Ar Aghaidh (AN CHEAD SCEIDEAL. Biotáille (Rátaí Gnáth-Dhleachta Custam).)

37 1968


Uimhir 37 de 1968


An tACHT AIRGEADAIS (Uimh. 2), 1968

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO MHUIREARÚ AGUS D'FHORCHUR DLEACHTANNA ÁIRITHE CUSTAM AGUS IONCAIM INTÍRE (LENA nÁIRÍTEAR MÁL), DO LEASÚ AN DLÍ A BHAINEANN LE CUSTAIM AGUS IONCAM INTÍRE (LENA nÁIRÍTEAR MÁL) AGUS DO DHÉANAMH TUILLEADH FORÁLACHA I dTAOBH AIRGEADAIS.

[18 Nollaig, 1968.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1968, Uimh. 33 .

1. —(1) San Acht seo ciallaíonn “Acht 1968” an tAcht Airgeadais, 1968 .

(2) Ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, déanfar aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán eile a fhorléiriú mar thagairt don achtachán sin arna leasú le haon achtachán eile nó faoi, lena n-áirítear an tAcht seo.

Beoir.

1933, Uimh. 15 .

2. —(1) In ionad an dleacht máil a fhorchuirtear le halt 18 (1) d'Acht 1968, muirearófar, toibheofar agus íocfar ar an mbeoir go léir a ghrúdófar sa Stát an 6ú lá de Shamhain, 1968, nó dá éis sin, dleacht máil de réir ceithre phunt is fiche, scilling agus cúig phingin ar gach sé ghalún is tríocha foirte de shaindlús míle, caoga is cúig ghrád.

(2) In ionad an dleacht custam a fhorchuirtear le halt 18 (2) d'Acht 1968, déanfar, amhail ar an agus ón 6ú lá de Shamhain, 1968, dleacht custam a mhuirearú, a thobhach agus a íoc ar an mbeoir go léir d'aon chineál a allmhaireofar isteach sa Stát de réir ceithre phunt is fiche, scilling agus aon phingin déag ar gach sé ghalún is tríocha beorach a raibh saindlús míle, caoga is cúig ghrád ina foirt roimh ghiosáil.

(3) Lamhálfar agus íocfar, i gcás ina n-onnmhaireofar mar mharsantas nó ina loingseofar chun a húsáidte mar stórais beoir a suífear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim gur íocadh uirthi an dleacht a fhorchuirtear le fo-alt (1) nó fo-alt (2) den alt seo, aistarraingt, arna ríomh de réir saindlúis bhunaidh na beorach sin, de réir ceithre phunt is fiche, scilling agus ocht bpingin ar gach sé ghalún is tríocha beorach ar mhíle, caoga is cúig ghrád a saindlús bunaidh.

(4) Más rud é, i gcás beoir ar arb inmhuirir an dleacht a fhorchuirtear le fo-alt (1) nó fo-alt (2) den alt seo nó i gcás beoir ar arb iníoctha aistarraingt faoi fho-alt (3) den alt seo, nach míle, caoga is cúig ghrád saindlús na beorach sin, athrófar an dleacht sin nó an aistarraingt sin go coibhneasach.

(5) Ní bheidh feidhm ná éifeacht ag alt 24 den Acht Airgid, 1933 , maidir leis an dleacht custam a fhorchuirtear leis an alt seo.

Biotáille.

1920, c. 18.

1966, Uimh. 17 .

I.R. Uimh. 132 de 1966.

1919, c. 32.

1926, Uimh. 35 .

3. —(1) Leasófar an Finance Act, 1920, amhail ar an agus ón 6ú lá de Shamhain, 1968, tríd an ábhar atá i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a chur i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Finance Act, 1920, in ionad an ábhair a cuireadh isteach sa Chuid sin den Chéad Sceideal sin le halt 19 d'Acht 1968, agus beidh éifeacht dá réir sin ag alt 3 (1) den Finance Act, 1920, a dúradh.

(2) (a) Baineann an fo-alt seo le biotáille dá ngairtear fuiscí a suífear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim ar a hallmhairiú gur i dTuaisceart Éireann a monaraíodh í go hiomlán agus gurb é an driogaire a rinne í a bhuidéalú agus a choinsíniú.

(b) Déanfar na dleachtanna custam lena mbaineann fo-alt (1) den alt seo a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 6ú lá de Shamhain, 1968, ar bhiotáille lena mbaineann an fo-alt seo de réir dhá phunt déag, deich scilling agus ocht bpingin an galún (arna ríomh de réir profa) in ionad an ráta is inmhuirir faoi fho-alt (1) den alt seo.

