An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT AIRGEADAIS, 1969) Ar Aghaidh (CUID II Forálacha a Leanann as, nó a Ghabhann le, Measúnachtaí faoi Sceidil A agus B den Acht Cánach Ioncaim, 1967, a Dhíbhe)

21 1969

AN tACHT AIRGEADAIS, 1969

CUID I

Cáin Ioncaim

Cáin ioncaim, agus forcháin don bhliain 1969-70.

1. —(1) Déanfar cáin ioncaim don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1969, a mhuirearú de réir seacht scilling sa phunt.

(2) Déanfar forcháin don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1969, a mhuirearú ar ioncam aon phearsan aonair ar mó ná dhá mhíle cúig chéad punt iomlán a ioncaim ó gach bunadh agus muirearófar amhlaidh í de réir na rátaí céanna ar dá réir a mhuirearaítear í don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1968.

Díolúine do thuilleamh áirithe de chuid scríbhneoirí, cumadóirí agus ealaíontóirí.

2. —(1) San alt seo ciallaíonn “saothar” saothar bunaidh cruthaíoch, cibé acu roimh dháta an Achta seo a rith nó dá éis sin a scríobhadh, a cumadh nó a rinneadh é, de réir mar a bheidh, agus is d'aicme acu seo a leanas—

(a) leabhar nó scríbhneoireacht eile;

(b) dráma;

(c) cumadóireacht cheoil;

(d) péintéireacht nó pictiúr eile a samhail;

(e) dealbhóireacht.

(2) (a) Baineann an t-alt seo le pearsa aonair—

(i) ar sa Stát a chónaíonn sé agus nach gcónaíonn in aon áit eile, agus

(ii)  (I) a gcinnfidh na Coimisinéirí Ioncaim, tar éis breithniú a dhéanamh ar aon fhianaise maidir leis an ábhar a chuirfidh an phearsa aonair faoina mbráid agus tar éis dul i gcomhairle (má théann), mar a mheasfaidh siad is gá, le cibé duine nó comhlacht daoine a mheasfaidh siad a d'fhéadfadh cabhrú leo, go bhfuil aige scríofa, cumtha nó déanta, de réir mar a bheidh, ina aonar nó i gcomhar le pearsa aonair eile saothar nó saothair dá dtugtar d'aitheantas coitianta go bhfuil fiúntas cultúir nó ealaíona ann nó iontu, nó

(II) a bhfuil aigescríofa, cumtha nó déanta, de réir mar a bheidh, ina aonar nó i gcomhar le pearsa aonair eile, saothar áirithe a gcinnfidh na Coimisinéirí Ioncaim, tar éis breithniú a dhéanamh ar an saothar agus ar aon fhianaise maidir leis an ábhar a chuirfidh an phearsa aonair faoina mbráid agus tar éis dul i gcomhairle (má théann), mar a mheasfaidh siad is gá, le cibé duine nó comhlacht daoine a mheasfaidh siad a d'fhéadfadh cabhrú leo, gur saothar é a bhfuil fiúntas cultúir nó ealaíona ann.

(b) Ní dhéanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim cinneadh faoin bhfo-alt seo maidir le pearsa aonair mura rud é—

(i) go n-éileoidh an phearsa aonair go cuí cinneadh ar na Coimisinéirí Ioncaim arb éileamh é, i gcás an cinneadh a iarraidh faoi mhír (a) (ii) (II), a dhéanfar taí éis an saothar a mbeifear á iarraidh ina leith a fhoilsiú, a tháirgeadh nó a dhíol, de réir mar a bheidh, agus

(ii) go ndéanfaidh an phearsa aonair de réir aon iarratais chuige faoi fho-alt (4).

(3) (a) Aon phearsa aonair lena mbaineann an t-alt seo agus a dhéanfaidh éileamh go cuí chun na gCoimisinéirí Ioncaim chuige sin beidh sé, faoi réir mhír (b), i dteideal go ndéanfar neamhshuim, chun críocha uile na nAchtanna Cánach Ioncaim, dá chuid brabús nó gnóchan ón saothar nó ó na saothair a mbeidh cinneadh déanta ag na Coimisi néirí Ioncaim ina leith faoi chlásal I nó II d'fho-alt (2) (a) (ii), nó ó shaothar dá chuid d'aon-earnáil leis an saothar sin, a fhoilsiú, a tháirgeadh nó a dhíol, de réir mar a bheidh, agus a bheadh, ar leith ón alt seo, le háireamh in aon mheasúnacht a dhéanfaí air faoi Chás II de Sceideal D.

