Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL Achtacháin a Aisghairtear)

14 1969


Uimhir 14 de 1969


AN tACHT CAIDRIMH THIONSCAIL, 1969

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AN ACHTA CAIDRIMH THIONSCAIL, 1946 . [3 Meitheamh, 1969.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1946, Uimh. 26 .

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “an Chúirt” an Chúirt Oibreachais;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Saothair;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Caidrimh Thionscail, 1946 .

Comhaltas na Cúirte.

2. —Beidh an Chúirt comhdhéanta de chathaoirleach (dá ngairtear an cathaoirleach san Acht seo) agus, de réir mar a chinnfidh an tAire ó am go ham dá rogha féin, ceathrar nó seisear gnáthchomaltaí (dá ngairtear na gnáthchomhaltaí san Acht seo) ar comhaltaí oibrithe beirt acu agus comhaltaí fostóirí beirt acu (más ceathrar gnáthchomhaltaí a bheidh ann) agus ar comhaltaí oibrithe triúr acu agus comhaltaí fostóirí triúr acu (más seisear gnáthchomhaltaí a bheidh ann).

An Chúirt ina ranna.

3. —Aon uair is dóigh leis an gcathaoirleach gur foirsteanach, ar mhaithe le gnó na Cúirte a dhéanamh go tapaidh, go ngníomhóidh an Chúirt ina ranna, féadfaidh sé a ordú dá réir sin, agus, go dtí go gcúlghairfidh sé a ordú—

(a) beidh an Chúirt ina ranna mar a leanas—

(i) céadroinn, a bheidh comhdhéanta den chathaoirleach (agus is eisean a bheidh ina chathaoirleach ar an roinn) agus de chomhalta oibrithe agus comhalta fostóirí arna roghnú ag an gcathaoirleach,

(ii) dara roinn a bheidh comhdhéanta den leas-chathaoirleach a cheapfar faoi alt 4 (1) den Acht seo (agus is eisean a bheidh ina chathaoirleach ar an roinn), de chomhalta oibrithe agus comhalta fostóirí, agus

(iii) má fhoráileann an t-ordú amhlaidh, tríú roinn a bheidh comhdhéanta den leas-chathoirleach a cheapfar faoi alt 4 (4) den Acht seo (agus is eisean a bheidh ina chathaoirleach ar an roinn) agus de chomhalta oibrithe agus comhalta fostóirí;

(b) sannfaidh an cathaoirleach do gan roinn an gnó a bheidh le déanamh aici;

(c) chun críche an ghnó a shannfar di amhlaidh, beidh ag gach roinn cumhachtaí uile na Cúirte agus beidh ag cathaoirleach na roinne cumhachtaí uile an chathaoirligh agus léireofar tagairtí san Acht seo don Chúirt agus don chathaoirleach mar thagairtí a fholaíonn tagairtí do roinn agus do chathaoirleach roinne, faoi seach.

Leas-chathaoirleach den Chúirt.

1956, Uimh. 45 .

1956, Uimh. 46 .

1958, Uimh. 34 .

4. —(1) Ceapfaidh an tAire leas-chathaoirleach a shealbhóidh oifig ar cibé téarmaí a shocróidh an tAire agus é á cheapadh.

(2) An leas-chathaoirleach a cheapfar faoi fho-alt (1) den alt seo gníomhóidh sé in ionad an chathaoirligh nuair a bheidh an cathaoirleach as láthair agus déanfar na tagairtí sa Phríomh-Acht agus san Acht seo don chathaoirleach a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí don leas-chathaoirleach réamhráite ag gníomhú dó amhlaidh.

(3) Íocfar leis an leas-chathaoirleach a cheapfar faoi fho-alt (1) den alt seo cibé luach saothair (ar mhodh táillí nó tuarastail) agus liúntais a chinnfidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.

(4) Féadfaidh an tAire an dara leas-chathaoirleach a cheapadh a shealbhóidh oifig ar cibé téarmaí a shocróidh an tAire agus é á cheapadh.

(5) Féadfar cibé táillí a chinnfidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais a íoc leis an leas-chathaoirleach a cheapfar (má cheaptar) faoi fho-alt (4) den alt seo.

(6) Ní cheapfar aon duine ina leas-chathaoirleach mura sa Stát atá gnáthchónaí air.