(c) Déantar leis seo alt 9 (2) den Acht Airgeadais, 1966 , agus alt 19 (2) d'Acht 1968 a aisghairm amhail ar an agus ón 6ú lá de Shamhain, 1968.

(3) (a) Baineann an fo-alt seo le biotáille, seachas bíotáille a luaitear i bhfo-alt (2) den alt seo, a suífear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim ar a hallmhairiú gur sa Ríocht Aontaithe a monaraíodh í agus gurb as sin a coinsíníodh í agus gur monaraíodh ansin í as ábhair seachas ábhair a thagann faoin gCeannteideal sa Cháinliosta darb uimhir 22.08 nó faoin gCeannteideal sa Cháinliosta darb uimhir 22.09 sa Sceideal a ghabhann leis an Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 159) (Dleachtanna Custam agus Foirm an Cháinliosta Custam), 1966.

(b) Leanfar de na dleachtanna custam lena mbaineann fo-alt (1) den alt seo a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 6ú lá de Shamhain, 1968, ar bhiotáille lena mbaineann an fo-alt seo de réir na rátaí atá leagtha amach i gCuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí is inmhuirir faoi fho-alt (1) den alt seo.

(c) Ní bhainfidh forálacha alt 8 den Finance Act, 1919, leis na dleachtanna a fhorchuirtear leis an bhfo-alt seo.

(d) Déantar leis seo alt 19 (3) d'Acht 1968 a aisghairm amhail ar an agus ón 6ú lá de Shamhain, 1968.

(e) San fho-alt seo ciallaíonn an abairt “an Ríocht Aontaithe” An Bhreatain Mhór, Tuaisceart Éireann, Oileán Mhanann agus Oileáin Mhuir nIocht.

(4) Déanfar an dleacht máil a fhorchuirtear le halt 3 (2) den Finance Act, 1920, a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 6ú lá de Shamhain, 1968, de réir dhá phunt déag, deich scilling agus trí phingin an galún (arna ríomh de réir profa) in ionad an ráta is inmhuirir de bhua alt 9 (3) den Acht Airgeadais, 1966 .

(5) Ní oibreoidh aon ní san alt seo chun faoiseamh a thabhairt ó na dleachtanna custam breise ná ón dleacht máil bhreise i leith biotáille neamhaibidh a fhorchuirtear le halt 9 den Acht Airgid, 1926 , ná chun dochar ná difear a dhéanamh don chéanna.

Tobac.

1932, Uimh. 20 .

1940, Uimh. 14 .

1934, Uimh. 31 .

4. —(1) Faoi réir fho-ailt (2) agus (3) den alt seo, déanfar an dleacht custam ar thobac a fhorchuirtear le halt 20 den Acht Airgid, 1932 , a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 6ú lá de Shamhain, 1968, de réir na rátaí leithleacha a shonraítear i gCuid I den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear i gCodanna I, II agus III den Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 1968.

(2) Bainfidh forálacha alt 8 den Finance Act, 1919, leis an dleacht a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo—

(a) ach “the area of application of the Acts of the Oireachtas” a chur in ionad “Great Britain and Ireland”, agus

(b) ionann is dá mbeadh na cineálacha tobac monaraithe a luaitear i gCuid I den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo ar áireamh sa chéad cholún den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht sin i ndiaidh na habairte “manufactured tobacco” agus dá mbeadh na rátaí tosaíochta iomchuí a luaitear sa Chuid sin luaite sa dara colún den Dara Sceideal sin os coinne lua na n-earraí sin sa chéad cholún de in ionad an ráta a luaitear sa dara colún sin os coinne lua ar tobac monaraithe sa chéad cholún sin.

(3) (a) Baineann an fo-alt seo le tobac monaraithe a monaraíodh sa Ríocht Aontaithe agus a coinsíníodh as agus a monaraíodh ann as ábhair seachas ábhair a thagann faoin gCeannteideal sa Cháinliosta darb uimhir 24.02 sa Sceideal a ghabhann leis an Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 159) (Dleachtanna Custam agus Foirm an Cháinliosta Custam), 1966.

(b) Déanfar an dleacht custam ar thobac a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 6ú lá de Shamhain, 1968, ar thobac monaraithe lena mbaineann an fo-alt seo de réir na rátaí leithleacha a shonraítear i gCuid II den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear i gCuid I den Sceideal sin.

