Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL Dáilcheantair)

3 1969


Uimhir 3 de 1969


AN tACHT TOGHCHÁIN (LEASÚ), 1969

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO SHOCRÚ LÍON COMHALTAÍ DHÁIL ÉIREANN AGUS D'ATHMHEAS A nDÁILCHEANTAR AGUS DO LEASÚ AN DLÍ A BHAINEANN LE TOGHADH NA gCOMHALTAÍ SIN. [26 Márta, 1969.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Míniú.

1. —San Acht seo ciallaíonn “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúil

Líon comhaltaí Dháil Éireann.

2. —Tar éis an lánscor ar Dháil Éireann is túisce a tharlóidh tar éis an tAcht seo a rith, is Céad Daichead is Ceithre chomhalta an líon comhaltaí a bheidh i nDáil Éireann.

Dáilcheantair.

3. —(1) Tar éis an lánscor ar Dháil Éireann is túisce a tharlóidh tar éis an tAcht seo a rith, beidh comhaltaí Dháil Éireann ina n-ionadóirí do na dáilcheantair a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

(2) Aon limistéar a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo measfar gurb é an limistéar sin é mar a bhí an 1ú lá d'Eanáir 1968, ach má éiríonn aon amhras cad é an dáilcheantar ina bhfuil baile fearainn nó cuid de bhaile fearainn, nó bóthar nó sráid nó cuid de bhóthar nó de shráid, nó cuid de bharda cinnfidh an tAire an t-amhras.

(3) Sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo—

(a) déanfar tagairt do líne arna tarraingt ar feadh aon bhóthair sráide, ascaille, droichid, abhann nó canálach a fhorléiriú mar thagairt do líne arna tarraingt ar feadh lár an bhóthair, na sráide, na hascaille, an droichid, na habhann nó na canálach,

(b) déanfar tagairt do phointe mar a ndéanann aon bhóthar, sráid, ascaill, droichead, nó abhainn trasghearradh ar, nó teagmháil le, bóthar, sráid, ascaill, droichead nó abhainn eile mar thagairt don phointe ag a ndéanfadh líne arna tarraingt ar feadh lár an chinn eile trasghearradh nó teagmháil,

(c) forléireofar tagairt don phointe mar a ndéanann aon bhóthar, sráid, ascaill, abhainn nó canáil trasghearradh ar theorainn nó teagmháil le teorainn mar thagairt don phointe ag a ndéanfadh líne arna tarraingt ar feadh lár an bhóthair, na sráide, na hascaille, na habhann nó na canálach trasghearradh ar an teorainn sin nó teagmháil leis an teorainn sin, agus

(d) déanfar tagairt do shean-tuathcheantar a fhorléiriú mar thagairt don cheantar sin mar a bhí sé comhdhéanta díreach roimh an 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1925.

An líon comhaltaí a thoghfar do dháilcheantar.

4. —Toghfar do dháilcheantar a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo an líon comhaltaí atá leagtha amach ina leith sa tríú colún den Sceideal sin.

An Ceann Comhairle a bheidh ag dul as oifig a atoghadh.

1963, Uimh. 19 .

1961, Uimh. 19 .

5. —Chun críocha alt 14 (1) (b) den Acht Toghcháin, 1963 , dearbhaítear leis seo gurb ionann dáilcheantar Dhún na nGall-Liatroim a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo agus dáilcheantar Dhún na nGall Thiar Theas a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht Toghcháin (Leasú), 1961 .

Socruithe sealadacha maidir le clár na dtoghthóirí.

