidhmeanna.

(2) Na hoifigigh agus na seirbhísigh a cheapfar amhlaidh sealbhóidh siad oifig ar cibé téarmaí agus gheobhaidh siad cibé luach saothair a chinnfidh an tAire Airgeadais.

Cuntais agus iniúchadh.

16. —(1) Coimeádfaidh an Chomhairle, i cibé foirm a cheadóidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, na cuntais go léir is cuí agus is gnáth ar an airgead go léir a gheobhaidh sí nó a chaithfidh sí.

(2) Cuirfidh an Chomhairle na cuntais a choimeádfar faoin alt seo faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste lena n-iniúchadh cibé tráthanna a ordóidh an tAire le comhthoiliú an Aire Airgeadais.

(3) Díreach tar éis iniúchadh faoin alt seo ar chuntais na Comhairle, déanfar cóip de na cuntais sin arna ndeimhniú ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus cóip de thuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste a thíolacadh don Aire.

(4) Cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna de na doiciméid a luaitear i bhfo-alt (3) a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

Tuarascáil bhliantúil, etc.

17. —(1) Gach bliain, déanfaidh an Chomhairle, ar cibé dáta a ordóidh an tAire, tuarascáil ar a himeachta in imeacht an dá mhí dhéag roimhe sin dar críoch an dáta sin, agus déanfaidh an Chomhairle, laistigh de nócha lá tar éis an dáta sin nó cibé tréimhse is faide ná sin a cheadóidh an tAire in aon chás áirithe, an tuarascáil a thabhairt don Aire agus cuirfidh seisean faoi deara cóipeanna den tuarascáil a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(2) Tabharfaidh an Chomhairle don Aire cibé eolas a iarrfaidh sé ó am go ham.

Deontas bliantúil.

18. —Gach bliain airgeadais féadfar deontas a mbeidh cibé méid ann a cheadóidh an tAire, le comhthoiliú an Aire Airgeadais, i ndáil le caiteachais na Comhairle ag comhlíonadh a feidhmeanna a íoc leis an gComhairle as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Tobhaigh.

19. —(1) D'fhonn caiteachais i ndáil le comhlíonadh a feidhmeanna faoin Acht seo ag an gComhairle a ghlanadh, féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, ordú (dá ngairtear ordú tobhaigh san Acht seo) a dhéanamh lena bhforchuirfear, i ndáil le haon ní acu seo a leanas, is é sin, aon cheannach, díol nó onnmhairiú olla, tobhach ar cheannaitheoir, ar dhíoltóir nó ar onnmhaireoir na holla, agus aon uair a dhéanfar ordú tobhaigh déanfaidh an duine ar a bhforchuirfear é tobhach ina mbeidh cibé méid is iomchuí ag féachaint d'fhorálacha an ordaithe thobhaigh a íoc de réir an ordaithe thobhaigh leis an gComhairle.

(2) Tabharfaidh ordú tobhaigh ceart achomhairc chun an bhinse achomhairc arna chomhdhéanamh faoi alt 20 d'aon duine a mheasúnófar i leith an tobhaigh agus ina theannta sin féadfaidh foráil a bheith ann do gach ní nó aon ní acu seo a leanas:

(a) aicme áirithe ceannaigh nó díola a dhíolmhadh ó fhorálacha an ordaithe;

(b) aicme áirithe onnmhairithe a dhíolmhadh ó fhorálacha an ordaithe;

(c) tobhach d'aicme áirithe a fhorchur, de réir ráta shonraithe nó in aghaidh tréimhse sonraithe;

(d) an fhianaise trína ndéanfar dliteanas duine i leith an tobhaigh nó a urscaoileadh ón dliteanas sin a bhunú;

(e) an tráth nó na tráthanna a thiocfaidh tobhach chun bheith dlite don Chomhairle agus iníoctha léi.

(3) Féadfaidh an tAire le, hordú, le toiliú an Aire Airgeadais, ordú tobhaigh nó ordú faoin bhfo-alt seo a leasú nó a chúlghairm.

(4) Gach suim is iníoctha ag duine leis an gComhairle faoin alt seo i leith agus ar cuntas tobhaigh a forchuireadh le hordú tobhaigh is fiach shimplí í a bheidh dlite don Chomhairle agus beidh sí inaisghafa dá réir sin ag an gComhairle ón duine in aon chúirt dlínse inniúla.

Binse Achomhairc.