(c) Bainfidh forálacha alt 8 den Finance Act, 1919, leis na dleachtanna a fhorchuirtear leis an bhfo-alt seo—

(i) ach “the area of application of the Acts of the Oireachtas” a chur in ionad “Great Britain and Ireland” agus ionann agus nár fholaigh an abairt “manufactured tobacco” sa chéad cholún den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht sin tobac monaraithe lena mbaineann an fo-alt seo,

(ii) ionann is dá mbeadh tobac monaraithe lena mbaineann an fo-alt seo, mar aon leis na cinéalacha tobac monaraithe den sórt sin i gCuid II den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo luaite ar leithligh sa chéad cholún sin agus dá mbeadh na rátaí tosaíochta iomchuí a shonraítear sa Chuid sin luaite sa dara colún den Dara Sceideal sin os coinne lua na n-earraí sin sa chéad cholún de, agus

(iii) faoi réir neamhshuim a dhéanamh den mhír dheiridh (dar tosach “Goods shall not be deemed”) d'fho-alt (1) den alt sin 8.

(d) San fho-alt seo ciallaíonn an abairt “an Ríocht Aontaithe” an Bhreatain Mhór, Tuaisceart Éireann, Oileán Mhanann agus Oileáin Mhuir nIocht.

(e) Tá leis an abairt “tobac cruafháiscthe” a luaitear i gCuid II den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo agus sa chéad mhír eile den fho-alt seo an bhrí chéanna atá léi in alt 17 den Acht Airgeadais, 1940 .

(f) Ciallaíonn an abairt “tobac píopa eile” a luaitear i gCuid II den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo tobac monaraithe de na cineálacha is gnáth a bheith beartaithe a úsáid i bpíopaí agus nach tobac cruafháiscthe.

(4) Déanfar a dleacht máil ar thobac a fhorchuirtear le halt 19 den Acht Airgid, 1934 , a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 6ú lá de Shamhain, 1968, de réir na rátaí leithleacha a shonraítear i gCuid III den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear i gCuid IV den Chéad Sceideal a ghabhann le hAcht 1968.

Tobac (dleacht máil ar stoic áirithe).

5. —(1) Faoi réir forálacha fho-alt (2) den alt seo, déanfar dleacht máil a mhuirearú, a thobhach agus a íoc ar na stoic tobac go léir de gach cineál a bheidh, ar an cúig a chlog, san iarnóin, an 5ú lá de Shamhain, 1968, ar úinéireacht nó ina sheilbh ag monaróir ceadúnaithe tobac agus in aon áit sa Stát seachas bannastóras, agus beidh an dleacht máil sin iníoctha ag an monaróir, de réir an ráta seo a leanas, is é sin le rá:

(a) a mhéid gur tobac neamhmhonaraithe na stoic, cúig scilling agus trí leathphingin ar gach punt meáchain de na stoic, agus

(b) a mhéid gur tobac (lena n-áirítear snaois) seachas tobac neamhmhonaraithe na stoic, cúig scilling agus trí leathphingin ar gach punt meáchain de thobac neamhmhonaraithe ónar tháinig na stoic i dtuairim na gCoimisinéirí Ioncaim.

(2) Ní bheidh an dleacht a fhorchuirtear le fo-alt (1) den alt seo inmhuirir ar aon tobac monaraithe (lena n-áirítear toitíní, todóga agus snaois seachas dríodsnaois) a suífear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim ina thaobh go raibh sé ar an cúig a chlog, san iarnóin, an 5ú lá de Shamhain, 1968, lán-ullmhaithe lena dhíol ar mionreic agus—

(i) nár tháirge aon oibríochta é de chuid aon mhonaróra a raibh sé ar úinéireacht nó ina sheilbh aige an tráth sin; nó

(ii) go raibh sé an tráth sin ar coiméad mar stoc mionreaca in áitreabh a bhí á úsáid chun tobac a dhíol ar mionreic; nó

(iii) go raibh sé an tráth sin ar bealach ó dhíoltóir go ceannaitheoir faoi chonradh díolacháin:

Ar choinníoll nach measfar chun críocha an fho-ailt seo aon tobac a bheith lán-ullmhaithe lena dhíol ar mionreic má bhí sé, de réir gnáth-chúrsa gnó an duine a raibh sé ar úinéireacht ní ina sheilbh aige nó an duine a raibh sé ar bealach chuige, le cur fós faoi phróis éigin eile (seachas pacáil) sula ndíolfadh sé é.

