10 1970


Uimhir 10 de 1970


AN tACHT MARCANNA EARRAÍ CEANNAÍOCHTA, 1970

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE MARCÁIL EOLASACH CHOIMEÁDÁN INA bPACÁILTEAR EARRAÍ LENA MIONDÍOL, DO DHÉANAMH RIALÚ AR NA CAINNÍOCHTAÍ EARRAÍ A FHÉADFAR A PHACÁIL I gCOIMEÁDÁIN LENA nDÍOL AMHLAIDH, DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE AGUS DO LEASÚ NA nACHTANNA MARCANNA EARRAÍ CEANNAÍOCHTA, 1887 GO 1931. [28 Iúil, 1970.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “coimeádán” coimeádán ina bpacáiltear earraí aon tráth sula dtairgtear iad chun a ndíolta ar mionreic agus atá oiriúnach don díol sin, agus folaíonn sé mála, buidéal, bosca, canna, cartún, clúdach, eangach, líon, sac nó fillteán (cibé acu a chlúdaíonn nó nach gclúdaíonn an fillteán sin go hiomlán a lánas nó atá cuid dá lánas gan chlúdach) ina bpacáiltear earraí den sórt sin;

ciallaíonn “earraí” aon ní is ábhar trádála, monaraíochta nó marsantais;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála;

folaíonn an briathar “díol” a thairiscint, a thaispeáint nó a choimeád le díol nó a imdháil ar luaíocht agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin.

Orduithe maidir le lánas coimeádán a mharcáil.

2. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, a fhoráil, maidir le hearraí de chineál a shonrófar san ordú—

(a) nach bpacálfar i gcoimeádán iad mura mbeidh ar an gcoimeádán nó (má bhíonn coimeádán nó coimeádáin laistigh agus coimeádán seachtrach ann) ar choimeádáin amháin ar a laghad fógra is infheicthe go réidh gan aon choimeádán a bhaint as a áit ná a oscailt, a bheidh i cibé foirm a shonrófar san ordú agus a déarfaidh go soiléir an chainníocht earraí a bheidh sa choimeádán faoi threoir cibé ceann nó níos mó acu seo a leanas, is é sin le rá, a meáchan, a dtomhas agus a líon, a shonrófar san ordú, agus, más oiriúnach leis an Aire, ainm agus seoladh pacálaí na n-earraí,

(b) nach bpacálfar aon chainníocht díobh i gcoimeádán seachas cainníocht a shonrófar san ordú faoi threoir cibé ceann amháin níos mó acu seo a leanas, is é sin, meáchan, tomhas agus líon na n-earraí, a shonrófar san ordú,

(c) nach ndéanfar iad a allmhairiú ar mhodh trádála ná a dhíol ar mionreic, pacáilte i gcoimeádán mura mbeidh ar an gcoimeádán nó (má bhíonn coimeádán nó coimeádáin laistigh agus coimeádán seachtrach ann) ar choimeádán amháin ar a laghad fógra is infheicthe go réidh gan aon choimeádán a bhaint as a áit ná a oscailt, a bheidh i cibé foirm a shonrófar san ordú agus a déarfaidh go soiléir an chainníocht earraí a bheidh sa choimeádán, faoi threoir ceann amháin nó níos mó acu seo a leanas, is é sin le rá, a meáchan, a dtomhas, agus a líon, a shonrófar san ordú agus, más oiriúnach leis an Aire, ainm agus seoladh pacálaí na n-earraí nó, má allmhairíodh na hearraí pacáilte sa choimeádán, allmhaireora na n-earraí,

(d) nach ndéanfar iad a allmhairiú ar mhodh trádála ná a dhíol ar mionreic, pacáilte, an chainníocht sin díobh, i gcoimeádán seachas cainníocht a shonrófar san ordú faoi threoir ceann amháin nó níos mó acu seo a leanas, is é sin, meáchan, tomhas agus líon na n-earraí, a shonrófar san ordú.