20. —(1) Déanfaidh an tAire rialacháin ina mbeidh foráil chun binse a bhunú chun achomhairc a chinneadh a dhéanfaidh daoine a measúnaíodh i leith tobhaigh a forchuireadh faoin Acht seo agus féadfaidh na forálacha seo a leanas a bheith sna rialacháin sin—

(a) foráil maidir leis an nós imeachta a leanfar ar an achomharc sin;

(b) foráil chun daoine a thoghairm chun teacht i láthair agus fianaise a thabhairt agus doiciméid a thabhairt ar aird; agus

(c) foráil d'údarú finnéithe a chur faoi mhionn.

(2) Má dheimhníonn duine, ar achomharc, don bhinse a bhunófar de réir rialachán faoin Acht seo nár cheart é a mheasúnú i leith an tobhaigh nó gur i leith méid níos lú ba chóir é a mheasúnú, cealóidh an binse, nó, de réir mar is iomchuí, laghdóidh sé an mheasúnacht, ach in aon chás eile daingncoidh sé í, agus is cinneadh críochnaitheach aon chinneadh ag an mbinse.

(3) Íocfar , as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, le duine is comhalta de bhinse a bhunófar de réir rialachán faoin alt seo cibé táille i leith a bheith i láthair ag cruinnithe den bhinse agus fós cibé líúntais i leith costas a thabhóidh sé a chinnfidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.

Fógra a chur suas faoi phraghsanna a thairgfear ar olann.

21. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh á cheangal ar gach ceannaitheoir cláraithe fógra a chur suas agus a choimeád curtha suas, de réir fho-alt (2), ag insint na bpraghsanna atá sé a thairiscint faoi láthair ar olann.

(2) I gcás ina ndéanfaidh an tAire rialacháin faoi fho-alt (1) cuirfear suas an fógra a luaitear ansin—

(a) go feiceálach san áitreabh a bhfuil an duine cláraithe sa chlár ina leith,

(b) i gcarachtair de shórt agus in ionad nó in ionaid go bhféadfaidh aon duine a bheidh san áitreabh ar chúrsa gnó é a léamh go héasca.

(3) Aon cheannaitheoir cláraithe a mhainneoidh nó a fhailleoidh déanamh de réir ceanglais rialachán faoin alt seo nó aon duine a tharraingeoidh anuas, a dhamáisteoidh nó a aghloitfidh go toiliúil aon fhógra a bheidh curtha suas de bhun an ailt seo beidh sé ciontach i gcion.

Cumhacht chun a cheangal ar dhaoine áirithe taifid agus doiciméid áirithe a choimeád agus eolas a thabhairt.

22. —(1) Féadfaidh an tAire, le fógra i scríbhinn a sheirbheálfar ar aon duine is ceannaitheoir cláraithe nó onnmhaireoir ceadúnaithe olla, a cheangal ar an duine sin—

(a) go dtabharfaidh sé don Aire laistigh de thréimhse shonraithe cibé eolas sonraithe i dtaobh olann a cheannach, a stóráil nó a onnmhairiú, de réir mar is iomchuí,

(b) go gcoimeádfaidh sé agus go dtabharfaidh sé ar aird le haghaidh scrúdaithe thar ceann an Aire cibé taifid shonraithe nó doiciméid eile i dtaobh olann a cheannach, a stóráil nó a onnmhairiú, de réir mar is iomchuí,

a chinnfidh an tAire.

(2) Aon duine ar a seirbheálfar fógra faoi fho-alt (1) agus a mhainneoidh nó a fhailleoidh déanamh de réir ceanglas an fhógra beidh sé ciontach i gcion mura ndeimhneoidh sé don chúirt, i gcás ina mbaineann an fógra le heolas agus nach mbaineann sé ach le heolas, nach raibh an t-eolas aige.

Fógraí a sheirbheáil, etc.

1963, Uimh. 33 .

23. —(1) Féadfar fógra faoin Acht seo nó faoi rialacháin faoin Acht seo a sheirbheáil ar dhuine nó a thabhairt do dhuine—

(a) trína sheachadadh dó, nó

(b) trina chur leis an bpost cláraithe i gclúdach a bheidh dírithe chuige ag an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí air nó ag a seolann sé gnó.

(2) Chun críocha fho-alt (1), measfar gnó a bheith á sheoladh ina hoifigí cláraithe ag cuideachta atá cláraithe faoi Acht na gCuid eachtaí, 1963, agus measfar gnó a bheith á sheoladh ina phríomhoifig nó ina phríomh-áit ghnó ag gach comhlacht corpraithe eile agus ag gach comhlacht neamhchorpraithe.

Cumhachtaí oifigeach an Aire.