(7) Ní bhainfidh Acht Choimisinéirí na Stát-Sheirbhíse, 1956 , ná Achtanna Rialaithe na Státseirbhíse, 1956 agus 1958, le hoifig leaschathaoirligh de chuid na Cúirte.

Aoisliúntas do chathaoirleach agus do ghnáthchomhaltaí na Cúirte.

5. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, scéim nó scéimeanna a dhéanamh chun pinsin, aiscí agus liúntais a dheonú, ar scor dóibh, don chathaoirleach, do leas-chathaoirleach a ceapadh faoi alt 4 (1) den Acht seo agus a bheidh faoi cheangal ag an Aire a am oibre go léir a chaitheamh le dualgais oifig leas-chathaoirligh, agus do ghnáth-chomhaltaí na Cúirte nó i leith na ndaoine sin.

(2) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, scéim a rinne sé faoin alt seo a leasú.

(3) Déanfaidh an tAire scéim a rinne sé faoin alt seo a chur i bhfeidhm de réir téarmaí na scéime.

(4) Má éiríonn aon aighneas maidir le héileamh aon duine ag éileamh, nó maidir le méid, aon phinsin, aisce nó liúntais is iníochta de bhun aon scéime faoin alt seo, cuirfear an t-aighneas sin faoi bhráid an Aire agus cuirfidh seisean chuig an Aire Airgeadais í, agus is cinneadh críochnaitheach a bheidh i gcinneadh an Aire Airgeadais.

(5) Gach scéim a dhéanfaidh an tAire faoin alt seo leagfar í faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a déanta agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an scéim a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú na scéime, beidh an scéim ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin scéim sin.

(6) Deonóidh an tAire do Chathal Ó Seanáin, agus íocfaidh sé leis, nuair a éireoidh Cathal Ó Seanáin, gan é a athcheapadh, as bheith ina chomhalta den Chúirt Oibreachais, pinsean míle, céad agus cúig phunt is fiche sa bhliain lena shaol agus aisce míle, sé chéad ochtó is ocht bpunt.

(7) Deonóidh an tAire d'Ernest Edmonson Benson, agus íocfaidh sé leis, aisce trí mhíle punt nuair a éireoidh sé, gan é a athcheapadh, as bheith ina chomhalta den Chúirt Oibreachais.

(8) Deonóidh an tAire do Ioseph Ó Coigligh, agus íocfaidh sé leis, aisce trí mhíle punt nuair a éireoidh sé, gan é a athcheapadh, as bheith ina chomhalta den Chúirt Oibreachais.

Oifigigh chaidrimh thionscail.

6. —(1) Féadfaidh an Chúirt oifigigh don Chúirt a cheapadh chun gníomhú mar oifigigh chaidrimh thionscail (agus oifigigh chaidrimh thionscail a thabharfar ar oifigigh a cheapfar amhlaidh) agus deánfar aon tagairt sa Phríomh-Acht d'oifigeach idir-réitigh a fhorléiriú mar thagairt d'oifigeach caidrimh thionscail.

(2) Déanfaidh oifigigh chaidrimh thionscail aon dualgas a shannfaidh an Chúirt nó an cathaoirleach dóibh agus, go háirithe, cabhróidh siad le haighnís cheirde a chosc agus a shocrú agus le meáin thoildheonacha iomairlí a sheoladh idir fostoirí agus oibrithe i gcoitinne nó i dtionscail áirithe nó i limistéir áirithe nó idir fostóirí áirithe agus a gcuid oibrithe.

Léiriú comhaontuithe fostaíochta.

7. —Féadfadh an Chúirt, aon tráth, ar iarratas ó na páirtithe i gcomhaontú idir fostóir nó ceardchumann fostóirí agus oibrí nó ceardchumann oibrithe i dtaobh pá nó coinníollacha fostaíochta aon duine lena mbaineann an comhaontú, a breith a thabhairt ar léiriú an chomhaontaithe nó ar a fheidhm maidir le duine áirithe.

Aíghneas ceirde a imscrúdú go príobháideach.

8. —(1) Is go príobháideach a imscrúdóidh an Chúirt aighneas ceirde, ach is go poiblí a dhéanfaidh an Chúirt an t-imscrúdú má iarrann páirtí san aighneas uirthi é a dhéanamh amhlaidh.