(b) An díolúine a údaraítear leis an alt seo ní bheidh feidhm aici maidir le haon bhliain mheasúnachta roimh an mbliain mheasúnachta a dhéanfaidh an phearsa aonair éileamh faoi chlásal I nó II d'fho-alt (2) (a) (ii) a ndéanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim cinneadh ina leith den sórt dá dtagraítear sa chlásal sin I nó II, de réir mar a bheidh.

(c) Féadfar an faoiseamh a fhoráiltear leis an alt seo a thabhairt trí aisíoc nó ar shlí eile.

(4) (a) I gcás ina ndéanfaidh pearsa aonair éileamh lena mbaineann fo-alt (2) (a) (ii) (I), féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim fógra nó fógraí i scríbhinn a sheirbheáil air á iarraidh air cibé eolas, leabhair, doiciméid nó fianaise cile a mheasfaidh siad is gá chun cinneadh a dhéanamh faoin bhfo-alt sin (2) (a) (ii) (I) a thabhairt dóibh laistigh de cibé tréimhse a shonrófar san fhógra nó sna fógraí.

(b) I gcás na ndéanfaidh pearsa aonair éileamh lena mbaineann fo-alt 2 (a) (ii) (II)—

(i) i gcás leabhair nó scríbhneoireachta eile nó dráma nó cumadóireachta ceoil, tabharfaidh sé trí chóip do na Coimisinéirí Ioncaim má iarrann siad sin, agus

(ii) i gcás péintéireachta nó pictiúr eile a samhail nó dealbhóireachta, tabharfaidh sé, nó socróidh sé go dtabharfar, má iarrann na Coimisinéirí Ioncaim sin, cibé saoráidí a mheasfaidh na Coimisinéirí Ioncaim is gá chun cinneadh a dhéanamh faoin bhfo-alt sin (2) (a) (ii) (II) (lena n-áirítear aon cheadanna nó toiliú is gá a fháil ón duine ar leis nó a bhfuil ina sheilbh aige an phéintéireacht, an pictiúr nó an dealbhóireacht).

(5) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim fógra nó fógraí i scríbhinn a sheirbheáil ar phearsa aonair a dhéanfaidh éileamh faoi fho-alt (3) á cheangal air na leabhair, na cuntais agus na doiciméid sin uile a iarrfar agus a bheidh ina sheilbh nó ar a chumhacht a chur ar fáil laistigh de cibé am a shonrófar san fhógra, is leabhair, cuntais agus doiciméid a bhainfidh le foilsiú, táirgeadh nó díol, de réir mar a bheidh, an tsaothair a mbeidh díolúine á éileamh i leith na mbrabús nó na ngnóchan uaidh.

(6) Chun teacht ar mhéid na mbrabús nó na ngnóchan a ndéanfar neamhshuim de faoin alt seo chun críocha uile na nAchtanna Cánach Ioncaim, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim cibé leithroinnt is gá a dhéanamh ar fháltais agus caiteachais.

(7) D'ainneoin aon díolúine a fhoráiltear leis an alt seo, beidh feidhm ag forálacha na nAchtanna Cánach Ioncaim maidir le pearsa aonair do thabhairt tuairisceáin ar a ioncam iomlán ionann is nár údaraíodh an díolúine.

Duine fostaithe ag tabhairt aire do dhuine éagumasaithe.

1967, Uimh 6.

3. —(1) Faoi réir forálacha an ailt seo, aon phearsa aonair a dhéanfaidh, sa tslí a fhorordaítear leis na hAchtanna Cánach Ioncaim, éileamh chuige sin, tuairisceán san fhoirm fhorordaithe a thabhairt ar a ioncam iomlán agus a chruthú—

(a)  (i) go raibh sé, i gcaitheamh na bliana measúnachta, faoi éagumas iomlán le héiglíocht choirp nó mheabhrach, nó

(ii) go raibh a bhanchéile, agus eisean pósta, faoi éagumas iomlán le héiglíocht choirp nó mheabhrach i gcaitheamh na bliana measúnachta, agus

(b) go raibh duine ar fostú aige an bhliain mheasúnachta chun aire a thabhairt don duine (is é sin, an phearsa aonair nó a bhanchéile) a bhí faoi éagumas amhlaidh,

beidh sé, le linn méid a ioncaim inchánaithe a bheith á ríomh, i dteideal £100 a bhaint as a ioncam inmheasúnaithe.

