An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV Seirbhísí Sláinte) Ar Aghaidh (Caibidil IIII Seirbhísí Liachta Ginearálta)

1 1970

AN tACHT SLÁINTE, 1970

Caibidil II

Seirbhísí Ospidéil d'Othair Chónaithe agus d'Othair Sheachtracha

Seirbhísí d'othair chónaithe.

51. —Sa Chuid seo ciallaíonn “seirbhísí d'othair chónaithe” seirbhísí forais a sholáthraítear do dhaoine le linn dóibh a bheith á gcothabháil in ospidéal, i dteaghlach eadarshláinte nó i dteaghlach do dhaoine ar a bhfuil míchumas coirp nó meabhrach nó i gcóiríocht atá coimhdeach leis an gcéanna.

Seirbhísí d'othair chónaithe a sholáthar.

52. —(1) Cuirfidh bord sláinte seirbhísí d'othair chónaithe ar fáil do dhaoine ag a bhfuil lán-cháilíocht agus do dhaoine ag a bhfuil cáilíocht theoranta.

(2) Cuirfidh bord sláinte seirbhísí d'othair chónaithe ar fáil do leanaí nach bhfuil ar áireamh na ndaoine dá dtagraítear i bhfo-alt (1) i leith galair agus míchumais bhuana nó fhada a fhorordófar le toiliú an Aire Airgeadais.

Táillí i leith seirbhísí d'othair chónaithe.

53. —(1) Acht amháin mar a fhoráilfear chuige faoi fho-alt (2) ní bhainfear amach táillí i leith seirbhísí d'othair a chuirfear ar fáil faoi alt 52.

(2) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, rialacháin a dhéanamh—

(a) ina mbeidh socrú chun táillí a ghearradh i leith seirbhísí d'othair chónaithe in imthosca sonraithe ar dhaoine nach daoine ag a bhfuil lán-cháilíocht nó ar aicmí sonraithe daoine den sórt sin, agus

(b) a shonróidh méideanna na dtáillí nó na dteorann le méideanna na dtáillí a ghearrfar amhlaidh.

Seirbhísí d'othair chónaithe ar a rogha ag an othar, etc.

54. —Aon duine atá i dteideal leas a bhaint as seirbhísí d'othair chónaithe faoi alt 52 nó tuiste linbh atá i dteideal a cheadú don leanbh leas a bhaint as na seirbhísí sin féadfaidh sé, más mian leis an duine sin é, in ionad glacadh le seirbhísí a bheidh curtha ar fáil ag an mbord sláinte, socrú a dhéanamh le haghaidh seirbhísí a samhail a sholáthar don duine nó don leanbh in aon ospidéal a bheidh ceadaithe ag an Aire chun críocha an ailt seo, agus i gcás ina ndéanfaidh duine nó tuiste socrú den sórt sin, íocfaidh an bord sláinte, de reir rialacháin a dhéanfaidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais, an íocaíocht fhorordaithe i leith na seirbhísí a sholáthrófar amhlaidh.

Seirbhísí d'othair chónaithe do dhaoine gan teideal faoi alt 52.

55. —Féadfaidh an bord sláinte seirbhísí d'othair chónaithe a chur ar fáil do dhaoine nach gcruthóidh teideal a bheith acu chun seirbhísí den sórt sin faoi alt 52 agus (i gcóiríocht phríobháideach nó leathphríobháideach) do dhaoine a chruthóidh an teideal sin a bheith acu ach nach mbaineann leas as na seirbhísí faoin alt sin agus déanfaidh an bord táillí a cheadóidh nó a fhorordóidh an tAire a baint amach i leith aon seirbhísí a sholáthrófar amhlaidh.

Seirbhísí d'othair sheachtracha.

56. —(1) Chun críocha an ailt seo ciallaíonn “seirbhísí d'othair sheachtracha” seirbhísí forais seachas seirbhísí d'othair chónaithe a sholáthraítear in ospidéal nó i dteaghlach nó a sholáthraíonn daoine a bhfuil baint acu le hospidéal nó le teaghlach agus seirbhísí forais a sholáthraítear i saotharlann, i gclinic, i slánlann nó in aitreabh den sórt sin, ach ní fholaíonn sé—

(a) aon drug, íoc nó ullmhóid eile a thabhairt, ach amháin i gcás a ndéanann an duine atá ag soláthar na seirbhíse é a thabhairt díreach le haghaidh cóireála síciatraí, nó

(b) seirbhísí déadliachta, súl-liacha nó cluasliachta.

(2) Cuirfidh bord sláinte seirbhísí d'othair sheachtracha ar fáil, gan táille, do dhaoine ag a bhfuil lán-cháilíocht agus do dhaoine ag a bhfuil cáilíocht theoranta.

(3) Cuirfidh bord sláinte seirbhísí d'othair sheachtracha ar fáil in aisce do leanaí nach bhfuil ar áireamh na ndaoine dá dtagraítear i bhfo-alt (2) i leith galair agus míchumais bhuana nó fhada a fhorordófar le toiliú an Aire Airgeadais.

(4) Cuirfidh bord sláinte seirbhísí d'othair sheachtracha ar fáil in aisce do leanaí nach bhfuil ar áireamh na ndaoine dá dtagraítear i bhfo-alt (2) i leith éalaingí nár tugadh faoi deara le linn scrúdaithe faoin tseirbhís a luaitear in alt 66.

(5) Féadfaidh bord sláinte seirbhísí d'othair sheachtracha a chur ar fáil do dhaoine nach bhfuil i dteideal na seirbhísí sin faoi fho-ailt (2) go (4) agus déanfaidh an bord táillí a cheadóidh nó a fhorordóidh an tAire a bhaint amach i leith aon seirbhísí a sholáthrófar amhlaidh.

Otharchóistí, etc. a sholáthar,

1947, Uimh. 28 .

57. —(1) Féadfaidh bord sláinte comhshocraíochtaí a dhéanamh chun otharchóistí nó meáin iompair eile a sholáthar chun othair a iompair ó áiteanna i limistéar feidhme an bhoird go dtí áiteanna sa limistéar sin nó lasmuigh de nó ó áiteanna lasmuigh den limistéar feidhme go dtí áiteanna sa limistéar sin.

(2) Le linn comhshocraíochtaí a dhéanamh faoin alt seo, gníomhóidh bord sláinte do réir orduithe an Aire.

(3) Nuair a úsáidfidh duine otharchóiste nó meán iompair eile a soláthraíodh faoin alt seo, féadfaidh príomh-oifigeach feidhmiúcháin an bhoird sláinte iomchuí, mar is rogha leis, ach faoi réir aon rialacháin iomchuí faoi alt 31 den Acht Sláinte, 1947 , a ordú—

(a) go mbainfear amach táille i leith na húsáide de réir rialacáin a dhéanfaidh an bord, nó

(b) nach mbainfear aon táille amach ina leith.