(2) I gcás ina mbeidh aighneas ceirde á imscrúdú go poiblí ag an gCúirt, féadfaidh an Chúirt, más deimhin léi baint a bheith ag aon chuid den imscrúdú le hábhar ar cheart, ar mhaithe le haon pháirtí san aighneas, é a ghlacadh mar rún, an chuid sin den imscrúdú a dhéanamh go príobháideach.

Comhaltaí den Chúirt a bheith ar bhoird eadrána sheirbhíse poiblí.

1941, Uimh 23.

9. —(1) Beidh ina gcomhaltaí d'aon bhord a bunaíodh roimh thosach feidhme, nó a bhunófar tar éis tosach feidhme, an ailt seo chun tuarascáil a thabhairt ar éilithe i ndáil le, agus i ndáil le hábhair a bhaineann le, pá agus coinníollacha seirbhíse aon duine—

(a) atá i seilbh poist i Státseirbhís an Rialtais nó i Státseirbhís an Stáit,

(b) is comhalta d'fhoireann Thithe an Oireachtais,

(c) is comhalta den Gharda Síochána,

(d) is bun-mháistir poist,

(e) atá ar fostú ag coiste talmhaíochta contae, ag coiste gairmoideachais nó ag údarás áitiúil chun críocha an Achta Rialtais Áitiúil, 1941 ,

(f) atá ar fostú mar mhúinteoir i scoil náisiúnta, i meánscoil, i scoil ghairmoideachais, i scoil chuimsitheach nó in aon scoil dá samhail, nó

(g) atá ar fostú ag aon chomhlacht den sórt sin a bunaíodh le reacht nó faoi reacht agus a airgeadasaítear go hiomlán nó go páirteach le deontais nó iasachtaí ó Aire Stáit nó le heisiúint scaireanna a bheidh Aire Stáit tar éis a thógáil chuige agus a bheidh an tAire Airgeadais tar éis a ainmniú ó am go ham,

comhalta oibrithe amháin de chuid na Cúirte agus comhalta fostóirí amháin de chuid na Cúirte a roghnóidh an cathaoirleach.

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.

Sárú ar chomhaontuithe fostaíochta cláraithe.

10. —(1) Má dhéanann fostóir nó ceardchumann a bheidh ionadaitheach d'fhostóirí lena mbaineann comhaontú fostaíochta cláraithe gearán leis an gCúirt go bhfuil mainnithe nó faillithe ag fostóir lena mbaineann an comhaontú an comhaontú a chomhlíonadh, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas—

(a) breithneoidh an Chúirt an gearán agus tabharfaidh sí éisteacht do gach duine a bhfeicfear don Chúirt leas a bheith aige san ábhar agus ar mian leis éisteacht a fháil,

(b) más deimhin leis an gCúirt, tar éis an bhreithnithe sin, go bhfuil bunús maith leis an ngearán, féadfaidh an Chúirt, le hordú, a ordú don fhostóir sin cibé nithe a dhéanamh dá dtiocfaidh, i dtuairim na Cúirte, an comhaontú a chomhlíonadh ag an bhfostóir sin.

(2) Más rud é, i gcás an Chúirt do dhéanamh ordú faoi fho-alt (1) den alt seo, nach gcomhlíonfar an t-ordachán a bheidh san ordú, beidh an duine dar tugadh an t-ordachán ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt, agus, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil bhreise nach mó ná deich bpunt in aghaidh gach lae a leanfar den chion, a chur air.

(3) Má fhaillíonn nó má mhainníonn duine lena mbaineann comhaontú fostaíochta cláraithe an comhaontú a chomhlíonadh beidh an duine ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air, agus, i gcás ciona leanúnaigh, dlífear ar é a chiontú ar díotáil fíneáil céad punt agus fíneáil bhreise nach mó ná deich bpunt in aghaidh gach lae a leanfar den chion a chur air.

Rialacha cóirfhostaíochta.