(2) Ní lamhálfar thar asbhaint amháin faoin alt seo d'aon éilitheoir in aghaidh aon bhliana áirithe.

(3) (a) Bainfidh forálacha ailt 146 agus 149 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , le hasbhaint faoin alt seo mar a bhaineann siad le haon liúntas, asbhaint nó faoiseamh faoi ailt 134 go 145 den Acht sin.

(b) Beidh feidhm maidir le hasbhaint faoin alt seo ag forálacha Sceideal 4 a ghabhann leis an Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus mhír IX de Sceideal 18 a ghabhann leis an Acht sin, agus iad modhnaithe mar is gá.

(4) I gcás ina lamhálfar asbhaint in aghaidh aon bhliana measúnachta do phearsa aonair faoin alt seo i leith duine fhostaithe, ní bheidh an phearsa aonair i dteideal asbhaint i leith an duine sin faoi alt 141 nó 142 den Acht Cánach Ioncaim. 1967.

(5) Leasaítear leis seo alt 153 (1) (d) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí “agus alt 3 den Acht Airgeadais, 1969 ”, a chur isteach i ndiaidh “1967”.

(6) Leasaítear leis seo alt 193 den Acht Cánach Ioncaim, 1967

(a) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (2) i ndiaidh mhír (c):

“(cc) a mhéid gur ó fhaoiseamh dó faoi alt 3 den Acht Airgeadais, 1969 , sna comhréirí a iompraíonn siad costas fostaithe an duine arb ina leith a thabharfar an faoiseamh,”; agus

(b) trí “nó faoi alt 3 den Acht Cánach Ioncaim, 1969” a chur isteach ag deireadh fho-alt (6).

(7) Leasaítear leis seo alt 497 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí “nó faoi alt 3 den Acht Airgeadais, 1967 ,” a chur isteach i ndiaidh “143”.

(8) Leasaítear leis seo alt 523 den Acht Cánach Ioncaim, 1967

(a) trí “, 142 agus alt 3 den Acht Airgeadais, 1969 ” a chur in ionad “agus 142”; agus

(b) trí “agus trína ghlacadh go ndéanann aon mhéid a áireofar in asbhaint faoin mír sin (a) i leith faoisimh faoi alt 3 den Acht Airgeadais, 1969 , ioncam an fhearchéile nó an bhanchéile a laghdú de réir mar is eisean nó ise a iompraíonn costas fostaithe an duine ar ina leith a thabharfar an faoiseamh” a chur isteach ag deireadh fho-alt (3) (b) (i).

Asbhaintí i leith innealra nó gléasra deachúlaithe.

1952, Uimh. 1 .

4. —(1) San alt seo—

ciallaíonn an briathar “athchóiriú”, maidir le hinnealra nó gléasra, aon athchóiriú nó oiriúnú ar an innealra nó ar an ngléasra mar gheall ar chóras airgid reatha deachúil a thabhairt isteach sa Stát;

ciallaíonn “innealra nó gléasra deachúlaithe” innealra nó gléasra—

(a) a soláthraíodh, roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1971, lena úsáid in aon limistéar seachas limistéar neamhfhorbartha chun críocha trádála nó gairme agus a bhí, le linn é a sholáthar, gan úsáid a bheith déanta de agus gan bheith réchaite,

(b) is de chineál a soláthraíodh amhlaidh mar gheall ar chóras airgid reatha deachúil a thabhairt isteach sa Stát, agus

(c) nár soláthraíodh amhlaidh lena úsáid ag monarú innealra nó gléasra;

tá an bhrí chéanna le “limistéar neamhfhorbartha” atá leis san Acht um Limistéirí Neamhfhorbartha, 1952 .

(2) Faoi réir forálacha an ailt seo, i gcás asbhaint a bheith le lamháil d'aon bhliain mheasúnachta faoi alt 241 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , i leith caitheamh agus cuimilt aon innealra nó gléasra dheachúlaithe, déanfar, faoi réir fho-alt (6) den alt seo, an asbhaint a mhéadú cibé méid a shonróidh an duine dá mbeidh an asbhaint le lamháil agus é ag déanamh a éilimh ar an asbhaint; agus, maidir le cás ina raibh éifeacht ag an bhfo-alt seo, déanfar aon tagairt sna hAchtanna Cánach Ioncaim d'asbhaint arna lamháil faoin alt sin 241 a fhorléiriú mar thagairt don asbhaint sin arna mhéadú faoin bhfo-alt seo.

(3) Ní bhainfidh fo-alt (2) le hinnealra nó gléasra deachúlaithe arna ligean chun duine ar na téarmaí a luaitear in alt 241 (2) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , mura bhforálann an conradh ligin go dtiocfaidh nó go mb'fhéidir go dtiocfaidh an duine chun bheith ina úinéir ar an innealra nó ar an ngléasra ar an gconradh a chomhlíonadh; agus i gcás ina bhforálann an conradh amhlaidh, má scoireann an duine de bheith i dteideal (seachas ar é d'fháil bháis) sochair an chonradh a mhéid a bhaineann sé leis an innealra nó an gléasra, ach gan é teacht chun bheith ina úinéir ar an innealra nó an gléasra, measfar nach raibh feidhm ag fo-alt (2) maidir leis an innealra nó an gléasra, agus, dá réir sin, déanfar cibé measúnachtaí breise agus coigeartuithe breise ar mheasúnachtaí is iomchuí.

(4) I gcás ina ndéanfar an asbhaint faoi alt 241 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , i leith caitheamh agus cuimilt aon innealra nó gléasra a mhéadú faoin alt seo in aghaidh aon bhliana measúnachta, ní thabharfar aon liúntas faoi Chaibidil I de Chuid XV den Acht sin maidir leis an innealra nó an gléasra in aghaidh na bliana measúnachta sin nó aon bhliana measúnachta dá éis sin.

(5) Más rud é, i gcás duine a mbeidh gairm nó trádáil á seoladh aige, go dtabhóidh sé, roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1971, caiteachas ag athchóiriú innealra nó gléasra a bheidh á úsáid chun críocha na trádála nó na gairme agus nach mbeidh á úsáid chun innealra nó gléasra a mhonarú, ní bheidh méid an chaiteachais sin (muran inlamháilte amhlaidh é ar shlí eile) inlamháilte mar asbhaint le linn ríomh a bheith á dhéanamh chun críocha cánach ioncaim ar bhrabúis nó gnóchain nó caillteanais na trádála nó na gairme, agus, i gcás ina lamhálfar amhlaidh é, ní mheasfar gur caiteachas caipitil é chun aon cheann de chríocha na nAchtanna Cánach Ioncaim.

Ioncam ciste árachais saoil choigríche.

5. —(1) Leasaítear leis seo alt 76 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (6):

“(7) I gcás—

(a) aon urrúis a d'eisigh an tAire Airgeadais agus coinníoll sna téarmaí a shonraítear in alt 464 ag gabháil leo, nó

(b) aon stoic nó urrúis eile lena mbaineann alt 474 agus a eisíodh agus ceachtar den dá choinníoll nó an dá choinníoll a shonraítear i bhfo-alt (2) den alt sin ag gabháil leo,

a bheith de thuras na huaire ina gcuid d'infheistíochtaí chiste árachais saoil choigríche de chuid cuideachta árachais, ní bheidh an t-ioncam ó aon stoic nó urrúis acu sin, má chuirtear é chun críocha an chiste sin nó má athinfheistítear é ionas gur cuid den chiste sin é inchánaithe.

(8) I gcás inar deimhin leis na Coimisinéirí Ioncaim go ndear nadh aon ioncam ó infheistíochtaí chiste árachais saoil choigríche de chuid chuideachta árachais a chur chun an Stáit agus a infheistiú, mar chuid d'infheistíochtaí an chiste sin, in aon stoic no urrúis a eisíodh mar a dúradh, ní bheidh cáin inmhuirir ar an ioncam sin agus déanfar, más gá sin, aon cháin a íocadh air a aisíoc leis an gcuideachta.”.