(2) I gcás ina gceanglóidh ordú faoin alt seo an chainníocht earrai a bheidh pacáilte i gcoimeádán a bheith luaite i bhfógra ar an gcoimeádán nó nach bpacálfar aon chainníocht earraí i gcoimeádán seachas cainníocht a shonrófar san ordú, féadfaidh an t-ordú a fhoráil nach mbeidh ar aon gcainníocht earraí a bheidh le cur in iúl mar a dúradh nó ar an gcainníocht earraí a shonrófar mar a dúradh, de réir mar a bheidh, aon chainníocht leachta nó substainte eile a chuirfear leis na hearraí le linn iad a phacáil sa choimeádán agus féadfaidh sé an tslí a shonrú ina ndéanfar amach an gcomhlíonann an chainníocht de na hearraí atá sa choimeádán na forálacha atá san ordú de bhua an fho-ailt seo.

(3) Féadfaidh ordú faoin alt seo an tslí a shonrú ina ndéanfar amach an chainníocht earraí a bheidh pacáilte i gcoimeádán.

(4) I gcás ina gceanglóidh ordú faoin alt seo fógra a bheith ar choimeádán, féadfaidh an t-ordú an tslí a shonrú ina dtaispeáinfear an fógra ar an gcoimeádán.

(5) Féadfaidh cibé forálacha a bheith in ordú faoin alt seo is dóigh leis an Aire is inmhianaithe chun a áirithiú go mbeidh fógra a thaispeáinfear ar choiméadán de bhun an ordaithe infheicthe agus inléite go soiléir agus nach dtaispeáinfear é ar shlí go dtabharfaidh sé nó gur dóigh do dtabharfaidh sé eolas bréagach nó eolas míthreorach maidir lena bhfuil de chainníocht sa choimeádán.

(6) Aon ordú a dhéanfaidh socrú do na hábhair a shonraítear i mír (a) nó (b) d'fho-alt (1) den alt seo ní bheidh feidhm aige, a mhéid a dhéanann sé socru den sórt sin, maidir le hearraí a bheartaítear a onnmhairiú as an Stát.

(7) Ní bheidh feidhm ag ordú faoin alt seo maidir le haon earraí a ndéanfaidh an tAire, agus é deimhnitheach go raibh sé beartaithe, an tráth a bhíothas ag pacáil na n-earraí a gcomeádáin, na hearraí a onnmhairiú agus gur rud réasúnach a cheadú na hearraí a dhíol sa Stát gan forálacha an Achta seo a chomlíonadh, údarás i scríbhinn a thabhairt do cheadú an díola sin.

(8) Féadfaidh ordú faoin alt seo a fhoráil go ndéanfar, i gcás an chainníocht earraí d'aon chineál a bheidh pacáilte i gcoimeádán a bheith níos mó nó níos lú de mhéid nó ceatadán sonraithe ná—

(a) an chainníocht earraí den sórt sin a bheidh luaite i bhfógra den chineál a shonraítear i mír (a) nó (c) d'fho-alt (1) den alt seo ar an gcoimeádán, nó

(b) cainníocht a bheidh sonraithe le hordú chun críocha mhír (b) nó (d) d'fho-alt (1) den alt seo maidir le hearraí den chineál sin,

a mheas, maidir leis an gcainníocht a bheidh pacáilte amhlaidh, gurb ionann í agus an chainníocht a bheidh luaite nó sonraithe amhlaidh, de réir mar a bheidh, agus féadfar méideanna nó céatadáin éagsúla a shonrú maidir le hearraí de chineálacha éagsúla, cainníochtaí éagsúla earraí agus cineálacha éagsúla coimeádán.

(9) Féadfaidh ordú faoin alt seo a fhoráil nach mbeidh feidhm ag an ordú in imthosca nó faoi réir coinníollacha a shonrófar san ordú.

