An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT UM FHORBAIRT TIONSCAIL, 1969) Ar Aghaidh (CUID II Forálacha a Bhaineann Leis an bhForas Tionscal a Dhíscaoileadh)

32 1969

AN tACHT UM FHORBAIRT TIONSCAIL, 1969

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal.

1. —Féadfar an tAcht um Fhorbairt Tionscail, 1969 , a ghairm den Acht seo.

Mínithe.

1950, Uimh. 29 .

1952, Uimh. 1 .

1966, Uimh. 12 .

1941, Uimh. 23 .

2. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1950” an tAcht um an Údarás Forbartha Tionscail, 1950 ;

ciallaíonn “Acht 1952” an tAcht um Limistéirí Neamhfhorbartha, 1952 ;

ciallaíonn “Acht 1966” an tAcht um Dheontais Tionscail (Leasú), 1966 ;

ciallaíonn “an tUdarás” an tUdarás Forbartha Tionscail;

ciallaíonn “sócmhainní dochta” innealra, gléasra, trealamh, talamh, foirgnimh, seirbhísí agus oibreacha eile de chuid nó le haghaidh gnóthais tionscail;

folaíonn “gnóthas tionscail” gnóthas atá coimhdeach do thionscal;

folaíonn “talamh” measaístí, tionóntáin agus oidhreachtáin, tithe agus foirgnimh faoi aon tionacht;

tá le “údarás áitiúil” an bhrí chéanna atá leis in alt 2 den Acht Rialtais Áitiúil, 1941 ;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála.

Tosach feidhme.

3. —(a) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocrófar chuige sin le hordú nó orduithe ón Aire, i gcoitinne nó faoi threoir críche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh chun críocha éagsúla agus forálacha éagsúla den Acht seo.

(b) Aon ordú a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta.

Aisghairm.

4. —Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear i gcolún (1) den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a luaitear i gcolún (3) den Sceideal sin.

Caiteachais.

5. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Limistéir ainmnithe.

6. —(1) Is limistéar ainmnithe chun críocha an Achta seo gach limistéar acu seo a leanas—

(a) na limistéir chúnga mar a mhínítear in alt 3 d'Acht 1952,

(b) limistéar ar dearbhaíodh, roimh thosach feidhme an ailt seo, le hordú faoi alt 3 d'Acht 1952 gur limistéar é lenar bhain an tAcht sin,

(c) limistéar a ndearbhóidh an tAire ó am go ham le hordú, le toiliú an Aire Airgeadais, gur limistéar ainmnithe é.

(2) Féadfaidh ordú faoin alt seo a dhearbhú gur limistéar ainmnithe ar feadh cibé tréimhse a shonrófar san ordú aon limistéar áirithe.

(3) Aon ordú a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta.