34 1968


Uimhir 34 de 1968


ACHT AN REIFRINN (LEASÚ), 1968

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ ACHTANNA AN REIFRINN, 1942 GO 1963. [6 Lúnasa, 1968.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

Reifrinn bhunreachta maidir leis an mBille um an Tríú Leasú ar an mBunreacht, 1968, agus leis an mBille um an gCeathrú Leasú ar an mBunreacht, 1968.

1963, Uimh. 19 .

1942, Uimh. 8 .

1. —I reifreann bunreachta maidir leis an mBille um an Tríú Leasú ar an mBunreacht, 1968, agus i reifreann bunreachta maidir leis an mBille um an gCeathrú Leasú ar an mBunreacht, 1968—

(a) beidh an ráiteas atá leagtha amach san fhoscríbhinn a ghabhann leis an alt seo ar chárta vótaíochta a chuirfear amach faoi alt 64 (1) den Acht Toghcháin, 1963 ,

(b) cuirfidh an ceann comhairimh áitiúil do dháilcheantar cárta vótaíochta freisin chuig gach toghthóir a bhfuil a ainm ar chlár na dtoghthóirí Dála don dáilcheantar sin agus ar liosta na bpostvótálaithe don dáilcheantar sin,

(c) aon chárta vótaíochta a chuirfear amach faoi mhír (b) den alt seo—

(i) cuirfidh sé in iúl gur do phostvótálaí é agus dá réir sin ní luafar ann an uimhir agus an áit dá dtagraítear san alt sin 64 (1),

(ii) beidh ann an ráiteas dá dtagraítear i mír (a) den alt seo, agus

(iii) cuirfear é leis an bpost chuig an toghthóir, an tráth céanna a chuirfear a pháipéar ballóide chuige, agus é dírithe chuige go dtí an seoladh céanna a luafar ar an gclúdach ina gcuirfear an páipéar ballóide chuige,

(d) beidh feidhm ag fo-ailt (3) go (6) den alt sin 64 maidir le cártaí vótaíochta a chuirfear amach faoi mhír (b) den alt seo,

(e) cuirfidh oifigeach ceannais cóipeanna den ráiteas dá dtagraítear i mír (a) den alt seo ar taispeáint ina stáisiúin vótaíochta agus ina mhaighne:

Ar choinníoll nach mbeidh aon reifreann neamhbhailí mar gheall ar aon mhainneachtain sna cóipeanna sin a chur ar taispeáint in aon stáisiún vótaíochta nó ina mhaighne,

(f) nuair a bheidh Riail 18 (a cuireadh isteach leis an Acht Toghcháin, 1963 ) den Chéad Sceideal a ghabhann le hAcht an Reifrinn, 1942 , á cur chun feidhme, cuirfear an mhír seo a leanas in ionad mhír (5)—

“(5) (a) I gcás ina mbeidh páipéar ballóide le marcáil de bhun mhír (3) den Riail seo, féadfaidh an t-oifigeach ceannais cabhrú leis an vótálaí tríd an togra atá luaite sa pháipéar ballóide a léamh amach go hiomlán agus a fhriafraí den vótálaí ‘An bhfuil tú ag toiliú leis an mBille sin a bheith ina dhlí nó an bhfuil tú i gcoinne an Bille sin a bheith ina dhlí?’ agus ansin, mura cás é lena mbaineann fomhír (b) den mhír seo, marcálfaidh sé an páipéar ballóide de réir freagra an vótálaí, ach ní thabharfaidh sé aird ar aon treoir i scríbhinn.

(b) Mura dtuigeann an vótálaí brí na ceiste sin—

(i) léifidh an t-oifigeach ceannais amach don vótálaí an coimriú sin ar an togra is ábhar don reifreann atá sa ráiteas atá leagtha amach san Fhoscríbhinn a ghabhann le halt 1 d'Acht an Reifrinn (Leasú), 1968 ,

(ii) fiafróidh an t-oifigeach ceannais ansin den vótálaí ‘Cé acu is mian leat a dhéanamh— vótáil i bhfabhar an togra chun an Bunreacht a athrú? nó vótáil i gcoinne an togra chun an Bunreacht a athrú?’, agus

(iii) marcálfaidh an t-oifigeach ceannais ansin an páipéar ballóide de réir freagra an vótálaí, ach ní thabharfaidh sé aird ar aon treoir i scríbhinn.”