11. —(1) Féadfaidh an Chúirt, tar éis di dul i gcomhairle le heagrais atá, i dtuairim na Cúirte, ionadaitheach d'aon aicme, cineál nó grúpa oibrithe agus dá bhfostóirí—

(a) rialacha a dhéanamh a bhainfidh leis an, agus a dhéanfaidh socrú, i dtuairim na Cúirte, le haghaidh coinníollacha cóir-fhostaíochta don, aicme, cineál nó grúpa sin oibrithe agus a cheadóidh eagrais atá ionadaitheach do líon substaineach de na hoibrithe den aicme, den chineál nó den ghrúpa sin agus d'eagrais atá ionadaitheach do líon substainteach d'fhostóirí den sórt sin,

(b) rialacha a dhéanamh a leasóidh aon rialacha den sórt sin agus a bhainfidh leis an, agus a dhéanfaidh, i dtuairim na Cúirte, socrú le haghaidh coinníollacha cóir-fhostaíochta don, aicme, cineál nó grúpa sin oibrithe agus a cheadóidh eagrais atá ionadaitheach do líon substainteach oibrithe den aicme, den chineál nó den ghrúpa sin agus d'eagrais atá ionadaitheach do líon substainteach de na fostóirí sin, agus

(c) rialacha a dhéanamh a chúlghairfidh aon rialacha den sórt sin.

(2) Rialacha cóir-fhostaíochta a thugtar san Acht seo ar rialacha faoi fho-alt (1) den alt seo.

(3) (a) Sula ndéanfaidh sí rialacha cóir-fhostaíochta cuirfidh an Chúirt faoi deara go bhfoilseofar mar is cuí léi fógra go bhfuil sin ar intinn aici mar aon le dréacht de na rialacha beartaithe agus tabharfaidh sí do gach duine ar mian leis uiríolla a dhéanamh deis chun sin a dhéanamh, agus sonróidh an fógra an tráth agus an tslí a ndéanfar uiríolla.

(b) Tabharfaidh an Chúirt aird chuí ar aon uiríolla a dhéanfar go cuí faoin bhfo-alt seo.

(4) Aon duine a sháróidh riail chóir-fhostaíochta beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt, agus, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil bhreise nach mó ná deich bpunt in aghaidh gach lae a leanfar don chion, a chur air.

Ailt 10 agus 11 a chur i bhfeidhm.

12. —(1) Aon duine is cigire chun críocha Chuid IV den Príomh-Acht (dá ngairtear cigire san alt seo) féadfaidh sé, chun forálacha ailt 10 agus 11 den Acht seo a chur i bhfeidhm, gach ní nó aon ní acu seo a leanas a dhéanamh, is é sin le rá—

(a) dul isteach gach tráth réasúnach in aon áitreabh a mbeidh cúis réasúnach aige chun a chreidiúint go n-oibríonn aon duine ann lena mbaineann comhaontú fostaíochta cláraithe nó riail chóir-fhostaíochta,

(b) a cheangal go dtabharfar an aird leatháin phá nó taifid eile tuarastail a bheidh á gcoimeád ag fostóir agus na leatháin nó na taifid sin a iniúchadh agus cóip a dhéanamh d'aon chuid ábhartha díobh,

(c) scrúdú a dhéanamh, maidir le haon ábhair faoi alt 10 nó 11 den Acht seo, ar aon duine a mbeidh cúis réasúnach aige chun a chreidiúint gur duine a lenar bhain nó lena mbaineann comhaontú fostaíochta cláraithe nó rialacha cóirfhostaíochta agus a cheangal ar an duine sin cibé ceisteanna (seachas ceisteanna d'ionchoireodh an duine sin) a fhreagairt a chuirfidh an cigire faoi na hábhair sin agus dearbhú gur fíor na freagraí ar na ceisteanna sin a shíniú.

(2) Duine ar bith—

(a) a bhacfaidh nó a choiscfidh cigire agus é ag feidhmiú aon chumhachta dá dtugtar do chigire leis an alt seo,

(b) a dhiúltóidh aon taifead a thabhairt ar aird a cheanglóidh cigire go dleathach air a thabhairt ar aird,

(c) a stopfaidh duine nó a fhéachfaidh le duine a stopadh ó theacht i láthair cigire nó a cheistiú ag cigire, nó

(d) a mhainneoidh nó a fhailleodh go toiliúil aon cheanglas dleathach ó chigire faoi fho-alt (1) (b) den alt seo a chomhlíonadh,

beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air.