6. —(1) I gcás ceantar vótaíochta nó cuid de cheantar vótaíochta a bheith i ndáilcheantar a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo agus nach ionann a achar agus a ainm agus achar agus ainm aon dáilcheantair a bheidh ann ar dháta an Achta seo a rith, féadfaidh an tAire a fhoráil le hordú go dtaifeadfar ainm an dáilcheantair sin maidir leis an gceantar vótaíochta, nó leis an gcuid den cheantar vótaíochta, i ngach dréachtchlár, liosta éilitheoirí, clár toghthóirí agus liosta ceartuithe a ullmhófar faoi Chuid II den Acht Toghcháin, 1963 , agus a fhoilseoidh údarás clárúcháin roimh an gcéad lánscor eile ar Dháil Éireann a bheidh ann tar éis dáta an Achta seo a rith.

(2) Murab ionann achar agus ainm dáilcheantair a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo agus achar agus ainm aon dáilcheantair a bheidh ann ar dháta an Achta seo a rith, déanfaidh an t-údarás clárúcháin nó na húdaráis chlárúcháin lena mbaineann liosta nó liostaí de phost-vótálaithe a ullmhú ina leith a luaithe is féidir tar éis an tAcht seo a rith.

Socrú sealadach maidir le ceantair vótaíochta áirithe.

7. —(1) Más rud é, maidir le ceantar vótaíochta a bheidh ann ar dháta an Achta seo a rith, nach mbeidh a iomlán laistigh de cheann de na dáilcheantair a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, ansin, maidir leis an gcuid den cheantar vótaíochta a bheidh i ndáilcheantar a shonrófar amhlaidh déanfaidh an t-oifigeach iomchuí, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gceann comhairimh don dáilcheantar lena mbaineann—

(a) í féin nó codanna di a chur isteach le haon cheantar nó ceantair vótaíochta a bheidh tadhlach léi, nó

(b) ceantar vótaíochta a dhéanamh di agus áit vótaíochta a cheapadh di.

(2) Maidir le socrú a dhéanfar de bhun mhír (a) nó mhír (b) d'fho-alt (1) den alt seo—

(a) beidh sé faoi réir cheadú an tAire,

(b) ní bheidh feidhm aige maidir le haon chorrthoghchán a tharlóidh roimh an lánscor ar Dháil Éireann is túisce a tharlóidh tar éis an tAcht seo a rith, agus

(c) beidh feidhm aige go dtí (agus ní bheidh ach go dtí) go dtiocfaidh an chéad scéim i ngníomh, tar éis dáta an Achta seo a rith, faoi alt 22 den Acht Toghcháin, 1963 , maidir leis an gcontae nó leis an gcontae-bhuirg ina mbeidh an ceantar vótaíochta.

(3) San alt seo ciallaíonn “an t-oifigeach iomchuí”—

(a) maidir le ceantar vótaíochta i gcontae-bhuirg, an bainisteoir chun críocha na nAchtanna a bhaineann le bainistí na contae-bhuirge (lena n-áirítear duine arna cheapadh go cuí mar ionadaí don bhainisteoir sin nó chun gníomhú in áit an bhainisteora sin le linn é a bheith as láthair nó faoi éagumas nó le linn a oifig a bheith folamh),

(b) maidir le haon cheantar vótaíochta eile, rúnaí comhairle na contae ina mbeidh an ceantar vótaíochta (lena n-áirítear duine arna cheapadh go cuí mar ionadaí don rúnaí sin nó chun gníomhú in áit an rúnaí sin le linn é a bheith as láthair nó faoi éagumas nó le linn a oifig a bheith folamh).

Aisghairm.

1961, Uimh. 19 .

8. —(1) Aisghairtear leis seo an tAcht Toghcháin (Leasú), 1961 .

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh díreach ar an lánscor ar Dháil Éireann is túisce a tharlóidh tar éis an tAcht seo a rith.

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

9. —(1) Féadfar an tAcht Toghcháin (Leasú), 1969 , a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar na hAchtanna Toghcháin, 1923 go 1966, agus an tAcht seo a fhorléirú le chéile mar aon Acht amháin agus féadfar na hAchtanna Toghcháin, 1923 go 1969, a ghairm díobh le chéile.