(2) I gcás ina seolann cuideachta árachais ar sa Stát atá a ceannoifig aici gnó i dTuaisceart Éireann nó sa Bhreatain Mhór agus go bhfuil, faoi fhorálacha an dlí ansin ar comhréir le halt 237 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , díolúine ó cháin ioncaim inlamháilte i leith ioncaim ó infheistíochtaí agus taiscí is inchurtha i leith gnó blianachtaí pinsin, beidh feidhm ag alt 76 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , maidir leis an ioncam ionann is nach mbeadh éifeacht ag míreanna 1 (1) agus 2 de Chuid III den Séú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

(3) Beidh éifeacht ag mír 1 (2) de Chuid III den Sceideal sin faoi réir fho-alt (2) den alt seo.

(4) Beidh feidhm ag alt 214 (5) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , ionann is dá bhfolódh an tagairt ann d'ioncam tagairt d'ioncam ar tugadh faoiseamh ó cháin ina leith faoin alt seo.

(5) Leasaítear leis seo alt 237 (3) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí “fho-alt (3), (7) nó (8) d'alt 76” a chur in ionad “alt 76 (3)”.

Measúnachtaí a dhéanamh do bhlianta roimh 1963-64.

1929, Uimh. 32 .

1944, Uimh. 18 .

1963, Uimh. 23 .

6. —(1) I gcás ina mbeidh, tar éis an tAcht seo a rith, measúnacht don bhliain 1962-63 nó d'aon bhliain mheasúnachta roimhe sin le déanamh—

(a) faoi Sceideal A nó Sceideal B de réir alt 3 (1) den Acht Airgid, 1929 , nó

(b) faoi Sceideal D nó Sceideal E de réir alt 9 (1) den Acht Airgeadais, 1944 ;

féadfar aon mheasúnacht den sórt sin a dhéanamh ionann is dá mbeadh ag aisghairm mhír (b) den alt sin 3 (1) agus an ailt sin 9 (1) le halt 104 (2) den Acht Airgeadais, 1963 , agus leis an Séú Sceideal a ghabhann leis an Acht sin an éifeacht maidir le measúnachtaí a dhéanamh don bhliain 1962-63 nó d'aon bhliain mheasúnachta roimhe sin mar atá éifeacht aige maidir le measúnachtaí a dhéanamh don bhliain 1963-64 nó d'aon bhliain mheasúnachta ina dhiaidh sin.

(2) I gcás ina mbeidh, tar éis an tAcht seo a rith, dhá mheasúnacht nó níos mó le déanamh don bhliain 1962-63 nó d'aon bhliain mheasúnachta roimhe sin ar dhuine faoi Sceideal A, B, D nó E, nó faoi aon dá Sceideal nó níos mó acu sin, beidh feidhm ag forálacha alt 183 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , maidir leis na measúnachtaí sin mar atá feidhm acu maidir le measúnachtaí don bhliain 1963-64 nó d'aon bhliain mheasúnachta ina dhiaidh sin.

Leasú ar alt 12 den Acht Airgeadais, 1967 .

1967, Uimh. 17 .

7. —Leasaítear leis seo alt 12 (2) den Acht Airgeadais, 1967

(a) trí “£500” a chur in ionad “£300” i mír (b) (i).

(b) trí “£500-£450” a chur in ionad “£300-£250” i mír (b) (ii), agus

(c) tríd an mír nua seo a leanas a chur leis—

“(c) I gcás ina ndéanfaidh pearsa aonair a mbeidh éileamh déanta aige chuige sin agus a mbeidh tuairisceán san fhoirm fhorordaithe tugtha aige ar a ioncam a chruthú gur íoc sé sa bhliain mheasúnachta costais sláinte a tabhaíodh chun aireachas sláinte a sholáthar do dhaoine cáilithe agus is mó ná £100 sa chomhiomlán, ach aon chostais den sórt sin de bhreis ar £500 d'aon duine cáilithe áirithe a fhágáil as ríomh an chomhiomláin, beidh sé i dteideal, d'fhonn méid an ioncaim a muirearófar cáin iomcaim air ina leith a dhéanamh amach, go ndéanfar an méid a bheidh de bhreis ar £100 ag comhiomlán na gcostas sláinte sin arna ríomh amhlaidh a bhaint as a ioncam inmheasúnaithe agus is asbhaint í sin in ionad agus ní asbhaint í i dteannta asbhainte faoi mhír (a).”.