(3) Cuirfidh gach monaróir ceadúnaithe tobac, lá nach déanaí ná an 12ú lá de Shamhain, 1968, tuairisceán chuig na Coimisinéirí Ioncaim i bhfoirm a bheidh ceadaithe acu agus ina dtabharfaidh se cibé eolas a iarrfaidh siad leis an bhfoirm agus, go háirithe, ina n-inseoidh sé na meáchain tobac de gach cinéal a bhí ar úinéireacht nó ina sheilbh aige, ar an cúig a chlog, san iarnóin, an 5ú lá de Shamhain, 1968, in aon áit sa Stát seachas bannastóras.

(4) Déanfaidh gach monaróir ceadúnaithe tobac mar a leanas—

(a) tabharfaidh sé ar aird, má cheanglaítear sin air, d'aon oifigeach Custam agus Máil na leabhair thrádála agus gach uile chuntas agus doiciméad de chuid nó i seilbh an mhonaróra sin is gá chun an tuairisceán a thabharfar de bhun fho-alt (3) den alt seo a fhíorú, agus

(b) tabharfaidh sé gach cúnamh réasúnach don oifigeach sin ag tógáil cuntais dó ar an tobac a bhí ar úinéireacht nó ina sheilbh ag an monaróir sin ar an cúig a chlog san iarnóin, an 5ú lá de Shamhain, 1968.

(5) Díreach tar éis an tuairisceán a thabhairt a cheanglaítear le fo-alt (3) den alt seo nó an 12ú lá de Shamhain, 1968, cibé acu is luaithe, íocfaidh gach monaróir ceadúnaithe tobac leis na Coimisinéirí Ioncaim méid iomlán na dleachta a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo ar aon tobac a bhí ar úinéireacht nó ina sheilbh aige ar an cúig a chlog, san iarnóin, an 5ú lá de Shamhain, 1968, agus ar arbh inmhuirir an dleacht sin, agus féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, más oiriúnach leo, íoc na dleachta a chur siar go dtí dáta nach déanaí ná an 27ú lá de Mhárta, 1969, ar an monaróir do thabhairt urrúis trí bhanna nó ar shlí eile chun a sástacht go n-íocfar an dleacht sin.

(6) Gach monaróir a gceanglaíonn fo-alt (3) den alt seo air tuairisceán den sórt a luaitear san fho-alt sin a thabhairt agus a mhainneoidh an tuairiscéan sin a thabhairt nó a thabharfaidh tuairisceán a bheidh neamhiomlán, bréagach nó míthreorach in aon phonc ábhartha nó a mhainneoidh nó a dhiúltóidh aon ní a dhéanamh a cheanglaíonn fo-alt (4) den alt seo air a dhéanamh beidh sé ciontach i gcion faoi na reachtanna a bhaineann le dleachtanna máil agus tabhóidh sé pionós máil caoga punt in aghaidh gach ciona den sórt sin, agus forghéillfear an tobac go léir ar maidir leis a rinneadh an cion sin.

(7) I gcás aistarraingt a bheith iníoctha maidir le tobac ar ar íocadh an dleacht máil a fhorchuirtear le fo-alt (1) den alt seo, is aistarraingt máil a beidh inti go feadh na dleachta a íocadh de bhun an fho-ailt sin (1) arna cinneadh ag na Coimisinéirí Ioncaim.

An ráta cánach mórdhíola.

1966, Uimh. 22 .

6. —Déanfar cáin mhórdhíola i mhuirearú, a thobhach agus a íoc, le héifeacht ar an agus ón lú lá d'Eanáir, 1969, de réir deich faoin gcéad agus, dá réir sin, déantar leis seo “deich faoin gcéad” a chur in ionad “cúig faoin gcéad” in alt 7 (1) den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1966 , le héifeacht ar an agus ón dáta sin, agus déanfar leis seo “deich faoin gcéad” a chur in ionad “cúig faoin gcéad” in alt 11 (1) den Acht sin i leith airceadail a allmhaireofar ar an dáta sin nó dá éis.

Suimeanna a chur le híocaíochtaí áirithe.

