An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I Réamhráiteach agus Ginearálta) Ar Aghaidh (CUID III Pá Talamhaíochta)

17 1969

AN tACHT UM OIBRITHE TALMHAÍOCHTA (LAETHANTA SAOIRE AGUS PÁ), 1969

CUID II

Laethanta Saoire Oibrithe Talmhaíochta

Laethanta saoire poiblí.

1924, Uimh. 56 .

4. —(1) Faoi réir forálacha an ailt seo, is lá saoire poiblí chun críocha an Achta seo gach lá acu seo a leanas:

(a) Lá Nollag nuair a thiteann sé ar lá seachtaine nó, nuair a thiteann sé ar an Domhnach, an 27ú lá de Nollaig.

(b) Lá Fhéile Stiofáin nuair a thiteann sé ar lá seachtaine nó, nuair a thiteann sé ar an Domhnach, an chéad Luan ina dhiaidh sin,

(c) Lá Fhéile Pádraig nuair a thiteann sé ar lá seachtaine nó, nuair a thiteann sé ar an Domhnach, an chéad Luan ina dhiadh sin,

(d) Luan Cásca, Luan Cincíse agus an chéad Luan de Lúnasa.

(2) Aon uair aon bhliain áirithe a cheapfar lá faoin Acht Laethanta Saoire Puiblí, 1924, chun bheith ina lá saoire bainc in ionad lá dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo, measfar, an bhliain sin, an lá a cheapfar amhlaidh a bheith curtha isteach ar fud an fho-ailt sin in ionad an lae a luaitear amhlaidh.

(3) Féadfaidh fostóir aon oibrí ceachtar lá acu seo a leanas a chur in ionad aon lá saoire poiblí (ach amháin Lá Nollag nó Lá Fhéile Pádraig)—

(a) an lá saoire Eaglaise a thitfidh sa bhliain chéanna díreach roimh an lá saoire poiblí trí fhógra a thabhairt don oibrí, ceithre lá dhéag ar a laghad roimh an lá saoire Eaglaise, go bhfuil ar intinn aige an lá sin a chur in ionad an lá saoire poiblí sin, nó

(b) an lá saoire Eaglaise a thitfidh sa bhliain chéanna sin díreach tar éis an lá saoire poiblí nó, más lá saoire poiblí de bhua mhír (b) d'fho-alt (1) den alt seo an lá saoire poiblí, an 6ú lá d'Eanáir díreach ina dhiaidh sin trí fhógra a thabhairt don oibrí, ceithre lá dhéag ar a laghad roimh an lá saoire poiblí, go bhfuil ar intinn aige an lá sin a chur in ionad an lá saoire poiblí sin,

agus aon uair a thabharfar fógra den sórt sin, is lá saoire poiblí chun críocha an Achta seo maidir leis an oibrí an lá saoire Eaglaise a chuirfear in ionad an lae a gcuirfear é ina ionad amhlaidh.

(4) Chun críocha fho-alt (3) den alt seo is lá saoire Eaglaise gach lá acu seo a leanas:

(i) an 6ú lá d'Eanáir, ach amháin nuair a thiteann sé ar an Domhnach,

(ii) Déardaoin Deascabhála,

(iii) Déardaoin Chorp Chríost,

(iv) an 15ú lá de Lúnasa, ach amháin nuair a thiteann sé ar an Domhnach,

(v) an 1ú lá de Shamhain, ach amháin nuair a thiteann sé ar an Domhnach,

(vi) an 8ú lá de Nollaig, ach amháin nuair a thiteann sé ar an Domhnach.

(5) Féadfaidh an tAire Talmhaíochta agus Iascaigh le rialacháin, maidir le haon lá a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo, aon lá eile a chur ina ionad agus, aon uair a bheidh aon rialacháin den sórt sin i bhfeidhm, is lá saoire a bheidh sa lá eile sin chun críocha an Achta seo in ionad an lae a gcuirfear é ina ionad.

(6) (a) Féadfaidh an tAire Talmhaíochta agus Iascaigh le rialacháin, maidir le haon lá a luaitear i bhfo-alt (4) den alt seo, aon lá eile a chur ina ionad agus, aon uair a bheidh aon rialacháin den sórt sin i bhfeidhm, is lá saoire Eaglaise a bheidh sa lá eile sin chun críocha fho-alt (3) den alt seo in ionad an lae a gcuirfear é ina ionad.

(b) Féadfaidh an tAire Talmhaíochta agus Iascaigh, le rialacháin, lá a cheapadh chun bheith ina lá saoire Eaglaise breise chun críocha fho-alt (3) den alt seo agus, aon uair a bheidh aon rialacháin den sórt sin i bhfeidhm, is lá saoire Eaglaise breise chun críocha an fho-ailt sin a bheidh sa lá a cheapfar.

(7) San Acht seo forléireofar “lá saoire poiblí” de réir na bhforálacha sin roimhe seo den alt seo.

Cearta oibrithe talmhaíochta maidir le laethanta saoire poiblí.

1952, Uimh. 11 .

5. —(1) I gcás—

(a) oibrí talmhaíochta a bheith ar fostú ag fostóir talmhaíochta lá saoire poiblí,

(b) an t-oibrí a bheith tar éis oibriú don fhostóir sin ar feadh na tréimhse cáilithí oibre a mhínítear i bhfo-alt (8) den alt seo aon tráth i rith na tréimhse cúig sheachtain díreach roimh an lá saoire poiblí, agus

(c)   (i) lá saoire iomlán a bheith lamháilte ag an bhfostoir don oibrí an lá saoire poiblí, nó

(ii) gur lá neamhoibre nó gearrlá an lá saoire poiblí agus nach n-oibríonn an t-oibrí don fhostóir an lá saoire poiblí,

íocfaidh an fostóir leis an oibrí suim is comhionann le pá lae iomláin in aghaidh an lá saoire poiblí.

(2) I gcás—

(a) oibrí talmhaíochta a bheith ar fostú ag fostóir talmhaíochta lá saoire poiblí,

(b) an t-oibrí a bheith tar éis oibriú don fhostóir ar feadh na tréimhse cáilithí oibre a mhínítear i bhfo-alt (8) den alt seo aon tráth i rith na tréimhse cúig sheachtain díreach roimh an lá saoire poiblí, agus

(c) an t-oibrí a bheith tar éis oibriú lá saoire poiblí don fhostóir,

déanfaidh an fostóir—

(i) lá saoire cúitimh a lamháil don oibrí in ionad an lá saoire poiblí, nó

(ii) suim is comhionann le dhá oiread pá lae iomláin a íoc leis an oibrí in aghaidh an lá saoire poiblí.

(3) Chun críocha fho-alt (2) den alt seo measfar lá saoire cúitimh in ionad lá saoire poiblí a bheith lamháilte ag an bhfostóir don oibrí más rud é, agus amháin más rud é, go lamhálfaidh sé lá saoire iomlán don oibrí in ionad lá saoire poiblí lá oibre laistigh de mhí i ndiaidh an lá saoire poiblí nó roimh dheireadh na bliana ar lá di an lá saoire poiblí (cibé acu is déanaí) agus go n-íocfaidh sé suim is comhionann le pá lae iomláin leis an oibrí in aghaidh an lae sin.

(4) I gcás—

(a) oibrí talmhaíochta a bheith ar fostú ag fostóir talmhaíochta lá saoire poiblí,

(b) an t-oibrí a bheith tar éis oibriú don fhostóir ar feadh na tréimhse cáilithí oibre a mhínítear i bhfo-alt (8) den alt seo aon tráth i rith na tréimhse cúig sheachtain díreach roimh an lá saoire poiblí,

(c) an t-oibrí a bheith tar éis oibriú lá saoire poiblí don fhostóir,

(d) gan suim is comhionann le dhá oiread pá lae iomláin a bheith faighte ag an oibrí in aghaidh an lá saoire, agus

(e) go bhfoirceannfar fostaíocht an oibrí sula mbeidh saoire chúitimh lamháilte dó in ionad an lá saoire poiblí,

íocfaidh an fostóir leis an oibrí ar an bhfoirceannadh sin suim is comhionann le pá lae iomláin i dteannta aon phá a bheidh dlite dó an tráth sin.

(5) I gcás—

(a) ina ndéanfaidh fostóir talmhaíochta saoire chúitimh a lamháil in ionad lá saoire poiblí d'oibrí talmhaíochta a bheidh ar fostú aige, agus

(b) go scoirfidh an t-oibrí de bheith ar fostú ag an bhfostóir roimh an lá saoire poiblí,

ní cead don fhostóir aon suim i leith na saoire cúitimh a bhaint as an bpá a bheidh dlite don oibrí.

(6) I gcás—

(a) oibrí talmhaíochta a bheidh ar fostú ag fostóir talmhaíochta a bheith tar éis oibriú don fhostóir ar feadh na tréimhse cáilithí oibre a mhínítear i bhfo-alt (8) den alt seo aon tráth i rith na tréimhse cúig sheachtain díreach roimh lá saoire poiblí, agus

(b) go ndéanfaidh an fostóir seirbhísí an oibrí don fhostóir a fhoirceannadh roimh an lá saoire poiblí,

íocfaidh an fostóir, ar an bhfoirceannadh sin, leis an oibrí, i dteannta aon phá a bheidh dlite dó an tráth sin,—

(i) suim is comhionann le pá lae iomláin, nó

(ii) má ba Lá Nollag an lá saoire, suim is comhionann le pá lae iomláin in aghaidh an lae sin, agus a cóimhéid de shuim ina theannta sin in aghaidh Lá Fhéile Stiofáin.