(3) Féadfaidh cigire imeachtaí a bhunú mar gheall ar chion faoi alt 10 nó 11 den Acht seo.

Coimisinéirí um chearta.

1956, Uimh. 45 .

1956, Uimh. 46 .

1958, Uimh. 34 .

13. —(1) Féadfaidh an tAire ó am go ham duine a cheapadh ar a dtabharfar agus dá ngairtear san Acht seo coimisinéir um chearta chun na feidhmeanna a shanntar dó leis an alt seo a fheidhmiú.

(2) Faoi réir foralácha an ailt seo, i gcás aighneas ceirde (seachas aighneas a bhainfidh le rátaí pá, uaire nó tráthanna oibre, nó saoire bhliantúil, de chuid dreama lucht oibre) a bheith ann nó é a bheith á thuar agus go mbainfidh sé le hoibrithe de réir brí Chuid VI den Príomh-Acht, féadfaidh páirtí san aighneas é a tharchur chuig coimisinéir um chearta.

(3) (a) Faoi réir forálacha an ailt seo, imscrúdóidh coimisinéir um chearta aon aighneas ceirde a tharchuirfear chuige faoi fho-alt (2) den alt seo agus, mura socrófar an t-aighneas sula ndéanfaidh sé sin—

(i) cuirfidh sé moladh i láthair na bpáirtithe san aighneas ag insint a thuairime ar thuillteanais an aighnis, agus

(ii) cuirfidh sé an moladh in iúl don Chúirt.

(b) Ní imscrúdóidh coimisinéir um chearta aighneas ceirde—

(i) má bhíonn moladh déanta ag an gCúirt maidir leis an aighneas, nó

(ii) má chuireann páirtí san aighneas in iúl i scríbhinn don choimisinéir go bhfuil sé in aghaidh an t-aighneas a imscrúdú ag coimisinéir um chearta.

(4) Sealbhóidh coimisinéir um chearta oifig ar feadh cibé tréimhse a chinnfidh an tAire agus íocfar leis cibé táillí agus caiteachais a chinnfidh an tAire ó am go ham le toiliú an Aire Airgeadais agus sealbhóidh sé oifig faoi réim agus faoi réir cibé coinníollacha eile a chinnfidh an tAire ó am go ham.

(5) (a) Féadfaidh an tAire coimisinéir um chearta a chur as oifig ar chúiseanna a shonrófar.

(b) Ní bhainfidh Acht Choimisinéirí na Stát-Sheirbhíse, 1956 , ná Achtanna Rialaithe na Státseirbhíse, 1956 agus 1958, le hoifig choimisinéara um chearta.

(6) Féadfaidh coimisinéir um chearta socrú a dhéanamh le rialáil a dhéanamh ar imeachtaí os a chomhair i ndáil le himscrúdú faoin alt seo agus féadfaidh sé socrú a dhéanamh do na cásanna ina bhféadfaidh daoine láithriú os a chomhair trí abhcóide nó aturnae agus, ach amháin i gcás dá mbeidh socrú mar sin déanta, ní bheidh aon duine i dteideal láithriú trí abhcóide nó aturnae os a chomhair.

(7) Féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, níos mó ná coimisinéir um chearta amháin a cheapadh an tráth céanna nó coimisinéir um chearta a cheapadh tráth a bheidh coimisinéir um chearta amháin nó níos mó ceaptha.

(8) Is go príobháideach a dhéanfaidh coimisinéir um chearta imscrúdú.

(9) (a) Féadfaidh páirtí in aighneas a mbeidh coimisinéir um chearta tar éis moladh a dhéanamh i ndáil leis achomharc a dhéanamh chun na Cúirte i gcoinne an mholta agus beidh breith na Cúirte ar an achomharc de cheangal ar na páirtithe san aighneas.

(b) Déanfaidh an Chúirt aon achomharc chuici faoin bhfo-alt seo a éisteacht agus breith a thabhairt air agus a breith air a chur in iúl do na páirtithe.

(c) Is go príobháideach a dhéanfar éisteacht faoin bhfo-alt seo.

