|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID VI Cáin Bhrabús Corparáide) | Ar Aghaidh (CUID VIII Cáin Mhórdhíola) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1969
[EN] | ||
[EN] |
CUID VII Cáin Láimhdeachais | |
[EN] |
Leasú ar alt 46 den Acht Airgeadais, 1963 . |
55. —(1) Leasaítear leis seo alt 46 den Acht Airgeadais, 1963 , tríd an míniú seo a leanas a chur isteach ann i ndiaidh an mhínithe ar “óstán”: |
[EN] | “folaíonn ‘airgead a fháil’— | |
[EN] | (a) airgead a taisceadh nó a creidiúnaíodh do chuntas duine in aon bhanc, banc taisce, cumann foirgníochta, gnólacht airgeadais fruilcheannaigh nó gnólacht airgeadais dá shamhail, agus | |
[EN] | (b) airgead, seachas airgead dá dtagraítear i mír (a) den mhíniú seo, a scoir, faoi chomhaontú, seachas comhaontú ina bhfuil foráil le haghaidh lascaine nó coigeartú praghais arna dhéanamh i ngnáth-chúrsa gnó, nó faoi chomhshocraíocht le creidiúnaithe, de bheith dlite do dhuine, | |
[EN] | agus aon airgead a taisceadh nó a creidiúnaíodh do chuntas duine mar a dúradh measfar go bhfuair an duine é ar an dáta a taisceadh nó a creidiúnaíodh amhlaidh é agus aon airgead a scoir de bheith dlite do dhuine mar a dúradh measfar go bhfuair an duine é ar dháta an scortha.”. | |
[EN] | (2) Beidh éifeacht, agus measfar éifeacht a bheith, ag an alt seo amhail ar an agus ón 8ú lá de Bhealtaine, 1969. | |
[EN] |
Leasú ar alt 64 den Acht Airgeadais, 1963 . |
56. —(1) Leasaítear leis seo alt 64 den Acht Airgeadais, 1963 — |
[EN] | (a) trí “ailt 48 agus 50 go 63” a chur in ionad “ailt 48 go 63” i bhfo-alt (1), agus | |
[EN] | (b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2): | |
[EN] | “(2) Ní dhéanfar cáin mar a luaitear anseo roimhe seo a mhuirearú ar— | |
[EN] | (a) airceadal a mbeadh a dhíol lena sheachadadh lastigh den Stát, amach ó aon díolúine maidir le díol na n-airceadal sin le daoine, nó ag daoine, d'aicme áirithe, ina ghníomhaíocht dhíolmhaithe chun críocha alt 48 (2) den Acht seo, | |
[EN] | (b) airceadal a luaitear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo arna allmhairiú mar stoc dá ghnó ag duine cláraithe is déileálaí sna hairceadail sin, | |
[EN] | (c) airceadal, nach airceadal a luaitear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, arna allmhairiú— | |
[EN] | (i) mar stoc dá ghnó, | |
[EN] | (ii) mar ábhair le haghaidh monaraíochta, | |
[EN] | (iii) mar throscán, feistis, riachtanais oifige, gléasra nó trealamh dá ghnó, | |
[EN] | ag duine cláraithe, | |
[EN] | (d) airceadal (seachas mótarfheithicil a bheidh ceaptha chun daoine a iompar de bhóthar nó ola hiodracarbóin le haghaidh feithiclí ród-iompair) arna allmhairiú ag comhlacht corpraithe a shuífidh chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim gurb é is príomhghníomhaíocht dó paisinéirí nó earraí a iompar lasmuigh den Stát agus gur lena úsáid ina ghnó a allmhairítear an t-airceadal, | |
[EN] | (e) airceadal arna allmhairiú ag Coimisinéirí Soilse na hÉireann lena úsáid chun longa solais nó tithe solais a chothabháil.” | |
[EN] | (2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh i gcás airceadal a allmhaireofar an chéad lá nó tar éis an chéad lae den mhí díreach i ndiaidh na míosa a rithfear an tAcht seo agus, i gcás na n-airceadal sin, déanfar an cháin dá bhforáiltear le halt 47 (1) (i) (b) den Acht Airgeadais, 1963 , a mhuirearú, a thobhach agus a íoc ionann agus dá mba nach ndearnadh aon ordú faoi alt 64 den Acht sin. |