24. —(1) Féadfaidh aon oifigeach don Aire a bheidh údaraithe i scríbhinn ag an Aire chun na cumhachtaí a fheidhmiú a thugtar d'oifigeach don Aire leis an alt seo gach ní nó aon ní acu seo a leanas a dhéanamh, is é sin:

(a) gach tráth réasúnach sa lá, dul isteach in aon áitreabh, agus iniúchadh agus scrúdú a dhéanamh ar aon áitreabh, ina ndéantar olann a mheá, a ghrádú, a ghlanadh nó a phróisiú ar shlí eile, nó a stóráil mar aon le haon ghléasra nó innealra san áitreabh sin;

(b) a cheangal ar aon duine a mbeidh ina sheilbh nó faoi rialú aige aon taifid nó doiciméid eile a bhaineann le ceannach olla ag ceannaitheoir cláraithe nó ag duine a sheolann gnó atá díolmhaithe de thuras na huaire faoi alt 10 nó a bhaineann le honnmhairiú olla ag onnmhaireoir ceadúnaithe na taifid nó na doiciméid eile sin a thabhairt ar aird, agus aon cheann acu a iniúchadh nó a scrúdú nó cóip a dhéanamh de, agus chun na críocha sin dul isteach gach tráth réasúnach sa lá in aon áitreabh a bhfuil cúis aige chun a chreidiúint go gcoimeádtar taifid nó doiciméid eile den sórt sin ann.

(2) Má mhoillíonn aon duine go toiliúil aon oifigeach don Aire agus é ag feidhmiú aon chumhachta faoin alt seo nó má mhainníonn sé gan chúis réasúnach aon taifead nó doiciméad eile a thabhairt ar aird a cheanglófar air den bhun an ailt seo a thabhairt ar aird nó má dhiúltaíonn sé gan chúis réasúnach aon eolas a thabhairt don oifigeach a iarrfaidh an t-oifigeach sin le réasún i dtaobh na sonraí sa taifead nó sa doiciméad sin, measfar gur choisc an duine oifigeach don Aire agus é ag comhlíonadh a dhualgas faoin Acht seo.

(3) Má choisctear oifigeach don Aire agus é ag comhlíonadh a dhualgas faoin Acht seo, beidh an duine a choiscfidh an t-oifigeach sin ciontach i gcion.

(4) Tabharfar d'oifigeach don Aire a bheidh ag comhlionadh feidhmeanna faoin Acht seo deimhniú ar a údarás na feidhmeanna sin a chomhlíonadh, agus nuair a bheidh sé ag feidhmiú cumhachta nó ag déanamh aon dualgais faoin Acht seo tabharfaidh sé ar aird, má iarrtar air é, an deimhniú sin d'aon duine lena mbainfidh.

Cionta agus pionóis.

25. —(1) Gach duine a fhéachfaidh le cion a dhéanamh, nó a chabhróidh, a neartóidh nó a dhéanfaidh comhcheilg, le duine eile le cion a dhéanamh, nó a chomhairleoidh do dhuine eile, nó a thabharfaidh ar dhuine eile, cion a dhéanamh, faoin Acht seo, beidh sé ciontach i gcion.

(2) I gcás cion faoin Acht seo a dhéanamh ag comhlacht corpraithe nó ag duine a airbheartaíonn a bheith ag gníomhú thar ceann comhlachta chorpraithe nó comhlachta neamhchorpraithe daoine, agus go gcruthófar go ndearnadh amhlaidh é le toiliú nó le ceadú, nó gur urasaíodh a dhéanamh trí aon mhainneachtain ar thaobh, aon duine is stiúrthoir, bainisteoir, rúnaí nó oifigeach eile de chuid comhlachta chorpraithe i gcás comhlachta chorpraithe nó is comhalta de choiste bainistí nó d'údarás rialaithe eile comhlachta neamhchorpraithe i gcás comhlachta neamhchorpraithe, beidh an duine sin freisin ciontach sa chion.

(3) Gach duine a dhéanfaidh cion faoin Acht seo dlífidh sé ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná céad punt (agus ina theannta sin, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil bhreise nach mó ná deich bpunt in aghaidh gach lae a leanfar den chion) nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná trí mhí, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air.

Orduithe agus rialacháin a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

26. —Gach ordú agus rialachán a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú nó an rialachán a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú an ordaithe nó an rialacháin beidh an t-ordú nó an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú nó faoin rialachán.

Caiteachais.

27. Déanfar caiteachais an Aire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal.

28. —Féadfar an tAcht Margaithe Olla, 1968 , a ghairm den Acht seo.