(10) Ní imscrúdóidh an Chúirt (ach amháin ar mhodh achomhairc chuici faoi fho-alt (9) den alt seo) aighneas ceirde a mbeidh moladh déanta ina thaobh ag coimisinéir um chearta.

Toirmeasc ar eolas a nochtadh.

14. —Ní chuirfidh coimisinéir um chearta in aon mholadh aon eolas a fuair sé i gcúsa aon imscrúdaithe faoin Acht seo maidir le haon cheardchumann ná maidir le gnó aon duine nach bhfuil fáil air ach trí fhianaise a tugadh le linn an imscrúdaithe gan toiliú an cheardchumainn nó na ndaoine lena mbaineann, ná ní dhéanfaidh aon duine a mbeidh baint aige le himeachtaí os comhair choimisinéara um chearta faoin Acht seo aon eolas den sórt sin a nochtadh gan an toiliú sin.

Leasú ar alt 23 den Phríomh-Acht.

15. —Leasaítear leis seo alt 23 den Phríomh-Acht trí “Aire” a chur in ional “Rialtas”.

Leasú ar alt 43 den Phríomh-Acht.

16. —Leasaítear leis seo alt 43 (1) (b) (iii) den Phríomh-Acht trí “lá is fiche” a chur in ionad “thríocha lá”.

Leathnú ar Chuid VI den Phríomh-Acht.

1939, Uimh 27.

1956, Uimh 46.

1954, Uimh 18.

17. —(1) I gCuid VI den Phríomh-Acht folóidh “oibrí” aon duine is—

(a) seirbhíseach d'údarás áitiúil,

(b) oifigeach d'aicme a shonraítear sa sceideal a ghabhann leis an Ordú um an Acht Caidrimh Thionnscail, 1946 (Cuid VI, Leathnú), 1956 (I.R. Uimh. 92 de 1956),

(c) seirbhíseach do choiste gairmoideachais,

(d) seirbhíseach do choiste talmhaíochta,

(e) altra ar fostú ag údarás ospidéil mheabhair-ghalar de réir brí na nAchtanna Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945 go 1966, nó

(f) oifigeach d'údarás cúnaimh phoiblí a mbaineann a dhualgais go formhór le cúnamh teaghlaigh de réir brí an Achta um Chongnamh Phuiblí, 1939 ,

agus cibé daoine eile a bheidh ainmhithe de thuras na huaire ag an Aire Airgeadais.

(2) Féadfaidh an tAire Airgeadais ó am go ham—

(a) aon daoine (seachas státseirbhísigh bhunaithe de réir brí Acht Rialuithe na Stát-Sheirbhíse, 1956 ) a bheidh ar fostú de bhua alt 30 (1) (g) den Acht Cosanta, 1954 , nó a bheidh ar fostú ag an Stát nó faoin Stát a ainmniú chun críocha fho-alt (1) den alt seo, agus

(b) ar na daoine lena mbainfidh á iarraidh, ainmniú aon daoine faoin bhfo-alt seo a chealú.

(3) Féadfaidh an Rialtas, le hordú, an míniú ar “oibrí” i gCuid VI den Phríomh-Acht a leasú agus féadfaidh sé, le hordú, aon ordú faoin alt seo a chúlghairm nó a leasú.

Leasú ar alt 67 den Phríomh-Acht.

18. —(1) Leasaítear leis seo alt 67 den Phríomh-Acht trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) Faoi réir fho-alt (1B) den alt seo, ní imscrúdóidh an Chúirt aighneas ceirde mura rud é—

(a) go bhfaighidh sí tuarascáil a thug oifigeach caidrimh thionscail a ghníomhaigh mar idirghabhálaí san aighneas á rá nár tháinig na páirtithe san aighneas ar shocrú de bharr idir-réitigh, agus

(b) gur iarr na páirtithe san aighneas uirthi an t-aighneas a imscrúdú.

(1B) Más é tuairim na Cúirte, maidir le haighneas ceirde, a mbeadh, mura mbeadh an fo-alt seo, toirmeasc uirthi, de bhua fho-alt (1A) den alt seo é a imscrúdú, go bhfuil cuinsí neamhghnácha ann a thugann gur ceart di é a dhéanamh, féadfaidh sí an t-aighneas a imscrúdú.”

