|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (Caibidil IIII Seirbhísí Liachta Ginearálta) | Ar Aghaidh (Caibidil V Seirbhísí Eile) |
AN tACHT SLÁINTE, 1970
[EN] | ||
[EN] |
Caibidil IV Seirbhísí do Mháithreacha agus do Leanaí | |
[EN] |
Aireachas liachta agus asaoideachta do mháithreacha. |
62. —(1) Cuirfidh bord sláinte seirbhísí liachta, máinliachta agus asaoideachta ar fáil in aisce chun freastal, i leith máithreachta, ar shláinte ban is daoine ag a bhfuil láncháilíocht nó daoine ag a bhfuil cáilíocht theoranta. |
[EN] | (2) Féadfaidh bean atá i dteideal seirbhísí liachta a fháil faoin alt seo a roghnú iad a ghlacadh ó aon liachleachtóir cláraithe ag a bhfuil comhaontú déanta leis an mbord sláinte agus atá toilteanach glacadh léi mar othar. | |
[EN] | (3) Nuair a bhainfidh bean leas as seirbhísí faoin alt seo le haghaidh luí seoil in áit seachas ospidéal nó teaghlach máithreachais, soláthróidh an bord sláinte in aisce riachtanais oibsteitrice a mhéid a shonróidh rialacháin ón Aire. | |
[EN] |
Aireachas liachta do naíonáin. |
63. —(1) Cuirfidh bord sláinte seirbhísí liachta, máinliachta agus altranais ar fáil do leanaí suas go dtí sé seachtaine d'aois a bhfuil teideal ag a máithreacha leas a bhaint as seirbhísí faoi alt 62. |
[EN] | (2) Aon seirbhísí a chuirfear ar fáil faoin alt seo do leanbh déanfaidh aon lia-chleachtóir cláraithe a bheidh roghnaithe ag tuiste an linbh, a bhfuil comhaontú déanta aige leis an mbord sláinte chun na seirbhísí sin a sholáthar agus atá toilteannach glacadh leis an leanbh mar othar iad a sholáthar don leanbh. | |
[EN] |
Deontais mháithreachais. |
64. —(1) Íocfaidh bord sláinte deontas airgid i leith gach luí seoil le bean is duine ag a bhfuil lán-cháilíocht, a chomhlíonann na coinníollacha forordaithe agus nach mbeartaítear í a chothabháil i bhforas tar éis an luí seoil (seachas chun cóireála liachta nó máinliachta) ag an mbord sláinte nó ar chostas an bhoird sláinte. |
[EN] | (2) Is é méid a bheidh i ndeontas faoin alt seo— | |
[EN] | (a) i gcás breithe beo, £8 i leith gach leanbh a rugadh beo, | |
[EN] | (b) i gcás nach raibh aon bhreith beo, £8. | |
[EN] | (3) Nuair a bheidh an Breitheamh a chinneadh an ndéanfaidh nó nach ndéanfaidh sé ordú faoi Acht na Leanaí Tabhartha (Orduithe Athairíochta), 1930, a bhainfidh le leanbh neamhdhlisteanach go n-íocfar na costais a ghabh le breith an linbh ní chuirfidh sé san áireamh go bhfuil máthair an linbh i dteideal deontais faoin alt seo. | |
[EN] | (4) San alt seo ciallaíonn “luí seoil” íona tuismidh dá dtáinig leanbh beo a bhreith, nó íona tuismidh tar éis fiche agus ocht seachtain toircheasa dá dtáinig leanbh, beo nó marbh, a bhreith. | |
[EN] |
Bainne do mháithreacha agus do leanaí. |
65. —(1) Féadfaidh bord sláinte comhshocraíochtaí a dhéanamh chun bainne a sholáthar do mhná atá ag iompar clainne agus ag a bhfuil lán-cháilíocht agus do mháithreacha atá ag oiliúint agus ag a bhfuil lán-cháilíocht, agus do leanaí faoi bhun cúig bliana d'aois nach féidir lena dtuistí a ndóthain bainne a sholáthar dóibh as a n-acmhainn féin. |
[EN] | (2) San alt seo folaíonn “bainne” bianna atá déanta go hiomlán nó go formhór as bainne. | |
[EN] |
Seirbhís sláinte leanaí. |
66. —(1) Cuirfidh bord sláinte seirbhís scrúdaithe agus cóireála sláinte ar fáil in aisce i gclinicí, i slánlanna nó in áiteanna forordaithe eile do leanaí faoi bhun sé bliana d'aois. |
[EN] | (2) Cuirfidh bord sláinte seirbhís scrúdaithe agus cóireála sláinte ar fáil in aisce do dhaltaí atá ag freastal ar scoil náisiúnta nó ar scoil a bhfuil an t-alt seo curtha chun feidhme maidir léi le hordú faoi fho-alt (3). | |
[EN] | (3) Nuair a iarrfaidh comhlacht rialaithe scoile é nach scoil náisiúnta, féadfaidh bord sláinte dá rogha féin, le hordú, an t-alt seo a chur chun feidhme maidir leis an scoil. | |
[EN] | (4) Féadfar a cheangal an bhainisteoir scoile nuair a bheidh fógra tugtha ag bord sláinte dó, saoráidí réasúnacha a sholáthar le haghaidh scrúdaithe faoin alt seo. | |
[EN] | (5) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a údaraíonn do bhord sláinte aon seirbhís ghinearálta teaghaise nó aon seirbhísí den sórt a luaitear in alt 52, 56 nó 67 a sholáthar. |