An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II Laethanta Saoire Oibrithe Talmhaíochta)

17 1969

AN tACHT UM OIBRITHE TALMHAÍOCHTA (LAETHANTA SAOIRE AGUS PÁ), 1969

CUID III

Pá Talamhaíochta

Leasú ar alt 17 d'Acht 1936.

12. —Maidir le horduithe a dhéanfar faoi alt 17 d'Acht 1936 tar éis dáta an Achta seo a rith, déantar leis seo mír (b) agus mír (c) d'fho-alt (6), agus mír (b) agus mír (c) d'fho-alt (7), den alt sin a leasú trí “míosa” a chur in ionad “dhá mhí” sna míreanna sin agus mír (d) agus mír (e) d'fho-alt (6), agus mír (d) agus mír (e) d'fho-alt (7), den alt sin a leasú trí “na míosa” a chur in ionad “an dá mhí” sna míreanna sin.

Leasú ar alt 18 d'Acht 1936.

13. —Leasaítear leis seo alt 18 d'Acht 1936 tríd an mír seo a leanas a chur leis:

“Más deimhin leis an mBord, ar iarratas a fháil dóibh, go bhfuil scortha ag sealbhóir ceada faoin alt seo de bheith faoi bhrí díobhála, díthe, éagumais nó easláinte arb ina leith a deonaíodh an cead, cúlghairfidh an Bord an cead.”