Leasú ar alt 125 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

8. —Leasaítear leis seo alt 125 (a) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , tríd an méid seo a leanas a chur leis—

“nach díolaíochtaí fostaí ó aon oifig nó fosaíocht faoi Bhanc na hÉireann a thosóidh sé a shealbhú ar an dáta, nó tar éis an dáta, a aistreofar gnó Bhanc Náisiúnta na hÉireann Teoranta agus an Bhainc Ibeirnigh Theoranta chun Banc na hÉireann”.

Leasú ar alt 138 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

9. —Leasaítear leis seo alt 138 den Acht Cánach Ioncaim, 1967

(a) trí “£424” a chur i bhfo-alt (1) in ionad “£394”, gach áit a bhfuil sé, “£249” a chur in ionad “£234” agus “£524” a chur in ionad “£494”; agus

(b) trí “£249” a chur i bhfo-alt (2) in ionad “£234” sa dá áit a bhfuil sé agus “£274” a chur in ionad “£259”.

Leasú ar alt 141 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

1952, Uimh. 25 .

10. —Leasaítear leis seo alt 141 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Má chruthaíonn an t-éilitheoir go maireann tráth ar bith in imeacht na bliana measúnachta aon leanbh leis—

(a) atá faoi bhun 16 bliana d'aois, nó

(b) más os cionn 16 bliana d'aois dó i dtosach na bliana sin—

(i) atá ag fáil teagaisc lánaimsire in aon ollscoil, coláiste, scoil nó foras oideachais eile, nó

(ii) atá faoi bhuan-éagumas mar gheall ar éiglíocht mheabhrach nó choirp chun é féin a chothabháil agus gur tháinig an buan-éagumas sin air sula raibh 21 bliain d'aois slán aige nó gur tar éis dó 21 bliain d'aois a shlánú ach le linn dó a bheith ag fáil teagaisc lánaimsire mar a dúradh a tháinig an buan-éagumas sin air,

beidh, faoi réir forálacha an ailt seo, teideal aige i leith gach linbh den sórt sin chun na hasbhainte a shonraítear sa chéad fho-alt ina dhiaidh seo,

(1A) Is í an asbhaint dá dtagraítear i bhfo-alt (1):

(a) i gcás leanbh lena mbaineann mír (a) den fho-alt sin agus a gcruthóidh an t-éilitheoir faoi go raibh sé os cionn 11 bhliain d'aois i dtosach na bliana measúnachta, £150, agus i gcás aon linbh eile den sórt sin, £135:

Ar choinníoll go ndéanfar na hasbhaintí go léir, ach amháin ceann acu, a thabharfar faoi fho-ailt (1) agus (2) i leith leanaí a mbeadh an t-éilitheoir, nó a mbeadh sé, ar iarratas a dhéanamh go cuí, i dteideal liúntas leanaí dóibh in imeacht na bliana measúnachta a laghdú £10 an ceann don bhliain 1969-70 agus £15 an ceann d'aon bhliain ina dhiaidh sin,

(b) i gcás leanbh lena mbaineann fo-alt (1) (b) (i), £150,

(c) i gcás leanbh lena mbaineann fo-alt (1) (b) (ii) agus a gcothabhálann an t-éilitheoir é go hiomlán nó go páirteach ar a chostas féin, £150 mura lú ná £150 a chaith an t-éilitheoir an bhliain mheasúnacht ag cothabháil an linbh, agus, i gcás inar lú ná £150 an méid a chaith an t-éilitheoir le cothabháil an linbh amhlaidh, an méid sin:

Ar choinníoll—

(i) gur asbhaint in ionad, agus nach asbhaint i dteannta, aon asbhaint a mbeadh teideal ag an éilitheoir chuici i leith an linbh faoi alt 142 aon asbhaint faoi fho-alt (1) (b) (ii); agus

(ii) nach mbeidh an t-éilitheoir i dteideal níos mó ná asbhaint amháin faoi fho-alt (1) i leith an linbh chéanna.