(7) I gcás—

(a) oibrí talmhaíochta ar fostú ag fostóir talmhaíochta a bheith tar éis oibriú don fhostóir ar feadh na tréimhse cáilithe oibre a mhínítear i bhfo-alt (8) den alt seo aon tráth i rith na tréimhse cúig sheachtain díreach roimh an lá saoire ceaptha,

(b) lá (dá ngairtear an lá ionaid san fho-alt seo) a chur, faoi alt 4 den Acht seo, in ionad an lá saoire ceaptha,

(c) an lá ionaid do theacht i ndiaidh an lá saoire ceaptha, agus

(d) an fostóir d'fhoirceannadh seirbhísí an oibrí don fhostóir roimh an lá ionaid,

íocfaidh an fostóir, ar an bhfoirceannadh sin, suim is comhionann le pá lae iomláin leis an oibrí i dteannta aon phá a bheidh dlite dó a tráth sin.

San fho-alt seo ciallaíonn “lá saoire ceaptha” lá is lá saoire poiblí de bhua fho-alt (1) nó fho-alt (2) d'alt 4 den Acht seo.

(8) Is céad fiche is cúig uaire a chloig an tréimhse cháilitheach oibre chun críocha fho-ailt (1), (2), (4), (6) agus (7) den alt seo.

Cuirfear san áireamh laethanta saoire a lamháladh faoi Acht 1950 nuair a bheifear ag ríomh na tréimhse cáilithí oibre a mhínítear sa fho-alt seo agus measfar gur oibrigh oibrí talmhaíochta gach lá de sórt sin a lamháladh dó an ghnáth-uimhir uaire a chloig a d'oibreod sé an lá sin faoina chonradh seirbhíse.

(9) Féadfaidh an tAire Talmhaíochta agus Iascaigh, le rialacháin an tréimhse cháilitheach oibre a mhínítear i bhfo-alt (8) den alt seo a athrú trí cibé uimhir eile uaire a chloig is cuí leis a chur ina hionad agus aon tráth a bheidh aon rialacháin den sórt sin i bhfeidhm, beidh éifeacht ag forálacha fho-alt (8) den alt seo ionann is dá mbeadh a tréimhse cháilitheach a mhínítear san fho-alt sin athraithe mar a bheidh luaite sna rialacháin.

(10) I gcás—

(a) fostóir talmhaíochta do thabhairt íocaíochta d'oibrí talmhaíochta faoin alt seo in aghaidh lá saoire poiblí, agus

(b) ina bhfoirceannfar seirbhísí an oibrí roimh an lá saoire poiblí,

ní mheasfar, chun críocha forálacha an Achta Leasa Shóisialaig 1952, a bhaineann le sochar dífhostaíochta, an t-oibrí a bheith a fostú ag an bhfostóir an lá saoire poiblí sin.

(11) San alt seo ciallaíonn “pá lae iomláin” suim is comhionan leis séú cuid de ghnáth-phá seachtainiúil an oibrí.

Cionta.

6. —(1) Má mhainníonn aon fhostóir talmhaíochta déanamh de réir aon cheann d'fhorálacha an ailt seo a bhaineann le—

(a) cearta oibrí talmhaíochta i bhfostaíocht faoi a oibríonn don fhostóir sin lá saoire poiblí, nó

(b) aon suim is iníoctha de réir na bhforálacha sin le hoibrí talmhaíochta i bhfostaíocht faoi a íoc leis an oibrí dteannta aon phá a bheidh dlite dó,

beidh an fostóir ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomai dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air.

(2) I gcás ina mbunófar imeachtaí i gcoinne fostóra faoin alt seo—

(a) má chiontaítear, féadfaidh an Chúirt a ordú don fhostóir suim a íoc leis an oibrí ar cóimhéid leis an méid nár íocadh maidir leis an lá saoire poiblí arb ina leith a rinneadh an cúiseamh maidir leis an gcion nó, i gcás inarb iomchuí ar cóimhéid leis an tsuim a baineadh go míchuí as pá agus

(b) cibé acu a chiontófar nó nach gciontófar, féadfaidh an Chúirt, más deimhin léi gur mhainnigh an fostóir, maidir leis an oibrí agus maidir le lá saoire poiblí laistigh den cheithre mhí is fiche díreach roimh an dáta ar a tionscnaíodh na himeachtaí, déanamh de réir aon cheann d'fhorálacha alt 5 den Acht seo—

