5 1969


Uimhir 5 de 1969


AN tACHT ÁRACHAIS, 1969

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA ÁRACHAIS, 1909 GO 1964. [1 Aibreán, 1969.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Míniú.

1953, Uimh. 7 .

1. —San Acht seo ciallaíonn “Acht 1953” an tAcht Arachais, 1953 .

Leasú ar Acht 1953.

2. —Leasaítear leis seo Acht 1953 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 2 (1):

“(1A) (a) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, comhshocraíochtaí a dhéanamh le go dtabharfar do dhaoine (nó chun sochair daoine) a sheolann gnó nó gairm sa Stát ráthaíochtaí i ndáil le seirbhísí lena mbaineann an fo-alt seo a thabhairt le haghaidh duine lasmuigh den Stát.

(b) Baineann an fo-alt seo le seirbhísí deartha agus pleanála, ar sa Stát i ndáil le hoibreacha innealtóireachta nó foirgníochta a dhéantar lasmuigh den Stát a dhéantar an obair á dtabhairt”.

Leasú ar alt 2 (3) d'Acht 1953.

1961, Uimh. 28 .

3. —Leasaítear leis seo alt 2 (3) d'Acht 1953 trí “deich milliún punt” a chur in ionad “cúig mhilliún punt” (a cuireadh isteach leis an Acht Arachais, 1961 ).

Gearrtheideal agus comhlua.

4. —(1) Féadfar an tAcht Arachais, 1969 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Arachais, 1909 go 1969, a ghairm de na hAchtanna Arachais, 1909 go 1964, agus den Acht seo le chéile.