24 1969


Uimhir 24 de 1969


ACHT NA mBANNAÍ TALÚN, 1969

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ ACHT NA mBANNAÍ TALÚN, 1934, DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN BANNAÍ TALÚN ATÁ ANN FAOI LÁTHAIR A ATHRÚ GO hAONAID NEAMHUIMHRITHE AON PHUINT AMHÁIN, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [30 Iúil, 1969.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Leasú ar alt 6 d'Acht na mBannaí Talún, 1934.

1964, Uimh. 13 .

1. —Déantar leis seo alt 6 d'Acht na mBannaí Talún, 1934, a chuireann teorainneacha le bunú agus eisiúint bannaí talún a leasú trí “daichead milliún punt” a chur i bhfo-alt (1) in ionad “fiche is cúig mhilliún punt” (a cuireadh isteach le halt 2 d'Acht na mBannaí Talún, 1964 ).

Bannaí talún a chlárú ina n-aonaid neamhuimhrithe £1.

2. —(1) D'ainneoin aon fhoráil dá mhalairt sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh nó in aon ordú faoi na hAchtanna sin a bhaineann le bannaí talún—

(a) aon bhannaí talún a bunaíodh, a eisíodh agus a cláraíodh roimh thosach feidhme an ailt seo measfar gur cláraíodh iad in ainmluachanna aon phuint amháin agus gan uimhreacha aitheantais, agus

(b) déanfar bannaí talún a bhunófar, a eiseofar agus a chlárófar tar éis tosach feidhme an ailt seo a chlárú in ainmluachanna aon phuint amháin agus gan uimhreacha aitheantais.

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh ar cibé dáta a cheapfaidh an tAire Airgeadais le hordú chuige sin.

Cláir de bhannaí talún a aistriú chun Banc na hÉireann.

3. —(1) D'ainneoin aon ní sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh nó in aon ordú faoi na hAchtanna sin aistreofar chun Banc na hÉireann na cláir de bhannaí talún a choimeádann Banc Chase agus na hÉireann (Idirnáisiúnta) Teoranta (Banc Náisiúnta na Cathrach Teoranta tráth).

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh ar cibé dáta a cheapfaidh a tAire Airgeadais le hordú chuige sin.

Gearrtheideal, forléiriú agus lua.

4. —(1) Féadfar Acht na mBannaí Talún, 1969 , a ghairm den Acht seo.

(2) Forléireofar an tAcht seo agus na hAchtanna Talamh-Cheannaigh mar aon ní amháin agus féadfar iad a lua i dteannta na nAchtanna sin.