(10) Dhá mhí ar laghad roimh an dáta a dhéanfar ordú faoin alt seo foilseofar san Iris Oifigiúil agus i nuachtán laethúil amháin ar a laghad fógra go bhfuil an tAire chun an t-ordú a dhéanamh agus ráiteas gearr ar éifeacht an ordaithe.

(11) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú faoin alt seo (lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo) a leasú nó a chúlghairm.

(12) Ní dhéanfar aon ordú faoin alt seo gan an tAire dul i gcomhairle roimh ré le cibé daoine a bhfeicfear dó leas substainteach a bheith acu in ábhar ginearálta an ordaithe, mura dóigh leis an Aire, i gcás ordú faoi fho-alt (11) den alt seo, gur gá an t-ordú a dhéanamh gan dul i gcomhairle amhlaidh.

Baránta intuigthe maidir le pacáil earraí.

3. —(1) I gconradh i gcomhair díolacháin earraí de chineál lena mbaineann ordú faoi alt 2 den Acht seo, tá baránta intuigthe nach sárú ar fhorálacha an Achta seo nó ordaithe faoin Acht seo pacáil na n-earraí agus nach de shórt é go dtiocfaidh de, maidir le díol nó allmhairiú na n-earraí, na forálacha sin a shárú.

(2) Aon chonradh i gcomhair díolacháin a bhfuil, díreach nó neamhdhíreach, d'éifeacht aige sochar baránta den chineál a shonraítear i bhfo-alt (1) den alt seo a bhaint de dhuine beidh sé, a mhéid a bheidh an éifeacht réamhráite aige, ar neamhní.

Cumhachtaí oifigeach údaraithe.

4. —(1) San alt seo ciallaíonn “oifigeach údaraithe” duine atá údaraithe i scríbhinn ag an Aire nó ag comhairle contae nó ag bardas contae-bhuirge nó buirge eile i ndáil lena limistéar feidhmiúcháin chun na cumhachtaí a thugtar leis an alt seo a fheidhmiú chun críocha na nAchtanna Marcanna Earraí Ceannaíochta, 1887 go 1931, agus an Achta seo.

(2) Cuirfidh údarás oifigigh údaraithe in iúl na hábhar a bhféadfaidh sé gníomhú ina leith faoin alt seo.

(3) Féadfaidh oifigeach údaraithe, d'fhonn aon eolas a fháil a bheidh ag teastáil chun a chumasú don Aire nó do chomhairle contae nó do bhardas contae-bhuirge nó buirge eile, de réir mar a bheidh, chun a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a fheidhmiú faoi na hAchtanna Marcanna Earraí Ceannaíochta, 1887 go 1931, nó faoin Acht seo, ar údarás an oifigigh a thabhairt ar aird, má iarrtar sin—

(a) dul isteach gach tráth réasúnach in áitreabh ina ndéantar aon ghníomhaíocht i ndáil le pacáil earraí i gcoimeádáin nó i ndáil le monarú, próisiú, soláthar, imdháil nó allmhairiú earraí agus an t-áitreabh agus aon choimeádáin nó earraí a bheidh pacáilte i gcoimeádáin san áitreabh a iniúchadh agus, tar éis íoc as nó astu nó ar a thairiscint íoc as nó astu, coimeádán amháin nó níos mó (agus earraí pacáilte nó gan bheith pacáilte ann nó iontu) a thógáil leis agus, más oiriúnach leis, an céanna a iniúchadh, a thástáil agus a thomhas san áitreabh,

(b) a cheangal ar an duine a dhéanann gníomhaíocht den sórt sin agus ar aon duine a bheidh ar fostú i ndáil leis an ngníomhaíocht sin aon leabhair, doiciméid nó taifid a bhainfidh leis an ngníomhaíocht sin agus a bheidh faoi chumhacht nó rialú an duine sin a thabhairt ar aird don oifigeach agus cibé eolas a thabhairt dó a iarrfaidh sé le réasún i dtaobh aon sonraí sna leabhair, sna doiciméid agus sna taifid sin,