7. —I gcás inarb éard é an t-iomlán nó cuid de láimhdeachas inchánaithe duine fhreagraigh airgead a íocadh faoi chonradh a rinneadh an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1966, nó dá éis agus roimh an lú lá d'Eanáir, 1969, féadfaidh an duine freagrach, d'éagmais comhaontú dá mhalairt, suim ar cóimhéid le haon mhéid breise is iníoctha aige i leith an airgid mar gheall ar an méadú a dhéantar le halt 6 den Acht seo ar an ráta cánach mórdhíola a aisghabháil i dteannta na n-íocaíochtaí a shonraítear sa chonradh.

Préimheanna ar Bhannaí Infheistíochta a bheith díolmhaithe ó cháin.

1965, Uimh. 26 .

8. —An bhreis a bheidh ag an méid a gheofar ar aonad urrús a bhunaigh agus a d'eisigh an tAire Airgeadais faoin Acht Príomh-Chiste (Forálacha Buana), 1965, agus dá ngairtear Bannaí Infeistíochta ar an méid a íocadh ar an aonad nuair a eisíodh é beidh sí, ach amháin i gcás ina mbeidh an bhreis le cur i gcuntas le linn ríomh a bheith á dhéanamh chun críocha cánachais ar bhrabúis trádála, díolmhaithe ó cháin ioncaim (lena n-áirítear forcháin) agus ó cháin bhrábús corparáide.

Banc Taisce an Phoist agus bancanna taisce iontaobhais— rátaí úis.

1948, Uimh. 12 .

1940, Uimh. 14 .

9. —(1) (a) An lú lá d'Enáir, 1969, agus dá éis—

(i) is é ráta an úis ar thaisce, de réir brí alt 14 (1) den Acht Airgeadais, 1948 , an ráta a bheidh arna fhorordú de thuras na huaire faoin bhfo-alt seo, agus

(ii) scoirfidh alt 14 (2) den Acht sin d'éifeacht a bheith aige.

(b) Féadfaidh an tAire Airgeadais ó am go ham an ráta úis ar thaisce de réir brí an ailt sin 14 (1) a fhorordú le rialacháin.

(2) (a) An lú lá d'Eanáir, 1969, agus dá éis—

(i) íocfar le hiontaobhaithe gach bainc taisce iontaobhais ús, de réir an ráta a bheidh forordaithe de thuras na huaire faoin bhfo-alt seo, ar an airgead a d'íoc na hiontaobhaithe sin isteach sa chuntas speisialta dá dtagraítear in alt 31 (3) den Acht Airgeadais, 1940 , agus

(ii) scoirfidh alt 31 (3) (d) den Acht sin d'éifeacht a bheith aige.

(b) Féadfaidh an tAire Airgeadais ó am go ham le rialacháin an ráta úis ar an airgead a bheidh íoctha ag iontaobhaithe gach bainc taisce isteach sa chuntas speisialta dá dtagraítear in alt 31 (3) den Acht Airgeadais, 1940 , a fhorordú.

(3) Gach rialachán a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

Cúram agus bainistí cánacha agus dleachtanna.

10. —Déantar leis seo na cánacha agus na dleachtanna uile a fhorchuirtear leis an Acht seo a chur faoi chúram agus faoi bhainistí na gCoimisinéirí Ioncaim.

Gearrtheideal agus forléiriú.

1963, Uimh. 23 .

1920, c. 18.

11. —(1) Féadfar an tAcht Airgeadais (Uimh. 2), 1968 , a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar an tAcht seo, a mhéid a bhaineann sé le custaim, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Custam agus, a mhéid a bhaineann sé le dleachtanna máil, a fhorléiriú i dteannta na Reachtanna a bhaineann leis na dleachtanna máil agus le bainistí na ndleachtanna sin.

(3) Déanfar ailt 6 agus 7 den Acht seo a fhorléiriú i dteannta Chuid VI den Acht Airgeadais, 1963 , an Achta Airgeadais (Uimh. 2), 1966 , agus na n-achtachán a leasaíonn nó a leathnaíonn an Chuid sin agus an tAcht sin is déanaí a luaitear.

(4) Déanfar alt 8 den Acht seo, a mhéid a bhaineann sé le cáin ioncaim, lena n-áirítear forcháin, a fhorléiríú i dteannta na nAchtanna Cánach Ioncaim, agus, a mhéid a bhaineann sé le cáin bhrabús corparáide, a fhorléiriú i dteannta Chuid V den Finance Act, 1920, agus na n-achtacháin a leasaíonn nó a leathnaíonn an Chuid sin.