FOSCRíBHINN

1. Féadfaidh tú vótáil sna Reifrinn ar dhá thogra:—

AN PáIPéAR BALLóIDE BáN

AN BILLE UM AN TRíú LEASú AR AN mBUNREACHT, 1968: Is é atá beartaithe leis an mbille seo dáilcheantair a shocrú sa dóigh nach mbeidh an líon daoine os coinne an teachta, i gcás ar bith, os cionn, ná faoi bhun, an mheánlíon náisiúnta méid is mó ná an séú cuid, agus nach foláir aird a thabhairt ar fhairsinge agus ionsroichteacht dáilcheantar, ar a riachtanaí atá sé limistéir chaothúla ionadaíochta a bheith ann agus nach ngabhfadh dáilcheantair thar theoranta na gcontaetha.

AN PáIPéAR BALLóIDE UAINE

AN BILLE UM AN gCEATHRú LEASú AR AN mBUN-REACHT, 1968: Is é atá beartaithe leis an mbille seo—(1) In ionad an chórais vótála a úsáidtear faoi láthair i dtoghcháin don Dáil, córas a bheith ann ina n-úsáidfear an “vóta díreach” agus nach dtoghfar do gach dáilcheantar ar leith ach aon chomhalta amháin; (2) Coimisiún a bhunú chun na dáilcheantair a shocrú, ach é a bheith de cheart ag an Dáil na dáilcheantair a shocrófar amhlaidh a leasú; agus (3) A shocrú go bhféadfar, aon uair a lánscoirfear an Dáil, an Ceann Comhairle a bheidh ag dul as oifig a thoghadh, gan iomaíocht, mar dhara comhalta do dháilcheantar a roghnóidh sé, is dáilcheantar arb é atá ann an dáilcheantar, nó a n-áirítear ann cuid den dáilcheantar, a raibh sé ina ionadóir dó roimh an lánscor.

2. Má THOILíONN Tú leis na tograí sa Bhille lena mbaineann an páipéar ballóide, cuir X os coinne an fhocail ar an bpáipéar.

3. MURA dTOILíONN Tú leis na tograí sa Bhille lena mbaineann an páipéar ballóide, cuir X os cionne an fhocail NíL ar an bpáipéar.

4. Féadfar cóipeanna de na Billí a scrúdú, agus a cheannach ar shé phingin an ceann, in aon Phostoifig.

Leasú ar an gCeathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht Toghcháin, 1963 .

1963, Uimh. 19 .

2. —Déantar leis seo an Ceathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht Toghcháin, 1963 , a leasú tríd an gCuid seo a leanas a chur in ionad Chuid I—

“Cuid I

FOIRM AN PHÁIPÉIR BHALLÓIDE I REIFREANN BUNREACHTA.

(Éadan an Pháipéir)

 

An bhfuil tú ag toiliú leis an togra chun an Bunreacht a leasú atá sa Bhille thíosluaite?

Do you approve of the proposal to amend the constitution contained in the under-mentioned Bill?

 

Uimh. an Vótalaí ar an gclár

Voter's No. on register

Ná cuir marc ACH SAN AON CHEARNÓG AMHÁIN

Place a mark in ONE SQUARE ONLY

Litir

Letter

Uimh.

No.

MÁ THOILÍONN TÚ, cuir X sa chearnóg seo

IF YOU APPROVE, mark X in this square

YES

 

 

 

 

 

MURA DTOILÍONN TÚ, cuir X sa chearnóg seo

IF YOU DO NOT APPROVE, mark X in this square

NÍL

NO

 

 

 

(Cúl an Pháipéir)

Comhdhuille Uimh.

Counterfoil No. ..........

Uimh.

No..................

Dáilcheantar

Constituency of ..............................

Reifreann i dtaobh an togra chun an Bunreacht a leasú

Referendum on proposal to amend the Constitution

Nóta—Déanfar cúl gach páipéir bhallóide a uimhriú go leantach agus an uimhir chéanna a chur ar r chúl an chomhdhuille a bheidh i gceangal leis. Déanfar an uimhir ar chúl an pháipéir bhallóide a chló sna litreacha is lú is féidir ach iad a bheith inléite.”

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

3. —(1) Féadfar Acht an Reifrinn (Leasú), 1968 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar Achtanna an Reifrinn, 1942 go 1968, a ghairm d'Achtanna an Reifrinn, 1942 go 1963, agus den Acht seo le chéile.

(3) Forléireofar an tAcht seo agus Achtanna an Reifrinn, 1942 go 1963, mar aon ní amháin.