(c) na leabhair, na doiciméid agus na taifid sin a iniúchadh, cóipeanna a dhéanamh díobh nó sleachta a thógáil astu,

(d) a cheangal ar dhuine den sórt sin aon eolas a thabhairt don oifigeach a iarrfaidh sé i dtaobh na ndaoine a dhéanann gníomhaíocht den sórt sin (lena n-áirítear go sonrach, i gcás comhlachta neamhchorpraithe daoine, eolas i dtaobh a chomhaltais agus comhaltas a choiste bhainistí nó a údaráis rialaithe eile) nó atá ar fostú in ndáil leis sin,

(e) a cheangal ar dhuine den sórt sin aon eolas eile a thabhairt don oifigeach a iarrfaidh ar t-oifigeach le réasún maidir leis an ngníomhaíocht sin.

(4) Aon oifigeach údaraithe a thógfaidh coimeádán de bhun an ailt seo déanfaidh sé—

(a) a chur in iúl láithreach don duine arb ina áitreabh a thógfar an coimeádán nó dá ghníomhaire go bhfuil an coimeádán á thógáil de bun an ailt seo, agus

(b) má cheaglaíonn an duine sin nó an gníomhaire sin air é tráth an fógra a thabhairt, an dara coimeádán a shamhail nó coimeádán amháin a roghnú as na coimeádáin a thógfaidh sé agus an dara coimeádán nó an coimeádán a roghnófar amhlaidh, de réir mar a bheidh, a mharcáil agus a shéalú agus a fhágáil ag an duine sin nó ag an ngníomhaire sin.

(5) I gcás airteagal a bheith á thástáil nó á iniúchadh faoin alt seo agus go raibh airteagail eile a shamhail ar fáil an tráth agus san áit a bhfuarthas an t-airteagal, déanfar cibé líon de na hairteagail a bheidh réasúnach sna himthosca a thástáil nó a iniúchadh, de réir mar a bheidh.

(6) Aon duine a bhacfaidh nó a choiscfidh oifigeach údaraithe agus é ag feidhmiú cumhachta nó nach ndéanfaidh de réir cheanglais faoin alt seo measfar gur sháraigh sé an t-alt seo.

Cionta.

5. —(1) Aon duine a sháróidh, nó a measfar gur sháraigh sé, foráil den Acht seo nó d'ordú faoin Acht seo beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile nó, i gcás duine a sháróidh foráil d'ordú mar a dúradh, ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná dhá mhíle punt a chur air nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá mhí nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile.

(2) I gcás ina gcúiseofar duine i gcion faoin Acht seo maidir leis an gcainníocht earraí a bhí pacáilte i gcoimeádán, is cosaint i gcoinne an chúisimh aige a shuíomh go raibh an chainníocht earraí a bhí sa choimeádán tráth na hearraí a phacáil nó a allmhairiú i gcomhréir le forálacha an Achta agus gurb é cúis a bhí le haon athrú ar an gcainníocht sin ábhair dá ndearnadh alúntas réasúnach an tráth a pacáladh na hearraí.

(3) I gcás ina ndéanfar, maidir le hearraí, duine seachas an duine a phacáil nó d'allmhairigh na hearraí a chúiseamh i gcion faoin Acht seo, is cosaint i gcoinne an chúisimh aige a shuíomh gur dhéileáil sé sna hearraí de mheoin mhacánta agus gur ghlac sé cúram réasúnach chun a áirithiú go raibh an chainníocht earraí a pacáladh i gcoimeádáin ar comhréir le forálacha an Achta seo (agus más éard é an cion sárú ar fhoráil de chineál a shonraítear in alt 2 (1) (a) nó in alt 2 (1) (c) den Acht seo) go raibh fógraí a chomhlíon forálacha an Achta seo ar na coimeádáin.

