An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT UM OIBRITHE TALMHAÍOCHTA (LAETHANTA SAOIRE AGUS PÁ), 1969) Ar Aghaidh (CUID II Laethanta Saoire Oibrithe Talmhaíochta)

17 1969

AN tACHT UM OIBRITHE TALMHAÍOCHTA (LAETHANTA SAOIRE AGUS PÁ), 1969

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal, forléiriú, comhlua agus tosach feidhme (Cuid II).

1. —(1) Féadfar an tAcht um Oibrithe Talmhaíochta (Laethanta Saoire agus Pá), 1969 , a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar an tAcht seo, a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé na hAchta Páighe Talmhaíochta, 1936 agus 1945, a fhorléiriú ina dteannta mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna Pá Talmhaíochta, 1936 go 1969, a ghairm díobh de chéile.

(3) Déanfar an tAcht seo, a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé na hAchtanna um Oibrithe Talmhaíochta (Laethanta Saoire), 1950 go 1961, a fhorléiriú le chéile, faoi réir alt 4 den Acht seo, mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna um Laethanta Saoire Oibrithe Talmhaíochta, 1950 go 1969, a ghairm díobh le chéile.

(4) Tiocfaidh Cuid II den Acht seo i ngníomh cibé lá a ordóidh an tAire Talmhaíochta agus Iascaigh le hordú.

Léiriú.

1936, Uimh. 53 .

1950, Uimh. 21 .

2. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1936” an tAcht um Págh Talmhaíochta, 1936 ;

ciallaíonn “Acht 1950” an tAcht um Oibrithe Talmhaíochta (Laethanta Saoire), 1950 ;

ciallaíonn “lá neamhoibre”, maidir le hoibrí talmhaíochta, lá nach n-oibríonn an t-oibrí de ghnáth faoina chonradh seirbhíse;

ciallaíonn “gearrlá”, maidir le hoibrí talmhaíochta, lá ar giorra ná lá iomlán a oibríonn an t-oibrí faoina chonradh seirbhíse;

ciallaíonn “seachtain” aon tréimhse seacht lá comhleanúnacha;

ciallaíonn “lá oibre”, maidir le hoibrí talmhaíochta, lá—

(a) is lá seachtaine, agus

(b) nach—

(i) lá saoire poiblí,

(ii) lá a bhfuil laistigh de aon tréimhse ceithre huaire is fiche a chloig comhleanúnacha scíthe a cheanglaítear faoi aon achtachán eile a lamháil d'oibrí,

(iii) lá neamhoibre, ná

(iv) gearrlá.

(2) Measfar, chun críocha an Achta seo, fostóir talmhaíochta do lamháil lá saoire iomlán lá áirithe d'oibrí talmhaíochta ar fostú faoi más rud é, agus amháin más rud é, nach ligeann sé don oibrí aon obair a dhéanamh dó an lá sin.

Caiteachas.

3. —Déanfar an caiteachas go léir a thabhófar ag cur an Achta seo i bhfeidhm a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.