(2) Ní bheidh feidhm ag an leasú a dhéantar le fo-alt (1) den alt seo maidir le himscrúdú ar aighneas ceirde ag an gCúirt a thosaigh sí roimh dháta an Achta seo a rith i ndáil le moladh ó choimisinéir um chearta.

Leasú ar alt 68 den Phríomh-Acht.

19. —Déantar leis seo an fo-alt seo a leanas a chur in ionad alt 68 (1) den Phríomh-Acht:

“(1) Féadfaidh an Chúirt, tar éis aighneas ceirde a imscrúdú, moladh a dhéanamh ag insint a tuairime ar thuillteanais an aighnis agus na dtéarmaí ar an chóir é a shocrú.”

An Chúirt d'imscrúdú aighnis ar pháirtithe á iarraidh.

20. —(1) I gcás na n-iarrfaidh na hoibrithe a mbeidh baint acu le haighneas ceirde nó a gceardchumann nó a gceardchumainn ar an gCúirt an t-aighneas a imscrúdú agus go ngeallfaidh sé nó siad, roimh an imscrúdú, glacadh le moladh na Cúirte faoi alt 68 den Phríomh-Acht i dtaobh an aighnis sin, ansin, d'ainneoin aon ní sa Phríomh-Acht nó san Acht seo, imscrúdóidh an Chúirt an t-aighneas agus déanfaidh sí moladh faoin alt sin 68 ina thaobh.

(2) I gcás ina n-iarrfaidh na páirtithe a mbeidh baint acu le haighneas ceirde ar an gCúirt saincheist nó saincheisteanna de chuid an aighnis a imscrúdú agus go ngeallfaidh siad, roimh an imscrúdú, glacadh le moladh na Cúirte faoi alt 28 i dtaobh na saincheiste nó na saincheisteanna sin ansin, d'ainneoin aon ní sa Phríomh-Acht nó san Acht seo, imscrúdóidh an Chúirt an tsaincheist nó na saincheisteanna sin agus déanfaidh sí moladh faoin alt sin 68 ina taobh nó ina dtaobh agus, chun críocha an fho-ailt seo, beidh éifeacht ag fo-alt (1) den alt sin 68 ionann is dá bhfolódh na tagairtí ann d'aighneas ceirde tagairtí do shaincheist nó do shaincheisteanna de chuid an aighnis cheirde.

(3) D'ainneoin aon ní in alt 8 (1) den Acht seo, is go príobháideach a dhéanfar imscrúdú faoin alt seo agus tabharfar cibé tosaíocht dó ar ghnó eile na Cúirte a mheasfaidh an Chúirt a bheith réasúnach.

Binsí Bhord Soláthair an Leictreachais d'oibrithe lámh-oibre agus d'fhostuithe ginearálta a dhíscaoileadh.

1942, Uimh 17.

1949, Uimh 12.

21. —(1) Díscaoiltear leis seo an binse a bunaíodh faoi alt 9 d'Acht Bhord Soláthair an Leictreachais (Aois-liúntas), 1942 , agus an binse a bunaíodh faoi alt 3 den Acht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1949 .

(2) Maidir le fo-alt (1) den alt seo agus alt 23 den Acht seo (a mhéid a leasaíonn sé ailt 9 go 11 d'Acht Bhord Soláthair an Leictreachais (Aois-liúntas), 1942 , agus ailt 3 go 6 den Acht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1949 ) measfar, maidir le haon ábhar a tarchuireadh roimh thosach feidhme an Achta seo chun ceachtar de na binsí réamhráite, nár achtaíodh ariamh iad mura gcuirfidh páirtí a bhfuil baint aige leis an ábhar in aghaidh é a chinneadh ag an mbinse chun ar tarchuireadh é.

Orduithe a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

22. —Aon ordú a dhéanfaidh an Rialtas nó an tAire faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar d'aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

Aisghairm.

23. —Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a luaitear sa tríú colún den Sceideal.

Gearrtheideal, forléiriú agus tosach feidhme.

24. —(1) Féadfar an tAcht Caidrimh Thionscail, 1969 , a ghairm den Acht seo agus forléireofar é féin agus an Príomh-Acht mar Acht amháin.

(2) Féadfar na hAchtanna Caidrimh Thionscail, 1946 agus 1969, a ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht seo le chéile.