(4) I gcás ina gcúiseofar duine i gcion faoin Acht seo maidir le hearraí a pacáladh i gcoimeádán, is cosaint i gcoinne an chúisimh aige a shuíomh—

(a) gur ghlac sé cúram réasúnach i gcoinne cion den chineál a mbeidh sé cúisithe ina leith a dhéanamh maidir leis na hearraí,

(b) nach raibh aon chúis aige a bheith in amhras, an tráth a rinneadh an cion líomhnaithe, gurbh shárú ar fhorálacha an Achta seo nó ordaithe faoin Acht seo an phacáil, an t-allmhairiú nó an díol, de réir mar a bheidh, agus

(c) gur chúis nach raibh aon neart aige uirthi a bhí leis na hearraí a phacáil, a allmhairú nó a dhíol, de réir mar a bheidh, contrártha d'fhorálacha an Achta seo nó ordaithe faoin Acht seo.

Cionta a ionchúiseamh.

1851, c. 93.

6. —(1) Féadfar imeachtaí i ndáil le cion faoin Acht seo a thionscnamh agus a ionchúiseamh ag an Aire nó ag comhairle an chontae nó ag bardas na contae-bhuirge nó na buirge eile a líomhnaítear gurb ann nó gurb inti a rinneadh an cion.

(2) D'ainneoin alt 10 (4) den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, feádfar imeachtaí achoimre mar gheall ar chion faoin Acht seo a thionscnamh laistigh de dhá mhí dhéag ó dháta an chiona.

(3) Déanfar aon chaiteachais a thabhóidh comhairle contae nó bardas contae-bhuirge nó buirge eile faoin alt seo a íoc mar a íoctar caiteachais a thabhaítear faoi alt 19 den Acht Marcanna Earraí Ceannaíochta, 1931 , ag údarás áitiúil a shonraítear san alt sin.

Feidhmeanna áirithe faoin Acht Marcanna Earraí Ceannaíochta, 1931 , a aistriú chun an Aire.

7. —Aistrítear leis seo chun an Aire na feidhmeanna, na cumhachtaí agus na dualgais a bhronntar nó a fhorchuirtear ar an Rialtas faoi ailt 7, 8, 9, 11, 12, 14 agus 15 den Acht Marcanna Earraí Ceannaíochta, 1931 , agus, dá réir sin, déanfar tagairtí sna hailt sin don Ard-Chomhairle (seachas an chéad tagairt den sórt sin agus an tríú tagairt den sórt sin san alt sin 7) a fhorléiriú mar thagairtí don Aire agus déanfar tagairtí san alt sin 12 d'ordú sriantachta a fhorléiriú mar thagairtí d'ordú faoin alt sin 8.

Cionta maidir le comhlachtaí corpraithe agus comhlachtaí neamhchorpraithe.

8. —I gcás cion faoin Acht seo a dhéanamh ag comhlacht corpraithe nó ag comhlacht neamhchorpraithe daoine agus a gcruthófar go ndearnadh é le toiliú nó le cúlcheadú, nó gurb inchurtha é i leith aon fhaillí ar thaobh, aon duine agus é ina stiúrthóir, ina bhainisteoir ina rúnaí nó ina chomhalta de choiste bainistí nó d'údarás rialaithe eile de chuid aon chomhlachta den sórt sin nó é ina oifigeach eile den sórt sin d'aon chomhlacht den sórt sin, beidh an duine sin freisin ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear imeachtaí a thionscnamh ina choinne agus é a phionósú dá réir sin.

Pionóis áirithe a mhéadú.

1887, c. 28.

1931, Uimh. 48 .

9. —(1) Leasaítear leis seo alt 2 (2) den Merchandise Marts Act, 1887, tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (ii):

“(ii) on summary conviction to imprisonment for a term not exceeding six months or to a fine not exceeding one hundred pounds; and”.

(2) Leasaítear leis seo alt 8 (3) den Merchandise Marks Act, 1887, trí “one hundred pounds” a chur in ionad “twenty pounds”.