(1B) Sna forálacha sin roimhe seo den alt seo—

folaíonn ‘leanbh’ leasleanbh agus leanbh neamhdhlisteanach ar phós a thuistí a chéile tar éis a bhreithe agus leanbh a bhfuil ordú uchtála faoin Acht Uchtála, 1952 , i bhfeidhm ina leith;

ciallaíonn ‘liúntas leanaí’ liúntas faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh (Liúntas Leanaí), 1944 go 1966.”.

Leasú ar alt 142 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

11. —Leasaítear leis seo alt 142 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí “£256” a chur in ionad “£200” sa dá áit a bhfuil sé agus trí “£196” a chur in ionad “£140”.

Leasú ar alt 157 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

12. —Cuirtear leis seo an mhír seo a leanas in ionad mhír (c) d'alt 157 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 :

“(c) an t-ús, na blianachtaí agus na díbhinní, agus na tuaras tail, agus na pinsin eile go léir is iníoctha ag an mBanc le daoine a thosóidh ar oifig nó fostaíocht a shealbhú faoin mBanc ar an dáta, nó tar éis an dáta, a aistreofar gnó Bhanc Náisiúnta na hÉireann Teoranta agus an Bhainc Ibeirnigh Theoranta chun an Bhainc; agus”.

Leasú ar alt 193 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

13. —Leasaítear leis seo alt 193 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) Chun críocha mhíreanna (c) agus (f) d'fho-alt (2), déanfar an sochar ó chomhiomlán na n-asbhaintí is inlamháilte fao fho-ailt (1) agus (2) d'alt 141 lena mbaineann an coinníoll a ghabhann le halt 141 (1A) (a) a leithroinnt ionann is dá mbeadh gach asbhaint den sórt sin cóimhéid leis an gcomhiomlán sin arna roinnt ar an uimhir asbhaintí den sórt sin.”.

Leasú ar alt 246 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

1969, Uimh. 11 .

14. —Leasaítear leis seo alt 246 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) (a) Ní thabharfar liúntas infheistíochta loingis faoi fho alt (1) i leith aon chaiteachas caipitiúil (cibé acu roimh dháta an Achta Airgeadais, 1969 , nó dá éis sin a tabhaíodh é) a chuirfear i gcuntas chun críocha aon deontais faoi chomhair an chaiteachais sin ón Aire Iompair agus Cumhachta faoin Acht um Dheontais Infheistíochta Loingis, 1969 .

(b) I gcás ina mbeidh liúntas infheistíochta loingis tugtha faoi fho-alt (1) i leith caiteachas caipitiúil a chuirfear i gcuntas chun críocha deontas den sórt a luaitear i mír (a), tarraingeofar siar an liúntas infheistíochta loingis agus déanfar cibé measúnachtaí breise agus cibé coigeartuithe ar mheasúnachtaí is gá de dhroim deontas infheistíochta loingis a tharraingt siar nó liúntas tosaigh faoi Chaibidil I de Chuid XV a chur ina ionad.”.

Leasú ar alt 374 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

15. —Leasaítear leis seo alt 374 (2) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí “go dtí an 5ú lá d'Aibreán, 1990” a chur in ionad “go ceann na tréimhse cúig bliana fichead ón 25ú lá de Shamhain, 1958”.

Leasú ar alt 402 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

16. —Leasaítear leis seo alt 402 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ,—

(a) trí “chúig bliana déag” a chur in ionad, ach amháin maidir le halt 405 den Acht sin, “dheich mbliana” gach áit a bhfuil na focail dheiridh sin, agus

(b) trí “1990-91” a chur in ionad “1980-81” i mír (a) den choinníoll.

Leasú ar alt 523 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

17. —Leasaítear leis seo alt 523 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur leis—

“(5) Chun críocha fhomhíreanna (i) agus (ii) d'fho-alt (3) (b), déanfar an faoiseamh ó fhorcháin de dhroim chomhiomlán na n-asbhaintí is inlamháilte faoi fho-alt (1) agus (2) d'alt 141 lena mbaineann an coinníoll a ghabhann le fo-alt 141 (1A) (a) a roinnt ionann is dá mbeadh gach asbhaint acu sin cóimhéid leis an gcomhiomlán arna roinnt ar an uimhir asbhaintí den sórt sin.”.