(i) a bhaineann le ceart oibrí talmhaíochta i bhfostaíoch faoi a oibríonn don fhostóir lá saoire poiblí, nó

(ii) a bhaineann le haon suim a íoc le hoibrí talmhaíocht i bhfostaíocht faoi is suim is iníoctha leis an oibrí de réir na bhforálacha sin i dteannta aon phá atá dlite dó,

a ordú don fhostóir suim a íoc leis an oibrí ar cóimhéid leis an méid nár íocadh maidir leis an lá saoire poiblí sin nó, i gcás inarb iomchuí, ar cóimhéid leis an tsuim a baineadh go míchuí as pá.

Imeachtaí sibhialta.

7. —(1) I gcás mainneachtain maidir le comhlíonadh de shórt dá dtagraítear i bhfo-alt (1) d'alt 6 den Acht seo, ansin, cibé acu a tionscnaíodh nó nár tionscnaíodh imeachtaí faoin alt sin—

(a) féadfaidh an t-oibrí suim a ghnóthú ón bhfostóir ar cóimhéid leis an méid nár íocadh maidir leis an lá saoire poiblí nó, i gcás inarb iomchuí, ar cóimhéid leis an tsuim a baineadh go míchuí as pá, agus

(b) féadfaidh oifigeach don Bhord an gnóthú sin a dhéanamh freisin in imeachtaí a thionscnóidh sé in ainm agus thar ceann an oibrí.

(2) D'ainneoin aon ní in aon achtachán ní thosófar imeachtaí faoin alt seo chun aon suim a ghnóthú mura rud é—

(a) má bhíonn scortha ag an oibrí, ar dháta na n-imeachtaí a thosú, de bheith ar fostú ag an bhfostóir—

(i) go dtosófar ar na himeachtaí laistigh de cheithre mhí is fiche ó dháta an scoir sin, agus

(ii) gur laistigh den cheithre mhí is fiche díreach roimh dháta an scoir sin a tharla an mhainneachtain maidir le comhlíonadh, nó

(b) má bhíonn an t-oibrí ar fostú faoin bhfostóir ar dháta na n-imeachtaí a thosú—gur tharla an mhainneachtain maidir le comhlíonadh laistigh den cheithre mhí is fiche díreach roimh dháta na n-imeachtaí a thosú.

(3) Ní dhéanfar aon ní san alt seo ná san alt deiridh roimhe seo a fhorléiriú mar ní a thugann cumhacht aon suim a ghnóthú thar uair amháin.

Cumhachtaí oifigeach an Bhoird.

8. —Beidh éifeacht ag alt 20 d'Acht 1936 chun críocha an Achta seo mar atá éifeacht aige chun críocha an Achta sin.

Tuarascáil bhliantúil.

9. —Beidh sa tuarascáil bhliantúil atá de cheangal ar an mBord faoi alt 21 d'Acht 1936 a thabhairt don Aire Talmhaíochta agus Iascaigh tuarascáil ar a n-imeachtaí faoin Acht seo.

Eisiamh ó Acht 1950.

10. —Ní áireofar mar laethanta saoire chun críocha Acht 1950 laethanta saoire faoin Acht seo.

Leasú ar an Acht um Oibrithe Talmhaíochta (Leath-Laethanta Saoire Seachtainiúla), 1952 .

1952, Uimh. 26 .

11. —(1) Leasaítear leis seo alt 6 den Acht um Oibrithe Talmhaíochta (Leath-Laethanta Saoire Seachtainiúla), 1952 , tríd an mír seo a leanas a chur leis:

“Féadfaidh an tAire Talmhaíochta agus Iascaigh, le rialacháin, an méid uaire a chloig a luaitear sa mhír sin roimhe seo a athrú, go ginearálta nó maidir le tréimhsí sonraithe, trí cibé méideanna eile uaire a chloig is cuí leis a chur ina n-ionad, agus aon uair a bheidh aon rialacháin den sórt sin i bhfeidhm, beidh éifeacht ag forálacha na míre sin ionann is dá mbeadh an méid uaire a chloig a luaitear sa mhír sin athraithe mar a luaitear sna rialacháin”.

(2) Déanfar gach tagairt in ailt 6 agus 7 den Acht um Oibrithe Talmhaíochta (Leath-Laethanta Saoire Seachtainiúla), 1952 , do lá saoire a thabhairt d'oibrí talmhaíochta faoi Acht 1950 a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt do lá saoire a thabhairt dó faoin Acht seo.