(3) Leasaítear leis seo alt 23 den Acht Marcanna Earraí Ceannaíochta, 1931 , trí “céad punt a chur air” a chur in ionad “cuig púint do chur air, más é an chéad chionta aige é, agus fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt, más é an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin”.

Leasú ar alt 6 den Acht Marcanna Earraí Ceannaíochta, 1931 .

1931, Uimh. 48 .

10. —(1) Leasaítear leis seo alt 6 den Acht Marcanna Earraí Ceannaíochta, 1931 , trí—

(a) “do réir rialacha dhéanfaidh an tAire Airgid”, agus “, ag féachaint dóibh chun an fhaid a thógfa sé agus chun an mhéid a chosnóidh sé, dar leis an gCoimisiún, an t-iarratas do bhreithniú” a scriosadh as fo-alt (3), agus

(b) trí “an Aire Airgeadais,” a chur in ionad “an Aire sin”.

(2) Measfar gur tháinig fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an 1ú lá d'Aibreán, 1968.

Ceadúnais allmhairithe.

11. —(1) Más é tuairim an Aire, i gcás earraí a bhfuil a n-allmh airiú toirmiscthe leis an Acht seo nó faoi, nó leis na hAchtanna Marcanna Earraí Ceannaíochta, 1887 go 1931, nó fúthu, gur chúis chruatain mhíchuí an toirmeasc a chur i bhfeidhm, féadfaidh an tAire, dá rogha féin ar iarratas a bheith déanta go cuí chuige, ceadúnas (dá ngairtear ceadúnas san alt seo a dheonú á údarú don duine a bheidh ainmnithe sa cheadúnas na hearraí sin a allmhairiú.

(2) Féadfaidh an tAire cibé coinníollacha is cuí leis a chur ag gabháil le ceadúnas agus sonróidh sé sa cheadúnas iad.

(3) Féadfaidh an tAire ceadúnas a chúlghairm.

(4) Gach duine a dhéanfaidh, d'fhonn ceadúnas a fháil dó féin nó d'aon duine eile, aon ráiteas nó uiríoll is eol dó a bheith bréagach nó míthreorach in aon phonc ábhartha nó a mhainneoidh coinníoll a chomhlíonadh a bheidh ag gabháil le ceadúnas beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo.

(5) Aon iarratas ar cheadúnas is i cibé foirm a bheidh sé agus beidh cibé sonraí ann a ordóidh an tAire ó am go ham.

(6) D'ainneoin aon ní san Acht seo nó in ordú faoi alt 2 den Acht seo, féadfaidh duine a bheidh ainmnithe i gceadúnas a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire earraí a bheidh sonraithe sa cheadúnas a allmhairiú faoi réir aon choinníollacha a bheidh ag gabháil leis an gceadúnas a chomhlíonadh.

Allmhairiú sealadach.

12. —I gcás inar deimhin leis na Coimisinéirí Ioncaim maidir le hearraí a bhfuil a n-allmhairiú toirmiscthe faoin Acht seo gurb earraí iad atáthar a allmhairiú lena n-onnmhairiú tar éis dul tríd an Stát nó ar mhodh trasloingsithe nó gurb earraí iad a ndearbhófar le linn iad a allmhairiú gur le haghaidh athonnmhairithe iad, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim a cheadú na hearraí a allmhairiú faoi réir cibé coinníollacha a chomhlíonadh is oiriúnach leo a fhorchur.

Orduithe a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

13. —Gach ordú a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinnéadh roimhe sin faoin ordú.

Caiteachais an Aire.

14. —Íocfar , a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo.

Gearrtheideal agus comhlua.

15. —(1) Féadfar an tAcht Marcanna Earraí Ceannaíochta, 1970 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Marcanna Earraí Ceannaíochta, 1887 go 1970, a ghairm de na hAchtanna Marcanna Earraí Ceannaíochta, 1887 go 1931, agus den Acht seo le chéile.